An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CEATHRÚ SCEIDEAL. Foirm an Ráitis in ionad Réamheolaire atá le seachadadh don Chláraitheoir ag Cuideachta nach neiseoidh Réamheolaire nó nach ndéanfaidh Leithroinnt tar éis Réamheolaire a eisiúint, agus na Tuarascálacha atá le leagan amach ann.) Ar Aghaidh (AN SÉÚ SCEIDEAL Cuntais.)

33 1963

ACHT NA gCUIDEACHTAÍ, 1963

AN CÚIGIÚ SCEIDEAL.

Ábhair agus Foirm an Tuairisceáin Bhliantúil Ó Chuideachta ag a bhfuil Scairchaipiteal.

Ailt 125, 395.

Cuid I.

Na hÁbhair.

1. Seoladh oifig chláraithe na cuideachta.

2. (1) Más in áit seachas oifig chláraithe na cuideachta a choimeádtar, faoin Acht seo, clár na gcomhaltaí, seoladh na háite ina gcoimeádtar é.

(2) Más in áit seachas oifig chláraithe na cuideachta a choimeádtar, faoin Acht seo, aon chlár bintiúrach de chuid na cuideachta, seoladh na háite ina gcoimeádtar é.

3. Achomaireacht, ina ndéanfar idirdhealú idir scaireanna a eisiodh ar airgead agus scaireanna a eisíodh mar scaireanna láníoctha nó páirtíoctha ar dhóigh seachas in airgead, agus ina dtabharfar na sonraí seo a leanas:

(a) méid an scairchaipitil atá ag an gcuideachta agus an líon scaireanna ina bhfuil sé roinnte;

(b) an líon scaireanna a tógadh ón uair a corpraíodh an chuideachta anuas go dtí dáta an tuairisceáin;

(c) an méid a glaodh ar gach scair;

(d) méid iomlán na nglaochanna a fuarthas;

(e) méid iomlán na nglaochanna nár íocadh;

(f) méid iomlán na suimeanna, más ann, a íocadh mar choimisiún i leith aon scaireanna nó bintiúr;

(g) an lascaine a lamháladh ar eisiúint aon scaireanna a eisíodh faoi lascaine nó an cion den lascaine sin nach raibh díscríofa ar dháta an tuairisceáin a dhéanamh;

(h) méid iomlán na suimeanna, más ann, a lamháladh mar lascaine i leith aon bhintiúr ó dháta an tuairisceáin deiridh;

(i) líon iomlán na scaireanna a forghéilleadh.

4. Sonraí ar fheichiúnas iomlán na cuideachta i leith na morgáistí agus na muirear go léir is gá a chlárú le cláraitheoir na gcuideachtaí faoin Acht seo, nó ba ghá a chlárú amhlaidh dá mba i ndiaidh an 1ú lá d'Iúil, 1908, a bunaíodh iad.

5. Liosta—

(a) ina mbeidh ainmneacha, seoltaí agus slite beatha na ndaoine go léir is comhaltaí den chuideachta ar an 14ú lá i ndiaidh chruinniú ginearálta bliantúil na cuideachta don bhliain, agus na ndaoine a scoir de bheith ina gcomhaltaí ó dháta an tuairisceáin deiridh nó, i gcás an chéad tuairisceáin, ón uair a corpraíodh an chuideachta;

(b) ina luafar an líon scaireanna atá á sealbhú ag gach duine de na comhaltaí láithreacha ar dháta an tuairisceáin, agus ina sonrófar na scaireanna a aistríodh ó dháta an tuairisceáin deiridh (nó, i gcás an chéad tuairisceáin, ón uair a corpraíodh an chuideachta) ag daoine atá fós ina gcomhaltaí agus ag daoine a bhfuil scortha acu de bheith ina gcomhaltaí faoi seach agus na dátaí a cláraíodh na haistrithe.

Mura mbeidh na hainmneacha sin leagtha amach in ord aibítre, ní foláir treoir a bheith i gceangal leis an liosta trína bhféadfaí ainm duine ar bith sa liosta a aimsiú go réidh.

6. Na sonraí sin go léir maidir leis na daoine arb iad stiúrthóirí na cuideachta iad ar dháta an tuairisceáin, agus maidir le haon duine arb é rúnaí na cuideachta é ar an dáta sin, ar gá de réir an Achta seo iad a bheith i gclár stiúrthóirí agus rúnaithe cuideachta.

Cuid II.

Foirm

TUAIRISCEÁN BLIANTÚIL ó                            Teoranta, arna dhéanamh amach anuas go dtí an            lá de            19   , (is é sin, an 14ú lá i ndiaidh dáta an chruinnithe ghinearálta bhliantúil don bhliain 19....).

1. Seoladh.

(Seoladh oifig chláraithe na cuideachta).

2. An áit a gcoimeádtar Clár na gComhaltaí agus Clár na mBintiúrach.

(a) (Seoladh na háite ina gcoimeádtar clár na gcomhaltaí, murab é oifig chláraithe na cuideachta é).

(b) (Seoladh aon áite seachas oifig chláraithe na cuideachta ina gcoimeádtar aon chlár bintiúrach de chnid na cuideachta).

3. Achomaireacht ar Scairchaipiteal agus Bintiúir.

(a) Scairchaipiteal Ainmniúil.

Scairchaipiteal ainmniúil £............ arna roinnt i:

(Cuir síos an líon agus an Cineál)

scair............de............an ceann

scair............de............an ceann

scair............de............an ceann

scair............de............an ceann

(b) Scairchaipiteal agus Bintiúir a eisíodh.

An Líon

An Cineál

An líon scaireanna de gach cineál a tógadh anuas go dtí dáta an tuairisceáin seo. (Ní foláir an líon seo a bheith ag réiteach leis an iomlán a thaispeántar sa liosta a bheith ag comhaltaí láithreacha).

....................

....................

....................

....................

....................

....................

scair

scair

scair

scair

scair

scair

....................

....................

....................

....................

....................

....................

An líon scaireanna de gach cineál a eisíodh faoi réir a n-íoctha go hiomlán in airgead.

....................

....................

....................

scair

scair

scair

....................

....................

....................

An líon scaireanna de gach cineál a eisíodh mar scaireanna láníoctha ar chomaoin seacha airgead.

....................

....................

....................

scair

scair

scair

....................

....................

....................

An líon scaireanna de gach cineál a eisíodh mar scaireanna páirtíoctha ar chomaoin seachas airgead agus a mhéid atá gach scair acu sin íoctha amhlaidh.

....................

scair

arna n-eisiúint mar scaireanna atá íoctha go feadh £......... an scair.

....................

....................

scair

arna n-eisiúint mar scaireanna atá íoctha go feadh £......... an scair.

....................

....................

scair

arna n-eisiúint mar scaireanna atá íoctha go feadh £......... an scair.

....................

....................

scair

arna n-eisiúint mar scaireanna atá íoctha go feadh £......... an scair.

....................

An líon scaireanna de gach cineál a eisíodh faoi lascaine (má eisíodh).

....................

....................

....................

....................

scair

scair

scair

scair

....................

....................

....................

....................

Méid na lascaine ar an eisiúint scaireanna, nach bhfuil díscríofa ar dháta an tuairisceáin seo.

£......................................................

An Líon

An Cineál

An méid atá glaoite ar an líon scaireanna de gach cineál.

£..................an scair ar

£..................an scair ar

£..................an scair ar

£..................an scair ar

....................

....................

....................

....................

scair

scair

scair

scair

....................

....................

....................

....................

Méid iomlán na nglaochanna a fuarthas, lena n-áirítear íocaíochtaí tráth an iarratais agus tráth na leithroinnte agus aon suimeanna a fuarthas ar scaireanna a forghéilleadh.

£.......................

An méid iomlán, más ann, ar comhaontaíodh go measfaí é a bheith íoctha ar an líon scaireanna de gach cineál a eisíodh mar scaireanna láníoctha ar chomaoin seachas airgead.

£............ar

An Líon

An Cineál

....................

scair

....................

....................

scair

....................

....................

scair

....................

....................

scair

....................

 

 

 

 

 

An méid iomlán, más ann, ar comhaontaíodh go measfaí é a bheith íoctha ar an líon scaireanna de gach cineál a eisíodh mar scaireanna páirtíochta ar chomaoin seachas airgead.

£............ar

An Líon

An Cineál

....................

scair

....................

....................

scair

....................

....................

scair

....................

....................

scair

....................

 

 

 

 

Méid iomlán na nglaochanna neamhíoctha.

£.......................

Méid iomlán na suimeanna, más ann, a íocadh mar choimisiún i leith aon scaireanna nó bintiúr.

£.......................

Méid iomlán na suimeanna, más ann, a lamháladh mar lascaine i leith aon bhintiúr ó dháta an tuairisceáin deiridh.

£.......................

An Líon

An Cineál

An líon iomlán scaireanna de gach cineál a forghéilleadh.

....................

....................

....................

....................

scair

scair

scair

scair

....................

....................

....................

....................

An méid iomlán a íocadh, má íocadh, ar scaireanna a forghéilleadh.

£.......................

Nóta:—Má bhíonn cuideachta tar éis aon chuid dá scaireanna a chomhshó ina stoc, ansin, nuair is iomchuí é, measfar gur tagairtí do stoc na tagairtí do scaireanna atá i mír 3 agus measfar gur tagairtí don méid stoic na tagairtí don líon scaireanna.

4. Sonraí ar Fhéichiúnas.

Féichiúnas iomlán na cuideachta i leith na morgáistí agus na muirear go léir is gá a chlárú le cláraitheoir na gcuideachtaí faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 , nó ba ghá a chlárú amhlaidh dá mba i ndiaidh an 1 Iúil, 1908, a bunaíodh iad.

£...................

5. Liosta na nIarchomhaltaí agus na gComhaltaí Láithreacha.

Liosta de na daoine a raibh scaireanna acu sa chuideachta ar an 14ú lá i ndiaidh chruinniú ginearálta bliantúil na bliana 19.... agus de na daoine a raibh scaireanna acu inti tráth ar bith ó dháta an tuairisceáin deiridh nó, i gcás an chéad tuairisceáin, ón dáta a corpraíodh an chuideachta.

Cuntas ar na Scaireanna

Fóilió sa chlárleabhar mór ina bhfuil na sonraí

Ainmneacha, Seoltai agus Slite Beatha

An líon scaireanna a bhí ag comhaltaí láithreacha ar dháta an tuairisceáin *

Sonraí na scaireanna a aistríodh ó dháta an tuairisceáin deiridh nó, i gcás an chéad tuairisceáin, ón dáta a corpraíodh an chuideachta, (a) ag daoine atá fós ina gcomhaltaí, agus (b) ag daoine a scoir de bheith ina gcomhaltaí

Nótaí

An Líon

An dáta a Cláraíodh an t-aistriú

(a)

(b)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Nótaí.

(1) Más rud é gur tugadh sa tuairisceán d'aon cheann de na 5 bliana díreach roimhe sin na sonraí iomlána, amhail mar a bhí ar dháta an tuairisceáin sin, ba ghá a thabhairt i dtaobh na n-iarchomhaltaí agus na gcomhaltaí láithreacha agus na scaireanna a shealbhaigh agus a d'aistrigh siad, ní gá a thabhairt ach an méid de na sonraí a bhaineann le daoine a scoir de bheith, nó a tháinig chun bheith, ina gcomhaltaí ó dháta an tuairisceáin deiridh agus le scaireanna a aistríodh ón dáta sin.

(2) Mura cuideachta phríobháideach an chuideachta, ní gá go mbeadh sa tuairisceán aon sonraí i dtaobh scaireanna a d'aistrigh daoine atá fós ina gcomhaltaí nó a scoir de bheith ina gcomhaltaí ná i dtaobh na ndátaí a cláraíodh a n-aistriú.

(3) Mura mbeidh na hainmneacha sa liosta leagtha amach in ord aibítre, ní foláir treoir a bheith i gceangal leis an liosta trína bhféadfaí ainm duine ar bith a aimsiú go réidh.

(4) Má bhíonn cuideachta tar éis aon chuid dá scaireanna a chomshó ina stoc, ansin, nuair is iomchuí é, measfar gur tagairtí do stoc na tagairtí do scaireanna atá i mír 5 agus measfar gur tagairtí don mhéid stoic na tagairtí don líon scaireanna.

6. Sonraí i dtaobh Stiúrthóirí agus Rúnaithe.

Sonraí na ndaoine is stiúrthóirí ar an gcuideachta ar dháta an tuairisceáin seo.

Ainm nó ainmneacha baiste agus sloinne faoi láthair

Aon seanainm nó seanainmneacha baiste agus seansloinne

Náisiúntacht, mura náisiúntacht Éireannach í

Seoladh na gnátháite cónaithe

Slí ghnó agus sonraí stiúrthóireachtaí eile ar chomhlachtaí corpraithe a corpraíodh sa Stát

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Sonraí i dtaobh an duine is rúnaí ar an gcuideachta ar dháta an tuairisceáin seo.

Ainm (I gcás pearsa aonair, a ainm nó a ainmneacha baiste agus a shloinne faoiláthair. I gcás comhlacht corpraithe, an t-ainm corpraithe)

Aon seanainm nó seanainmneacha baiste agus seansloinne

Seoladh na gnátháite cónaithe (I gcás comhlacht corpraithe, an oifig chláraithe nó an phríomhoifig)

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 Sínithe...................................Stiúrthóir.

Sínithe....................................Rúnaí.

Nótaí.

Folaíonn “stiúrthóir” aon duine i bpost stiúrthóra, cibé ainm a thabharfar air, agus aon duine ar gnách le stiúrthóirí na cuideachta gníomhú de réir a orduithe nó a threoracha.

Folaíonn “ainm baiste” túsainm, agus, i gcás duine a aithnítear de ghnáth faoi theideal nach ionann agus a shloinne, ciallaíonn “sloinne” an teideal sin.

Ní fholaíonn “seanainm baiste” agus “seansloinne”—

(a) i gcás duine a aithnítear de ghnáth faoi theideal nach ionann agus a shloinne, an t-ainm faoina raibh aithne air sular ghlac sé an teideal chuige nó sular tháinig sé i gcomharbas an teidil; nó

(b) i gcás aon duine, seanainm baiste nó seansloinne i gcás inar athraíodh nó inar ligeadh as úsáid an t-ainm nó an sloinne sin sular shlánaigh an duine ar a raibh an t-ainm 18 mbliana d'aois nó ina bhfuil sé athraithe nó ligthe as úsáid le tréimhse nach giorra ná 20 bliain; nó

(c) i gcás bean phósta, an t-ainm nó an sloinne faoina raibh aithne uirthi roimh an bpósadh.

Ní mór ainm gach comhlachta chorpraithe a corpraíodh sa Stát agus a bhfuil an stiúrthóir ina stiúrthóir air freisin a thabhairt, ach amháin comhlachtaí corpraithe a bhfuil an chuideachta atá ag déanamh an tuairisceáin ina fochuideachta atá ar lánúinéireacht acu nó comhlachtaí corpraithe ar fochuideachtaí iad atá ar lánúinéireacht ag an gcuideachta nó ag comhlacht corpraithe eile a bhfuil an chuideachta ina fochuideachta atá ar lánúinéireacht aige. Meastar comhlacht corpraithe a bheith ina fhochuideachta atá ar lánúinéireacht ag comhlacht corpraithe eile mura bhfuil de chomhaltaí aige ach an comhlacht corpraithe eile sin agus na fochuideachtaí atá ar lánúinéireacht aige agus ainmnithigh an chomhlachta chorpraithe eile sin nó na bhfochuideachtaí sin. Mura leor an spás atá san fhoirm, ba cheart sonraí aon stiúrthóireachtaí eile a liostáil i ráiteas ar leith a chuirfear ag gabháil leis an tuairisceán seo.

Nuair is comhrúnaithe na comhpháirtithe go léir i ngnólacht, ní foláir ainm agus príomhoifig an ghnólachta a lua.

* Seachadadh lena chomhdú ag.......................................................

* Ba cheart é seo a chló ag bun an chéad leathanaigh den tuairisceán.

DEIMHNITHE AGUS DOICIMÉID EILE ATÁ LE BHEITH AG GABHÁIL LEIS AN TUAIRISCEÁN BLIANTÚIL.

Deimhniú a bheidh le tabhairt ag stíúrthóir agus ag an rúnai ar gach cuideachta phríobháideach.

Deimhnímid nach ndearna an chuideachta ó dháta †

(corpraithe na cuideachta/an tuairisceáin bhliantúil deiridh) aon chuireadh a eisiúint chun an phobail chun suibscríobh le haghaidh aon scaireanna nó bintiúir de chuid na cuideachta.

 Sínithe...................................Stiúrthóir.

Sínithe....................................Rúnaí.

Deimhniú breise a bheidh le tabhairt mar a dúradh i gcás inar mó ná 50 Líon Comhaltaí na Cuideachta.

Deimhnímid, maidir leis an líon comhaltaí de chuid na cuideachta de bhreis ar 50, gur daoine iad go léir nach bhfuil le cur san áireamh, faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 33 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , nuair atá an 50 á ríomh.

 Sínithe...................................Stiúrthóir.

Sínithe....................................Rúnaí.

Cóipeanna deimhnithe de Chuntais.

Ach amháin i gcás cuideachta a eisiatar nó a dhíolmhaítear ó fheidhm alt 128 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , ní foláir go mbeadh i gceangal leis an tuairisceán seo cóip i scríbhinn, arna deimhuiú ag stiúrthóir agus ag an rúnaí ar an gcuideachta gur cóip dhílis í, de gach clár comhardaithe a leagadh faoi bhráid an chruinnithe ghinearálta bhliantúil den chuideachta a tionóladh i rith na tréimhse lena mbaineann an tuairisceán seo (lena n-áirítear gach doiciméad is gá de réir dlí a bheith i gceangal leis an gclár comhardaithe) agus cóip (arna deimhniú mar a dúradh) de thuarascáil na n-iniúchóirí ar gach clár comhardaithe den sórt sin agus den tuarascáil ó na stiúrthóirí a bhí ag gabháil leis. Más i dteanga seachas Béarla nó Gaeilge a bheidh aon chlár comhardaithe den sórt sin nó aon doiciméad is gá de réir dlí a bheith i gceangal leis, ní foláir tiontú i mBéarla nó i nGaeilge ar an gclár comhardaithe nó ar an doiciméad, arna dheimhniú ar an modh forordaithe gur tiontú cruinn é, a bheith i gceangal leis an gclár comhardaithe sin freisin. Más rud é, i gcás aon chlár comhardaithe den sórt a dúradh nó aon doiciméad is gá de réir dlí a bheith i gceangal leis, nár chomhlíon sé riachtanais an dlí mar a bhí i bhfeidhm ar dháta an iniúchta maidir le foirm chlár comhardaithe nó doiciméad mar atá ráite, cibé acu é, ní foláir breisithe agus ceartuithe a dhéanamh ar an gcóip amhail mar ba ghá a dhéanamh sa chlár comhardaithe nó sa doiciméad chun go gcomhlíonfadh sé na riachtanais sin, agus ní foláir a lua ar an gcóip gur leasaíodh í amhlaidh.

Cuideachtaí Baincéireachta.

Ní foláir do chuideachta bhaincéireachta, chun tairbhe a bhaint as alt 375 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , ráiteas a chur leis an tuairisceán seo a dtabharfar ann ainmneacha na n-áiteanna éagsúla a bhfuil gnó á sheoladh aici.

* Ní foláir líon iomlán na scaireanna a bhí ag gach comhalta a lua, agus na biomláiu a shuimiú ionas go réiteoidh siad leis an líon scaireanna a bhfuil sé ráite san Achomaireacht ar Scairchaipiteal agus Bintiúir gur tógadh iad.

Nuairis de chineálacha éagsúla na scaireanna ba cheart na colúin seo a fhoroinntionas go dtaispeánfar ar leithligh an líon de gach cineál a sealbhaíodh nó a aistríodh.

Ba cheart an dáta a cláraíodh gach aistriú a lua, maraon leis an líon scaireanna a aistríodh ar gach dáta ar leith. Ba cheart na sonraí a chur síos os coinne ainm an aistreora agus gan iad a chur os coinne ainm an aistrí, ach féadfar ainm an aistrí a chur isteach i gcolún na “Nótaí” díreach os coinne n a sonraí ar gach aistriú.

Nuairis de chineálacha éagsúla na scaireanna ba cheart na colúin seo a fhoroinntionas go dtaispeáníar ar leithligh an líon de gach cineál a sealbhaíodh nó a aistríodh.

† Más é an chéad tuairisceán é, scrios amach an dara cuid idir lúibíní. Más é an dara tuairisceán nó tuairisceán ina dhiaidh sin é, scrios amach an chéad chuid idir lúibíní.