An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN DEICHIÚ SCEIDEAL. Na Forálacha dá dtagraítear in Alt 380.) Ar Aghaidh (AN DÓÚ SCEIDEAL DÉAG. Achtacháin a Aisghairtear.)

33 1963

ACHT NA gCUIDEACHTAÍ, 1963

AN tAONÚ SCEIDEAL DÉAG.

Leasuithe ar Achtanna eile.

Alt 399.

Na hAchtanna Féimheachta.

1. (1) Beidh éifeacht ag na hAchtanna Féimheachta ionann is dá gcuirfí an t-alt seo a leanas in ionad alt 53 den Bankruptcy

1872, c. 52.

(Ireland) Amendment Act, 1872 (a bhaineann le tosaíochtaí calaoiseacha a neamhniú):

“53. Every conveyance or transfer of property or charge thereon made, every payment made, every obligation incurred and every judicial proceeding taken or suffered by any person unable to pay his debts as they become due from his own moneys, in favour of any creditor or of any person in trust for any creditor, with a view to giving such creditor, or any surety or guarantor for the debt due to such creditor, a preference over the other creditors, shall, if the person making, taking, paying or suffering the same is adjudged bankrupt on a bankruptcy petition or a petition for arrangement, presented within 6 months after the date of making, taking, paying or suffering the same, be deemed fraudulent and void against the assignees or trustees of such bankrupt; but this section shall not affect the rights of any person making title in good faith and for valuable consideration through or under a creditor of the bankrupt.”

(2) Ní bheidh feidhm ag fomhír (1) maidir le nithe a rinneadh roimh an dáta feidhme agus leanfaidh alt 53 den Bankruptcy (Ireland) Amendment Act, 1872, mar a achtaíodh é i gcéaduair, d'fheidhm a bheith aige maidir le nithe a rinneadh roimh an dáta feidhme ionann is dá mba nár ritheadh an tAcht seo.

2. Beidh feidhm freisin ag alt 287 maidir le hAcht sin 1872 (leis an modhnú is gá ar aon tagairt do chuideachta agus d'fhoirceannadh) ionann is dá gcuirfí tagairt d'alt 53 d'Acht sin 1872 in alt 287 in ionad na tagartha d'alt 286.

Na hAchtanna Árachais, 1909 go 1961.

3. Beidh éifeacht ag na hAchtanna Árachais, 1909 go 1961, ionann is dá gcuirfí an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (5) d'alt

1936, Uimh. 45 .

46 den Acht Árachais, 1936 ;

“(5) Beidh feidhm ag ailt 167 agus 168 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , maidir le cigire a cheapfar faoin alt seo faoi mar atá feidhm acu maidir le cigire a cheapfar faoi alt 165 den Acht sin, agus aon diúltú den sórt ar diúltú é atá, nó a bheadh, faoi fho-alt (3) den alt sin 168, ina fhoras chun pionós a ghearradh ar oifigeach nó gníomhaire don chuideachta nó don chomhlacht corpraithe eile a mbeidh a chúrsaí á bhfiosrú de bhua an ailt sin 167, beidh sé freisin ina fhoras ar a bhféadfaidh an tAire achainí a thíolacadh chun an chuideachta sin a fhoirceannadh agus ar a bhféadfadh an Ard-Chúirt, tar éis di aon achainí den sórt sin a éisteacht, ordú a dhéanamh chun an chuideachta sin a fhoirceanandh faoi réim agus de réir Acht na gCuideachtaí, 1963 .”