|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VII. Glacadóirí.) | Ar Aghaidh (CUID IX. Údarás ag Cuideachtaí nár Foirmíodh faoin Acht seo Clárú faoin Acht seo.) |
ACHT NA gCUIDEACHTAÍ, 1963
[EN] | ||
[EN] |
CUID VIII. Feidhm an achta maidir le Cuideachtaí a Foirmíodh nó a Cláraíodh faoi Achtanna roimhe seo. | |
[EN] |
Feidhm an Achta maidir le cuideachtaí a foirmíodh agus a cláraíodh faoi Achtanna Cuideachtaí roimhe seo. 1862, c. 89. 1908, c. 69. |
324. —(1) Faoi réir fho-alt (2), i gcás feidhm an Achta seo maidir le cuideachtaí láithreacha, beidh feidhm aige— |
[EN] | (a) i gcás cuideachta teoranta seachas cuideachta faoi theorainn ráthaíochta, ionann is dá mbeadh an chuideachta arna foirmiú agus arna clárú faoin Acht seo mar chuideachta faoi theorainn scaireanna; | |
[EN] | (b) i gcás cuideachta faoi theorainn ráthaíochta, ionann is dá mbeadh an chuideachta arna foirmiú agus arna clárú faoin Acht seo mar chuideachta faoi theorainn ráthaíochta; agus | |
[EN] | (c) i gcás cuideachta seachas cuideachta theoranta, ionann is dá mbeadh an chuideachta arna foirmiú agus arna clárú faoin Acht seo mar chuideachta neamhtheoranta. | |
[EN] | (2) Déanfar tagairt, sainráite nó intuigthe, do dháta an chláraithe a fhorléiriú mar thagairt don dáta a cláraíodh an chuideachta faoi Achtanna na gCuideachtaí Comhstoic, faoin Companies Act, 1862, nó faoin Companies (Consolidation) Act, 1908, cibé acu é. | |
[EN] |
Feidhm an Achta maidir le cuideachtaí a cláraíodh ach nár foirmíodh faoi Achtanna Cuideachtaí roimhe seo. 1862, c. 89. 1908, c. 69. |
325. —(1) Faoi réir fho-alt (2), bainfidh an t-Acht seo le gach cuideachta a cláraíodh (i gclár a choimeádtar sa Stát) ach nár foirmíodh faoi Achtanna na gCuideachtaí Comhstoic, faoin Companies Act, 1862, nó faoin Companies (Consolidation) Act, 1908, ar an dóigh chéanna ina ndearbhaítear i gCuid IX go mbaineann sé le cuideachtaí a cláraíodh ach nár foirmíodh faoin Acht seo. |
[EN] | (2) Déanfar tagairt, sainráite nó intuigthe, do dháta an chláraithe a fhorléiriú mar thagairt don dáta a cláraíodh an chuideachta faoi Achtanna na gCuideachtaí Comhstoic, faoin Companies Act, 1862, nó faoin Companies (Consolidation) Act, 1908, cibé acu é. | |
[EN] |
Feidhm an Achta maidir le cuideachtaí neamhtheoranta a athchláraíodh mar chuideachtaí teoranta faoi Achtanna Cuideachtaí roimhe seo. 1879, c. 76. 1908, c. 69. |
326. —(1) Faoi réir fho-alt (2), beidh feidhm ag an alt seo maidir le gach cuideachta neamhtheoranta a cláraíodh (i gclár a choimeádtar sa Stát) mar chuideachta theoranta de bhun an Companies Act, 1879, nó alt 57 den Companies (Consolidation) Act, 1908, amhail mar atá feidhm aige maidir le cuideachta neamhtheoranta a cláraíodh de bhun an Achta seo mar cuideachta theoranta. |
[EN] | (2) Déanfar tagairt, sainráite nó intuigthe, do dháta an chláraithe a fhorléiriú mar thagairt don dáta a cláraíodh an chuideachta mar chuideachta theoranta faoi Acht sin 1879 nó faoin alt sin 57, cibé acu é. | |
[EN] |
Forálacha maidir le cuideachtaí a cláraíodh faoi Achtanna na gCuideachtaí Comhstoic. |
327. —(1) Féadfaidh cuideachta a cláraíodh faoi Achtanna na gCuideachtaí Comhstoic a chur faoi deara go n-aistreofar a scaireanna ar an dóigh a chleachtaí go dtí seo, nó ar cibé dóigh eile a ordóidh an chuideachta. |
[EN] | (2) An chumhacht a thugtar faoi alt 15 chun airteagail a athrú, beidh réim aici, i gcás cuideachta neamhtheoranta a foirmíodh agus a cláraíodh faoi Achtanna na gCuideachtaí Comhstoic, maidir le hathrú a dhéanamh ar aon rialacháin a bhaineann le méid an chaipitil nó lena dháileadh ina scaireanna, d'ainneoin na rialacháin sin a bheith sa mheabhrán. |