An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IX Ceart Dlíthiúil Chéile an Tiomnóra agus Soláthar do Leanaí.) Ar Aghaidh (CUID XI. Teorannú Cainge.)

27 1965

AN tACHT COMHARBAIS, 1965

CUID X

Mífhiúntacht chun Teacht i gComharbas agus Dí-oidhriú

Eisiamh daoine ó chomharbas.

[Nua]

120. —(1) Duine slánmheabhrach a fuarthas ciontach i ndúnmharú nó in iarracht ar dhúnmharú nó i ndúnorgain duine eile, beidh sé ó chumas aon scair a thógáil in eastát an duine eile sin, ach amháin scair a thig faoi uacht a rinneadh i ndiaidh an ghnímh arbh é an cion é, agus ní bheidh sé i dteideal iarratas a dhéanamh faoi alt 117.

(2) Beidh céile a bhfuair an t-éagach foraithne idirscartha a mensa et thoro ina coinne, céile nár chomhlíon foraithne a fuair an t-éagach le haghaidh aiseag chearta an phósta, agus céile a bhí ciontach i dtréigean a lean anuas go dtí tráth an bháis ar feadh dhá bhliain nó níos mó, ó chumas aon scair a thógáil in eastát an éagaigh mar cheart dlíthiúil nó faoi dhíthiomnacht.

(3) Céile a bhí ciontach in iompar a thug go raibh leorchúis ag an éagach chun scaradh leis agus bheith ina cónaí ar leithligh uaidh, measfar í a bheith ciontach i dtréigean de réir bhrí fho-alt (2).

(4) Duine a fuarthas ciontach i gcion in aghaidh an éagaigh, nó in aghaidh chéile, nó aon linbh de chuid, an éagaigh (lena n-áirítear leanbh a uchtaíodh faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 agus 1964, agus duine a raibh an t-éagach in loco parentis ina leith tráth an chiona), is inphionóis le príosúnacht ar feadh uastréimhse dhá bhliain ar a laghad nó le pionós is déine ná sin, beidh sé ó chumas aon scair san eastát a thógáil mar cheart dlíthiúil nó iarratas a dhéanamh faoi alt 117.

(5) Aon scair a gcuirtear duine ó chumas a tógtha faoi alt seo dáilfear í ionann is dá bhfaigheadh an duine sin bás roimh an éagach.

Diúscairtí chun céile nó leanaí a chur ó oidhreacht.

Nua]

121. —(1) Baineann an t-alt seo le diúscairt maoine (seachas diúscairt thiomnach nó diúscairt chun ceannaitheora) faoina dtagann úinéireacht thairbhiúil na maoine chun bheith dílsithe i seilbh don deontaí laistigh de thrí bliana roimh bhás an duine a rinne an diúscairt nó tráth a bháis nó ina dhiaidh sin.

(2) Más deimhin leis an gcúirt go ndearnadh diúscairt lena mbaineann an t-alt seo chun go gcloífí nó chun go laghdófaí go substaintiúil scair chéile an diúscróra, cibé acu mar cheart dlíthiúil nó faoi dhíthiomnacht é, nó scair dhíthiomnach aon linbh leis, nó chun go bhfágfaí aon leanbh leis gan soláthar leordhóthanach, ansin, cibé acu ina thiomnóir nó ina dhíthiomnóir a fuair an diúscróir bás, féadfaidh an chúirt a ordú go measfar an diúscairt, go hiomlán nó go páirteach, a bheith, chun críocha Chuid VI agus VII, ina réadtiomnú nó ina tiomnú a rinne sé le huacht, agus í a bheith ina cuid dá eastát, agus gan éifeacht ar bith eile a bheith léi.

(3) Sa mhéid go n-ordóidh an chúirt amhlaidh, measfar nach raibh éifeacht riamh leis an diúscairt mar dhiúscairt, agus beidh deontaí na maoine, nó aon duine is ionadaí dó nó a ghabhann teideal faoi, ina fhéichiúnaí ag an eastát i cibé méid a ordóidh an chúirt dá réir sin.

(4) Féadfaidh an chúirt cibé ordú eile a dhéanamh maidir leis an ábhar a fheicfear don chúirt a bheith cóir cothromasach ag féachaint d'fhorálacha agus do mheon an Achta seo agus do na himthosca uile.

(5) Faoi réir fho-ailt (6) agus (7), féadfar ordú a dhéanamh faoin alt seo—

(a) ar mhaithe leis an gcéile, ar iarratas ón gcéile nó ó ionadaí pearsanta an éagaigh, arna dhéanamh laistigh de bhliain ó baineadh ionadaíocht amach i gcéaduair,

(b) ar mhaithe le leanbh, ar iarratas faoi alt 117.

(6) I gcás diúscairt a rinneadh i bhfabhar chéile an diúscróra, ní dhéanfar ordú faoin alt seo ar iarratas ó leanbh, nó thar ceann linbh, leis an diúscróir is leanbh leis an gcéile chomh maith.

(7) Ní dhéanfar ordú faoin alt seo a bhainfidh le diúscairt a rinneadh i bhfabhar aon linbh leis an diúscróir, más rud é—

(a) go raibh céile an diúscróra marbh nuair a rinneadh an diúscairt, nó

(b) go raibh an céile beo nuair a rinneadh an diúscairt ach gur dhuine í a bheadh, dá bhfaigheadh an diúscróir bás an uair sin, ó chumas, faoi aon cheann d'fhorálacha alt 120, scair a thógáil ina eastát, nó

(c) go raibh an céile beo nuair a rinneadh an diúscairt agus gur thoiligh sí i scríbhinn leis an diúscairt.

(8) Má dhéanann an deontaí an mhaoin a dhiúscairt chun ceannaitheora, scoirfidh an t-alt seo d'fheidhm a bheith aige maidir leis an maoin agus ina ionad sin beidh feidhm aige maidir leis an gcomaoin a thug an ceannaitheoir.

(9) Measfar faibhriú de chionn marthanachta ar bhás a fháil do nascthionónta maoine a bheith, chun críocha an ailt seo, ina dhílsiú don mharthanóir ar úinéireacht thairbhiúil na maoine go léir.

(10) San alt seo folaíonn “diúscairt” donatio mortis causa.

Imeachtaí a bheith i ndlísheomra.

122. —Is i ndlísheomra a éistfear gach imeacht maidir leis an gCuid seo.