An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tOCHTÚ SCEIDEAL. Táillí is iníoctha le Cláraitheoir na gCuideachtaí.) Ar Aghaidh (AN DEICHIÚ SCEIDEAL. Na Forálacha dá dtagraítear in Alt 380.)

33 1963

ACHT NA gCUIDEACHTAÍ, 1963

AN NAOÚ SCEIDEAL.

Forálacha den Acht seo a bhfuil feidhm acu maidir le Cuideachtaí Neamhchláraithe.

Alt 377.

Ábhar

Forálacha ag a bhfuil feidhm

Teorainneacha ar a bhfeidhm

Réamheolairí agus leithroinnt.

Ailt 43 go 52, 56, 57, 61 agus an Triú Sceideal.

Gan feidhm ach amháin sa mhéid a shonrófar le horduithe ón Aire agus i gcás na gcomhlachtaí corpraithe a shonrófar amhlaidh.

Tuairisceán bliantiúil     ...

Ailt 125 go 129, 375 agus an Cúigiú Sceideal.

Gan feidhm chun sonraí a éileamh í leith aon tréimhse roimh an dáta feidhme, agus i gcás aon tréimhse ina dhiaidh sin a bheith gan feidhm ach amháin sa mhéid a shonrófar mar atá ráite agus maidir leis na comhlachtaí corpraithe a shonrófar amhlaidh.

Cuntais agus Iniúchadh

Ailt 147 go 153, 155 go 164, 191, 192, an Séú Sceideal (ach amháin fomhíreanna (a) go (d) de mhír 2, fomhíreanna (c), (d) agus (e) de mhír 3 agus fomhír (d) de mhír 8) agus an Seachtú Sceideal.

Gan feidhm ach amháin sa mhéid a shonrófar mar atá ráite agus i gcás na gcomhlachtaí corpraithe a shonrófar amhlaidh.

Imscrúdú ...     ...     ...

Ailt 165 go 173.

--

Clár stiúrthóirí agus rúnaithe.

Ailt 195.

--

Clárú doiciméad, cur i bhfeidhm, pionóis agus nithe forlíontacha eile.

Ailt 2, 193, 369 go 371, 378 go 380, 383 go 387, fo-alt (1) d'alt 395 agus an tOchtú agus an Deichiú Sceideal.

Gan feidhm ach amháin sa mhéid go bhfuil éifeacht acu maidir leis na forálacha ag a bhfuil feidhm de bhua na dtaifead sin roimhe seo sa Sceideal seo.