An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. Bainistíocht agus Riarachán) Ar Aghaidh (CUID VII. Glacadóirí.)

33 1963

ACHT NA gCUIDEACHTAÍ, 1963

CUID VI.

Foirceannadh

(i)    Réamhráiteach.

Modhanna Foirceanta.

Modhanna foirceanta.

206. —(1) Féadfar cuideachta a fhoirceannadh—

(a) ag an gcúirt; nó

(b) go toilteanach.

(2) Mura léir a mhalairt, beidh feidhm ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le foirceannadh maidir le foirceannadh cuideachta ar cheachtar modh acu sin.

Ranníocóirí.

Dliteanas mar ranníocóirí ar chomhaltaí láithreacha agus ar iarchomhaltaí.

207. —(1) I gcás cuideachta a fhoirceannadh, dlífidh gach comhalta láithreach agus gach iarchomhalta ranníoc a dhéanamh i leith sócmhainní na cuideachta go feadh méid is leor chun a fiacha agus a dliteanais agus costais, murir agus caiteachais an fhoirceanta, a íoc, agus chun coigeartú a dhéanamh ar chearta na ranníocóirí eatarthu féin, faoi réir fho-alt (2) agus na gcuntar seo a leanas:

(a) ní dhlífidh iarchomhalta ranníoc a dhéanamh má scoir sé de bheith ina chomhalta bliain nó níos mó sular tosaíodh ar an bhfoirceannadh;

(b) ní dhlífidh iarchomhalta ranníoc a dhéanamh i leith aon fhiach nó dliteanas de chuid na cuideachta a ndeachaigh an chuideachta faoi tar éis dó scor de bheith ina chomhalta;

(c) ní dhlífidh iarchomhalta ranníoc a dhéanamh mura léir don chúirt nach bhfuil na comhaltaí láithreacha in ann na ranníocaí a shásamh a cheanglaítear orthu a dhéanamh de bhun an Achta seo;

(d) i gcás cuideachta faoi theorainn scaireanna, ní éileofar aon ranníoc ar aon chomhalta de mhéid is mó ná an méid, más ann, a bheidh gan íoc ar na scaireanna a bhfuil sé faoi dhliteanas ian leith mar chomhalta láithreach nó mar iarchomhalta;

(e) i gcás cuideachta faoi theorainn ráthaíochta, ní éileofar aon ranníoc, faoi réir fho-alt (3), ar aon chomhalta de mhéid is mó ná an méid a gheall sé a ranníoc i leith sócmhainní na cuideachta i gcás a foirceanta;

(f) ní chuirfidh aon ní san Acht seo ó bhail aon fhoráil in aon pholasaí árachais nó in aon chonradh eile lena sriantar dliteanas comhaltaí aonair faoin bpolasaí nó faoin gconradh, nó lena gcuirtear cistí na cuideachta agus na cistí sin amháin faoi dhliteanas maidir leis an bpolasaí nó leis an gconradh;

(g) aon suim a bheidh dlite d'aon chomhalta den chuideachta, i gcáil chomhalta dó, mar dhíbhinní, brabúis nó eile, ní mheasfar gur fiach ar an gcuideachta í atá iníoctha leis an gcomhalta sin i gcás comórtais idir é féin agus aon chreidiúnaí eile nach comhalta den chuideachta, ach féadfar aon suim den sórt sin a chur sa chuntas chun an coigeartú críochnaitheach a dhéanamh ar chearta na ranníocóirí eatarthu féin.

(2) Nuair a bheidh cuideachta theoranta á foirceannadh, dlífidh aon stiúrthóir, cibé acu iarstiúrthóir nó stiúrthóir láithreach é, ar dliteanas neamhtheoranta atá air faoin Acht seo, i dteannta a dhliteanais (más ann) chun ranníoc a dhéanamh mar gháthchomhalta, ranníoc breise a dhéanamh ionann is dá mbeadh sé, i dtosach an fhoirceanta, ina chomhalta de chuideachta neamhtheoranta, sa dóigh, áfach,—

(a) nach ndlífidh iarstiúrthóir an ranníoc breise sin a dhéanamh má scoir sé de bheith i seilbh oifige bliain nó níos mó roimh thosach an fhoirceanta;

(b) nach ndlífidh iarstiúrthóir an ranníoc breise sin a dhéanamh i leith aon fhiach nó dliteanas de chuid na cuideachta a ndeachthas faoi tar éis dó scor de bheith i seilbh oifige;

(c) faoi réir airteagail na cuideachta, nach ndlífidh stiúrthóir an ranníoc breise sin a dhéanamh mura measfaidh an chúirt gur gá an ranníoc sin a éileamh chun fiacha agus dliteanais na cuideachta, agus costais, muirir agus caiteachais an fhoirceanta, a shásamh.

(3) Nuair a bheidh foirceannadh á dhéanamh ar chuideachta faoi theorainn ráthaíochta a bhfuil scairchaipiteal aici, dlífidh gach comhalta den chuideachta, i dteannta an méid a bheidh geallta aige a ranníoc i leith sócmhainní na cuideachta i gcás a foirceanta, ranníoc a dhéanamh go feadh aon suimeanna a bheidh gan íoc ar aon scaireanna a shealbhaíonn sé.

Míniú ar “ranníocóir”.

208. —Ciallaíonn an téarma “ranníocóir” gach duine a dhlíonn ranníoc a dhéanamh i leith sócmhainní cuideachta i gcás a foirceanta, agus chun críocha gach imeacht chun a chinneadh, agus gach imeacht sula gcinnfear go críochnaitheach, cé hiad na daoine a measfar a bheith ina ranníocóirí, folaíonn sé aon duine a líomhnaítear é a bheith ina ranníocóir.

Dliteanas ranníocóra.

209. —(1) Bunóidh dliteanas ranníocóra fiach a d'fhaibhrigh chun a bheith dlite uaidh nuair a thosaigh a dhliteanas, ach a bheidh iníoctha na tráthanna a dhéanfar glaochanna chun an dliteanas a chur i bhfeidhm.

(2) Ní thionscnófar caingean chun fiach a bunaíodh leis an alt seo a ghnóthú tar éis 12 bhliain a bheith caite ón dáta a d'fhaibhrigh an chúis caingne.

Ranníocóirí i gcás comhalta d'fháil bháis.

210. —(1) Má éagann ranníocóir, cibé acu roimh é a chur ar liosta na ranníocóirí nó dá éis sin é, dlífidh a ionadaithe pearsanta, i gcúrsa cuí riaracháin, ranníoc a dhéanamh i leith sócmhainní na cuideachta chun a dhliteanas a urscaoileadh agus beidh siad ina ranníocóirí dá réir sin.

(2) Má mhainníonn na hionadaithe pearsanta aon airgead a íoc a ordófar dóibh a íoc, féadfar imeachtaí a thionscnamh chun eastát an ranníocóra éagtha a riaradh nó ar dhóigh eile chun a thabhairt go n-íocfar as an eastát an t-airgead atá dlite.

Ranníocóirí i gcás comhalta d'éirí féimheach.

211. —Má thagann ranníocóir chun bheith ina fhéimheach, roimh é a chur ar liosta na ranníocóirí nó dá éis—

(a) feidhmeoidh an Sannaí Oifigiúil ar a shon chun críocha uile an fhoirceanta, agus beidh sé ina ranníocóir dá réir sin, agus féadfar glaoch air chun aon airgead a bheidh dlite ón bhféimheach, mar gheall ar a dhliteanas chun ranníoc a dhéanamh i leith sócmhainní na cuideachta, a ligean faoi chruthú in aghaidh eastát an fhéimhigh, nó chun a cheadú ar dhóigh eile go n-íocfar é as a eastát i gcúrsa cuí an dlí; agus

(b) féadfar luach measta a dhliteanais i leith glaochanna feasta, chomh maith de glaochanna a rinneadh cheana féin, a chruthú in aghaidh eastát an fhéimhigh.

(ii) Foirceannadh ag an gCúirt.

Dlínse.

Dlínse chun cuideachtaí a fhoirceannadh.

212. —Beidh dlínse ag an Ard-Chúirt aon chuideachta a fhoirceannadh.

Cásanna ina bhféadfaidh an Chúirt Cuideachta a fhoirceannadh.

Imthosca ina bhféadfaidh an chúirt cuideachta a fhoirceannadh.

213. —Féadfaidh an chúirt cuideachta a fhoirceannadh—

(a) má chinneann an chuideachta le rún speisialta an chuideachta a chur á foirceannadh ag an gcúirt;

(b) má mhainnítear an tuarascáil reachtúil a sheachadadh don chláraitheoir nó an cruinniú reachtúil a thionól;

(c) mura dtosóidh an chuideachta ar a gnó laistigh de bhliain tar éis a corpraithe nó má chuireann sí a gnó ar fionraí ar feadh bliana iomláine;

(d) má laghdaítear líon na gcomhaltaí, i gcás cuideachta phríobháideach, faoi bhun beirte, nó i gcás aon chuideachta eile, faoi bhun seachtair;

(e) mura bhfuil an chuideachta in ann a fiacha a íoc;

(f) más é tuairim na cúirte go bhfuil sé cóir cothromasach go ndéanfaí an chuideachta a fhoirceannadh;

(g) más deimhin leis an gcúirt go bhfúil cúrsaí na cuideachta á stiúradh, nó cumhachtaí na stiúrthóirí á bhfeidhmiú, ar dhóigh atá leatromach ar aon chomhalta nó le neamhaird ar a leasanna mar chomhalta agus, d'ainneoin leigheas eile a bheith ar fáil, gur chóir in imthosca ginearálta an cháis an chuideachta a fhoirceannadh, sa dóigh, áfach, go bhféadfaidh an chúirt achainí ar fhoirceannadh faoin mír seo a dhíbhe más é a tuairim gur mó ab iomchuí, sna himthosca go léir, imeachtaí faoi alt 205.

Imthosca ina measfar nach bhfuil cuideachta in ann a fiacha a íoc.

214. —Measfar nach bhfuil cuideachta in ann a fiacha a íoc—

(a) má bhíonn creidiúnaí, trí shannadh nó eile, a bhfuil an chuideachta i bhfiacha aige i suim is mó ná £50 a bhí dlite an uair sin, tar éis éileamh i scríbhinn a sheirbheáil ar an gcuideachta, trína fhágáil in oifig chláraithe na cuideachta, á cheangal ar an gcuideachta an tsuim a bhí dlite amhlaidh a íoc, agus gur mhainnigh an chuideachta ar feadh 3 sheachtain dá éis sin an tsuim a íoc nó í a urrú nó imshocrú a dhéanamh ina leith chun sástacht réasúnach an chreidiúnaí; nó

(b) má aischuirtear, gan a bheith sásaithe go hiomlán nó go páirteach, próis forghníomhaithe nó eile a eisíodh de bhun breithiúnais, foraithne nó ordaithe ó aon chúirt i bhfabhar creidiúnaí de chuid na cuideachta; nó

(c) má chruthaítear chun sástacht na cúirte nach bhfuil an chuideachta in ann a fiacha a íoc, agus nuair a bheidh an chúirt á chinneadh an bhfuil cuideachta in ann a fiacha a íoc, cuirfidh sí sa chuntas dliteanais theagmhasacha agus ionchasacha na cuideachta.

Achainí chun Cuideachta a Fhoirceannadh agus a héifeacht.

Forálacha maidir le hiarratais chun cuideachta a fhoirceannadh.

215. —Is é an chuma a ndéanfar iarratas chun na cúirte chun cuideachta a fhoirceannadh ná trí achainí a thíolacadh, faoi réir forálacha an ailt seo, ón gcuideachta nó ó aon chreidiúnaí nó creidiúnaithe (lena n-áirítear aon chreidiúnaí nó creidiúnaithe atá teagmhasach nó ionchasach), ó aon ranníocóir nó ranníocúirí, nó ó gach páirtí nó aon phairtí acu sin, le chéile nó ar leithligh, sa dóigh, áfach—

(a) nach mbeidh ranníocóir i dteideal achainí foirceanta a thíolacadh mura rud é—

(i) go bhfuil líon na gcomhaltaí laghdaithe, i gcás cuideachta phríobháideach, faoi bhun beirte, nó i gcás aon chuideachta eile, faoi bhun seachtair; nó

(ii) go ndearnadh na scaireanna ar ranníocóir é ina leith, nó cuid de na scaireanna sin, a leithroinnt air i gcéaduair, nó gur shealbhaigh sé iad agus go raibh siad cláraithe ina ainm, ar feadh 6 mhí ar a laghad i gcaitheamh na 18 mí roimh thosach an fhoirceanta, nó gur chineachaigh siad chuige trí bhás duine ba shealbhóir orthu; agus

(b) más é is foras don achainí gur mainníodh an tuarascáil reachtúil a sheachadadh don chláraitheoir nó an cruinniú reachtúil a thionól, nach ndéanfaidh aon duine ach scairshealbhóir an achainí fhoirceanta a thíolacadh, ná nach dtíolacfar í sula mbeidh 14 lá caite tar éis an lae dheireanaigh a bhí sé ceart an cruinniú a thionól; agus

(c) nach dtabharfaidh an chúirt éisteacht d'achainí fhoirceanta a thíolacfaidh creidiúnaí teagmhasach nó creidiúnaí ionchasach go dtí go mbeifear tar éis cibé urrús is réasúnach leis an gcúirt a thabhairt i leith costas, agus go mbeifear tar éis cás prima facie don fhoirceannadh a shuíomh chun sástacht na cúirte; agus

(d) go bhféadfaidh an tAire, i gcás a thagann faoi réim fho-alt (3) d'alt 170, achainí fhoirceanta a thíolacadh; agus

(e) go bhféadfaidh aon duine atá i dteideal imeachtaí a thionscnamh le haghaidh ordú faoi alt 205 achainí fhoirceanta a thíolacadh ar na forais a luaitear i mír (g) d'alt 213.

Cumhachtaí na cúirte ar achainí a éisteacht.

216. —(1) Ar achainí fhoirceanta a éisteacht, féadfaidh an chúirt í a dhíbhe, nó an éisteacht a chur ar atráth go coinníollach nó go neamhchoinníollach, nó aon ordú eatramhach a dhéanamh nó aon ordú eile is cuí a dhéanamh, ach ní dhiúltóidh an chúirt ordú foirceanta a dhéanamh ar an bhforas amháin go ndearnadh sócmhainní na cuideachta a mhorgáistiú go feadh méid is ionann agus na sócmhainní sin nó is mó ná iad, nó ar an bhforas nach bhfuil aon sócmhainní ag an gcuideachta.

(2) Nuair a thíolacfar an achainí ar an bhforas gur mainníodh an tuarascáil reachtúil a sheachadadh don chláraitheoir nó an cruinniú reachtúil a thionól, féadfaidh an chúirt—

(a) in ionad ordú foirceanta a dhéanamh, a ordú go seachadfar an tuarascáil reachtúil nó go dtionólfar cruinniú; agus

(b) a ordú go mbeidh na costais le híoc ag aon daoine atá, i dtuairim na cúirte, freagrach sa mhainneachtain.

Cumhacht chun imeachtaí in aghaidh cuideachta a bhac nó a shrianadh.

217. —Aon uair tar éis achainí fhoirceanta a thíolacadh, agus roimh ordú foirceanta a dhéanamh, féadfaidh an chuideachta nó aon chreidiúnaí nó ranníocóir—

(a) i gcás aon chaingean nó imeacht in aghaidh na cuideachta a bheith ar feitheamh san Ard-Chúirt nó faoi achomharc sa Chúirt Uachtarach, iarratas a dhéanamh chun na cúirte ina bhfuil an chaingean nó an imeacht ar feitheamh chun bac a chur ar na himeachtaí inti; agus

(b) i gcás aon chaingean nó imeacht eile a bheith ar feitheamh in aghaidh na cuideachta, iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte chun tuilleadh imeachtaí sa chaingean nó san imeacht a shrianadh;

agus féadfaidh an chúirt chun a ndéanfar iarratas amhlaidh na himeachtaí a bhac nó a shrianadh, cibé acu é, ar cibé téarmaí agus go ceann cibé tréimhse is cuí léi.

Diúscairt maoine agus aistriú scaireanna tar éis tosach an fhoirceanta a bheith ar neamhní.

218. —Nuair a bheidh foirceannadh á dhéanamh ag an gcúirt, beidh aon diúscairt ar mhaoin na cuideachta, lena n-áirítear ábhair i gcaingean, agus aon aistriú ar scaireanna nó aon athrú ar stádas comhaltaí na cuideachta, a dhéanfar tar éis tosach an fhoirceanta, ar neamhní, mura n-ordóidh an chúirt a mhalairt.

Forghníomhú in aghaidh mhaoin na cuideachta a bheith ar neamhní.

219. —Nuair a bheidh aon chuideachta á foirceannadh ag an gcúirt, beidh aon astú, forlámhú, tochsal nó forghníomhú a chuirfear i bhfeidhm in aghaidh mhaoin nó earraí na cuideachta tar éis tosach an fhoirceanta ar neamhní chun gach críche.

Tosach an Fhoirceanta.

Tosach an fhoirceanta ag an gcúirt.

220. —(1) Más rud é, sula dtíolacfar achainí chun cuideachta a chur á foirceannadh ag an gcúirt, go mbeidh rún le haghaidh foirceannadh toilteanach rite ag an gcuideachta, measfar foirceannadh na cuideachta a thosú an tráth a ritheadh an rún, agus mura rud é, ar chalaois nó dearmad a chruthú, gur cuí leis an gcúirt a mhalairt a ordú, measfar gach imeacht a rinneadh san fhoirceannadh toilteanach a bheith déanta go bailí.

(2) In aon chás eile, measfar foirceannadh cuideachta ag an gcúirt a thosú an tráth a thíolacfar an achainí chun í a fhoirceannadh.

Iarmairtí ar Ordú Foirceanta.

Cóip den ordú foirceanta a chur chuig an gcláraitheoir.

221. —(1) Ar ordú foirceanta a bheith déanta, ní foláir don chuideachta, nó do cibé duine a ordóidh an chúirt, cóip oifige den ordú a sheachadadh láithreach do chláraitheoir na gcuideachtaí lena clárú.

(2) Má mhainníonn cuideachta fo-alt (1) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £25 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain, agus má mhainníonn aon duine eile fo-alt (1) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £25 a chur ar an duine sin.

Bac ar chaingne in aghaidh cuideachta ar ordú foirceanta a dhéanamh.

222. —Nuair a bheidh ordú foirceanta déanta nó leachtaitheoir sealadach ceaptha, ní chuirfear ar aghaidh, ná ní thosófar, aon chaingean ná imeacht in aghaidh na cuideachta, ach amháin le cead na cúirte agus faoi réir cibé téarmaí a fhorchuirfidh an chúirt.

An éifeacht a bheidh ag ordú foirceanta.

223. —Oibreoidh ordú chun cuideachta a fhoirceannadh i bhfabhar creidiúnaithe uile agus ranníocóirí uile na cuideachta ionann is dá mba ar chomhachainí ó chreidiúnaí agus ó ranníocóir a rinneadh é.

Ráiteas ar chúrsaí na cuideachta a bheith le comhdú sa chúirt.

224. —(1) Nuair a bheidh an chúirt tar éis ordú foirceanta a dhéanamh nó leachtaitheoir sealadach a cheapadh, déanfar amach agus comhdófar sa chúirt, mura cuí leis an gcúirt a mhalairt a ordú agus go n-ordóidh sí amhlaidh, ráiteas ar chúrsaí na cuideachta san fhoirm fhorordaithe, agus é fíoraithe le mionnscríbhinn, agus a thabharfaidh sonraí a sócmhainní, a fiach agus a dliteanas, ainmneacha, áiteanna cónaithe agus slite beatha a creidiúnaithe, na hurrúis atá acu faoi seach, na dátaí a tugadh na hurrúis faoi seach, agus cibé eolas breise nó eile a fhorordófar nó a éileoidh an chúirt.

(2) Comhdófar agus fíorófar an ráiteas ag duine amháin nó níos mó de na daoine arb iad stiúrthóirí na cuideachta iad ar an dáta iomchuí agus ag an duine arb é rúnaí na cuideachta é ar an dáta sin nó ag cibé daoine dá luaitear anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo a gceanglóidh an chúirt go bhfuil an ráiteas le comhdú agus le fíorú acu, is é sin, daoine—

(a) atá nó a bhí ina n-oifigigh don chuideachta;

(b) a ghlac páirt i bhfoirmiú na cuideachta aon uair laistigh de bhliain roimh an dáta iomchuí;

(c) atá ar fostú ag an gcuideachta, nó a bhí ar fostú ag an gcuideachta laistigh den bhliain sin, agus atá, i dtuairim na cúirte, inniúil ar an eolas is gá a thabhairt;

(d) atá, nó a bhí laistigh den bhliain sin, ina n-oifigigh do chuideachta, nó ar fostú ag cuideachta, atá, nó a bhí laistigh den bhliain sin, ina hoifigeach don chuideachta lena mbaineann an ráiteas.

(3) Comhdófar an ráiteas laistigh de 21 lá ón dáta iomchuí nó laistigh de cibé tréimhse fhadaithe a cheapfaidh an chúirt ar chúiseanna speisialta.

(4) Aon duine a dhéanfaidh an ráiteas agus an mhionnscríbhinn a cheanglaítear a dhéanamh leis an alt seo, nó a chomhthoileoidh lena ndéanamh, ceadófar dó agus íocfar leis as sócmhainní na cuideachta, cibé costais agus caiteachais faoina ndeachthas, chun agus i dtaobh an ráiteas agus an mhoinnscríbhinn a ullmhú agus a dhéanamh, a cheadóidh an chúirt.

(5) Má mhainníonn aon duine, gan cúis réasúnach, ceanglais an ailt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air.

(6) Aon duine a déarfaidh i scríbhinn gur creidiúnaí nó ranníocóir de chuid na cuideachta é, beidh sé i dteideal, é féin nó trína ghníomhaire, gach tráth réasúnach, ar é d'íoc na táille forordaithe, an ráiteas a chomhdófar de bhun an ailt seo a scrúdú, agus cóip de, nó sliocht as, a fháil.

(7) Aon duine a déarfaidh amhlaidh go neamhfhírinneach gur creidiúnaí nó ranníocóir é, beidh sé ciontach i ndíspeagadh cúirte agus déanfar, ar iarratas ón leachtaitheoir, é a phionósú dá réir sin.

(8) San alt seo ciallaíonn “an dáta iomchuí”, i gcás ina gceapfar leachtaitheoir sealadach, dáta a cheaptha, agus, i gcás nach ndéanfar aon cheapachán den sórt sin, dáta an ordaithe fhoirceanta.

Leachtaitheoirí.

Ceapadh leachtaitheora.

225. —Chun na himeachtaí a stiúradh i gcás cuideachta a fhoirceannadh agus chun cibé dualgais ina leith sin a dhéanamh a fhorchuirfidh an chúirt, féadfaidh an chúirt leachtaitheoir nó leachtaitheoirí a cheapadh.

Ceapadh agus cumhachtaí leachtaitheora shealadaigh.

226. —(1) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh an chúirt leachtaitheoir a cheapadh go sealadach aon uair tar éis achainí fhoirceanta a thíolacadh agus sula gcéadcheapfar leachtaitheoirí.

(2) Nuair a dhéanfaidh an chúirt leachtaitheoir a cheapadh go sealadach, féadfaidh an chúirt a chumhachtaí a theorannú agus a shrianadh le hordú a cheaptha.

Foilsiú a cheaptha ag an leachtaitheoir.

227. —(1) I gcás foirceannadh ag an gcúirt, déanfaidh an leachtaitheoir, laistigh de 21 lá tar éis a cheaptha, fógra i dtaobh a cheaptha a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus cóip oifige d'ordú na cúirte á cheapadh a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí.

(2) Má mhainníonn an leachtaitheoir fo-alt (1) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur air.

Forálacha ginearálta maidir le leachtaitheoirí.

228. —Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le leachtaitheoirí nuair a dhéanfar ordú foirceanta—

(a) féadfaidh an chúirt a chinneadh an bhfuil aon urrús le tabhairt ag leachtaitheoir ar é a cheapadh agus cad é an t-urrús é;

(b) is é an teideal “leachtaitheoir oifigiúil” na cuideachta áirithe ar ceapadh ina leith é a thabharfar de thuairisc ar leachtaitheoir agus ní hé a ainm féin é;

(c) féadfaidh leachtaitheoir a cheapfaidh an chúirt éirí as oifig nó, ar chúis a shuíomh, féadfaidh an chúirt é a chur as oifig;

(d) gheobhaidh duine a cheapfar ina leachtaitheoir cibé tuarastal nó luach saothair i modh céatadáin nó eile a ordóidh an chúirt, agus má cheaptar níos mó ná duine amháin den sórt sin ina leachtaitheoirí, roinnfear a luach saothair eatarthu i cibé cionúireachtaí a ordóidh an chúirt;

(e) má tharlaíonn folúntas in oifig leachtaitheora a cheap an chúirt, is í an chúirt a líonfaidh é;

(f) má cheapann an chúirt níos mó ná leachtaitheoir amháin, dearbhóidh an chúirt, i gcás aon ghníomh a gceanglaítear nó a n-údaraítear leis an Acht seo é a bheith le déanamh ag an leachtaitheoir, cé acu ag gach duine nó ag aon duine nó daoine de na leachtaitheoirí a cheapfar a bheidh sé le déanamh;

(g) faoi réir alt 300, beidh gníomhartha leachtaitheora bailí d'ainneoin aon lochtanna a d'aimseofaí ina dhiaidh sin ina cheapadh nó ina cháilíocht.

Coimeád mhaoin na cuideachta.

229. —(1) Nuair a bheidh ordú foirceanta déanta nó leachtaitheoir sealadach ceaptha, glacfaidh an leachtaitheoir nó an leachtaitheoir sealadach, cibé acu é, faoina choimeád nó faoina urlámhas an mhaoin agus na hábhair i gcaingean go léir a bhfuil, nó a ndealraíonn sé go bhfuil, teideal ag an gcuideachta chucu.

(2) Mura mbíonn, agus fad nach mbeidh, aon leachtaitheoir ann, measfar maoin uile na cuideachta a bheith faoi choimeád na cúirte.

Dílsiú mhaoin na cuideachta don leachtaitheoir.

230. —Nuair a bheidh cuideachta á foirceannadh ag an gcúirt, féadfaidh an chúirt, ar iarratas ón leachtaitheoir, a ordú le hordú, go ndílseoidh an t-iomlán nó aon chuid den mhaoin, is cuma cad é an saghas í, is leis an gcuideachta nó atá ar teachtadh ag iontabhaithe thar a ceann, don leachtaitheoir faoina ainm oifigiúil, agus air sin dílseoidh an mhaoin lena mbaineann an t-ordú dá réir sin, agus féadfaidh an leachtaitheoir, tar éis dó cibé slánaíocht, más ann, a ordóidh an chúirt, a thabhairt, aon chaingean nó aon imeacht dhlithiúil eile a thionscnamh nó a chosaint, ina ainm oifigiúil, a bhainfidh leis an maoin sin nó is gá a thionscnamh nó a chosaint chun an chuideachta a fhoirceannadh agus a maoin a aisghabháil go héifeachtúil.

Cumhachtaí an leachtaitheora.

231. —(1) I gcás foirceannadh ag an gcúirt, beidh cumhacht ag an leachtaitheoir, le ceadú na cúirte nó an choiste iniúchta—

(a) aon chaingean nó aon imeacht dhlíthiúil eile a thionscnamh nó a chosaint in ainm agus thar ceann na cuideachta;

(b) gnó na cuideachta a choimeád ar siúl sa mhéid gur gá sin chun í a fhoirceannadh go tairbhiúil;

(c) aturnae a cheapadh chun cabhrú leis i gcomhlíonadh a dhualgas;

(d) aon aicmí creidiúnaithe a íoc go hiomlán;

(e) aon chomhréiteach nó comhshocraíocht a dhéanamh le creidiúnaithe nó le daoine a bheidh á éileamh gur creidiúnaithe iad, nó a bhfuil, nó a líomhnóidh go bhfuil, aon éileamh acu, láithreach nó todhchaí, cinnte nó teagmhasach, cinntithe nó inchúitithe le damáistí amháin in aghaidh na cuideachta, nó trína bhféadfadh an chuideachta teacht faoi dhliteanas;

(f) gach glaoch agus gach dliteanas i leith glaochanna, gach fiach agus gach dliteanas a bhféadfadh fiacha teacht as, agus gach éileamh, láithreach nó todhchaí, cinnte nó teagmhasach, cinntithe nó inchúitithe le damáistí amháin, atá ar marthain nó a shíltear a bheith ar marthain idir an chuideachta agus ranníocóir nó ranníocóir líomhnaithe nó féichiúnaí eile nó duine eile, a thabhódh dliteanas chun na cuideachta, agus gach ceist a bhaineann le sócmhainní nó foirceannadh na cuideachta nó a dhéanfadh difear dóibh, in aon slí, a chomhréiteach ar cibé téarmaí ar a gcomhaontófar, agus aon urrús a ghlacadh go ndéanfar urscaoileadh ar aon ghlaoch, fiach, dliteanas nó éileamh den sórt sin, agus urscaoileadh iomlán a thabhairt ina leith sin.

(2) I gcás foirceannadh ag an gcúirt, beidh cumhacht ag an leachtaitheoir—

(a) maoin réadach agus pearsanta agus ábhair i gcaingean na cuideachta a dhíol ar cheant poiblí nó trí chonradh príobháideach, le cumhacht an t-iomlán a aistriú chun aon duine nó cuideachta nó an céanna a dhíol ina mhíreanna agus, le haghaidh talamh na cuideachta nó aon chuid de a dhíol, an díol sin a dhéanamh trí dheontas feofheirme, fodheontas feofheirme, léas, foléas nó eile, agus aon chíos a dhíol a forcoimeádadh ar aon deontas den sórt sin nó aon fhrithdhílse a dhíol a bheadh feifeach ar fhoirceannadh aon léasa den sórt sin.

(b) gach gníomh a dhéanamh agus gach gníomhas, admháil agus doiciméad eile a fhorghníomhú in ainm agus thar ceann na cuideachta, agus chun na críche sin séala na cuideachta a úsáid, nuair is gá sin;

(c) i gcás inar breithníodh aon ranníocóir a bheith féimheach nó inar thíolaic sé achainí ar chomhshocraíocht lena chreidiúnaithe de bhun na nAchtanna Féimheachta, cruthú a thabhairt agus céim thosaíochta a bheith aige agus éileamh a dhéanamh san fhéimheacht nó sa chomhshocraíocht le haghaidh aon iarmhéide in aghaidh a eastáit, agus díbhinní a fháil san fhéimheacht nó sa chomhshocraíocht i leith na hiarmhéide sin, mar fhiach leithleach atá dlite ón bhféimheach nó ón bhféichiúnaí comhshocraíochta, agus sin go rátúil leis na creidiúnaithe leithleacha eile;

(d) aon bhille malairte nó nóta gealltanais a tharraingt, a ghlacadh, a dhéanamh agus a fhormhuiniú in ainm agus thar ceann na cuideachta, leis an éifeacht chéanna maidir le dliteanas na cuideachta agus dá mbeadh an bille nó an nóta tarraingthe, glactha, déanta nó formhuinithe ag an gcuideachta nó thar a ceann i gcúrsa a gnó;

(e) aon airgead is gá a chruinniú ar urrús sócmhainní na cuideachta;

(f) litreacha riaracháin maidir le haon ranníocóir éagtha a bhaint amach faoina ainm oifigiúil agus aon ghníomh eile a dhéanamh ina ainm oifigiúil ar gá é a dhéanamh chun íocaíocht a fháil ar aon airgead a bheidh dlite ó ranníocóir nó óna eastát agus nach féidir é a dhéanamh go caothúil in ainm na cuideachta, agus i ngach cás den sórt sin measfar, chun go bhféadfaidh an leachtaitheoir na litreacha riaracháin a bhaint amach nó an t-airgead a ghnóthú, an t-airgead a bheidh dlite don leachtaitheoir é féin;

(g) urrús a thabhairt ar chostais in aon imeachtaí a thionscnóidh an chuideachta nó a thionscnóidh sé féin in ainm na cuideachta;

(h) gníomhaire a cheapadh chun aon ghnó a dhéanamh nach féidir leis an leachtaitheoir a dhéanamh é féin;

(i) gach ní eile a dhéanamh is gá chun cúrsaí na cuideachta a fhoirceannadh agus a sócmhainní a dháileadh.

(3) Beidh feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar leis an alt seo ag leachtaitheoir i gcás foirceannadh ag an gcúirt faoi réir rialú na cúirte, agus féadfaidh aon chreidiúnaí nó ranníocóir iarratas a dhéanamh chun na cúirte maidir le haon fheidhmiú, nó le haon fheidhmiú a bheidh beartaithe, ar aon chumhacht acu sin.

(4) Féadfaidh an chúirt a fhoráil, le haon ordú, go bhféadfaidh an leachtaitheoir, mura bhfuil aon choiste iniúchta ann, aon chumhacht dá luaitear i mír (a) nó i mír (b) d'fho-alt (1) a fheidhmiú gan ceadú na idirghabháil ná cúirte.

Coistí Iniúchta.

Cruinnithe de chreidiúnaithe agus ranníocóirí chun a chinneadh an ceart coiste iniúchta a cheapadh.

232. —(1) Nuair a bheidh ordú foirceanta déanta ag an gcúirt, déanfaidh an leachtaitheoir, má ordaíonn an chúirt amhlaidh le hordú, cruinniú de chreidiúnaithe na cuideachta nó cruinnithe ar leith de chreidiúnaithe agus de ranníocóirí na cuideachta a ghairm chun a chinneadh cé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar iarratas chun na cúirte chun coiste iniúchta a cheapadh a ghníomhóidh leis an leachtaitheoir agus cé a bheidh ina gcomhaltaí den choiste má cheaptar é.

(2) Féadfaidh an chúirt aon cheapachán agus ordú a dhéanamh is gá chun éifeacht a thabhairt d'aon chinneadh den sórt sin, agus má bhíonn difríocht idir cinneadh chruinniú na gcreidiúnaithe agus cinneadh chruinniú na ranníocóirí i dtaobh na nithe a dúradh, breithneoidh an chúirt an difríocht agus déanfaidh sí cibé ordú is cuí léi ina taobh.

Comhdhéanamh agus imeachtaí an choiste iniúchta.

233. —(1) Is iad a bheidh ar choiste iniúchta a cheapfar de bhun an Achta seo, creidiúnaithe agus ranníocóirí de chuid na cuideachta, nó daoine a mbeidh cumhachtaí aturnae ginearálta acu ó chreidiúnaithe nó ranníocóirí, i cibé cionúireachtaí ar a gcomhaontófar ag cruinnithe na gcreidiúnaithe agus na ranníocóirí nó, i geás difríochta, a chinnfidh an chúirt.

(2) Tiocfaidh an coiste le chéile cibé tráthanna a cheapfaidh siad ó am go ham, agus féadfaidh an leachtaitheoir nó aon chomhalta den choiste cruinniú den choiste a ghairm freisin de réir mar is gá agus nuair is gá leis é.

(3) Féadfaidh an coiste gníomhú trí thromlach dá gcomhaltaí a bheidh i láthair ag cruinniú, ach ní ghníomhóidh sé mura mbíonn tromlach den choiste i láthair.

(4) Féadfaidh comhalta den choiste éirí as an gcoiste trí fhógra i scríbhinn a shíneoidh sé agus a sheachadfar don leachtaitheoir.

(5) Má thagann comhalta den choiste chun bheith féimheach nó má dhéanann sé imshocrú nó comhshocrú lena chreidiúnaithe nó má bhionn sé as láthair ó 5 cinn as a chéile de chruinnithe na cuideachta gan cead ó na comhaltaí sin a bheidh, maraon leis féin, ag ionannú na gcreidiúnaithe nó na ranníocóirí, cibé acu é, tiocfaidh a oifig chun bheith folamh dá dhroim sin.

(6) Féadfar comhalta den choiste a chur as oifig le gnáthrún ag cruinniú de chreidiúnaithe, más creidiúnaithe atá sé a ionannú, nó de ranníocóirí, más ranníocóirí atá sé a ionannú, ar tugadh fógra 7 lá ina thaobh inar luadh cuspóir an chruinnithe.

(7) Faoi réir fho-alt (8), nuair a tharlóidh folúntas sa choiste, déanfaidh an leachtaitheoir cruinniú de chreidiúnaithe nó de ranníocóirí, de réir mar is gá sa chás, a ghairm láithreach chun an folúntas a líonadh, agus féadfaidh an cruinniú, le rún, an duine céanna a athcheapadh nó duine eile, a bheidh cáilithe faoi fho-alt (1) chun bheith ina chomhalta den choiste, a cheapadh chun an folúntas a líonadh.

(8) Más é tuairim an leachtaitheora, ag féachaint don staid atá ar an bhfoirceannadh, nach gá folúntas a tharla sa choiste a líonadh, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chun na cúirte, agus féadfaidh an chúirt ordú a dhéanamh nach líonfar an folúntas nó nach líonfar é ach amháin sna imthosca a shonrófar san ordú.

(9) Féadfaidh comhaltaí leanúnacha an choiste, mura lú ná beirt a líon, gníomhú d'ainneoin aon fholúntais sa choiste.

Cumhachtaí Ginearálta na Cúirte i gcás Foirceannadh ag an gCúirt.

Cumhacht chun ordú foirceanta a neamhniú nó chun bac a chur ar fhoirceannadh.

234. —(1) Féadfaidh an chúirt, tráth ar bith tar éis ordú foirceanta, ar iarratas ón leachtaitheoir nó ó aon chreidiúnaí nó ranníocóir agus ar a chruthú chun sástacht na cúirte gur cheart an t-ordú foirceanta a neamhniú, ordú a dhéanamh ag neamhniú an ordaithe foirceanta ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis an gcúirt.

(2) Féadfaidh an chúirt, tráth ar bith tar éis ordú foirceanta, ar iarratas ón leachtaitheoir nó ó aon chreidiúnaí nó ranníocóir, agus ar a chruthú chun sástacht na cúirte gur cheart bac a chur ar gach imeacht maidir leis an bhfoirceannadh, ordú a dhéanamh ag cur bac ar na himeachtaí, go hiomlán nó ar feadh tréimhse teoranta, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis an gcúirt.

(3) I gcás aon iarratais faoin alt seo, féadfaidh an chúirt, sula ndéanfaidh sí ordú, a cheangal ar an leachtaitheoir tuarascáil a thabhairt don chúirt maidir le haon fhíorais nó nithe is dóigh leis a bheith ag baint le hábhar an iarratais.

(4) Cuirfidh an chuideachta, nó cibé duine a ordóidh an chúirt, cóip oifige de gach ordú a dhéanfar faoin alt seo ar aghaidh láithreach chuig cláraitheoir na gcuideachtaí lena clárú.

(5) Má mhainníonn cuideachta fo-alt (4) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £25 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain, agus má mhainníonn aon duine eile fo-alt (4) a chomhlíonadh dlífear fíneáil nach mó ná £25 a chur ar an duine sin.

Liosta na ranníocóirí a shocrú agus na sócmhainní a chur chun feidhme.

235. —(1) Faoi réir fho-alt (2), chomh luath agus is féidir tar éis ordú foirceanta a dhéanamh, socróidh an chúirt liosta ranníocóirí, agus beidh cumhacht aici clár na gcomhaltaí a cheartú i ngach cás inar gá é a cheartú de bhun an Achta seo, agus cuirfidh sí faoi deara go ndéanfar sócmhainní na cuideachta a bhailiú agus a chur chun feidhme chun a dliteanais a ghlanadh.

(2) Má fheictear don chúirt nach gá glaochanna a dhéanamh ar ranníocóirí nó a gcearta a choigeartú, féadfaidh sí socrú liosta ranníocóirí a ligean thar ceal.

(3) Nuair a bheidh an liosta ranníocóirí á shocrú ag an gcúirt, déanfaidh sí idirdhealú idir daoine ar ranníocóirí iad as a gceart féin agus daoine ar ranníocóirí iad mar gurb ionadaithe iad do dhaoine eile nó go bhfuil siad faoi dhliteanas i leith fiacha daoine eile.

Maoin chuideachta a sheachadadh don leachtaitheoir.

236. —Féadfaidh an chúirt, tráth ar bith tar éis ordú foirceanta a dhéanamh, a cheangal ar aon ranníocóir a bheidh de thuras na huaire ar an liosta ranníocóirí, agus ar aon iontaobhaí, glacadóir, baincéir, gníomhaire nó oifigeach don chuideachta, aon airgead, maoin nó leabhair agus páipéir a bheidh ar láimh aige, agus a mbeidh teideal prima facie chucu ag an gcuideachta, a íoc leis an leachtaitheoir, nó a sheachadadh, a thíolacadh nó a thabhairt suas dó, nó a aistriú chuige, láithreach nó laistigh de cibé tréimhse a ordóidh an chúirt.

Íoc fiacha a bheidh dlite ó ranníocóir don chuideachta agus a mhéid a lamháiltear fritháireamh.

237. —(1) Féadfaidh an chúirt, tráth ar bith tar éis ordú foirceanta a dhéanamh, ordú a dhéanamh á thabhairt ar aon ranníocóir a bheidh de thuras na huaire ar an liosta ranníocóirí aon airgead a bheidh dlite uaidh féin nó ó eastát an duine darb ionadaí é don chuideachta, taobh amuigh d'aon airgead a bheidh iníoctha aige nó ag an eastát de bhua aon ghlaoch de bhun an Achta seo, a íoc ar an modh a ordófar leis an ordú.

(2) Nuair a bheidh ordú den sórt sin á dhéanamh ag an gcúirt, féadfaidh sí—

(a) i gcás cuideachta neamhtheoranta, aon airgead a lamháil don ranníocóir mar fhritháireamh is airgead a bheidh dlite dó féin nó don eastát darb ionadaí é ón gcuideachta ar aon déileáil nó conradh neamhspléach leis an gcuideachta, ach ní lamhálfar dó amhlaidh aon airgead a bheidh dlite dó mar chomhalta den chuideachta i leith aon díbhinne nó brabúis; agus

(b) i gcás cuideachta theoranta, lamháltas dá shamhail a thabhairt d'aon stiúrthóir, nó d'eastát aon stiúrthóra, a mbeidh a dhliteanas neamhtheoranta.

(3) I gcás aon chuideachta, cibé acu teoranta nó neamhtheoranta di, féadfar, nuair a bheidh na creidiúnaithe go léir íoctha go hiomlán, aon airgead a bheidh dlite ar scór ar bith do ranníocóir ón gcuideachta a lamháil dó mar fhritháireamh in aghaidh aon ghlaoigh ina dhiaidh sin.

Cumhacht na cúirte chun glaochanna a dhéanamh.

238. —(1) Féadfaidh an chúirt, tráth ar bith tar éis ordú foirceanta a dhéanamh, agus roimh dhóthanacht sócmhainní na cuideachta a bheith cinntithe aici nó ina dhiaidh sin, glaochanna a dhéanamh ar gach duine nó aon duine de na ranníocóirí a bheidh de thuras na huaire ar an liosta ranníocóirí go feadh a ndliteanais, chun aon airgead a íoc a mheasfaidh an chúirt is gá chun fiacha agus dliteanais na cuideachta, agus costais, muirir agus caiteachais an fhoirceanta, a shásamh, agus chun cearta na ranníocóirí eatarthu féin a choigeartú, agus ordú a dhéanamh go n-íocfar aon ghlaochanna a dhéanfar amhlaidh.

(2) Nuair a bheidh glaoch á dhéanamh aici, féadfaidh an chúirt a chur san áireamh go bhféadfadh sé go loicfeadh cuid de na ranníocóirí go hiomlán nó go páirteach an glaoch a íoc.

Airgead a bheidh dlite don chuideachta a íoc isteach sa bhanc.

239. —(1) Féadfaidh an chúirt a ordú d'aon ranníocóir, ceannaitheoir nó duine eile a mbeidh airgead dlite uaidh don chuideachta an méid a bheidh dlite a íoc isteach i cibé banc a cheapfaidh an chúirt chun cuntais an leachtaitheora in ionad é a íoc leis an leachtaitheoir féin, agus féadfar aon ordú den sórt sin a chur i bhfeidhm ionann agus dá n-ordódh sé é a íoc leis an leachtaitheoir.

(2) An t-airgead agus na hurrúis uile a íocfar nó a sheachadfar isteach in aon bhanc mar a dúradh i gcás foirceannadh ag an gcúirt, beidh siad faoi réir orduithe na cúirte go huile agus go hiomlán.

Ordú do ranníocóir a bheith ina fhianaise dhochloíte.

240. —(1) Aon ordú a chuirfidh an chúirt ar ranníocóir, beidh sé, faoi réir aon chirt achomhairc, ina fhianaise dhochloíte go bhfuil an t-airgead, más ann, a thaispeánfar leis a bheith dlite nó a ordófar leis a íoc, ina airgead atá dlite.

(2) Gach ní iomchuí eile a luafar san ordú, measfar gur ní é atá luaite go fírinneach amhail in aghaidh gach duine agus i ngach imeacht.

Cumhacht chun creidiúnaithe nach dtabharfaidh cruthúnas in am a eisiamh.

241. —Féadfaidh an chúirt tráth nó tráthanna a shocrú ina mbeidh ar chreidiúnaithe a bhfiacha nó a n-éilimh a chruthú nó bheith eisiata ó thairbhe aon dáilte a dhéanfar sula gcruthófar na fiacha sin.

Coigeartú ar chearta ranníocóirí.

242. —Déanfaidh an chúirt coigeartú ar chearta na ranníocóirí eatarthu féin, agus aon bharrachas a dháileadh ar na daoine a bheidh ina theideal.

Iniúchadh leabhar ag creidiúnaithe agus ranníocóirí.

243. —(1) Féadfaidh an chúirt, tráth ar bith tar éis ordú foirceanta a dhéanamh, cibé ordú a dhéanamh is cóir leis an gcúirt le haghaidh iniúchadh leabhair agus páipéir na cuideachta ag creidiúnaithe agus ranníocóirí, agus féadfaidh creidiúnaithe nó ranníocóirí aon leabhair agus páipéir a bheidh i seilbh na cuideachta a iniúchadh dá réir sin, ach ní fhéadfaidh thairis sin ná ar dhóigh eile.

(2) Ní mheasfar aon ní san alt seo a bheith ag eisiamh ná ag srianadh aon chearta reachtúla de chuid Aire Rialtais nó duine a bheidh ag gníomhú faoi údarás Aire Rialtais.

Cumhacht chun a ordú go mbeidh costais an fhoirceanta le híoc as sócmhainní.

244. —Féadfaidh an chúirt, i gcás nach leor na sócmhainní chun na dliteanais a shásamh, ordú a dhéanamh i dtaobh na costais, na muirir agus na caiteachais faoina ndeachthas san fhoirceannadh a íoc as na sócmhainní i cibé ord tosaíochta is cóir leis an gcúirt.

Cumhacht na cúirte chun daoine a ghairm os a comhair lena gceistiú.

245. —(1) Féadfaidh an chúirt, tráth ar bith tar éis leachtaitheoir sealadach a cheapadh nó ordú foirceanta a dhéanamh, aon oifigeach don chuideachta nó aon duine arb eol nó a bhfuil amhras ann go bhfuil aon mhaoin leis an gcuideachta ina sheilbh aige nó a shíltear a bheith i bhfiacha ag an gcuideachta, nó aon duine a mheasfaidh an chúirt a d'fhéadfaidh eolas a thabhairt maidir le tionscnamh, foirmiú, trádáil, déileálacha, cúrsaí nó maoin na cuideachta, a ghairm os a comhair.

(2) Féadfaidh an chúirt é a scrúdú faoi mhionn i dtaobh na nithe a dúradh, de bhriathar béil nó ar agarcheisteanna i scríbhinn, agus féadfaidh sí a fhreagraí a chur síos i scríbhinn agus a cheangal air iad a shíniú.

(3) Féadfaidh an chúirt a cheangal air aon leabhair agus páipéir a bheidh faoina choimeád nó faoina chumhacht, agus a bhaineann leis an gcuideachta, a thabhairt ar aird, ach, má éilíonn sé aon lian ar leabhair nó páipéir a thabharfaidh sé ar aird, ní dhéanfaidh a dtabhairt ar aird dochar don lian sin, agus beidh dlínse ag an gcúirt san fhoirceannadh gach ceist maidir leis an lian a chinneadh.

(4) Ní bheidh duine a scrúdófar faoin alt seo i dteideal diúltú freagra a thabhairt ar aon cheist a chuirfear air ar an bhforas go mb'fhéidir go n-ionchoireodh a fhreagra é, ach ní bheidh aon fhreagra dá dtabharfaidh an duine sin inghlactha i bhfianaise ina choinne in aon imeachtaí eile, sibhialta ná coiriúil, ach amháin i gcás aon imeachtaí coiriúla mar gheall ar mhionnú éithigh i leith aon fhreagra den sórt sin.

(5) Má dhiúltaíonn aon duine a gcuirfear gairm air amhlaidh, tar éis suim réasúnach in aghaidh a chaiteachas a thairiscint dó, teacht os comhair na cúirte ag an am a bheidh ceaptha, gan leithscéal a bheith aige (a chuirfear i bhfios don chúirt nuair a shuífidh sí agus a nglacfaidh an chúirt leis), a chur faoi deara é a ghabháil agus é a thabhairt os comhair na cúirte chun a scrúdaithe.

Oifigigh don chuideachta a bheith i láthair ag cruinnithe.

246. —I gcás foirceannadh ag an gcúirt, beidh cumhacht ag an gcúirt a cheangal go bhfreastalóidh aon oifigeach don chuideachta ar aon chruinniú de chreidiúnaithe nó de ranníocóirí nó de choiste iniúchta chun eolas a thabhairt maidir le trádáil, déileálacha, cúrsaí nó maoin na cuideachta.

Cumhacht chun ranníocóir éalaitheach a ghabháil.

247. —Féadfaidh an chúirt, tráth ar bith roimh ordú foirceanta a dhéanamh nó ina dhiaidh sin, ar a chruthú di go bhfuil cúis dhóchúil ann chun a chreidiúint go bhfuil ranníocóir ar tí an Stát a fhágáil nó éalú ar shlí eile nó ar tí aon mhaoin dá chuid a aistriú nó a cheilt ionas go bhféadfadh sé dul ó ghlaochanna a íoc nó scrúdú ar chúrsaí na cuideachta a sheachaint, a chur faoi deara an ranníocóir a ghabháil, agus a leabhair agus a pháipéir agus a mhaoin phearsanta shochorraithe a urghabháil agus é féin agus iadsan a choinneáil go ceann cibé tréimhse a ordóidh an chúirt.

Cumhachtaí na cúirte a bheith ina gcumhachtaí breise.

248. —Aon chumhachtaí a thugtar leis an Acht seo don chúirt, is cumachtaí iad de bhreis, agus ní cumhachtaí iad a dhéanann srianadh, ar aon chumhachtaí atá ann cheana chun imeachtaí a thionscnamh in aghaidh aon ranníocóra nó féichiúnaí de chuid na cuideachta nó in aghaidh eastát aon ranníocóra nó féichiúnaí, chun aon ghlaoch nó aon suimeanna eile a ghnóthú.

Díscaoileadh cuideachta.

249. —(1) Nuair a bheidh cúrsaí cuideachta foirceanta go hiomlán, déanfaidh an chúirt, má dhéanann an leachtaitheoir iarratas chuige sin, ordú go bhfuil an chuideachta le díscaoileadh ó dháta an ordaithe, agus díscaoilfear an chuideachta dá réir sin.

(2) Déanfaidh an leachtaitheoir cóip oifige den ordú a chur ar aghaidh, laistigh de 21 lá óna dháta, chuig cláraitheoir na gcuideachtaí lena clárú.

(3) Má mhainníonn an leachtaitheoir ceanglais an ailt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur air.

Orduithe a rinneadh i gcás Foirceannadh ag Cúirteanna lasmuigh den Stát a chur i bhfeidhm.

Orduithe a rinneadh i gcás foirceannadh ag cúirteanna lasmuigh den Stát a chur i bhfeidhm.

250. —(1) Féadfaidh an Ard-Chúirt aon ordú a rinne cúirt aon tíre a bheidh aitheanta chun críocha an ailt seo, agus a rinneadh chun nó i gcúrsa cuideachta a fhoirceannadh, a chur i bhfeidhm ar an modh céanna go huile agus go hiomlán ar a ndéanfaí sin dá mba é an Ard-Chúirt a rinne an t-ordú.

(2) Nuair a dhéanfar iarratas chun na hArd-Chúirte faoin alt seo, beidh cóip oifige d'aon ordú a n-iarrfar a chur i bhfeidhm ina fhianaise leormhaith i dtaobh an ordaithe.

(3) San alt seo, ciallaíonn “cuideachta” comhlacht corpraithe a corpraíodh lasmuigh den Stát, agus ciallaíonn “aitheanta” aitheanta le hordú arna dhéanamh ag an Aire.

(iii) Foirceannadh Toilteanach.

Rúin le haghaidh Foirceannadh Toilteanach agus a thosach.

Imthosca ina bhféadfar cuideachta a fhoirceanadh go toilteanach.

251. —(1) Féadfar cuideachta a fhoirceannach go toilteanach—

(a) nuair a bheidh deireadh leis an tréimhse, más ann, a socraíodh leis na hairteagail mar ré saoil don chuid eachta, nó nuair a tharlóidh an teagmhas, más ann, a bhforáiltear leis na hairteagail go mbeidh an chuideachta le díscaoileadh ar é a tharlú, agus go mbeidh an chuideachta i gcruinniú ginearálta tar éis rún a rith chun an chuideachta a fhoirceannadh go toilteanach;

(b) má chinneann an chuideachta le rún speisialta an chuideachta a fhoirceannadh go toilteanach;

(c) má chinneann an chuideachta le rún i gcruinniú ginearálta nach féidir léi mar gheall ar a dliteanais leanúint dá gnó, agus go bhfuil sí le foirceannadh go toilteanach.

(2) San Acht seo, ciallaíonn “rún le haghaidh foirceannadh toilteanach” rún arna rith faoi aon mhír d'fho-alt (1).

Rún le haghaidh foirceannadh toilteanach a fhoilsiú.

252. —(1) Nuair a bheidh cuideachta tar éis rún le haghaidh foirceannadh toilteanach a rith, déanfaidh sí, laistigh de 14 lá tar éis an rún a rith, fógra faoin rún a thabhairt trí fhógrán san Iris Oifigiúil.

(2) Má mhainnítear an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £25 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain, agus chun críocha an fho-ailt seo measfar gurb oifigeach don chuideachta leachtaitheoir na cuideachta.

Tosach an fhoirceanta thoilteanaigh.

253. —Measfar foirceannadh toilteanach a thosú an tráth a rithfear an rún le haghaidh foirceannadh toilteanach.

Iarmairtí ar Fhoirceannadh Toilteanach.

An éifeacht a bheidh ag foirceannadh toilteanach ar ghnó agus stádas cuideachta.

254. —I gcás foirceannadh toilteanach, scoirfidh an chuideachta ó thosach an fhoirceanta, dá gnó a sheoladh, ach amháin sa mhéid is gá chun an chuideachta a fhoirceannadh go tairbhiúil sa dóigh, áfach, go mairfidh stádas corpraithe agus cumhachta corpraithe na cuideachta go dtí go ndíscaoilfear an chuideachta d'ainneoin aon ní contrártha dó sin ina hairteagail.

Aistriú scaireanna tar éis tosach an fhoirceanta thoilteanaigh a bheith ar neamhní.

255. —Aon aistriú a dhéanfar ar scaireanna, nach aistriú dhéanfar chun an leachtaitheora nó lena cheadú, agus aon athrú a dhéanfar ar stádas comhaltaí na cuideachta, tar éis tosach foirceanta thoilteanaigh, beidh sé ar neamhní.

Dearbhú Sócmhainneachta.

Dearbhú reachtúil sócmhainneachta i gcás rúin le haghaidh foirceannadh toilteanach.

256. —(1) Nuair a bheartófar cuideachta a fhoirceannadh go toilteanach, féadfaidh stiúrthóirí na cuideachta nó, i gcás cuideachta a bhfuil níos mó ná dhá stiúrthóir uirthi, tromlach na stiúrthóirí, ag cruinniú de na stiúrthóirí, dearbhú reachtúil a dhéanamh á rá go ndearna siad fiosrúchán iomlán faoi chúrsaí na cuideachta, agus tar éis a dhéanta, gur tháinig siad ar an tuairim go mbeidh an chuideachta in ann a fiacha a íoc go hiomlán laistigh de cibé tréimhse, nach faide ná 12 mí ó thosach an fhoirceanta, a bheidh sonraithe sa dearbhú.

(2) Ní bheidh aon éifeacht chun críocha an Achta seo ag dearbhú a dhéanfar mar a dúradh mura rud é—

(a) go ndéanfar é laistigh de na 28 lá díreach roimh an dáta a rithfear an rún chun an chuideachta a fhoirceannadh agus go seachadfar é do chláraitheoir na gcuideachtaí lena chlárú roimh an dáta sin; agus

(b) go mbeidh ráiteas ann ar shócmhainní agus dliteanais na cuideachta amhail mar a bhí ar an dáta is praiticiúil ba dhéanaí roimh an dearbhú a dhéanamh.

(3) Más rud é, laistigh de 28 lá tar éis an rún le haghaidh foirceannadh toilteanach a fhógairt faoi fho-alt (1) d'alt 252, go ndéanfaidh creidiúnaí iarratas chun na cúirte ar ordú faoin bhfo-alt seo agus gur deimhin leis an gcúirt go n-ionannaíonn an creidiúnaí sin, maraon le haon chreidiúnaithe a bheidh ag tacú leis ina iarratas, an cúigiú cuid ar a laghad, de réir líon nó luacha, de chreidiúnaithe na cuideachta, agus gurb é tuairim na cúirte nach cosúil go mbeidh an chuideachta in ann a fiacha a íoc laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe sa dearbhú, féadfaidh an chúirt a ordú go mbeidh feidhm maidir leis an bhfoirceannadh ag na forálacha uile den Acht seo a bhaineann le foirceannadh toilteannach ag creidiúnaithe.

(4) Má ordaíonn an chúirt go mbeidh feidhm maidir leis an bhfoirceannadh ag na forálacha uile den Acht seo a bhaineann le foirceannadh toilteanach ag creidiúnaithe, déanfaidh an chuideachta, laistigh de 21 lá tar éis an t-ordú a dhéanamh, cóip oifige den ordú sin a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí.

(5) Má mhainnítear fo-alt (4) a chomhlíonadh, dlífear fíneail nach mó ná £25 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

(6) Aon stiúrthóir ar chiudeachta a dhéanfaidh dearbhu faoin alt seo gan foras réasúnach a bheith aige leis an tuairim go mbeidh an chuideachta in ann a fiacha a íoc go hiomlán laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe sa dearbhú, dlífear príosúnacht ar feadh tréimhse nach faide ná 6 mhí nó fineáil nach mó ná £100, nó iad araon, a chur air; agus má fhoirceantar an chuideachta de bhun rúin a ritheadh laistigh de thréimhse 28 lá tar éis an dearbhú a dhéanamh, ach nach mbeidh a fiacha íoctha nó soláthar déanta dóibh go hiomlán laistigh den tréimhse a bheidh luaite sa dearbhú, toimhdeofar go dtí go suífear a mhalairt nach raibh foras réasúnach ag an stiúrthóir lena thuairim.

(7) San Acht seo tugtar “foirceannadh toilteanach ag comhaltaí” ar fhoirceannadh i gcás ina ndearnadh agus inar seachadadh dearbhú de réir an ailt seo, agus tugtar “foirceannadh toilteanach ag creidiúnaithe” san Acht seo ar fhoirceannadh toilteanach i gcás nach ndearnadh agus nár seachadadh dearbhú mar a dúradh nó i gcás ina ndéanfar ordú faoi fho-alt (3).

(8) Ní bhainfidh an t-alt seo le foirceannadh a tosaíodh roimh an dáta feidhme.

Forálacha is infheidhme maidir le Foirceannadh Toilteanach ag Comhaltaí.

Forálacha is infheidhme maidir le foirceannadh toilteanach ag comhaltaí.

257. —Beidh feidhm ag ailt 258 go 264, faoi réir an ailt is déanaí a luaitear, maidir le foirceannadh toilteanach ag comhaltaí.

Cumhacht cuideachta chun leachtaitheoirí a cheapadh agus a luach saothair a shocrú.

258. —(1) Déanfaidh an chuideachta, i gcruinniú ginearálta, leachtaitheoir amháin nó níos mó a cheapadh chun cúrsaí na cuideachta a fhoirceannadh agus a sócmhainní a dháileadh, agus féadfaidh sí an luach saothair a bheidh le híoc leis nó leo a shocrú.

(2) Ar leachtaitheoir a cheapadh, scoirfidh cumhachtaí uile na stiúrthóirí, ach amháin sa mhéid go gceadóidh an chuideachta i gcruinniú ginearálta, nó an leachtaitheoir, na cumhachtaí sin a choimeád ar marthain.

Cumhacht chun folúntas in oifig leachtaitheora a líonadh.

259. —(1) Má tharlaíonn folúntas, trí bhás, éirí as oifig nó eile, in oifig leachtaitheora a bheidh ceaptha ag an gcuideachta, féadfaidh an chuideachta i gcruinniú ginearálta an folúntas a líonadh.

(2) Chun na críche sin, féadfaidh aon ranníocóir nó, má tá níos mó ná leachtaitheoir amháin ann, na leachtaitheoirí leanúnacha, cruinniú ginearálta a chomóradh.

(3) Tionólfar an cruinniú ar an modh a fhoráiltear leis an Acht seo nó leis na hairteagail, nó ar cibé modh a chinnfidh an chúirt ar iarratas ó aon ranníocóir nó ó na leachtaitheoirí leanúnacha.

Cumhacht leachtaitheora chun scaireanna a ghlacadh i gcomaoin maoin de chuid na cuideachta a dhíol.

1845, c. 16.

260. —(1) I gcás ina mbeartófar cuideachta a fhoirceannadh go toilteanach, nó ina mbeidh cuideachta i gcúrsa a foirceannta go toilteanach, agus go mbeartófar an t-iomlán nó cuid dá gnó nó dá maoin a aistriú chuig cuideachta eile nó a dhíol léi, cibé acu is cuideachta de réir bhrí an Achta seo í nó nach ea (dá ngairtear “an chuideachta is aistrí” san alt seo), féadfaidh leachtaitheoir na cuideachta chéadluaite (dá ngairtear “an chuideachta is aistreoir” san alt seo), le ceadú de bharr rúin speisialta ón gcuideachta sin, a thugann údarás ginearálta don leachtaitheoir nó údarás i leith aon chomhshocraíochta áirithe, scaireanna, polasaithe nó leasanna eile dá samhail sa chuideachta is aistrí a ghlacadh mar chúiteamh nó mar pháirtchúiteamh san aistriú nó sa díol, lena ndáileadh ar chomhaltaí na cuideachta is aistreoir, nó féadfaidh sé aon chomhshocrú eile a dhéanamh faoina bhféadfaidh comhaltaí na cuideachta is aistreoir, in ionad nó i dteannta airgead, scaireanna, polasithe nó leasanna eile dá samhail a fháil, bheith rannpháirteach i mbrabúis na cuideachta is aistrí nó aon tairbhe eile a fháil uaithi.

(2) Aon díol nó comhsocrú a dhéanfar de bhun an ailt seo, beidh sé ina cheangal ar chomhaltaí na cuideachta is aistreoir.

(3) Más rud é nach ndearnadh na cearta vótála a thugtar le haon scaireanna sa chuideachta a chaitheamh i bhfabhar an rúin speisialta agus go gcuirfidh sealbhóir na scaireanna sin a easaontú leis an rún speisialta in iúl i scríbhinn a dhíreofar chuig an leach taitheoir agus a fhágfar in oifig chláraithe na cuideachta laistigh de 7 lá tar éis an rún speisialta a rith, féadfaidh sé a cheangal ar an leachtaitheoir gan éifeacht a thabhairt don rún, nó an chuid sin dá leas atá in ionannas leis na scaireanna sin a cheannach ar phraghas a bheidh le cinneadh trí chomhaontú nó trí eadráin ar an modh a fhoráiltear leis an alt seo.

(4) Má ghlacann an leachtaitheoir de rogha leas an chomhalta a cheannach, ní foláir an t-airgead ceannaigh a íoc sula ndíscaoilfear an chuideachta agus, mura ndéantar foráil eile ina leith, measfar gur cuid de chostais, muirir agus caiteachais an fhoirceanta é agus íocfar amhlaidh é.

(5) Ní bheidh rún speisialta neamhbhailí chun críocha an ailt seo de bhrí gur ritheadh é roimh rún le haghaidh foirceannadh toilteanach nó chun leachtaitheóirí a cheapadh, nó i gcomhthrath leis an rún sin, ach, má dhéantar ordú laistigh de bhliain chun an chuideachta a fhoirceannadh ag an gcúirt, ní bheidh an rún speisialta bailí mura gceadóidh an chúirt é.

(6) Chun críocha eadrána faoin alt seo, déanfar na forálacha den Companies Clauses Consolidation Act, 1845, a bhaineann le díospóidí a shocrú trí eadráin, a chorprú leis an Acht seo, agus i bhforléiriú na bhforálacha sin measfar gurb é an tAcht seo an tAcht speisialta, agus ciallóidh “the company” an chuideachta is aistreoir, agus aon cheapachán a ordaítear leis na forálacha corpraithe sin a dhéanamh faoi láimh an rúnaí nó aon bheirt de na stiúrthóirí, féadfar é a dhéanamh faoi láimh an leachtaitheora nó, má tá níos mó ná leachtaitheoir amháin ann, féadfar é a dhéanamh faoi láimh aon bheirt nó níos mó de na leachtaitheoirí.

Dualgas an leachtaitheora chun cruinniú creidiúnaithe a ghairm más é a thuairim nach bhfuil an chuideachta in ann a fiacha a íoc.

261. —(1) Más rud é, i gcás foirceannadh a thosóidh tar éis an dáta feidhme, go mbeidh an leachtaitheoir ar an tuairim aon uair nach mbeidh an chuideachta in ann a fiacha a íoc go hiomlán laistigh den tréimhse a bheidh luaite sa dearbhú faoi alt 256, déanfaidh sé láithreach cruinniú de na creidiúnaithe a ghairm agus leagfaidh sé faoi bhráid an chruinnithe ráiteas ar shócmhainní agus dliteanais na cuideachta.

(2) Má mhainníonn an leachtaitheoir an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur air.

Dualgas an leachtaitheora chun cruinniú ginearálta a ghairm i ndeireadh gach bliana.

262. —(1) Faoi réir alt 264, i gcás an foirceannadh a bheith ar siúl ar feadh breis is bliain amháin, gairfidh an leachtaitheoir cruinniú ginearálta den chuideachta i ndeireadh na chéad bhliana ó thosach an fhoirceanta agus i ndeireadh gach bliana dá éis sin, nó ar an gcéad dáta caothúil laistigh de 3 mhí ó dheireadh na bliana, agus leagfaidh sé faoi bhráid an chruinnithe cuntas ar a ghníomhartha agus a dhéileálacha agus ar stiúradh an fhoirceanta i rith na bliana roimhe sin, agus cuirfidh sé cóip den chuntas sin chuig an gcláraitheoir laistigh de 7 lá tar éis an chruinnithe sin.

(2) Má mhainníonn an leachtaitheoir an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur air.

An cruinniú críochnaitheach agus díscaoileadh.

263. —(1) Faoi réir alt 264, a luaithe a bheidh cúrsaí na cuideachta foirceanta go hiomlán, déanfaidh an leachtaitheoir amach cuntas ar an bhfoirceannadh ina dtaispeánfar conas a stiúradh an foirceannadh agus conas a diúscraíodh maoin na cuideachta, agus air sin gairfidh sé cruinniú ginearálta den chuideachta chun an cuntas a leagan faoina bhráid agus aon mhíniú a thabhairt air.

(2) Gairfear an cruinniú le fógrán in 2 nuachtán laethúla a léitear sa cheantar ina bhfuil oifig chláraithe na cuideachta, agus sonrófar ann am agus áit agus cuspóir an chruinnithe, agus foilseofar an fógrán 28 lá ar a laghad roimh an gcruinniú.

(3) Laistigh de sheachtain tar éis an chruinnithe, cuirfidh an leachtaitheoir cóip den chuntas chuig cláraitheoir na gcuideachtaí, agus tabharfaidh sé tuairisceán dó ar thionól an chruinnithe agus ar a dháta, agus mura ndéanfar an chóip a chur ar aghaidh nó an tuairisceán a thabhairt de réir an fho-ailt seo dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an leachtaitheoir, sa dóigh, áfach, mura mbíonn córam i láthair ag an gcruinniú, go dtabharfaidh an leachtaitheoir, in ionad an tuairisceáin atá luaite anseo roimhe seo, tuairisceán gur gaireadh an cruinniú go cuí agus nach raibh córam i láthair aige, agus ar thuairisceán den sórt sin a thabhairt measfar gur comhlíonadh na forálacha den fho-alt seo a bhaineann leis an tuairisceán a thabhairt.

(4) Faoi réir fho-alt (5), nuair a gheobhaidh an cláraitheoir an cuntas, agus ceachtar de na tuairisceáin atá luaite anseo roimhe seo, cláróidh sé iad láithreach, agus ar 3 mhí a bheith caite ón dáta a cláraíodh tuairisceán na cuideachta measfar an chuideachta a bheith díscaoilte.

(5) Féadfaidh an chúirt, ar iarratas ón leachtaitheoir nó ó aon duine eile a bhfeicfear don chúirt go bhfuil leas aige ann, ordú a dhéanamh ag cur siar an dáta ar a mbeidh díscaoileadh na cuideachta le teacht in éifeacht go ceann cibé tréimhse is cuí leis an gcúirt.

(6) Beidh sé de dhualgas ar an duine ar de bharr a iarratais a dhéanfaidh an chúirt ordú faoin alt seo cóip oifige den ordú a sheachadadh don chláraitheoir lena clárú, laistigh de 14 lá tar éis an t-ordú a dhéanamh, agus má mhainníonn an duine sin é sin a dhéanamh dlífear fíneáil nach mó ná £5 a chur air.

(7) Má mhainníonn an leachtaitheoir cruinniú ginearálta den chuideachta a ghairm mar a cheanglaítear leis an alt seo, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur air.

Malairt forálacha maidir le cruinnithe bliantúla agus cruinnithe críochnaitheacha más é tuairim an leachtaitheora nach bhfuil cuideachta in ann a fiacha a íoc.

264. —(1) Faoi réir fho-alt (2), i gcás ina mbeidh éifeacht ag alt 261, bainfidh ailt 272 agus 273 leis an bhfoirceannadh, ag eisiamh ailt 262 agus 263, ionann is dá mba foirceannadh toilteanach ag creidiúnaithe an foirceannadh agus nárbh fhoirceannadh toilteanach ag comhaltaí é.

(2) Ní bheidh de cheangal ar an leachtaitheoir cruinniú creidiúnaithe a ghairm faoi alt 272 i ndeireadh na chéad bhliana ó thosach an fhoirceanta, mura rud é go ndéanfar an cruinniú a thionólfar faoi alt 261 a thionól breis is 3 mhí roimh dheireadh na bliana sin.

Forálacha is infheidhme maidir le Foirceannadh Toilteanach ag Creidiúnaithe.

Forálacha is infheidhme maidir le foirceannadh toilteanach ag creidiúnaithe.

265. —Beidh feidhm ag ailt 266 go 273 maidir le foirceannadh toilteanach ag creidiúnaithe.

Cruinniú creidiúnaithe.

266. —(1) Cuirfidh an chuideachta faoi deara go ngairfear cruinniú de chreidiúnaithe na cuideachta don lá, nó don lá díreach i ndiaidh an lae, a bheidh an cruinniú le tionól ag a mbeidh an rún le haghaidh foirceannadh toilteanach le tairiscint, agus cuirfidh sí faoi deara go ndéanfar na fógraí faoi chruinniú sin na gcreidiúnaithe a chur leis an bpost chuig na creidiúnaithe 10 lá ar a laghad roimh dháta an chruinnithe sin den chuideachta.

(2) Cuirfidh an chuideachta faoi deara go ndéanfar fógra faoi chruinniú na gcreidiúnaithe a fhógairt uair amháin ar a laghad in 2 nuachtán laethúla a léitear sa cheantar ina bhfuil oifig chláraithe nó príomháit ghnó na cuideachta.

(3) Déanfaidh stiúrthóirí na cuideachta—

(a) ráiteas iomlán ar staid chúrsaí na cuideachta, maraon le liosta de chreidiúnaithe na cuideachta agus méid measta a n-éileamh, a leagan faoi bhráid an chruinnithe de na creidiúnaithe a thionólfar mar a dúradh; agus

(b) duine dá líon féin a cheapadh le dul i gceannas ar an gcruinniú sin.

(4) Beidh sé de dhualgas ar an stiúrthóir a cheapfar le dul i gceannas ar chruinniú na gcreidiúnaithe bheith i láthair ag an gcruinniú sin agus dul i gceannas air.

(5) Má chuirtear ar atráth an cruinniú den chuideachta ag a mbeidh an rún le haghaidh foirceannadh toilteanach le tairiscint agus go rithfear an rún ag cruinniú atrátha, beidh éifeacht ag aon rún a rithfear ag an gcruinniú de na creidiúnaithe a thionólfar de bhun fho-alt (1) ionann is dá mba díreach tar éis an rún chun an chuideachta a fhoirceannadh a bheith rite a ritheadh é.

(6) Má mhainníonn—

(a) an chuideachta fo-ailt (1) agus (2) a chomhlíonadh;

(b) stiúrthóirí na cuideachta fo-alt (3) a chomhlíonadh;

(c) aon stiúrthóir de chuid na cuideachta fo-alt (4) a chomhlíonadh;

dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcuideachta, ar na stiúrthóirí nó ar an stiúrthóir, cibé acu é, agus i gcás mainneachtain ag an gcuideachta, dlífear a shamhail de phionós a chur ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

Leachtaitheoir a cheapadh.

267. —(1) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh na creidiúnaithe agus an chuideachta, ag a gcruinnithe faoi seach mar a luaitear in alt 266, duine a ainmniú chun bheith ina leachtaitheoir chun cúrsaí na cuideachta a fhoirceannadh agus a sócmhainní a dháileadh, agus murab é an duine céanna a ainmneoidh na creidiúnaithe agus an chuideachta, is é an duine a ainmneoidh na creidiúnaithe a bheidh ina leachtaitheoir, agus mura n-ainmneoidh na creidiúnaithe duine ar bith, is é an duine, más ann, a ainmneoidh an chuideachta a bheidh ina leachtaitheoir.

(2) I gcás nach é an duine céanna a ainmneofar mar leachtaitheoir, féadfaidh aon stiúrthóir, comhalta nó creidiúnaí de chuid na cuideachta iarratas a dhéanamh chun na cúirte, laistigh de 14 lá tar éis an dáta a rinne na creidiúnaithe an t-ainmniú, ar ordú lena n-ordófar go mbeidh an duine a d'ainmnigh an chuideachta mar leachtaitheoir ina leachtaitheoir in ionad an duine, nó i gcomhpháirt leis an duine, a d'ainmnigh na creidiúnaithe, nó lena gceapfar duine éigin eile chun bheith ina leachtaitheoir in ionad an duine a cheap na creidiúnaithe.

Coiste iniúchta a cheapadh.

268. —(1) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh na creidiúnaithe, ag an gcruinniú a thionólfar de bhun alt 266 nó ag aon chruinniú dá éis sin, más cuí leo é, coiste iniúchta a cheapadh nach mbeidh thar chúigear air, agus, má cheaptar an coiste sin, féadfaidh ar chuideachta, ag an gcruinniú ag a rithfear an rún le haghaidh foirceannadh toilteanach nó i gcruinniú ginearálta aon uair in dhiaidh sin, triúr a cheapadh chun gníomhú mar chomhalta den choiste, ar choinníoll nach mó ná ochtar líon comhaltaí a choiste tráth ar bith.

(2) Féadfaidh na creidiúnaithe, más cuí leo é, a chinneadh le rún nach ceart gach duine nó aon duine de na daoine a cheapfaidh an chuideachta amhlaidh bheith ar an gcoiste iniúchta, agus má chinneann na creidiúnaithe amhlaidh le rún, ní bheidh na daoine a luafar sa rún cáilithe chun gníomhú mar chomhaltaí den choiste, mura n-ordóidh an chúirt a mhalairt, agus ar aon iarratas a dhéanamh chun na cúirte faoin bhfo-alt seo, féadfaidh an chúirt, más cuí léi é, daoine eile a cheapadh chun gníomhú mar chomhaltaí den sórt sin in ionad na ndaoine a bheidh luaite sa rún.

(3) Faoi réir fho-ailt (1) agus (2), agus rialacha cúirte, bainfidh alt 233 (ach amháin fo-alt (1)) le coiste iniúchta a cheapfar faoin alt seo faoi mar a bhaineann sé le coiste iniúchta a cheapfar i gcás foirceannadh ag an gcúirt.

Luach saothair leachtaitheoirí a shocrú agus cumhachtaí na stiúrthóirí a scor.

269. —(1) Féadfaidh an coiste iniúchta, nó mura bhfuil aon choiste den sórt sin ann féadfaidh na creidiúnaithe, an luach saothair a bheidh le híoc leis an leachtaitheoir nó leis na leachtaitheoirí a shocrú.

(2) Laistigh de 28 lá tar éis don choiste iniúchta nó do na creidiúnaithe an luach saothair a bheidh le híoc le leachtaitheoir nó le leachtaitheoirí a shocrú, féadfaidh aon chreidiúnaí nó ranníocóir a líomhnóidh go bhfuil an luach saothair sin iomarcach iarratas a dhéanamh chun na cúirte á iarraidh an luach saothair a bheidh le híoc leis an leachtaitheoir nó leis na leachtaitheoirí a shocrú.

(3) Ar leachtaitheoir a cheapadh, scoirfidh cumhachtaí uile na stiúrthóirí, ach amháin sa mhéid go gceadóidh an coiste iniúchta nó, mura bhfuil aon choiste den sórt sin ann, na creidiúnaithe, na cumhachtaí sin a choimeád ar marthain.

Cumhacht chun folúntas in oifig leachtaitheora a líonadh.

270. —Má tharlaíonn folúntas, trí bhás, éirí as oifig nó eile, in oifig leachtaitheora, seachas leachtaitheoir a bheidh ceaptha ag an gcúirt nó le hordú ón gcúirt, féadfaidh na creidiúnaithe an folúntas a líonadh.

Feidhm alt 260 maidir le foirceannadh toilteanach ag creidiúnaithe.

271. —Beidh feidhm ag alt 260 i gcás foirceannadh toilteanach ag creidiúnaithe faoi mar atá feidhm aige i gcás foirceannadh toilteanach ag comhaltaí, faoi réir an mhodhnaithe nach bhfeidhmeofar cumhachtaí an leachtaitheora faoin alt sin ach amháin le ceadú na cúirte nó an choiste iniúchta.

Dualgas ar leachtaitheoir chun cruinniú den chuideachta agus de chreidiúnaithe a ghairm i ndeireadh gach bliana.

272. —(1) I gcás an foirceannadh a bheith ar siúl ar feadh breis is bliain, gairfidh an leachtaitheoir cruinniú ginearálta den chuideachta agus cruinniú de na creidiúnaithe i ndeireadh na chéad bhliana ó thosach an fhoirceanta agus i ndeireadh gach bliana dá éis sin, nó ar an gcéad dáta caothúil laistigh de 3 mhí ó dheireadh na bliana, agus leagfaidh sé faoi bhráid na gcruinnithe cuntas ar a ghníomhartha agus a dhéileálacha agus ar stiúradh an fhoirceanta i rith na bliana roimhe sin, agus cuirfidh sé cóip den chuntas sin chuig an gcláraitheoir laistigh de 7 lá tar éis an ceann is déanaí de na cruinnithe sin.

(2) Má mhainníonn an leachtaitheoir an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur air.

An cruinniú críochnaitheach agus díscaoileadh.

273. —(1) A luaithe a bheidh cúrsaí na cuideachta foirceannta go hiomlán, déanfaidh an leachtaitheoir amach cuntas ar an bhfoirceannadh ina dtaispeánfar conas a stiúradh an foirceannadh agus conas a diúscaraíodh maoin na cuideachta, agus air sin gairfidh sé cruinniú ginearálta den chuideachta agus cruinniú de na creidiúnaithe chun an cuntas a leagan faoi bhráid na gcruinnithe agus aon mhíniú a thabhairt air.

(2) Gairfear gach cruinniú den sórt sin le fógrán in 2 nuachtán laethúla a léitear sa cheantar ina bhfuil oifig chláraithe na cuideachta, agus sonrófar ann am agus áit agus cuspóir an chruinnithe, agus foilseofar an fógrán 28 lá ar a laghad roimh an gcruinniú.

(3) Laistigh de sheachtain tar éis dáta na gcruinnithe nó, mura dtionólfar na cruinnithe ar an dáta céanna, tar éis dáta an chruinnithe is déanaí, cuirfidh an leachtaitheoir cóip den chuntas chuig cláraitheoir na gcuideachtaí, agus tabharfaidh sé tuairisceán dó ar thionól na gcruinnithe agus ar a ndátaí, agus mura ndéanfar an chóip a chur ar aghaidh nó an tuairisceán a thabhairt de réir an fho-ailt seo, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur ar an leachtaitheoir, sa dóigh, áfach, mura mbíonn córam i láthair ag ceachtar cruinniú acu sin, go dtabharfaidh an leachtaitheoir, in ionad an tuairisceáin atá luaite anseo roimhe seo, tuairisceán gur gaireadh an cruinniú go cuí agus nach raibh córam i láthair aige, agus ar thuairisceán den sórt sin a thabhairt measfar gur comhlíonadh maidir leis an gcruinniú sin na forálacha den fho-alt seo a bhaineann leis an tuairisceán a thabhairt.

(4) Faoi réir fho-alt (5), nuair a gheobhaidh an cláraitheoir an cuntas agus, maidir le gach cruinniú acu sin, ceachtar de na tuairisceáin atá luaite anseo roimhe seo, cláróidh sé iad láithreach, agus ar 3 mhí a bheith caite tar éis a gcláraithe measfar an chuideachta a bheith díscaoilte.

(5) Féadfaidh an chúirt, ar iarratas ón leachtaitheoir nó ó aon duine eile a bhfeicfear don chúirt go bhfuil leas aige ann, ordú a dhéanamh ag cur siar an dáta ar a mbeidh díscaoileadh na cuideachta le teacht in éifeacht go ceann cibé tréimhse is cuí leis an gcúirt.

(6) Beidh sé de dhualgas ar an duine ar de bharr a iarratais a dhéanfaidh an chúirt ordú faoin alt seo cóip oifige den ordú a sheachadadh don chláraitheoir lena clárú, laistigh de 14 lá tar éis an t-ordú a dhéanamh, agus má mhainníonn an duine sin é sin a dhéanamh, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur air.

(7) Má mhainníonn an leachtaitheoir cruinniú ginearálta den chuideachta nó cruinniú de na creidiúnaithe a ghairm mar a cheanglaítear leis an alt seo, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur air.

Forálacha is infheidhme maidir le gach Foirceannadh Toilteanach.

Forálacha is infheidhme maidir le gach foirceannadh toilteanach.

274. —Bainfidh ailt 275 go 282 le gach foirceannadh toilteanach, cibé acu foirceannadh ag comhaltaí nó foirceannadh ag creidiúnaithe é.

Maoin na cuideachta a dháileadh.

275. —Faoi réir forálacha an Achta seo maidir le híocaíochtaí tosaíochta, déanfar maoin chuideachta, ar an gcuideachta a fhoirceannadh, a chur chun feidhme chun a dliteanais a shásamh pari passu, agus, faoi réir na feidhme sin, déanfar, mura bhforálann na hairteagail a mhalairt, í a dháileadh ar na comhaltaí de réir a gcearta agus a leasanna sa chuideachta.

Cumhachtaí agus dualgais an leachtaitheora i bhfoirceannadh toilteanach.

276. —(1) Féadfaidh an leachtaitheoir—

(a) i gcás foirceannadh toilteanach ag comhaltaí, le ceadú faoi rún speisialta ón gcuideachta, agus, i gcás foirceannadh toilteanach ag creidiúnaithe, le ceadú na cúirte nó an choiste iniúchta nó (mura bhfuil aon choiste den sórt sin ann) le ceadú ó chruinniú de na creidiúnaithe, aon chumhacht a fheidhmiú de na cumhachtaí a thugtar le míreanna (d), (e) agus (f) d'fho-alt (1) d'alt 231 do leachtaitheoir i gcás foirceannadh ag an gcúirt;

(b) gan cheadú, aon chumhacht a fheidhmiú de na cumhachtaí eile a thugtar leis an Acht seo don leachtaitheoir i gcás foirceannadh ag an gcúirt;

(c) an chumhacht a fheidhmiú atá ag an gcúirt faoin Acht seo chun liosta ranníocóirí a shocrú, agus beidh an liosta ranníocóirí ina fhianaise prima facie ar dhliteanas na ndaoine a bheidh ainmnithe ann chun bheith ina ranníocóirí;

(d) an chumhacht a fheidhmiú a thugtar don chúirt chun glaochanna a dhéanamh;

(e) cruinithe ginearálta den chuideachta a ghairm chun ceadú na cuideachta a fháil trí rún nó chun aon chríche eile is cuí leis.

(2) Íocfaidh an leachtaitheoir fiacha na cuideachta agus déanfaidh sé coigeartú ar chearta na ranníocóirí eatarthu féin.

(3) Nuair a cheapfar leachtaitheoirí éagsúla, féadfaidh cibé duine nó daoine díobh a chinnfear tráth a gceaptha, nó, mura ndéanfar cinneadh amhlaidh, líon ar bith nach lú ná beirt, aon chumhacht dá dtugtar leis an Acht seo a fheidhmiú.

Cumhacht na cúirte chun leachtaitheoir a cheapadh nó a chur as oifig i gcás foirceannadh toilteanach.

277. —(1) Más rud é, ar chúis ar bith, nach mbeidh aon leachtaitheoir ag gníomhú, féadfaidh an chúirt leachtaitheoir a cheapadh.

(2) Féadfaidh an chúirt, ar chúis a shuíomh, leachtaitheoir a chur as oifig agus leachtaitheoir eile a cheapadh.

Fógra ón leachtaitheoir i dtaobh a cheaptha.

278. —(1) Déanfaidh an leachtaitheoir, laistigh de 14 lá tar éis a cheaptha, fógra i dtaobh a cheaptha a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí lena chlárú.

(2) Má mhainníonn an leachtaitheoir ceanglais an ailt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur air.

Forálacha maidir le comhshocraíocht a bheith ina ceangal ar chreidiúnaithe.

279. —(1) Aon chomhshocraíocht a dhéanfar idir cuideachta atá ar tí, nó i gcúrsa, a foirceanta agus creidiúnaithe na cuideachta, beidh sí, faoi réir an chirt achomhairc faoin alt seo, ina ceangal ar an gcuideachta má ceadaíodh í le rún speisialta agus ina ceangal ar na creidiúnaithe má ghlac trí cheathrú, de réir líon agus luacha, de na creidiúnaithe léi.

(2) Féadfaidh aon chreidiúnaí nó ranníocóir, laistigh de 3 sheachtain tar éis an chomhshocraíocht a chríochnú, achomharc a dhéanamh chun na cúirte ina haghaidh, agus air sin féadfaidh an chúirt, de réir mar is cóir léi, an chomhshocraíocht a leasú, a athrú nó a dhaingniú.

Cumhacht chun a iarraidh ar an gcúirt ceisteanna a chinneadh nó cumhachtaí a fheidhmiú.

280. —(1) Féadfaidh an leachtaitheoir nó aon ranníocóir nó creidiúnaí iarratas a dhéanamh chun na cúirte á iarraidh uirthi aon cheist a éireoidh i bhfoirceannadh cuideachta a chinneadh, nó gach ceann nó aon cheann a fheidhmiú, maidir le glaochanna a chur i bhfeidhm nó aon ní eile, de na cumhachtaí a d'fhéadfadh an chúirt a fheidhmiú dá mba ag an gcúirt a bhí an chuideachta á foirceannadh.

(2) Más deimhin leis an gcúirt go mbeidh sé cóir agus tairbheach an cheist a chinneadh nó an chumhacht a iarradh a fheidhmiú, féadfaidh sí géilleadh don iarratas, go hiomlán nó go páirteach, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí léi, nó féadfaidh sí cibé ordú eile is cóir léi a dhéanamh de bhun an iarratais.

(3) Cuirfidh an chuideachta ar aghaidh láithreach chuig cláraitheoir na gcuideachtaí lena clárú cóip oifige d'ordú a dhéanfar de bhua an ailt seo ag neamhniú an rún chun foirceannadh a dhéanamh nó ag cur bac ar na himeachtaí san fhoirceannadh.

(4) Má mhainníonn cuideachta fo-alt (3) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £25 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

Costais a bhaineann le foirceannadh toilteannach.

281. —Beidh na costais, na muirir agus na caiteachais go léir faoina rachfar go cuí san fhoirceannadh, lena n-áirítear luach saothair an leachtaitheora, iníoctha as sócmhainní na cuideachta, i dtosaíocht ar gach éileamh eile.

Cosaint do chearta creidiúnaithe agus ranníocóirí.

282. —Ní chuirfidh foirceannadh cuideachta urchosc ar cheart aon chreidiúnaí nó ranníocóra chun í a chur á foirceannadh ag an gcúirt, ach i gcás iarratais ó ranníocóir ní foláir an chúirt a shásamh go ndéanfaidh foirceannadh toilteanach dochar do chearta na ranníocoirí.

(iv) Forálacha is Infheidhme maidir le gach Modh Foirceanta.

Éilimh a Chruthú agus a gCéim Tosaíochta.

Fiacha a fhéadfar a chruthú.

283. —(1) Faoi réir fho-alt (2), i ngach foirceannadh (faoi réir na feidhme a bheidh ag dlí na féimheachta, de réir forálacha an Achta seo, i gcás cuideachtaí dócmhainneacha), beidh na fiacha go léir is iníoctha ar theagmhas, agus gach éileamh in aghaidh na cuideachta, láithreach nó todhchaí, cinnte nó teagmhasach, cinntithe nó inchúitithe le damáistí amháin, inghlactha faoi chruthú in aghaidh na cuideachta, agus déanfar meastachán cóir, chomh fada agus is féidir sin, ar luach na bhfiacha nó na n-éileamh sin atá faoi réir aon teagmhais nó inchúitithe le damáistí amháin, nó nach bhfuil luach cinnte orthu ar chúis éigin eile.

(2) Nuair a bheidh cuideachta á foirceannadh, ní bheidh díbhinní a dhearbhaigh an chuideachta breis agus 6 bliana roimh thosach an fhoirceanta, agus nár éilíodh laistigh de na 6 bliana sin, ina éileamh a bheidh inghlactha faoi chruthú in aghaidh na cuideachta chun críocha an fhoirceanta, mura bhforálann airteagail na cuideachta nó coinníollacha na heisiúna a mhalairt.

Feidhm ag na rialacha féimheachta i gcás cuideachtaí dócmhainneacha a fhoirceannadh.

1857, c. 60.

284. —(1) Nuair a bheidh cuideachta dhócmhainneach á foirceannadh, is ionann na rialacha a bheidh faoi réim agus le comhlíonadh maidir le cearta creidiúnaithe urraithe agus creidiúnaithe neamhurraithe faoi seach agus le fiacha is inchruthaithe agus le luacháil blianachtaí agus dliteanas todhchaí agus teagmhasach agus na rialacha a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire faoi dhlí na féimheachta maidir le heastáit daoine a breithníodh a bheith féimheach, agus féadfaidh na daoine go léir a bheidh i dteideal in aon chás den sórt sin cruthú a thabhairt le haghaidh díbhinní agus iad a fháil as sócmhainní na cuideachta teacht isteach faoin bhfoirceannadh agus cibé éilimh a dhéanamh in aghaidh na cuideachta a mbeidh teideal acu faoi seach chucu de bhua an ailt seo.

(2) Beidh feidhm ag alt 331 den Irish Bankrupt and Insolvent Act, 1857, i gcás cuideachta dhócmhainneach a fhoirceannadh, agus dá réir sin déanfar an tagairt san alt sin do chomhdú na hachainí a léamh mar thagairt do thíolacadh achainí chun an chuideachta a fhoirceannadh ag an gcúirt nó do rún le haghaidh foirceannadh toilteanach a rith, cibé acu é, agus más rud é, sula dtíolacfar achainí chun an chuideachta a fhoirceannadh ag an gcúirt, go mbeidh rún le haghaidh foirceannadh toilteanach rite ag an gcuideachta, léifear í mar thagairt do rith an rúin.

(3) Ní bhainfidh fo-alt (2) le morgáiste breithiúnais a bunaíodh roimh an dáta feidhme.

Íocaíochtaí tosaíochta i bhfoirceannadh.

1959, Uimh. 42 .

1942, Uimh. 7 .

285. —(1) San alt seo ciallaíonn “an dáta iomchuí”—

(i) i gcás ina n-ordófar an chuideachta a fhoirceannadh go héigeantach, an dáta a cheapfar (nó a chéadcheapfar) leachtaitheoir sealadach nó, mura ndéanfar aon cheapachán den sórt sin, dáta an ordaithe foirceanta, mura rud é i gceachtar cás gur tosaíodh ar an gcuideachta a fhoirceannadh go toilteanach roimh an dáta sin; agus

(ii) i gcás nach mbeidh feidhm ag fomhír (i), an dáta a rithfear an rún chun an chuideachta a fhoirceannadh.

(2) Nuair a bheidh foirceannadh á dhéanamh, íocfar i dtosaíocht ar gach fiach eile—

(a) na rátaí agus na cánacha seo a leanas,—

(i) na rátaí áitiúla go léir a bheidh dlite ón gcuideachta ar an dáta iomchuí agus a tháinig chun bheith dlite agus iníoctha laistigh de 12 mhí díreach roimh an dáta sin;

(ii) na cánacha measúnaithe go léir, lena n-áirítear cáin ioncaim agus cáin bhrabús corparáide, a measúnaíodh ar an gcuideachta anuas go dtí an 4ú lá d'Aibreán díreach roimh an dáta iomchuí agus nach mó san iomlán ná measúnú bliana;

(iii) aon mhéid a bheidh dlite ar an dáta iomchuí i leith suimeanna a dhlíonn fostóir, faoin Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1959 , agus aon rialacháin faoin Acht sin, a bhaint as luach saothair lena mbaineann Cuid II den Acht sin agus a d'íoc sé i gcaitheamh na tréimhse 12 mhí díreach roimh an dáta iomchuí, arna laghdú aon mhéid a dhligh sé faoin Acht sin agus aon rialachán faoin Acht sin a aisíoc i gcaitheamh na tréimhse sin, maraon le hús is iníoctha faoi alt 8 den Acht sin;

(b) pá nó tuarastal uile (cibé acu a tuilleadh nó nár tuilleadh é go hiomlán nó go páirteach mar choimisiún) aon chléirigh nó seirbhísigh i leith seirbhísí a rinneadh don chuideachta i gcaitheamh na 4 mhí díreach roimh an dáta iomchuí;

(c) pá uile (cibé acu in aghaidh ama nó ar thasc-obair a bhí sé iníoctha) aon oibrí nó saothraí i leith seirbhísí a rinneadh don chuideachta i gcaitheamh na 4 mhí díreach roimh an dáta iomchuí;

(d) an luach saothair faibhrithe go léir in aghaidh saoire a tháinig chun bheith iníoctha le haon chléireach, seirbhíseach, oibrí nó saothraí (nó i gcás a bháis, le haon duine eile i ndualgas a chirt) ar dheireadh a theacht lena fhostaíocht roimh an ordú nó an rún foirceanta nó de bharr a éifeachta;

(e) mura rud é nach bhfuil an chuideachta á foirceannadh go toilteanach ach amháin chun í a athchóiriú nó chun í a chónascadh le cuideachta eile, na suimeanna go léir a bheidh dlite i leith ranníocaí a bhí iníoctha i gcaitheamh an 12 mhí díreach roimh an dáta iomchuí ag an gcuideachta mar fhostóir aon daoine faoin Acht Arachais (Breac-Dhíomhaointeas), 1942 , nó faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1961;

(f) mura rud é nach bhfuil an chuideachta á foirceannadh go toilteanach ach amháin chun í a athchóiriú nó chun í a chónascadh le cuideachta eile, na suimeanna go léir (lena n-áirítear costais) a bheidh dlite mar chúiteamh nó mar dhliteanas i leith cúitimh faoi na hAchtanna um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 go 1955 (is é sin, suimeanna a d'fhaibhrigh roimh an dáta iomchuí), sa mhéid nach mbeidh an chuideachta slánaithe go héifeachtach ag árachóirí in aghaidh dliteanais i leith an chúitimh sin;

(g) mura rud é nach bhfuil an chuideachta á foirceannadh ach amháin chun í a athchóiriú nó chun í a chónascadh le cuideachta eile, na suimeanna go léir a bheidh dlite ón gcuideachta i leith damáistí agus costas nó dliteanais mar gheall ar dhamáistí agus costais, agus is iníoctha le duine ar fostú aici i ndáil le tionóisc a tharla roimh an dáta iomchuí agus i gcúrsa a fhostaíochta ag an gcuideachta, sa mhéid nach mbeidh an chuideachta slánaithe go héifeachtach ag árachóirí in aghaidh na ndamáistí agus na gcostas sin.

(3) Faoi réir fho-alt (4), agus d'ainneoin aon ní i míreanna (b) agus (c) d'fho-alt (2), ní mó ná £300, i gcás aon éilitheora áirithe, an tsuim a mbeidh tosaíocht le tabhairt di faoi na míreanna sin faoi seach.

(4) I gcás éilitheoir faoi mhír (c) d'fho-alt (2) a bheith ina shaothraí feirme a chuaigh i gconradh chun cuid dá phá a íoc leis mar chnapshuim i ndeireadh bhliain a fhostaithe, beidh tosaíocht aige maidir le hiomlán na suime sin, nó cibé cuid di a chinnfidh an chúirt a bheith dlite faoin gconradh, i gcomhréir le tréimhse na seirbhíse anuas go dtí an dáta iomchuí.

(5) Más íocaíocht sheachtainiúil aon chúiteamh faoi na hAchtanna um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 go 1955, measfar, chun críocha mhír (f) d'fho-alt (2), gurb é an méid a bheidh dlite ina leith méid na cnapshuime ar a bhféadfaí an íocaíocht sheachtainiúil a fhuascailt dá ndéanfadh an fostóir iarratas chuige sin faoi na hAchtanna sin.

(6) Má tugadh aon íocaíocht—

(a) d'aon chléireach, seirbhíseach, oibrí nó saothraí ar fostú ag cuideachta, i gcuntas pá nó tuarastail; nó

(b) d'aon chléireach, seirbhíseach, oibrí nó saothraí den sórt sin nó, i gcás a bháis, d'aon duine eile i ndualgas a chirt, i gcuntas luach saothair fhaibhrithe i leith saoire;

as airgead a d'airlic duine éigin chun na críche sin, beidh ag an duine a d'airlic an t-airgead ceart tosaíochta, i bhfoirceannadh, i leith an airgid a airleacadh agus a íocadh amhlaidh go feadh an méid a mbeidh an tsuim, a bheadh an cléireach, an seirbhíseach, an t-oibrí nó an saothraí nó aon duine eile i ndualgas a chirt i dteideal tosaíochta ina leith san fhoirceannadh, tar éis a laghdaithe mar gheall ar an íocaíocht a bheith déanta.

(7) Maidir leis na fiacha sin roimhe seo—

(a) beidh siad ar aon chéim lena chéile agus íocfar iad go hiomlán, mura rud é nach leor na sócmhainní chun iad a ghlanadh, agus sa chás sin laghdófar iad i gcionúireachtaí comhionanna; agus

(b) sa mhéid nach leor chun iad a ghlanadh na sócmbainní de chuid na cuideachta a bheidh ar fáil chun creidiúnaithe ginearálta a íoc, beidh tosaíocht acu ar éilimh bhintiúrach faoi aon mhuirear foluaineach a bhunaigh an chuideachta, agus íocfar iad dá réir sin as aon mhaoin a bheidh ar áireamh sa mhuirear sin nó a bheidh faoina réir.

(8) Faoi réir cibé suimeanna a choinneáil is gá le haghaidh costais agus caiteachais an fhoirceanta, déanfar na fiacha sin roimhe seo a ghlanadh láithreach sa mhéid gur leor na sócmhainní faoina gcomhair, agus i gcás fiacha dá dtugtar tosaíocht le mír (e) d'fho-alt (2), ní éileofar cruthú foirmiúil orthu ach amháin sa mhéid go bhforáiltear a mhalairt le rialacha cúirte.

(9) Faoi réir fho-alt (10), más rud é go ndéanfaidh nó go ndearna tiarna talún nó duine eile tochsal ar aon earraí nó éifeachtaí de chuid na cuideachta laistigh de 3 mhí díreach roimh an dáta iomchuí, beidh na fiacha dá dtugtar tosaíocht leis an alt seo ina dtúsmhuirear ar na hearraí nó na héifeachtaí a ndéanfar nó a ndearnadh tochsal orthu amhlaidh, nó ar na fáltais as a ndíol.

(10) Maidir le haon airgead a íocfar faoi aon mhuirear den sórt a luaitear i bhfo-alt (9), is ionann na cearta tosaíochta a bheidh ag an tiarna talún nó ag an duine eile agus ag an duine lena ndéanfar an íocaíocht.

(11) Measfar gur pá i leith seirbhísí a rinneadh don chuideachta i rith na tréimhse sin aon luach saothair in aghaidh tréimhse saoire, tréimhse asláithreachta ó obair mar gheall ar bhreoiteacht nó ar chúis mhaith eile.

(12) Ní bheidh feidhm ag an alt seo i gcás foirceannadh más roimh an dáta feidhme a tharla an dáta iomchuí, agus i gcás den sórt sin measfar na forálacha maidir le híocaíochtaí tosaíochta a mbeadh feidhm acu dá mba nár ritheadh an tAcht seo d'fhanacht i lánfheidhm.

An éifeacht a bheidh ag Foirceannadh ar Idirbhearta roimh ré agus ar Idirbhearta eile.

Tosaíocht chalaoiseach

286. —(1) Faoi réir fho-alt (2), aon tíolacas, morgáiste, seachadadh earraí, íocaíocht, forghníomhú nó gníomh eile maidir le maoin a rinne an chuideachta nó a rinneadh ina haghaidh laistigh de 6 mhí roimh thosach a foirceanta agus, i gcás a dhéanta ag pearsa aonair nó ina aghaidh laistigh de 6 mhí sular tíolacadh acháiní féimheachta ar breithníodh ina fhéimheach é dá cionn, a measfaí ina fhéimheacht gur thosaíocht chalaoiseach é, measfar i gcás an chuideachta a fhoirceannadh gur tosaíocht chalaoiseach é ar a creidiúnaithe agus beidh sé neamhbhailí dá réir sin.

(2) Maidir le nithe a rinneadh roimh an dáta feidhme, beidh éifeacht ag fo-alt (1) ach tagairtí do 3 mhí a chur in ionad tagairtí do 6 mhí.

(3) Aon tíolacas nó sannadh ar iomlán a maoine a dhéanfaidh cuideachta chun iontaobhaithe ar mhaithe lena creidiúnaithe go léir, beidh sé ar neamhní chun gach críche.

Dliteanais agus cearta daoine áirithe ar tugadh tosaíocht chalaoiseach dóibh.

287. —(1) I gcás—

(a) cuideachta a bheith á foirceannadh; agus

(b) aon ní a rinneadh ar an dáta feidhme nó dá éis a bheith ar neamhní faoi alt 286 mar thosaíocht chalaoiseach do dhuine ag a bhfuil leas i maoin atá faoi mhorgáiste nó faoi mhuirear chun fiach na cuideachta a urrú;

ansin (gan dochar d'aon chearta nó dliteanais a éireoidh ar leithligh ón alt seo), beidh dliteanais ar an duine a fuair an tosaíocht agus cearta aige amhail is dá mbeadh geallta aige bheith faoi dhliteanas go pearsanta mar urra ar an bhfiach go feadh an mhuirir ar an maoin nó go feadh luach a leasa, cibé acu is lú.

(2) Déanfar luach leas an duine sin a chinneadh amhail ar dháta an idirbhirt arbh é an tosaíocht chalaoiseach é, agus cinnfear é ionann is dá mbeadh an leas saor ó gach eire seachas na cinn a raibh an muirear le haghaidh fiach na cuideachta faoina réir an uair sin.

(3) I gcás aon iarratas a dhéanfar chun na cúirte maidir le haon íocaíocht ar an bhforas gur thosaíocht chalaoiseach d'urra nó do ráthóir an íocaíocht, beidh dlínse ag an gcúirt aon cheisteanna maidir leis an íocaíocht, a éireoidh idir an duine lena ndearnadh an íocaíocht agus an t-urra nó an ráthóir, a chinneadh, agus faoiseamh a thabhairt ina leith d'ainneoin nach gá sin a dhéanamh chun críocha an fhoirceanta, agus chuige sin féadfaidh sí cead a thabhairt chun an t-urra nó an ráthóir a thabhairt isteach mar thríú páirtí faoi mar a dhéanfaí i gcás caingean chun an tsuim a íocadh a ghnóthú.

(4) Beidh feidhm ag fo-alt (3), leis na modhnuithe is gá, maidir le hidirbhearta seachas íoc airgid, faoi mar atá feidhm aige maidir le hiocaíochtaí.

Imthosca ina mbeidh muirear foluaineach neamhbhailí.

288. —(1) Faoi réir fho-alt (2), i gcás cuideachta a bheith á foirceannadh, má bhíonn gnóthas nó maoin na cuideachta faoi mhuirear foluaineach a bunaíodh laistigh de 12 mhí roimh thosach an fhoirceanta, ansin, mura gcruthaítear go raibh an chuideachta sócmhainneach díreach tar éis an muirear a bhunú, beidh an muirear sin neamhbhailí, ach amháin go feadh méid aon airgid a íocadh leis an gcuideachta an tráth, nó i ndiaidh an trátha, a bunaíodh an muirear, agus a íocadh i gcomaoin an mhuirir, maraon le hús ar an méid sin de réir 5 faoin gcéad sa bhliain.

(2) Maidir le muirear a bunaíodh breis is 3 mhí roimh an dáta feidhme, beidh éifeacht ag fo-alt (1) faoi réir “3 mhí” a chur in ionad “12 mhí”.

Imthosca eile ina mbeidh muirear foluaineach neamhbhailí.

289. —(1) Faoi réir fho-alt (2), i gcás—

(a) ina mbeidh cuideachta á foirceannadh; agus

(b) go raibh an chuideachta, laistigh de 12 mhí roimh thosach an fhoirceanta, i bhfiacha ag aon oifigeach don chuideachta; agus

(c) go ndearna an chuideachta nó aon duine eile na fiacha sin a ghlanadh go hiomlán nó go páirteach; agus

(d) gur bhunaigh an chuideachta muirear foluaineach ar aon chuid dá sócmhainní nó dá maoin laistigh de 12 mhí roimh thosach an fhoirceanta i bhfabhar an oifigigh a raibh an chuideachta sin i bhfiacha aige;

ansin (gan dochar d'aon chearta nó dliteanais a éireoidh ar leithligh ón alt seo), beidh an muirear sin neamhbhailí go feadh na haisíocaíochta dá dtagraítear i mír (c) mura gcruthaítear go raibh an chuideachta sócmhainneach díreach tar éis bhunú an mhuirir.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) más roimh an dáta feidhme a bunaíodh an muirear dá dtagraítear i mír (d).

(3) San alt seo, folaíonn “oifigeach” céile, leanbh nó ainmnitheach oifigigh.

Maoin dhochraideach a shéanadh i gcás cuideachta a fhoirceannadh.

290. —(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (5), más é atá in aon chuid de mhaoin chuideachta atá á foirceannadh talamh faoi aon tionacht a bhfuil cúnaint dhochraideacha d'ualach air, scaireanna nó stoc i gcuideachtaí, conarthaí neamhshochracha, nó aon mhaoin eile nach féidir a dhíol nó nach féidir a dhíol go réidh toisc go gcuireann sí ceangal ar a sealbhóir aon ghníomh dochraideach a dhéanamh nó aon suim airgid a íoc, féadfaidh leachtaitheoir na cuideachta, d'ainneoin iarracht a bheith déanta aige an mhaoin a dhíol nó seilbh a bheith glactha aige uirthi nó aon ghníomh úinéireachta a bheith déanta aige maidir léi, an mhaoin a shéanadh le cead na cúirte agus faoi réir forálacha an ailt seo, trí scríbhinn a shíneoidh sé, aon tráth laistigh de 12 mhí tar éis tosach an fhoirceanta nó tar éis cibé tréimhse fadaithe a cheadóidh an chúirt.

(2) Más rud é nach bhfaighidh an leachtaitheoir eolas faoi aon mhaoin den sórt a dúradh laistigh de mhí tar éis tosach an fhoirceanta, féadfaidh sé, aon uair laistigh de 12 mhí tar éis dó eolas a fháil ina taobh nó de cibé tréimhse fhadaithe a cheadóidh an chúirt, feidhmiú a dhéanamh ar an gcumhacht a thugtar leis an alt seo chun an mhaoin a shéanadh.

(3) Oibreoidh an séanadh chun deireadh a chur, amhail ó dháta an tséanta, le cearta, leasanna agus dliteanais na cuideachta, agus le dílseánacht na cuideachta, sa mhaoin a shéantar nó i leith na maoine sin, ach ní bheidh éifeacht aige ar chearta ná dliteanais aon duine eile ach amháin sa mhéid gur gá sin chun an chuideachta agus maoin na cuideachta a scaoileadh ó dhliteanas.

(4) Féadfaidh an chúirt, sula dtabharfaidh sí cead séanta nó ar é a thabhairt, a cheangal go dtabharfar cibé fógraí do dhaoine leasmhara, agus féadfaidh sí cibé tearmaí a fhorchur mar choinníoll a bhainfidh leis an gcead a thabhairt, agus cibé ordú eile a dhéanamh san ábhar, is cóir leis an gcúirt.

(5) Ní bheidh an leachtaitheoir i dteideal aon mhaoin a shéanadh faoin alt seo in aon chás ina ndearnadh iarratas chuige i scríbhinn ó aon daoine a bhfuil leas acu sa mhaoin á cheangal air a chinneadh cé acu a shéanfaidh sé nó nach séanfaidh sé í, agus nach mbeidh an leachtaitheoir, laistigh de thréimhse 28 lá tar éis dó an t-iarratas a fháil nó de cibé tréimhse bhreise a cheadóidh an chúirt, tar éis fógra a thabhairt don iarratasóir go bhfuil ar intinn aige iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar chead séanta.

(6) Féadfaidh an chúirt, ar iarratas ó aon duine a bheidh, amhail in aghaidh an leachtaitheora, i dteideal tairbhe, nó faoi réir ualach, aon chonartha a rinneadh leis an gcuideachta, ordú a dhéanamh ag cealú an chonartha ar cibé téarmaí is cóir leis an gcúirt maidir le híoc damáistí ag ceachtar páirtí, nó leis, mar gheall ar neamhchomhlíonadh an chonartha nó eile, agus measfar gur fiach a cruthaíodh agus a admhaíodh san fhoirceannadh aon damáistí is iníoctha faoin ordú le haon duine den sórt sin.

(7) Faoi réir fho-alt (8), féadfaidh an chúirt, ar iarratas ó aon duine a bheidh á éileamh go bhfuil aon leas aige in aon mhaoin shéanta nó a bheidh faoi aon dliteanas nach n-urscaoiltear leis an Acht seo i leith aon mhaoine séanta, agus tar éis di aon daoine is cuí léi a éisteacht, ordú a dhéanamh chun an mhaoin a dhílsiú nó a sheachadadh d'aon duine a bheidh ina teideal, nó a ndealróidh sé gur cóir an mhaoin a sheachadadh dó mar chúiteamh sa dliteanas sin a dúradh, nó d'iontaobhaí lena aghaidh, agus ar cibé téarmaí is cóir leis an gcúirt, agus ar aon ordú dílseacháin den sórt sin a dhéanamh, dílseoidh an mhaoin a bheidh ar áireamh ann dá réir sin don duine a bheidh ainmnithe ann chuige sin gan aon tíolacas ná sannadh chun na críche sin.

(8) Más de nádúr léasachta an mhaoin a shéantar, ní dhéanfaidh an chúirt ordú dílseacháin i bhfabhar aon duine a bheidh ag éileamh faoin gcuideachta, cibé acu mar fholéasaí nó mar mhorgáistí trí fhorléasú é, ach amháin ar théarmaí a chuirfidh an duine sin—

(a) faoi réir na ndliteanas agus na n-oibleagáidí céanna leo siúd a raibh an chuideachta faoina réir faoin léas i leith na maoine i dtosach an fhoirceanta; nó

(b) más cuí leis an gcúirt é, faoi réir na ndliteanas agus na n-oibleagáidí céanna sin amháin a mbeadh an duine sin faoina réir dá sannfaí an léas dó ar an dáta sin;

agus i gceachtar cás (más gá sin) ionann is nach mbeadh sa léas ach an mhaoin a bheidh ar áireamh san ordú dílseacháin, agus déanfar aon mhorgáistí nó foléasaí nach nglacfaidh le hordú dílseacháin ar na téarmaí sin a eisiamh ó gach leas sa mhaoin agus ó gach urrús uirthi, agus, mura mbeidh aon duine dá mbeidh ag éileamh faoin gcuideachta toilteanach glacadh le hordú ar na téarmaí sin, beidh cumhacht ag an gcúirt eastát agus leas na cuideachta sa mhaoin a dhílsiú d'aon duine a dhlífidh go pearsanta nó i gcáil ionadaitheach, agus ina aonar nó i gcomhpháirt leis an gcuideachta, cúnaint an léasaí sa léas a chomhlíonadh, agus iad saortha agus urscaoilte ó gach eastát, eire agus leas a bhunaigh an chuideachta ann.

(9) Aon duine a mbainfidh damáiste dó trí oibriú shéanadh faoin alt seo, measfar gur creidiúnaí de chuid na cuideachta é go feadh méid na ndamáistí, agus féadfaidh sé dá réir sin a méid a chruthú mar fhiach san fhoirceannadh.

Srian ar chearta creidiúnaí maidir le forghníomhú nó astú i gcás cuideachta a fhoirceannadh.

291. —(1) Faoi réir fho-alt (2) go (4), má bhíonn creidiúnaí tar éis forghníomhú a eisiúint in aghaidh earraí nó tailte cuideachta nó tar éis aon fhiach a bhí dlíte don chuideachta a astú, agus go bhfoirceannfar an chuideachta ina dhiaidh sin, ní bheidh sé i dteideal tairbhe an fhorghníomhaithe nó an astaithe a choinneáil in aghaidh an leachtaitheora i bhfoirceannadh na cuideachta mura raibh an forghníomhú nó an t-astú críochnaithe aige roimh thosach an fhoirceanta.

(2) Má bhí fógra ag aon chreidiúnaí i dtaobh cruinniú a bheith gairthe a mbeidh rún le haghaidh foirceannadh toilteanach le tairiscint aige, déanfar, chun críocha fho-alt (1), an dáta a bhí fógra ag an gcreidiúnaí amhlaidh a chur in ionad dáta thosach an fhoirceanta.

(3) Aon duine a cheannóidh de mheon mhacánta faoi dhíolachán ag sirriam aon earraí de chuid cuideachta ar ar toibhíodh forghníomhú, gheobhaidh sé teideal bailí chucu in aghaidh an leachtaitheora i ngach cás.

(4) Féadfaidh an chúirt na cearta a thugtar le fo-alt (1) don leachtaitheoir a chur ar ceal i bhfabhar an chreidiúnaí sa mhéid, agus faoi réir cibé téarmaí, is cuí leis an gcúirt.

(5) Chun críocha an ailt seo, measfar forghníomhú in aghaidh earraí a bheith críochnaithe trína n-urghabháil agus a ndíol, agus measfar astú féich a bheith críochnaithe tríd an bhfiach a fháil, agus measfar forghníomhú in aghaidh talún a bheith críochnaithe trína urghabháil agus, i gcás leas cothromais, trí ghlacadóir a cheapadh.

(6) Ní thabharfaidh aon ní san alt seo bailíocht ar bith d'aon íocaíocht ar tosaíocht chalaoiseach í.

(7) San alt seo, folaíonn “earraí” gach airnéis phearsanta agus folaíonn “sirriam” aon oifigeach a gcuirfear de dhualgas air eascaire nó próis eile a fhorghníomhú.

Dualgais sirriam maidir le hearraí a thógfar i bhforghníomhú.

292. —(1) Faoi réir fho-alt (3), má dhéantar aon earraí de chuid cuideachta a thógáil i bhforghníomhú, agus, roimh iad a dhíol nó roimh an bhforghníomhú a chríochnú trí mhéid iomlán an tobhaigh a fháil nó a ghnóthú, go seirbheálfar ar an sirriam fógra gur ceapadh leachtaitheoir sealadach nó go ndearnadh ordú foirceanta nó gur ritheadh rún le haghaidh foirceannadh toilteanach, déanfaidh an sirriam, ar sin a cheangal air, na hearraí agus aon airgead a urghabhadh nó a fuarthas i bpáirtsásamh ar an bhforghníomhú a sheachadadh don leachtaitheoir, ach beidh costais an fhorghníomhaithe ina dtúsmhuirear ar na hearraí nó ar an airgead a sheachadfar amhlaidh, agus féadfaidh an leachtaitheoir na hearraí nó leorchuid díobh a dhíol chun an muirear sin a shásamh.

(2) Faoi réir fho-alt (3), nuair a dhéanfar, faoi fhorghníomhú i leith breithiúnais le haghaidh suim is mó ná £20, earraí cuideachta a dhíol nó airgead a íoc chun an díol a sheachaint, bainfidh an sirriam costais an fhorghníomhaithe as fáltais an díola nó as an airgead a íocadh, agus coinneoidh sé an t-iarmhéid go ceann 14 lá, agus más rud é, laistigh den tréimhse sin, go seirbheálfar air fógra gur tíolacadh achainí chun an chuideachta a fhoirceannadh nó gur gaireadh cruinniú ag a bhfuil rún le haghaidh foirceannadh toilteanach na cuideachta le tairiscint, agus go ndéanfar ordú nó go rithfear rún, cibé acu é, chun an chuideachta a fhoirceannadh, íocfaidh an sirriam an t-iarmhéid leis an leachtaitheoir agus beidh seisean i dteideal é a choinneáil amhail in aghaidh an chreidiúnaí a d'eisigh an forghníomhú.

(3) Féadfaidh an chúirt na cearta a thugtar leis an alt seo don leachtaitheoir a chur ar ceal i bhfabhar an chreidiúnaí sa mhéid, agus faoi réir cibé téarmaí, is cuí leis an gcúirt.

(4) San alt seo folaíonn “earraí” gach airnéis phearsanta agus folaíonn “sirriam” aon oifigeach a gcuirfear de dhualgas air eascaire nó próis eile a fhorghníomhú.

Cionta roimh an bhFoirceannadh nó i gcúrsa an Fhoirceanta.

Cionta ag oifigigh do chuideachta a bheidh á leachtú.

293. —(1) Faoi réir fho-alt (2), aon duine is iaroifigeach nó oifigeach láithreach do chuideachta a bheidh, tráth an chiona a líomhnaítear a dhéanamh, á foirceannadh, cibé acu ag an gcúirt nó go toilteanach é, nó a n-ordófar ina dhiaidh sin í a fhoirceannadh ag an gcúirt, nó a rithfidh ina dhiaidh sin rún le haghaidh foirceannadh toilteanach, agus ar duine é—

(a) nach nochtfaidh go hiomlán agus go fírinneach de réir mar is fearr is eol dó agus mar a chreideann sé don leachtaitheoir, nuair a iarrfaidh seisean é a nochtadh dó, cad é an mhaoin uile, réadach agus pearsanta, atá ag an gcuideachta agus conas agus cé chuige agus cad é an chomaoin ar ina leith agus cathain a rinne an chuideachta diúscairt ar aon chuid di, ach amháin an chuid a diúscraíodh i ngnáthshlí ghnó na cuideachta; nó

(b) nach dtabharfaidh suas don leachtaitheoir, nó de réir mar a ordóidh sé, an chuid sin go léir de mhaoin réadach agus phearsanta na cuideachta atá ina choimeád nó faoina urlámhas, agus a gceanglaítear air de réir dlí í a thabhairt suas; nó

(c) nach dtabharfaidh suas don leachtaitheoir, nó de réir mar a ordóidh sé, gach leabhar agus páipéar atá ina choimeád nó faoina urlámhas agus is leis an gcuideachta agus a gceanglaítear air de réir dlí iad a thabhairt suas; nó

(d) a dhéanfaidh, laistigh de 12 mhí díreach roimh thosach an fhoirceanta nó aon uair dá éis sin, ceilt ar aon chuid de mhaoin na cuideachta is fiú £10 nó níos mó, nó ceilt ar aon fhiach a bheidh dlite don chuideachta nó uaithi; nó

(e) a dhéanfaidh, laistigh de 12 mhí díreach roimh thosach an fhoirceanta nó aon uair dá éis sin, aon chuid de mhaoin na cuideachta is fiú £10 nó níos mó a aistriú go calaoiseach; nó

(f) a fhágfaidh aon ní ábhartha ar lár as aon ráiteas a bhaineann le cúrsaí na cuideachta; nó

(g) a dhéanfaidh, agus a fhios aige nó é á chreidiúint go ndearna aon duine fiach bréige a chruthú faoin bhfoirceannadh, mainneachtain ar feadh tréimhse míosa sa ní sin a chur in iúl do leachtaitheoir na cuideachta; nó

(h) a dhéanfaidh, tar éis tosach an fhoirceanta, toirmeasc a chur le haon leabhar nó páipéar a thabhairt ar aird a bhfuil baint nó déileáil aige le maoin nó cúrsaí na cuideachta; nó

(i) a dhéanfaidh, laistigh de 12 mhí díreach roimh thosach an fhoirceanta nó aon uair dá éis sin, aon leabhar nó páipéar a bhfuil baint nó déileáil aige le maoin nó le cúrsaí na cuideachta a cheilt, a dhíothú, a lot nó a fhalsú, nó a bheidh ionpháirteach amhlaidh sa cheilt, sa díothú, sa lot nó san fhalsú sin; nó

(j) a dhéanfaidh, laistigh de 12 mhí díreach roimh thosach an fhoirceanta nó aon uair dá éis sin, aon taifead bréige in aon leabhar nó páipéar a mbeidh baint nó déileáil aige le maoin nó cúrsaí na cuideachta, nó a bheidh ionpháirteach amhlaidh ina dhéanamh; nó

(k) a dhéanfaidh go calaoiseach, laistigh de 12 mhí roimh thosach an fhoirceanta nó aon uair dá éis sin, aon doiciméad a bhfuil baint nó déileáil aige le maoin nó cúrsaí na cuideachta, a ligean uaidh nó a athrú nó aon ní a fhágáil ar lár as, nó a bheidh ionpháirteach amhlaidh ina ligean uaidh nó ina athrú nó in aon a fhágáil ar lár as, go calaoiseach; nó

(l) a dhéanfaidh, tar éis tosach an fhoirceanta nó ag aon chruinniú de chreidiúnaithe na cuideachta laistigh de 12 mhí díreach roimh thosach an fhoirceanta, iarracht ar chuntas a thabhairt in aon chuid de mhaoin na cuideachta trí chaillteanais nó caiteachais bhréige; nó

(m) a fuair, laistigh de 12 mhí díreach roimh thosach an fhoirceanta nó aon uair dá éis sin, trí aon fhaisnéis bhréagach nó trí chalaois eile, aon mhaoin ar creidmheas le haghaidh nó thar ceann na cuideachta nach n-íocfaidh an chuideachta aisti ina dhiaidh sin; nó

(n) a fuair, laistigh de 12 mhí díreach roimh thosach an fhoirceanta nó aon uair dá éis sin, aon mhaoin nach n-íocfaidh an chuideachta aisti ina dhiaidh sin ar creidmheas le haghaidh nó thar ceann na cuideachta ar an dúmas bréige go bhfuil a gnó á sheoladh ag an gcuideachta; nó

(o) a dhéanfaidh, laistigh de 12 mhí díreach roimh thosach an fhoirceanta nó aon uair dá éis sin, aon mhaoin de chuid na cuideachta a fuarthas ar creidmheas agus nár íocadh aisti a gheallearbadh, a chur i ngeall nó a dhiúscairt mura i ngnáthshlí ghnó na cuideachta a dhéanfar an geallearbadh, an cur i ngeall nó an diúscairt sin; nó

(p) a bheidh ciontach in aon fhaisnéis bhréige nó in aon chalaois eile chun toiliú a fháil ó chreidiúnaithe na cuideachta nó ó aon duine acu le comhaontú maidir le cúrsaí na cuideachta nó leis an bhfoirceannadh;

dlífear i gcás cion a luaitear i mír (m), (n) nó (o), ar é a chiontú ar díotáil, pianseirbhís ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana a chur air nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain nó fíneáil nach mó ná £1,000 nó an phianseirbhís sin nó an phríosúnacht sin agus an fhíneáil sin le chéile agus, i gcás cion a luaitear in aon mhír eile, dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain a chur air nó fíneáil nach mó ná £500, nó iad araon, nó, i gcás aon chion faoin bhfo-alt seo, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí a chur air nó fíneáil nach mó ná £100, nó iad araon.

(2) Is cosaint mhaith é ar chúiseamh faoi aon cheann de na míreanna (a), (b), (c), (d), (f), (n) agus (o) d'fho-alt (1), má chruthaíonn an cúisí nach raibh aon intinn aige calaois a dhéanamh, agus ar chúiseamh faoi aon cheann de na míreanna (h), (i) agus (j) d'fho-alt (1), má chruthaíonn sé nach raibh aon intinn aige staid chúrsaí na cuideachta a cheilt ná an dlí a shárú.

(3) Má dhéanann aon duine aon mhaoin a gheallearbadh, a chur i ngeall nó a dhiúscairt in imthosca a bheireann gur cion faoi mhír (o) d'fho-alt (1) é, beidh gach duine a ghlacfaidh an mhaoin ar geallearbadh nó i ngeall nó a ghlacfaidh í ar dhóigh eile, agus a fhios aige go ndearnadh í a gheallearbadh nó a chur i ngeall nó a dhiúscairt sna himthosca sin a dúradh, ciontach i gcion freisin agus dlífear é a phíonósú ionann is dá mbeadh sé ciontach i gcion faoin mír sin (o).

(4) Chun críocha an ailt seo, folóidh “oifigeach” aon duine ar ghnách le stiúrthóirí cuideachta gníomhú de réir a orduithe nó a threoracha.

Leabhair a athrú nó a fhalsú.

294. —Má dhéanann aon oifigeach nó ranníocóir de chuid aon chuideachta a bheidh á foirceannadh aon leabhair, páipéir nó urrúis leis an gcuideachta a dhíothú, a lot, a athrú nó a fhalsú, nó má chuireann sé taifead bréige nó calaoiseach in aon chlár, leabhar cuntais nó doiciméad leis an gcuideachta, nó má bhíonn sé ionpháirteach ina leithéid, le hintinn calaois nó meabhlaireacht a dhéanamh ar aon duine, dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain a chur air nó fíneáil nach mó ná £500 nó iad araon, nó, ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí a chur air nó fíneáil nach mó ná £100 nó iad araon.

Calaoisí ag oifigigh do chuideachtaí a chuaigh faoi leachtú.

295. —Aon duine a bhí, tráth an chiona a líomhnaítear a dhéanamh, ina oifigeach do chuideachta a ordófar ina dhiaidh sin a fhoirceannadh ag an gcúirt nó a rithfidh ina dhiaidh sin rún le haghaidh foirceannadh toilteanach agus ar duine é—

(a) a d'aslaigh ar aon duine eile le dúmas bréige nó trí aon chalaois eile creidmheas a thabhairt don chuideachta;

(b) a rinne, nó a chuir faoi deara go ndéanfaí, aon mhaoin de chuid na cuideachta a thabhairt ina bronntanas nó a aistriú nó a chur faoi mhuirear, nó a chuir faoi deara nó a chúlcheadaigh aon fhorghníomhú a thobhach in aghaidh mhaoin na cuideachta, le hintinn calaois a dhéanamh ar chreidiúnaithe de chuid na cuideachta;

(c) a rinne, le hintinn calaois a dhéanamh ar chreidiúnaithe de chuid na cuideachta, ceilt nó aistriú ar aon chuid de mhaoin na cuideachta ón dáta, nó laistigh de 2 mhí roimh an dáta, a fuarthas aon bhreithiúnas nó ordú íoctha airgid, nár sásaíodh, in aghaidh na cuideachta;

dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain a chur air nó fíneáil nach mó ná £500 nó iad araon, nó, ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí a chur air nó fíneáil nach mó ná £100 nó iad araon.

Dliteanas i gcás nach gcoimeádtar leabhair chuntais mar is cuí.

296. —(1) Má shuitear nach raibh leabhair chuntais mar is cuí á gcoimeád ag cuideachta ar feadh na tréimhse 2 bhliain díreach roimh thosach a foirceanta, nó ar feadh na tréimhse idir corprú na cuideachta agus tosach an fhoirceanta, cibé acu is giorra, dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain nó fíneáil nach mó ná £500 nó iad araon, nó, ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó fíneáil nach mó ná £100 nó iad araon, a chur ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain, mura suífidh sé gur ghníomhaigh sé go hionraic agus go raibh an mhainneachtain inleithscéil sna himthosca ina raibh gnó na cuideachta á sheoladh.

(2) Chun críocha an ailt seo, measfar nár coimeádadh leabhair chuntais mar is cuí i gcás aon chuideachta murar coimeádadh cibé leabhair nó cuntais is gá chun léiriú agus míniú a thabhairt ar idirbhearta agus staid airgeadais thrádáil nó ghnó na cuideachta lena n-áirítear leabhair ina mbeidh taifid ó lá go lá, agus iad sách mionchruinn, maidir leis an airgead go léir a fuarthas agus a íocadh, agus, i gcás an trádáil nó an gnó a bhaint le déileálacha in earraí, ráitis maidir leis an stocáireamh bliantúil agus (ach amháin i gcás earraí a dhíoltar mar ghnáth-thrádáil mhiondíola) maidir leis na hearraí go léir a díoladh agus a ceannaíodh, ina luafar na hearraí agus a gceannaitheoirí agus a ndíoltóirí sách mionchruinn chun go bhféadfar na hearraí sin agus na ceannaitheoirí agus na díoltóirí sin a aithint.

Freagracht na ndaoine lena mbaineann maidir le trádáil chalaoiseach ag cuideachta.

297. —(1) Más rud é, i gcúrsa cuideachta a fhoirceannadh, gur léir go raibh aon ghnó de chuid na cuideachta á sheoladh le hintinn calaois a dhéanamh ar chreidiúnaithe de chuid na cuideachta nó ar chreidiúnaithe aon duine eile nó chun aon chríche calaoisí, féadfaidh an chúirt, ar iarratas ón leachtaitheoir nó ó aon chreidiúnaí nó ranníocóir de chuid na cuideachta, más cuí léi é sin a dhéanamh, a dhearbhú go mbeidh aon daoine a bhí go feasach ina bpáirtithe sa ghnó a sheoladh mar a dúradh freagrach go pearsanta, gan aon teorainn ar a ndliteanas, i ngach ceann nó in aon cheann d'fhiacha nó de dhliteanais eile na cuideachta, de réir mar a ordóidh an chúirt.

Nuair a bheidh iarratas faoin bhfo-alt seo á éisteacht, féadfaidh an leachtaitheoir fianaise a thabhairt é féin nó finnéithe a ghairm.

(2) I gcás ina ndéanfaidh an chúirt aon dearbhú den sórt sin, féadfaidh sí cibé orduithe breise is cuí léi a thabhairt d'fhonn éifeacht a thabhairt don dearbhú sin, agus go sonrach féadfaidh sí socrú a dhéanamh chun dliteanas aon duine den sórt sin faoin dearbhú a chur de mhuirear ar aon fhiach nó oibleagáid a bheidh dlite dó ón gcuideachta, nó ar aon mhorgáiste nó muirear nó aon leas in aon mhorgáiste nó muirear ar aon sócmhainní de chuid na cuideachta a bheidh aige féin nó dílsithe dó nó ag aon chuideachta nó duine, nó dílsithe d'aon chuideachta nó duine, thar a cheann, nó ag aon duine, nó dílsithe d'aon duine, a dhéanfaidh éileamh mar shannaí ar an duine, nó tríd an duine, a bheidh faoi dhliteanas, nó ar aon chuideachta nó duine, nó trí aon chuideachta nó duine, a bheidh ag gníomhú thar a cheann, agus féadfaidh sí ó am go ham cibé ordú breise a dhéanamh a bheidh riachtanach chun aon mhuirear a fhorchuirtear faoin bhfo-alt seo a chur i bhfeidhm.

Chun críche an fho-ailt seo, folaíonn “sannaí” aon duine chun a ndearnadh nó ar ina fhabhar a rinneadh, le horduithe an duine faoi dhliteanas, an fiach, an oibleagáid, an morgáiste nó an muirear a bhunú, a eisiúint nó a aistriú, nó an leas a bhunú, ach ní fholaíonn sé sannaí ar chomaoin luachmhar (gan comaoin i ngeall ar phósadh a áireamh) a tugadh de mheon macánta agus gan fógra i dtaobh aon cheann de na hábhair a ndéanfar an dearbhú ar a bhforas.

(3) I gcás aon ghnó de chuid cuideachta a sheoladh le hintinn nó chun críche mar a luaitear i bhfo-alt (1), dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain nó fíneáil nach mó ná £500 nó iad araon a chur ar gach duine a bhí go feasach ina pháirtí sa ghnó a sheoladh mar a dúradh, nó, ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide na 6 mhí nó fíneáil nach mó ná £100 nó iad araon a chur air.

(4) Beidh éifeacht ag an alt seo d'ainneoin an duine a bheidh i gceist a bheith faoi dhliteanas coiriúil maidir leis na hábhair a mbeidh an dearbhú le déanamh ar a bhforas.

Cumhacht na cúirte chun damáistí a mheasúnú in aghaidh stiúrthóirí.

298. —(1) Más rud é, i gcúrsa cuideachta a fhoirceannadh, gur léir go ndearna aon duine a ghlac páirt i bhfoirmiú nó i dtionscnamh na cuideachta, nó aon iarstiúrthóir nó iarleachtaitheoir nó aon stiúrthóir nó leachtaitheoir láithreach, nó aon oifigeach don chuideachta, aon airgead nó maoin de chuid na cuideachta a chur chun mífheidhme nó a choinneáil, nó gur tháinig sé faoi dhliteanas nó freagracht ina leith, nó go raibh sé ciontach in aon mhíghníomh nó sárú iontaobhais maidir leis an gcuideachta, féadfaidh an chúirt, ar iarratas ón leachtaitheoir nó ó aon chreidiúnaí nó ranníocóir, iompar an tionscnóra, an stiúrthóra, an leachtaitheora nó an oifigigh a scrúdú agus iallach a chur air an t-airgead nó an mhaoin nó aon chuid den airgead nó den mhaoin faoi seach a aisíoc nó a thabhairt ar ais le hús ar cibé ráta is cóir leis an gcúirt, nó cibé suimeanna is cóir leis an gcúirt a ranníoc le sócmhainní na cuideachta mar chúiteamh sa chur chun mífheidhme, sa choinneáil, sa mhíghníomh nó sa sárú iontaobhais.

(2) Beidh éifeacht ag an alt seo d'ainneoin an cion a bheith ina chion a bhféadfadh an ciontóir bheith faoi dhliteanas coiriúil ina leith.

Ionchúiseamh i gcionta coiriúla a rinne oifigigh agus comhaltaí de chuid na cuideachta.

299. —(1) Más léir don chúirt, i gcúrsa foirceannadh ag an gcúirt, go raibh aon oifigeach nó iaroifigeach, nó aon chomhalta, de chuid na cuideachta ciontach in aon chion i ndáil leis an gcuideachta a bhfuil sé faoi dhliteanas coiriúil ina leith, féadfaidh an chúirt, ar iarratas ó aon duine ag a bhfuil leas san fhoirceannadh nó dá treoir féin a ordú don leachtaitheoir an t-ábhar a chur faoi bhráid an Ard-Aighne.

(2) Más léir don leachtaitheoir, i gcúrsa foirceannadh toilteanach, go raibh aon oifigeach nó iaroifigeach, nó aon chomhalta, de chuid na cuideachta ciontach in aon chion i ndáil leis an gcuideachta a bhfuil sé faoi dhliteanas coiriúil ina leith, tabharfaidh sé tuarascáil láithreach don Ard-Aighne i dtaobh an ábhair agus tabharfaidh sé dó cibé eolas a theastóidh uaidh agus cibé rochtain ar aon doiciméid agus cibé saoráidí chun aon doiciméid a scrúdú agus cóipeanna a dhéanamh díobh, a theastóidh ón Ard-Aighne, is é sin, eolas nó doiciméid a bheidh i seilbh nó faoi urlámhas an leachtaitheora agus a bhaineann leis an ábhar a bheidh i gceist.

(3) Más léir don chúirt, i gcúrsa foirceannadh toilteanach, go raibh aon oifigeach nó iaroifigeach, nó aon chomhalta, de chuid na cuideachta ciontach mar a dúradh, agus nár thug an leachtaitheoir aon tuarascáil i dtaobh an ábhair don Ard-Aighne faoi fho-alt (2), féadfaidh an chúirt, ar iarratas ó aon duine ag a bhfuil leas san fhoirceannadh nó dá treoir féin, a ordú don leachtaitheoir an tuarascáil sin a thabhairt, agus ar thuarascáil a thabhairt dá réir sin, beidh éifeacht ag an alt seo ionann is dá mbeadh an tuarascáil arna tabhairt de bhun fho-alt (2).

(4) Más rud é, nuair a thabharfar tuarascáil i dtaobh aon ábhair don Ard-Aighne nó a chuirfear aon ábhar faoina bhráid faoin alt seo, go measfaidh sé gur cás é inar cheart cúiseamh a thionscnamh agus go dtionscnóidh sé imeachtaí dá réir sin, beidh sé de dhualgas ar an leachtaitheoir agus ar gach oifigeach agus iaroifigeach, gníomhaire agus iarghníomhaire, de chuid na cuideachta (seachas an cosantóir sna himeachtaí) gach cúnamh a bheidh ar a chumas go réasúnach a thabhairt i ndáil leis an ionchúiseamh.

Chun críocha an fho-ailt seo, measfar go bhfolaíonn “gníomhaire”, maidir le cuideachta, aon bhaincéir nó aturnae don chuideachta agus aon duine ar fostú ag an gcuideachta mar iniúchóir, cibé acu is oifigeach don chuideachta an duine sin nó nach ea.

(5) Má mhainníonn nó má fhaillíonn aon duine cúnamh a thabhairt mar a cheanglaítear le fo-alt (4), féadfaidh an chúirt, ar iarratas an Ard-Aighne, a ordú don duine sin ceanglais an fho-ailt sin a chomhlíonadh, agus má dhéantar aon iarratas den sórt sin maidir le leachtaitheoir, féadfaidh an chúirt, mura rud é gur léir di gurbh é ba chúis leis an mainneachtain nó leis an bhfaillí ina gcomhlíonadh nach raibh ar a láimh ag an leachtaitheoir leorshócmhainní de chuid na cuideachta chun go bhféadfadh sé dhéanamh amhlaidh, a ordú go mbeidh costais an iarratais le híoc ag an leachtaitheoir go pearsanta.

Forálacha Forliontacha maidir le Foirceannadh.

Dícháilíocht le haghaidh ceapacháin mar leachtaitheoir.

300. —Ní bheidh comhlacht corpraithe cáilithe chun a cheaptha ina leachtaitheoir ar chuideachta, cibé acu i bhfoirceannadh ag an gcúirt é nó i bhfoirceannadh toilteanach, agus—

(a) beidh aon cheapachán a dhéanfar contrártha don fhoráil seo ar neamhní; agus

(b) dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar aon chomhlacht corpraithe a ghníomhóidh mar leachtaitheoir ar chuideachta.

Aslú éillitheach maidir le ceapachán mar leachtaitheoir.

301. —Dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar aon duine a dhéanfaidh nó a chomhaontóidh nó a thairgfidh aon chomaoin luachmhar a thabhairt d'aon chomhalta nó creidiúnaí de chuid cuideachta d'fhonn a áirithiú go gceapfar nó go n-ainmneofar é féin, nó d'fhonn ceapadh nó ainmniú duine éigin eile seachas é féin, mar leachtaitheoir na cuideachta a áirithiú nó a chosc.

Dualgas an leachtaitheora, chun tuairisceáin a thabhairt a chur i bhfeidhm ar an leachtaitheoir.

302. —(1) Más rud é go ndéanfaidh aon leachtaitheoir aon mhainneachtain maidir le aon tuairisceán, cuntas nó doiciméad eile a chomhdú, a sheachadadh nó a thabhairt, nó maidir le haon fhógra a thabhairt, a gceanglaítear air de réir dlí é a chomhdú, a sheachadadh, nó a thabhairt, agus nach slánóidh sé an mhainneachtain laistigh de 14 lá tar éis fógra a sheirbheáil air á cheangal air é sin a dhéanamh, féadfaidh an chúirt, ar iarratas chun na cúirte ó aon ranníocóir nó creidiúnaí de chuid na cuideachta nó ó chláraitheoir na gcuideachtaí, ordú a dhéanamh á ordú don leachtaitheoir an mhainneachtain a shlánú laistigh de cibé tréimhse a shonrófar san ordú.

(2) Féadfaidh aon ordú den sórt sin a fhoráil gur ar an leachtaitheoir a bheidh na costais go léir a bhainfidh agus a ghabhfaidh leis an iarratas.

(3) Ní áireofar aon ní san alt seo mar ní a dhéanann dochar d'oibriú aon achtacháin a chuireann pionóis ar leachtaitheoir i leith aon mhainneachtana mar a dúradh.

Fógra go bhfuil cuideachta faoi leachtú.

303. —(1) Nuair a bheidh cuideachta á foirceannadh, cibé acu ag an gcúirt nó go toilteanach é, beidh ráiteas go bhfuil an chuideachta á foirceannadh i ngach sonrasc, ordú ar earraí nó litir ghnó a eiseoidh an chuideachta nó leachtaitheoir ar an gcuideachta, nó glacadóir mhaoin na cuideachta, nó a eiseofar thar ceann aon duine acu, is é sin, doiciméad a mbeidh ainm na cuideachta air nó ann.

(2) Má mhainnítear an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur ar an gcuideachta agus ar aon duine acu seo a leanas a údaróidh nó a cheadóidh an mhainneachtain go feasach agus go toilteanach, eadhon, aon oifigeach don chuideachta, aon leachtaitheoir ar an gcuideachta agus aon ghlacadóir.

Leabhair na cuideachta a bheith ina bhfianaise.

304. —Nuair a bheidh cuideachta á foirceannadh, beidh gach leabhar agus páipéar leis an gcuideachta agus leis na leachtaitheoirí, amhail idir ranníocóirí na cuideachta, ina bhfianaise prima facie ar fhírinne na nithe go léir a airbheartóidh a bheith taifeadta iontu.

Diúscairt leabhair agus páipéir na cuideachta i gcás foirceannadh.

305. —(1) Nuair a bheidh cuideachta foirceanta agus ar tí a díscaoilte, féadfar leabhair agus páipéir na cuideachta agus an leachtaitheora a dhiúscairt mar a leanas:—

(a) i gcás foirceannadh ag an gcúirt, i cibé slí a ordóidh an chúirt;

(b) i gcás foirceannadh toilteanach ag comhaltaí, i cibé slí a ordóidh an chuideachta le rún speisialta, agus i gcás foirceannadh toilteanach ag creidiúnaithe, i cibé slí a ordóidh an coiste iniúchta nó, mura mbíonn aon choiste den sórt sin ann, creidiúnaithe na cuideachta, sa dóigh, áfach, go gcoinneoidh an leachtaitheoir na leabhair agus na páipéir sin go ceann tréimhse 3 bliana ó dháta na cuideachta a dhiscaoileadh agus, mura dtugtar aon ordú maidir lena ndiúscairt, go bhféadfaidh sé iad a dhiúscairt ansin mar is cuí leis.

(2) Má mhainníonn leachtaitheoir ceanglais an ailt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air.

Eolas faoin gcuma a bhfuil an leachtú ag dul ar aghaidh.

306. —(1) Más rud é, nuair a bheidh cuideachta á foirceannadh, nach mbeidh an foirceannadh críochnaithe laistigh de 2 bhliain tar éis a thosaithe, cuirfidh an leachtaitheoir chuig cláraitheoir na gcuideachtaí, i gceann cibé tréimhsí a fhorordófar, go dtí go mbeidh an foirceannadh críochnaithe, ráiteas san fhoirm fhorordaithe a mbeidh na sonraí forordaithe ann ar na himeachtaí sa leachtú agus ar staid an leachtaithe.

(2) Má mhainníonn leachtaitheoir an t-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air.

(3) Féadfaidh cláraitheoir na gcuideachtaí cion faoin alt seo a thabhairt ar aghaidh.

Díbhinní neamhéilithe agus iarmhéideanna a íoc le Cuntas Leachtaithe na gCuideachtaí.

307. —(1) Nuair a bheidh cuideachta foirceanta go toilteanach agus ar tí a díscaoilte, taiscfidh an leachtaitheoir i gcuntas, dá ngairfear Cuntas Leachtaithe na gCuideachtaí i mBanc na hÉireann, i cibé slí a fhorordófar le rialacha cúirte, iomlán na ndíbhinní neamhéilithe is inghlactha faoi chruthú agus na n-iarmhéideanna nár cuireadh chun feidhme nó nach bhfuil indáilte.

(2) Beidh Cuntas Leachtaithe na gCuideachtaí faoi urlámhas na cúirte.

(3) Is de réir mar a bheidh forordaithe le rialacha cúirte a dhéanfar aon iarratas ó dhuine a bheidh á éileamh go bhfuil sé i dteideal aon díbhinne nó íocaíochta as taisceadh a rinneadh de bhun fho-alt (1), agus aon íocaíocht as an taisceadh sin mar shásamh san éileamh sin.

(4) Ar 7 mbliana a bheith caite ó dháta aon taiscthe a rinneadh de bhun fho-alt (1), íocfar isteach sa Státchiste an méid den taisceadh a bheidh fágtha gan a éileamh, ach más deimhin leis an gcúirt go bhfuil aon duine a dhéanfaidh éileamh i dteideal aon díbhinne nó íocaíochta as an airgead a íocadh isteach sa Státchiste, féadfaidh sí a ordú go n-íocfar sin agus eiseoidh an tAire Airgeadais cibé suim is gá chun soláthar don íocaíocht sin.

Rúin a ritheadh ag cruinnithe atrátha de chreidiúnaithe agus de ranníocóirí.

308. —Nuair a rithfear rún ag cruinniú atrátha d'aon chreidiúnaithe nó ranníocóirí de chuid cuideachta, déanfar, chun gach críche, an rún a áireamh mar rún a ritheadh ar an dáta a ritheadh é iarbhír agus ní mheasfar gur ritheadh é ar aon dáta is luaithe ná sin.

Cruinnithe chun mianta creidiúnaithe agus ranníocóirí a chinntiú.

309. —(1) Féadfaidh an chúirt, maidir le gach ní a bhainfidh le foirceannadh cuideachta, aird a thabhairt ar mhianta creidiúnaithe nó ranníocóirí na cuideachta, mar a chruthófar di iad le haon fhianaise leordhóthanach, agus féadfaidh sí, más cuí léi é, chun na mianta sin a chinntiú, a ordú go ndéanfar cruinnithe de na creidiúnaithe nó de na ranníocóirí a ghairm, a thionól agus a stiúradh i cibé slí a ordóidh an chúirt, agus féadfaidh sí duine a cheapadh chun gníomhú mar chathaoirleach ar aon chruinniú den sórt sin agus a thoradh a thuairisciú don chúirt.

(2) I gcás creidiúnaithe, tabharfar aird ar luach an fhéich atá ag dul do gach creidiúnaí.

(3) I gcás ranníocóirí, tabharfar aird ar an líon vótaí a thugtar do gach ranníocóir leis an Acht seo nó leis na hairteagail.

Forálacha maidir le Díscaoileadh.

Cumhacht na cúirte chun a dhearbhú go bhfuil díscaoileadh cuideachta ar neamhní.

310. —(1) Nuair a bheidh cuideachta díscaoilte, féadfaidh an chúirt, aon uair laistigh de 2 bhliain ó dháta an díscaoilte, má dhéanann leachtaitheoir na cuideachta, nó aon duine eile a bhfeicfear don chúirt go bhfuil leas aige ann, iarratas chuige sin, ordú a dhéanamh, ar cibé téarmaí is cuí leis an gcúirt, á dhearbhú go raibh an díscaoileadh ar neamhní, agus air sin féadfar cibé imeachtaí a chur ar siúl a d'fhéadfaí a chur ar siúl dá mba nár díscaoileadh an chuideachta.

(2) Beidh sé de dhualgas ar an duine a ndearnadh an t-ordú de bharr a iarratais, laistigh de 14 lá tar éis an t-ordú a dhéanamh, nó de cibé tréimhse bhreise a cheadóidh an chúirt, cóip oifige den ordú a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí lena clárú, agus má mhainníonn an duine sin déanamh amhlaidh, dlífear fíneáil nach mó ná £5 a chur air.

Cumhacht an chláraitheora chun cuideachta neamhghnóthach a bhaint den chlár.

311. —(1) Má bhíonn cúis réasúnach ag cláraitheoir na gcuideachtaí chun a chreidiúint nach bhfuil gnó á sheoladh ag cuideachta, féadfaidh sé litir a chur leis an bpost chuig an gcuideachta ag fiafraí an bhfuil gnó á sheoladh ag an gcuideachta.

(2) Mura bhfaighidh an cláraitheoir aon fhreagra ar an litir laistigh de mhí tar éis dó í a chur amach, cuirfidh sé leis an bpost chuig an gcuideachta, laistigh de 14 lá tar éis deireadh na míosa, litir chláraithe ag tagairt don chéad litir agus á rá nach bhfuarthas aon fhreagra uirthi agus, mura bhfaighfear freagra ar an dara litir laistigh de mhí óna dáta, go bhfoilseofar fógra san Iris Oifigiúil d'fhonn ainm na cuideachta a bhaint den chlár.

(3) Má fhaigheann an cláraitheoir freagra sa chéill nach bhfuil gnó á sheoladh ag an gcuideachta, nó mura bhfaighidh sé aon fhreagra laistigh de mhí tar éis dó an dara litir a chur amach, féadfaidh sé fógra a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus a chur leis an bpost chuig an gcuideachta á rá go ndéanfar, i gceann trí mhí ó dháta an fhógra sin, ainm na cuideachta a bheidh luaite san fhógra a bhaint den chlár, mura suífear cúis lena mhalairt, agus go mbeidh an chuideachta díscaoilte.

(4) Más rud é, in aon chás ina mbeidh cuideachta á foirceannadh, go mbeidh cúis réasúnach ag an gcláraitheoir chun a chreidiúint nach bhfuil aon leachtaitheoir ag gníomhú, nó go bhfuil cúrsaí na cuideachta foirceanta go hiomlán, agus nár tugadh, le tréimhse 6 mhí as a chéile, na tuairisceáin is gá don leachtaitheoir a thabhairt, foilseoidh an cláraitheoir san Iris Oifigiúil, agus cuirfidh sé chuig an gcuideachta nó chuig an leachtaitheoir, más ann, fógra de shamhail an fhógra dá bhforáiltear i bhfo-alt (3).

(5) Faoi réir fho-ailt (6) agus (7), ar an tréimhse a bheidh luaite san fhógra a bheith caite, féadfaidh an cláraitheoir, mura suífidh an chuideachta cúis lena mhalairt roimhe sin, ainm na cuideachta a bhaint den chlár, agus foilseoidh sé fógra ina thaobh sin san Iris Oifigiúil, agus ar an bhfógra sin a fhoilsiú san Iris Oifigiúil beidh an chuideachta díscaoilte.

(6) Mairfidh dliteanas, más ann, gach stiúrthóra, oifigigh agus comhalta de chuid na cuideachta, agus féadfar é a chur i bhfeidhm ionann is dá mbeadh an chuideachta gan bheith díscaoilte.

(7) Ní dhéanfaidh aon ní i bhfo-alt (5) nó (6) difear do chumhacht na cúirte chun cuideachta ar baineadh a hainm den chlár a fhoirceannadh.

(8) Más éagóir le cuideachta, nó le haon chomhalta nó creidiúnaí dá cuid, an chuideachta a bheith bainte den chlár, féadfaidh an chúirt, ar an gcuideachta nó an comhalta nó an creidiúnaí do dhéanamh iarratais (tar éis fógra a thabhairt don chláraitheoir) roimh dheireadh 20 bliain ón dáta a foilsíodh an fógra a dúradh san Iris Oifigiúil, más deimhin leis an gcúirt go raibh an chuideachta ag an am a baineadh den chlár í ag seoladh gnó, nó gur cóir ar chúis eile an chuideachta a chur ar ais ar an gclár, a ordú go gcuirfear ainm na cuideachta ar ais ar an gclár, agus ar chóip oifige den ordú a sheachadadh don chláraitheoir lena clárú, measfar an chuideachta a bheith ar marthain ionann is nach mbeifí tar éis a hainm a bhaint den chlár; agus féadfaidh an chúirt, leis an ordú, cibé treoracha a thabhairt agus cibé forálacha a dhéanamh a fheicfear di a bheith cóir chun an chuideachta agus gach duine eile a chur sa staid chéanna, an oiread agus is féidir sin, ina mbeidís dá mba nár baineadh an chuideachta den chlár.

(9) Féadfar fógra a bheidh le cur faoin alt seo chuig leachtaitheoir a dhíriú chun an leachtaitheora ag an seoladh gnó is déanaí is eol a bheith aige, agus féadfar litir nó fógra a bheidh le cur faoin alt seo chuig cuideachta a dhíriú chun na cuideachta ag a hoifig chláraithe, nó, murar cláraíodh aon oifig, faoi chúram oifigigh éigin don chuideachta, nó, mura bhfuil aon oifigeach don chuideachta ann a bhfuil a ainm agus a sheoladh ar eolas ag cláraitheoir na gcuideachtaí, féadfar é a chur chuig gach duine de na daoine a shínigh an meabhrán, agus é dírithe chuige ag an seoladh a bheidh luaite sa mheabhrán.

Rialacha Cúirte.

Rialacha Cúirte maidir le foirceannadh.

1936, Uimh. 48 .

312. —Beidh réim ag alt 68 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 (a thugann cumhacht d'údarás déanta rialacha chun rialacha a dhéanamh ag rialú chleachtas agus nós imeachta na cúirte i gcásanna áirithe) maidir le rialacha a dhéanamh i leith foirceannadh cuideachtaí, cibé acu ag an gcúirt nó go toilteanach é.

Diúscairt doiciméad a comhdaíodh leis an gCláraitheoir.

Diúscairt doiciméad a comhdaíodh leis an gcláraitheoir.

313. —Déanfaidh cláraitheoir na gcuideachtaí, tar éis 20 bliain a bheith caite ó díscaoileadh cuideachta, na doiciméid go léir a comhdaíodh i ndáil leis an gcuideachta sin a chur chuig an Oifig Irisí Poiblí.