An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN SÉÚ SCEIDEAL Cuntais.) Ar Aghaidh (AN tOCHTÚ SCEIDEAL. Táillí is iníoctha le Cláraitheoir na gCuideachtaí.)

33 1963

ACHT NA gCUIDEACHTAÍ, 1963

AN SEACHTÚ SCEIDEAL.

Nithe atá le lua go sainráite i dTuarascáil na nIniúchóirí.

Alt. 163.

1. Cé acu a fuair nó nach bhfuair siad an t-eolas agus na mínithe go léir ba ghá, de réir mar is fearr is eol dóibh agus mar a chreideann siad, chun críocha a n-iniúchta.

2. Cé acu is é nó nach é a dtuairim gur choinnigh an chuideachta leabhair chuntais mar ba chuí, chomh fada agus is léir sin óna scrúdú ar na leabhair sin, agus cé acu a fuair nó nach bhfuair siad ó na brainsí nár thug siad cuairt orthu tuairisceáin mar ba chuí a bhí leordhóthanach chun críocha a n-iniúchta.

3. (1) Cé acu atá nó nach bhfuil an clár comhardaithe agus (mura bhfuil sé cumtha mar chuntas comhdhlúite sochair agus dochair) an cuntas sochair agus dochair ón gcuideachta lena ndéileáiltear sa tuarascáil ag réiteach leis na leabhair chuntais agus leis na tuairisceáin.

(2) Cé acu a thugann nó nach dtugann na cuntais sin, ina dtuairim agus mar is fearr is eol dóibh, agus de réir na mínithe a tugadh dóibh, an t-eolas is gá de réir an Achta seo ar an modh is gá dá réir, maraon le léargas fíorcheart—

(a) i gcás an chláir chomhardaithe, ar staid chúrsaí na cuideachta amhail mar a bhí i ndeireadh a bliana airgeadais; agus

(b) i gcás an chuntais sochair agus dochair, ar an mbrabús nó an caillteanas do bhliain airgeadais na cuideachta;

nó, de réir mar a bheidh, léargas fíorcheart ar na nithe sin faoi réir neamhnochtadh aon nithe (atá le cur in iúl sa tuarascáil) nach gá de bhua Chuid III den Séú Sceideal iad a nochtadh.

4. I gcás cuideachta is cuideachta shealbhaíochta agus a chuireann grúpchuntais ar fáil, cé acu is é nó nach é a dtuairim go ndearnadh na grúpchuntais a ullmhú go cuí de réir forálacha an Achta seo ionas go dtugann siad léargas fíorcheart ar staid chúrsaí, agus ar bhrabús nó caillteanas, na cuideachta gona fochuideachtaí lena ndéileáiltear iontu, chomh fada agus a bhaineann le comhaltaí na cuideachta, nó, de réir mar a bheidh, ionas go dtugann siad léargas fíorcheart orthu faoi réir neamhnochtadh aon nithe (atá le cur in iúl sa tuarascáil) nach gá de réir Chuid III den Séú Sceideal iad a nochtadh.