An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XV. Ginearálta.) Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL. Foirm an Ráitis in Ionad Réamheolaire atá le seachadadh don Chláraitheoir ag Cuideachta Phríobháideach ar Chuideachta Phoiblí a dhéanamh di agus na Tuarascálacha atá le leagan amach ann.)

33 1963

ACHT NA gCUIDEACHTAÍ, 1963

AN CHÉAD SCEIDEAL.

Table A, Tábla A, agus Táblaí B, C, D agus E.

Ailt 2, 13, 16, 395.

TÁBLA A.

Cuid I.

RIALACHÁIN CHUN CUIDEACHTA FAOI THEORAINN SCAIREANNA NACH CUIDEACHTA PHRÍOBHÁIDEACH A BHAINISTÍ.

Léiriú.

1. Sna rialacháin seo:

ciallaíonn “an tAcht”Acht na gCuideachtaí, 1963 (Uimh. 33 de 1963) ;

ciallaíonn “na stiúrthóirí” stiúrthóirí na cuideachta de thuras na huaire nó na stiúrthóirí a bheidh i láthair ag cruinniú den bhord stiúrthóirí agus folaíonn sé duine ar bith a bheidh i bpost stiúrthóra cibé ainm a thabharfar air;

ciallaíonn “an clár” clár na gcomhaltaí a bheidh le coimeád mar a cheanglaítear le halt 116 den Acht;

ciallaíonn “rúnaí” aon duine a ceapadh chun dualgais rúnaí na cuideachta a chomhlíonadh;

ciallaíonn “an oifig” oifig chláraithe na cuideachta de thuras na huaire;

ciallaíonn “an séala” gnáthshéala na cuideachta.

Déanfar abairtí a thagraíonn do scríbhinn a fhorléiriú, mura léir a mhalairt d'intinn, mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do chlódóireacht, liotagrafaíocht, fótagrafaíocht, agus aon mhodhanna eile chun focail a mhacasamhlú nó a atáirgeadh i bhfoirm infheicthe.

Mura léir a mhalairt d'intinn, beidh le focail nó abairtí atá sna rialacháin seo an bhrí chéanna atá leo san Acht nó in aon mhodhnú reachtúil air a bheidh i bhfeidhm ar an dáta a thiocfaidh na rialacháin seo chun bheith ina gceangal ar an gcuideachta.

Scair-Chaipiteal agus Athrú ar Chearta.

2. Gan dochar d'aon chearta speisialta a bheidh tugtha cheana do shealbhóirí aon scaireanna láithreacha nó aon chineál láithreach scaireanna, féadfar scair ar bith sa chuideachta a eisiúint maille le cibé cearta tosaíochta nó iarchurtha nó cibé cearta speisialta eile nó cibé srianta, maidir le díbhinn nó vótáil nó aisíoc caipitil nó eile, a chinnfidh an chuideachta ó am go ham le gnáthrún.

3. Más rud é tráth ar bith go roinnfear an scair-chaipiteal ina scaireanna de chineálacha éagsúla, féadfar na cearta a ghabhfaidh le haon chineál (murar foráladh a mhalairt sna téarmaí ar ar eisíodh na scaireanna den chineál sin), cibé acu a bheidh an chuideachta á foirceannadh nó nach mbeidh, a athrú nó a aisghairm le toiliú i scríbhinn ó shealbhóirí trí cheathrú de na scaireanna eisithe den chineál sin, nó le ceadú faoi rún speisialta a ritheadh ag cruinniú ginearálta ar leith de shealbhóirí na scaireanna den chineál sin. I gcás gach cruinniú ginearálta ar leith den sórt sin beidh feidhm ag na forálacha de na rialacháin seo a bhaineann le cruinnithe ginearálta ach sa dóigh gurb é an córam a bheidh riachtanach beirt duine ar a laghad a shealbhóidh, nó a ionannóidh trí sheachvótálaithe, trian de na scaireanna eisithe den chineál sin. Más rud é ag aon chruinniú atrátha de na sealbhóirí sin nach mbeidh córam mar a mhínítear thuas i láthair beidh na comhaltaí a bheidh i láthair ina gcóram. Aon sealbhóirí ar scaireanna den chineál sin a bheidh i láthair go pearsanta nó trí sheachvótálaithe, féadfaidh siad vótáil a éileamh.

4. Na cearta a thugtar do shealbhóirí na scaireanna d'aon chineál a eisíodh maille le cearta tosaíochta nó cearta eile, ní mheasfar, murar foráladh a mhalairt go sainráite sna téarmaí ar ar eisíodh na scaireanna den chineál sin, iad a bheith athraithe trína thuilleadh scaireanna ar chéim pari passu leo a bhunú nó a eisiúint.

5. Faoi réir na bhforálacha de na rialacháin seo a bhaineann le scaireanna nua, beidh na scaireanna ar a n-urláimh ag na stiúrthóirí, agus féadfaidh siad (faoi réir forálacha an Achta) iad a leithroinnt ar cibé daoine, nó roghanna orthu a dheonú dóibh, nó iad a dhiúscairt chucu i slí eile, ar cibé téarmaí agus coinníollacha, agus cibé tráthanna, is dóigh leo is fearr a bheadh le leas na cuideachta agus a scairshealbhóirí, ach sa dóigh nach n-eiseofar aon scair faoi lascaine, ach amháin de réir forálacha an Achta, agus sa dóigh, i gcás scaireanna a thairgfear don phobal lena suibscríobh, nach mbeidh an tsuim is iníoctha tráth an iarratais ar gach scair faoi bhun 5 faoin gcéad de mhéid ainmniúil na scaire.

6. Féadfaidh an chuideachta na cumhachtaí a fheidhmiú a thugtar le halt 59 den Acht chun coimisiúin a íoc, ar choinníoll go nochtfar mar a cheanglaítear leis an alt sin an ráta faoin gcéad, agus an méid, a bheidh sa choimisiún a íocfar nó a gcomhaontófar é a íoc, agus nach mbeidh ráta an choimisiúin níos airde ná 10 faoin gcéad den phraghas ar ar eisíodh na scaireanna a n-íocfar ina leith é nó méid is ionann agus 10 faoin gcéad den phraghas sin (de réir mar a bheidh). Féadfar an coimisiún sin a thabhairt trí airgead a íoc nó trí scaireanna láníoctha nó páirtíoctha a leithroinnt nó go páirteach i slí acu agus go páirteach sa tslí eile. Féadfaidh an chuideachta freisin, ar aon scaireanna a eisiúint, cibé bróicéireacht a bheidh dleathach a íoc.

7. Ach amháin mar a cheanglaítear leis an dlí, ní aithneoidh an chuideachta aon duine mar dhuine a shealbhaíonn aon scair ar iontaobhas ar bith, agus ní bheidh ceangal ar an gcuideachta ná iallach uirthi i slí ar bith aitheantas a thabhairt (fiú i gcás fógra a fháil ina thaobh) d'aon leas cothromasach, teagmhasach, todhchaí ná páirteach in aon scair ná d'aon leas in aon chodán de scair ná (ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis na rialacháin seo nó leis an dlí) d'aon chearta eile maidir le haon scair ach amháin ceart iomlán chun na scaire go léir ag an sealbhóir cláraithe: ní choiscfidh sin an chuideachta óna cheangal ar na comhaltaí, nó ar aistrí scaireanna, eolas a thabhairt don chuideachta faoi úinéireacht thairbhiúil aon scaire nuair a theastóidh an t-eolas sin de réir réasúin ón gcuideachta.

8. Gach duine a mbeidh a ainm sa chlár mar chomhalta, beidh teideal aige chun go bhfaigidh sé, gan aon íocaíocht, laistigh de 2 mhí tar éis leithroinnt nó tar éis aistriú a thaisceadh (nó laistigh de cibé tréimhse eile a fhorálfaidh coinníollacha na heisiúna), deimhniú amháin ar a scaireanna go léir nó deimhnithe éagsúla agus gach ceann acu ina dheimhniú ar scair amháin nó níos mó dá chuid, má íocann sé 2s. 6d. as gach deimhniú i ndiaidh an chéad cheann nó cibé suim is lú ná sin a chinnfidh na stiúrthóirí ó am go ham, sa dóigh, áfach, nach mbeidh de cheangal ar an gcuideachta, i gcás scair nó scaireanna a shealbhóidh daoine éagsúla i gcomhpháirt, níos mó ná deimhniú amháin a eisiúint, agus go mbeidh seachadadh ar dheimhniú i leith scaire do dhuine amháin de shealbhóirí comhpháirteacha éagsúla ina sheachadadh leormhaith do gach sealbhóir acu sin. Beidh gach deimhniú faoin séala agus sonróidh sé na scaireanna lena mbaineann sé agus an méid a íocadh orthu.

9. I gcás scairdheimhniú a aghlot, a chailleadh nó a dhíothú, féadfar é a athnuachan ar 2s. 6d., nó cibé suim faoina bhun sin is cuí leis na stiúrthóirí, a íoc, agus ar cibé téarmaí (más ann) is cuí leo maidir le fianaise agus slánaíocht agus le híoc costas-aspóca faoina rachaidh an chuideachta ag imscrúdú fianaise.

10. Ní thabharfaidh an chuideachta, go díreach ná go neamhdhíreach, ná trí iasacht, ráthaíocht, urrús a sholáthar ná eile, aon chúnamh airgeadais le haghaidh ná i leith ceannach nó suibscríobh a bheidh déanta, nó le déanamh ag duine ar bith ar aon scaireanna nó le haghaidh aon scaireanna sa chuideachta féin nó ina cuideachta shealbhaíochta, ach ní chuirfidh an rialachán seo toirmeasc le haon idirbheart a cheadaítear le halt 60 den Acht.

Lian.

11. Beidh tús-lian ceannasach ag an gcuideachta ar gach scair (nach scair láníoctha) le haghaidh an airgid uile (cibé acu a bheidh sé iníoctha láithreach nó nach mbeidh) ar a nglaofar nó is iníoctha tráth socraithe i leith na scaire sin, agus beidh tús-lian ceannasach ag an gcuideachta freisin ar gach scair (seachas scaireanna láníoctha) a bheidh cláraithe in ainm duine aonair le haghaidh an airgid uile is iníoctha láithreach aige féin, nó ag a eastát, leis an gcuideachta; ach féadfaidh na stiúrthóirí tráth ar bith a dhearbhú go mbeidh scair ar bith díolmhaithe go hiomlán nó go páirteach ó fhorálacha an rialacháin seo. Sroichfidh lian na cuideachta ar scair chun na ndíbhinní go léir is iníoctha uirthi.

12. Féadfaidh an chuideachta, i cibé slí is cuí leis na stiúrthóirí, aon scaireanna a mbeidh lian ag an gcuideachta orthu a dhíol, ach ní dhéanfar aon díol mura mbeidh suim a mbeidh an lian ar marthain ina leith iníoctha láithreach, ná go ceann 14 lá tar éis fógra i scríbhinn, ina luafar, agus ina mbeidh éileamh go n-íocfar, an chuid is iníoctha láithreach den mhéid a bhfuil an lian ar marthain ina leith, a thabhairt do shealbhóir cláraithe na scaire de thuras na huaire, nó don duine a mbeidh teideal aige chun na scaire mar gheall ar bhás nó féimheacht an tsealbhóra sin.

13. Chun éifeacht a thabhairt d'aon díol den sórt sin, féadfaidh na stiúrthóirí a údarú do dhuine éigin na scaireanna a dhíolfar a aistriú chun a gceannaitheora. Clárófar an ceannaitheoir mar shealbhóir na scaireanna a bheidh ar áireamh in aon aistriú den sórt sin, agus ní bheidh de cheangal air féachaint i ndiaidh chur chun feidhme an airgid ceannaigh, ná ní dhéanfaidh sé difir dá theideal chun na scaireanna aon mhírialtacht nó neamhbhailíocht a bhaint leis na himeachtaí maidir leis an díol sin.

14. Glacfaidh an chuideachta fáltais an díola agus cuirfear chun feidhme iad mar íocaíocht ar an gcuid is iníoctha láithreach den mhéid a mbeidh an lian ar marthain ina leith, agus déanfar an t-iarmhar, más ann, a íoc (faoi réir a shamhail de lian, i leith suimeanna nach mbeidh iníoctha láithreach, a bhí ar marthain i leith na scaireanna sular díoladh iad) leis an duine a raibh teideal aige chun na scaireanna ar dháta a ndíolta.

Glaochanna ar Scaireanna.

15. Féadfaidh na stiúrthóirí ó am go ham glaochanna a dhéanamh ar na comhaltaí i leith aon suimeanna airgid a bheidh gan íoc ar a scaireanna (cibé acu i gcuntas luach ainmniúil na scaireanna é nó mar phréimh) agus nach raibh, de réir choinníollacha a leithroinnte, le híoc tráthanna socraithe, ar choinníoll nach mbeidh aon ghlaoch níos mó ná an ceathrú cuid de luach ainmniúil na scaire ná nach mbeidh sé iníoctha tráth is giorra ná mí ón dáta a socraíodh chun an glaoch deiridh roimhe sin a íoc, agus íocfaidh gach comhalta (faoi réir fógra 14 lá ar a laghad a fháil dó ina sonrófar tráth nó tráthanna agus áit a híoctha) leis an gcuideachta, an tráth nó na tráthanna, agus san áit, a shonrófar amhlaidh, an tsuim a nglaofar uirthi i leith a scaireanna. Féadfar glaoch a chúlghairm nó a chur siar de réir mar a chinnfidh na stiúrthóirí.

16. Measfar glaoch a bheith arna dhéanamh an tráth a ritheadh an rún ó na stiúrthóirí á údarú, agus féadfar a cheangal go n-íocfar ina thráthchodanna é.

17. Beidh sealbhóirí comhpháirteacha scaire faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach chun gach glaoch ina leith a íoc.

18. Mura ndéanfar suim ar a nglaofar i leith scaire a íoc roimh an lá nó ar an lá a ceapadh chun a híoctha, beidh ar an duine a mbeidh an tsuim dlite air ús a íoc ar an tsuim, ón lá a ceapadh chun a híoctha go dtí an tráth a íocfar í iarbhír, de réir cibé ráta, nach mó ná 5 faoin gcéad sa bhliain, a chinnfidh na stiúrthóirí, ach beidh de chead ag na stiúrthóirí íoc an úis sin a tharscaoileadh go hiomlán nó go páirteach.

19. Aon suim a thiocfaidh, faoi na téarmaí ar ar eisíodh scair, chun bheith iníoctha ar an scair a leithroinnt nó ar aon dáta socraithe, cibé acu i gcuntas luach ainmniúil na scaire é nó mar phréimh, measfar, chun críocha na rialachán seo, gur glaoch í a bheidh arna dhéanamh go cuí agus a bheidh iníoctha ar an dáta a thiocfaidh an tsuim sin, de réir téarmaí na heisiúna, chun bheith iníoctha, agus mura n-íocfar í beidh feidhm ag na forálacha iomchuí uile de na rialacháin seo a bhaineann le híoc úis agus caiteachas, le forghéilleadh nó eile, ionann is dá mba de bhun glaoch arna dhéanamh agus arna chur in iúl go cuí a thiocfadh an tsuim sin chun bheith iníoctha.

20. Féadfaidh na stiúrthóirí, ar scaireanna a eisiúint, idirdhealú a dhéanamh ar na sealbhóirí ó thaobh méid na nglaochanna a bheidh le híoc agus tráthanna a n-íoctha.

21. Féadfaidh na stiúrthóirí, más cuí leo é, an t-iomlán nó aon chuid de na suimeanna airgid a bheidh gan glaoch agus gan íoc ar aon scaireanna a shealbhóidh sé a ghlacadh ó aon chomhalta a bheidh toilteanach an céanna a réamhíoc, agus ar an iomlán nó aon chuid de na suimeanna airgid a réamhíocfar amhlaidh féadfaidh siad (go dtí go dtiocfadh an céanna, murach an réamhíoc sin, chun bheith iníoctha) ús a íoc de réir cibé ráta, nach mó (mura n-ordóidh an chuideachta a mhalairt i gcruinniú ginearálta) ná 5 faoin gcéad sa bhliain, ar a gcomhaontófar idir na stiúrthóirí agus an comhalta a íocfaidh an tsuim sin roimh ré.

Aistriú Scaireanna.

22. Déanfaidh an t-aistreoir agus an t-aistrí, nó déanfar thar a gceann, ionstraim aistrithe aon scaire a fhorghníomhú, agus measfar go bhfanfaidh an t-aistreoir ina shealbhóir ar an scair go dtí go gcuirfear ainm an aistrí sa chlár ina leith.

23. Faoi réir cibé srianta sna rialacháin seo a bheidh infheidhme, féadfaidh comhalta ar bith gach ceann nó aon cheann dá scaireanna a aistriú le hionstraim i scríbhinn in aon fhoirm is gnách nó atá coitianta nó in aon fhoirm eile a cheadóidh na stiúrthóirí.

24. Féadfaidh na stiúrthóirí diúltú clárú a dhéanamh ar aistriú scaire (nach scair láníoctha) chun duine nach mbeidh glacadh acu leis, agus féadfaidh siad freisin diúltú clárú a dhéanamh ar aistriú aon scaire a mbeidh lian ag an gcuideachta uirthi. Féadfaidh na stiúrthóirí freisin diúltú clárú a dhéanamh ar aon aistriú scaire más é a dtuairim go bhféadfadh baol nó dochar a bheith ann do stádas na cuideachta sa Stát nó go bhféadfadh baol a bheith ann maidir le haon lamháltas nó lacáiste cánach a mbeidh comhaltaí na cuideachta ina theideal nó go bhféadfadh sé a thabhairt go mbeadh ar an gcuideachta aon dleachtanna stampa nó dleachtanna eile sa bhreis a íoc ar aon tíolacadh maoine de chineál ar bith a bheith déanta nó le déanamh chun na cuideachta.

25. Féadfaidh na stiúrthóirí diúltú freisin aitheantas a thabhairt d'aon ionstraim aistrithe mura rud é—

(a) go n-íocfar ina leith, leis an gcuideachta, táille 2s. 6d., nó cibé suim faoina bhun sin a shocróidh na stiúrthóirí ó am go ham; agus

(b) go gcuirfear isteach, i dteannta na hionstraime aistrithe, an deimhniú ar na scaireanna lena mbaineann an ionstraim sin, agus cibé fianaise eile a theastóidh le réasún ó na stiúrthóirí chun a thaispeáint go bhfuil ceart ag an aistreoir an t-aistriú a dhéanamh; agus

(c) gurb ionstraim aistrithe nach mbaineann ach le haon chineál amháin scaire atá ann.

26. Má dhiúltaíonn na stiúrthóirí aistriú a chlárú, déanfaidh siad, laistigh de 2 mhí tar éis an dáta a taisceadh an t-aistriú leis an gcuideachta, fógra faoin diúltú a chur chun an aistrí.

27. Féadfar an clárú ar aistriú scaireanna a fhionraí cibé tráthanna agus ar feadh cibé tréimhsí, nach faide ná 30 lá san iomlán gach bliain, a chinnfidh na stiúrthóirí ó am go ham.

28. Beidh an chuideachta i dteideal táille nach mó ná 2s. 6d. a éileamh as gach clárú ar phrobháid, litreacha riaracháin, deimhniú báis nó pósta, cumhacht aturnae, fógra maidir le stoc nó ionstraim eile.

Tarchur Scaireanna.

29. I gcás comhalta d'fháil bháis, ní aithneoidh an chuideachta ach an marthanóir, nó na marthanóirí má ba shealbhóir comhpháirteach an t-éagach, agus ionadaithe pearsanta an éagaigh má ba shealbhóir aonair é, mar dhaoine a bhfuil teideal ar bith acu chun leas an éagaigh sna scaireanna; ach ní scaoilfidh aon ní dá bhfuil anseo eastát sealbhóra chomhpháirtigh a bheidh tar éis bháis ó aon dliteanas i leith aon scaire a shealbhaigh sé i gcomhpháirt le daoine eile.

30. Aon duine a thiocfaidh i dteideal scaire de chionn bás comhalta nó de chionn a fhéimheachta, féadfaidh sé, ar cibé fianaise a thabhairt ar aird a cheanglóidh na stiúrthóirí go cuí ó am go ham agus faoi réir a bhforáiltear anseo ina dhiaidh seo, glacadh de rogha é féin a chlárú mar shealbhóir na scaire nó duine éigin eile a ainmneoidh sé a fháil cláraithe mar aistrí na scaire, ach i gceachtar cás acu beidh an ceart céanna ag na stiúrthóirí chun clárú a dhiúltú nó a fhionraí a bheadh acu i gcás an scair sin a bheith á haistriú ag an gcomhalta sin roimh a bhás nó a fhéimheacht, cibé acu é.

31. Más é is rogha leis an duine a dtiocfaidh an teideal sin chuige amhlaidh é féin a chlárú, seachadfaidh sé don chuideachta, nó cuirfidh sé chuici, fógra i scríbhinn faoina shíniú á rá gurb é sin a rogha. Más é is rogha leis duine eile a fháil cláraithe, fianóidh sé a rogha trí aistriú na scaire a fhorghníomhú chun an duine sin. Gach teorainn, srian agus foráil sna rialacháin seo a bhaineann leis an gceart chun scaireanna a aistriú agus lena n-aistriú a chlárú beidh feidhm acu maidir le haon fhógra nó aistriú mar a dúradh ionann is dá mbeadh bás nó féimheacht an chomhalta gan tarlú agus gurbh aistriú faoi shíniú an chomhalta sin an fógra nó an t-aistriú.

32. Duine a thiocfaidh i dteideal scaire de chionn bás nó féimheacht a sealbhóra, beidh teideal aige chun na ndíbhinní agus na mbuntáistí eile a mbeadh teideal aige chucu dá mba é sealbhóir cláraithe na scaire é, ach nach mbeidh, sula gclárófar ina chomhalta é i leith na scaire, teideal aige ina leith chun aon cheart a fheidhmiú a thugtar de bhua comhaltais maidir le cruinnithe na cuideachta, sa dóigh, áfach, go bhféadfaidh na stiúrthóirí tráth ar bith fógra a thabhairt á cheangal ar aon duine den sórt sin glacadh de rogha é féin a chlárú nó aon scair a aistriú, agus mura gcomhlíonfaidh sé an fógra laistigh de 90 lá, féadfaidh na stiúrthóirí ansin íoc gach díbhinne, bónais nó airgid eile is iníoctha i leith na scaire a choinneáil siar go dtí go mbeidh ceanglais an fhógra comhlíonta.

Forghéilleadh Scaireanna.

33. Má loiceann comhalta aon ghlaoch nó aon tráthchuid de ghlaoch a íoc an lá a bheidh ceaptha chun a íoctha, féadfaidh na stiúrthóirí, tráth ar bith ina dhiaidh sin le linn aon chuid den ghlaoch nó den tráthchuid a bheith gan íoc, fógra a sheirbheáil air á cheangal air an méid a bheidh gan íoc den ghlaoch nó den tráthchuid a íoc, maraon le haon ús a bheidh faibhrithe.

34. Ainmneofar san fhógra lá eile (nach luaithe ná 14 lá ó dháta an fhógra a sheirbheáil) a mbeidh an íocaíocht a cheanglófar leis an bhfógra le déanamh air nó roimhe, agus déarfar ann go ndlífear na scaireanna a ndearnadh an glaoch ina leith a fhorghéilleadh más rud é nach ndéanfar an íocaíocht an tráth a bheidh ceaptha nó roimhe sin.

35. Más rud é nach gcomhlíonfar ceanglais aon fhógra den sórt a dúradh, féadfar aon scair ar tugadh an fógra ina leith a fhorghéilleadh tráth ar bith ina dhiaidh sin, sula ndéanfar an íocaíocht a ceanglaíodh leis an bhfógra, le rún chuige sin ó na stiúrthóirí.

36. Féadfar scair a forghéilleadh a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile ar cibé téarmaí agus ar cibé modh is cuí leis na stiúrthóirí, agus féadfar tráth ar bith roimh scair a dhíol nó a dhiúscairt an forghéilleadh a chealú ar cibé téarmaí is cuí leis na stiúrthóirí.

37. Duine ar forghéilleadh a scaireanna scoirfidh sé de bheith ina chomhalta i leith na scaireanna a forghéilleadh ach, dá ainneoin sin, fanfaidh sé faoi dhliteanas an t-airgead uile a íoc leis an gcuideachta a bhí, ar dháta an fhorghéillte, iníoctha aige leis an gcuideachta i leith na scaireanna, ach scoirfidh a dhliteanas má tharlaíonn agus nuair a tharlóidh go bhfaighidh an chuideachta íocaíocht iomlán san airgead sin i leith na scaireanna.

38. Beidh dearbhú reachtúil gur stiúrthóir ar an gcuideachta an dearfóir nó gurb é rúnaí na cuideachta é, agus go ndearnadh scair sa chuideachta a fhorghéilleadh go cuí ar dháta a luafar sa dearbhú, ina fhianaise dhochloíte ar na fíorais a bheidh luaite ann i gcoinne gach duine a bheidh á éileamh go bhfuil teideal aige chun na scaire. Féadfaidh an chuideachta an chomaoin, más ann, a ghlacadh a thabharfar ar an scair in aon chás ina ndíolfar nó ina ndiúscrófar í, agus féadfaidh an chuideachta aistriú na scaire a fhorghníomhú i bhfabhar an duine a ndéanfar an scair a dhíol leis nó a dhiúscairt chuige, agus air sin clárófar an duine sin mar shealbhóir na scaire, agus ní bheidh de cheangal air féachaint i ndiaidh chur chun feidhme an airgid ceannaigh, más ann, ná ní dhéanfaidh sé difir dá theideal chun na scaire aon mhírialtacht nó neamhbhailíocht a bhaint leis na himeachtaí maidir le forghéilleadh, díol nó diúscairt na scaire.

39. Beidh feidhm ag na forálacha i dtaobh forghéilleadh atá sna rialacháin seo i gcás neamhíoc aon suime a thiocfaidh, de réir na dtéarmaí ar ar eisíodh scair, chun bheith iníoctha tráth socraithe, cibé acu i gcuntas luach ainmniúil na scaire nó mar phréimh é, ionann is dá mbeadh an tsuim sin iníoctha de bhun glaoch a rinneadh agus a fógraíodh go cuí.

Comhshó Scaireanna ina Stoc.

40. Féadfaidh an chuideachta, le gnáthrún, aon scaireanna íoctha a chomhshó ina stoc, agus aon stoc a ath-chomhshó ina scaireanna íoctha d'ainmniúchán ar bith.

41. Féadfaidh sealbhóirí stoic a stoc, nó aon chuid de, a aistriú ar an modh céanna ar a bhféadfaí, agus faoi réir na rialachán céanna ar faoina réir a d'fhéadfaí, na scaireanna as ar éirigh an stoc a aistriú roimh an gcomhshó, nó ar mhodh agus faoi réir rialachán a bheidh chomh gar dóibh sin agus is féidir sna himthosca; agus féadfaidh na stiúrthóirí ó am go ham an t-íosmhéid stoic is inaistrithe a shocrú, ach sin sa dóigh nach mó an t-íosmhéid sin ná luach ainmniúil gach scaire as ar éirigh an stoc.

42. Beidh ag sealbhóirí stoic, de réir an méid stoic a shealbhóidh siad, na cearta, na pribhléidí agus na buntáistí céanna, maidir le díbhinní, le vótáil ag cruinnithe den chuideachta agus le nithe eile, a bheadh acu dá sealbhóidís na scaireanna as ar éirigh an stoc, ach ní thabharfar aon cheart, pribhléid na buntáiste den sórt sin (ach amháin rannpháirtíocht i ndíbhinní agus brabúis na cuideachta agus sna sócmhainní i gcás a foirceanta) le stoc de mhéid nach dtabharfadh an ceart, an phribhléid nó an buntáiste sin dá mba ina scaireanna dó.

43. Beidh feidhm maidir le stoc ag na cinn sin de rialacháin na cuideachta a bhaineann le scaireanna íoctha, agus folóidh na focail “scair” agus “scairshealbhóir” sna rialacháin sin “stoc” agus “stocshealbhóir”.

Athrú Caipitil.

44. Féadfaidh an chuideachta ó am go ham, le gnáthrún, an scair-chaipiteal a mhéadú cibé suim, a roinnfear ina scaireanna de cibé méid, a ordófar leis an rún.

45. Féadfaidh an chuideachta, le gnáthrún—

(a) an t-iomlán nó aon chuid dá scair-chaipiteal a chomhdhlúthú agus a roinnt ina scaireanna de mhéid is mó ná a scaireanna láithreacha;

(b) a scaireann láithreacha, nó aon chuid díobh, a fhoroinnt ina scaireanna de mhéid is 1ú ná mar a socraíodh leis an meabhrán comhlachais, ach sin faoi réir alt 68 (1) (d) den Acht;

(c) aon scaireanna a chealú nach mbeidh, ar dháta an rúin a rith, tógtha, nó comhaontaithe ar iad a thógáil, ag duine ar bith.

46. Féadfaidh an chuideachta, le rún speisialta, a scair-chaipiteal nó aon chúlchiste fuascailte caipitil nó aon chuntas scair-phréimhe a laghdú i slí ar bith agus i dteannta agus faoi réir aon teagmhais a údaraítear, agus aon toilithe a cheanglaítear, le dlí.

Cruinnithe Ginearálta.

47. Is sa Stát a thionólfar gach cruinniú ginearálta den chuideachta.

48. (1) Faoi réir mhír (2) den rialachán seo, tionólfaidh an chuideachta, gach bliain, cruinniú ginearálta mar chruinniú ginearálta bliantúil na cuideachta, i dteannta aon chruinnithe eile sa bhliain sin, agus sonróidh sí an cruinniú amhlaidh sna fógraí á ghairm; agus ní bheidh thar 15 mhí idir dáta aon chruinnithe ghinearálta bhliantúil áirithe agus dáta an chéad chruinnithe ghinearálta bhliantúil ina dhiaidh.

(2) Ar chuntar go ndéanfaidh an chuideachta a céad chruinniú ginearálta bliantúil a thionól laistigh de 18 mí tar éis a corpraithe, ní gá di é a thionól i mbliain a corpraithe ná sa bhliain ina dhiaidh sin. Faoi réir rialachán 47, tionólfar an cruinniú ginearálta bliantúil cibé am agus áit a cheapfaidh na stiúrthóirí.

49. Tabharfar cruinniú ginearálta urghnách ar gach cruinniú ginearálta nach cruinniú ginearálta bliantúil.

50. Féadfaidh na stiúrthóirí, aon uair is cuí leo é, cruinniú ginearálta urghnách a chomóradh, agus déanfar cruinnithe ginearálta urghnácha a chomóradh freisin arna bhforéileamh, nó i gcás mainneachtana féadfar iad a chomóradh ag foréilitheoirí, mar a fhoráiltear le halt 132 den Acht. Más rud é tráth ar bith nach mbeidh sa Stát leorlíon stiúrthóirí a bheidh inniúil ar ghníomhú chun córam a dhéanamh, féadfaidh stiúrthóir ar bith, nó 2 chomhalta ar bith den chuideachta, cruinniú ginearálta urghnách a chomóradh ar an modh céanna, chomh fada agus is féidir, leis an modh ina bhféadfaidh na stiúrthóirí cruinnithe a chomóradh.

Fógra faoi Chruinnithe Ginearálta.

51. Faoi réir ailt 133 agus 141 den Acht, déanfar cruinniú ginearálta bliantúil, agus cruinniú a ghairfear chun rún speisialta a rith, a ghairm le fógra 21 lá ar a laghad i scríbhinn, agus gairfear cruinniú den chuideachta (seachas cruinniú ginearálta bliantúil nó cruinniú chun rún speisialta a rith) le fógra 14 lá ar a laghad i scríbhinn. Ní áireofar sa tréimhse don fhógra an lá a sheirbheálfar é nó a mheasfar é a sheirbheáil ná an lá dá dtabharfar é, agus sonróidh sé áit, lá agus am an chruinnithe agus, i gcás gnó speisialta, an cineál gnó atá ann go ginearálta, agus tabharfar é, ar an modh a luaitear anseo ina dhiaidh seo, do na daoine a bheidh, faoi rialacháin na cuideachta, i dteideal na fógraí sin a fháil ón gcuideachta.

52. Má tharlaíonn de thionóisc nach dtabharfar fógra faoi chruinniú d'aon duine a bheidh i dteideal fógra a fháil, nó nach bhfaighidh sé fógra faoi, ní chuirfidh sin na himeachtaí ag an gcruinniú ó bhail.

Na hImeachtaí ag Cruinnithe Ginearálta.

53. Measfar gur gnó speisialta an gnó uile a dhéanfar ag cruinniú ginearálta urghnách, agus freisin an gnó uile a dhéanfar ag cruinniú ginearálta bliantúil, taobh amuigh de dhíbhinn a dhearbhú, na cuntais agus na cláir chomhardaithe agus tuarascálacha na stiúrthóirí agus na n-iniúchóirí a bhreithniú, stiúrthóirí a thoghadh in ionad na stiúrthóirí a bheidh ag scor, na hiniúchóirí a bheidh ag scor a athcheapadh agus luach saothair na n-iniúchóirí a shocrú.

54. Ní dhéanfar gnó ar bith ag aon chruinniú ginearálta mura mbíonn córam comhaltaí i láthair nuair a rachaidh an cruinniú i mbun gnó; ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt sna rialacháin seo, is córam trí chomhalta a bheidh i láthair go pearsanta.

55. Más rud é, faoi cheann leathuair a chloig ón am a ceapadh don chruinniú, nach mbeidh córam i láthair, beidh an cruinniú ar scor más ar fhoréileamh ó chomhaltaí a comóradh é; in aon chás eile beidh sé ar atráth go dtí an lá céanna an tseachtain dár gcionn, ag an am céanna agus san áit chéanna nó go dtí cibé lá eile agus cibé am agus áit eile a chinnfidh na stiúrthóirí, agus más rud é, ag an gcruinniú atrátha, nach mbeidh córam i láthair faoi cheann leathuair a chloig ón am a ceapadh don chruinniú, beidh na comhaltaí a bheidh i láthair ina gcóram.

56. Is é an cathaoirleach, más ann, ar an mbord stiúrthóirí a bheidh i gceannas mar chathaoirleach ag gach cruinniú ginearálta den chuideachta, nó mura mbeidh aon chathaoirleach den sórt sin ann, nó mura mbeidh sé i láthair faoi cheann 15 nóiméad tar éis an ama a ceapadh chun an cruinniú a thionól, nó mura mbeidh sé toilteanach gníomhú, toghfaidh na stiúrthóirí a bheidh i láthair duine dá líon féin chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

57. Más rud é ag cruinniú ar bith nach mbeidh aon stiúrthóir toilteanach gníomhú mar chathaoirleach, nó nach mbeidh aon stiúrthóir i láthair faoi cheann 15 nóiméad tar éis an ama a ceapadh chun an cruinniú a thionól, roghnóidh na comhaltaí a bheidh i láthair duine dá líon féin chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

58. Féadfaidh an cathaoirleach, le toiliú aon chruinnithe a mbeidh córam i láthair aige, agus déanfaidh sé má ordaíonn an cruinniú amhlaidh, an cruinniú a atráthú ó am go ham agus ó áit go hait, ach ní dhéanfar ag aon chruinniú atrátha aon ghnó seachas an gnó a fágadh gan críochnú ag an gcruinniú óna ndearnadh an t-atráthú. I gcás cruinniú a atráthú go ceann 30 lá nó níos mó, tabharfar fógra faoin gcruinniú atrátha mar a dhéanfaí i gcás cruinniú bunaidh. Ach amháin mar a dúradh ní gá aon fhógra a thabhairt faoi atráthú ná faoin ngnó a bheidh le déanamh ag cruinniú atrátha.

59. Ag aon chruinniú ginearálta déanfar rún a chuirfear faoi vóta an chruinnithe a chinneadh le taispeáint lámh ach amháin i gcás vótaíocht a éileamh (roimh an taispeáint lámh nó tar éis a thoradh a fhógairt)—

(a) ag an gCathaoirleach; nó

(b) ag trí chomhalta ar a laghad a bheidh i láthair go pearsanta nó trína seachvótálaithe; nó

(c) ag aon chomhalta nó comhaltaí a bheidh i láthair go pearsanta nó trína seachvótálaithe agus a ionannóidh an deichiú cuid ar a laghad de chearta vótála uile na gcomhaltaí go léir a mbeidh ceart vótála acu ag an gcruinniú; nó

(d) ag comhalta nó comhaltaí ag a mbeidh scaireanna sa chuideachta a thabharfaidh ceart vótála ag an gcruinniú agus arb é a bheidh iontu scaireanna ar íocadh suim chomhiomlán orthu is ionann agus an deichiú cuid ar a laghad den tsuim iomlán a íocadh ar na scaireanna uile a thugann an ceart sin.

Mura rud é go n-éileofar vótaíocht amhlaidh, beidh dearbhú ón gcathaoirleach go ndearnadh, ar thaispeáint lámh, rún a rith, nó é a rith d'aonghuth nó ag tromlach áirithe, nó a chailleadh, agus taifead sa chéill sin sa leabhar ina gcoimeádtar na miontuairiscí ar imeachtaí na cuideachta, ina fhianaise dhochloíte go ndearnadh amhlaidh, gan cruthúnas ar líon nó cionúireacht na vótaí a tugadh i bhfabhar nó i gcoinne an rúin sin.

Féadfar an t-éileamh ar vótaíocht a tharraingt siar.

60. Ach amháin mar a fhoráiltear i rialachán 62, má éilítear vótaíocht go cuí glacfar an vótaíocht i cibe slí a ordóidh an cathaoirleach, agus measfar gurb é toradh na vótaíochta rún an chruinnithe ag ar éilíodh an vótaíocht.

61. I gcás comhionannas vótaí, cibé acu ar thaispeáint lámh nó ar vótaíocht é, beidh teideal ag cathaoirleach an chruinnithe, a ndéanfar an taispeáint lámh nó a n-éileofar an vótaíocht aige, chun an dara vóta nó vóta réitigh a thabhairt.

62. Má éilítear vótaíocht ar thoghadh cathaoirligh nó ar cheist faoi atráthú, glacfar an vótaíocht láithreach. I gcás vótaíocht a éileamh ar aon cheist eile, glacfar an vótaíocht cibé am a ordóidh cathaoirleach an chruinnithe, agus féadfar dul ar aghaidh le haon ghnó, seachas an gnó ar éilíodh vótaíocht air, go dtí go nglacfar an vótaíocht.

Vótaí Comhaltaí.

63. Faoi réir aon chearta nó srianta a ghabhfaidh de thuras na huaire le scaireanna d'aon chineál nó cineálacha, i gcás taispeáint lámh beidh vóta amháin ag gach comhalta a bheidh i láthair go pearsanta agus ag gach seachvótálaí, sa dóigh, áfach, nach mbeidh thar vóta amháin ag aon duine aonair, agus i gcás vótaíochta beidh vóta amháin ag gach comhalta in aghaidh gach scaire a shealbhóidh sé.

64. I gcás sealbhóirí comhpháirteacha, déanfar vóta an tsealbhóra is sinsearaí a thairgfidh vóta, cibé acu go pearsanta nó trína sheachvótálaí é, a ghlacadh agus fágfar as an áireamh vótaí na sealbhóirí comhpháirteacha eile; agus chun na críche sin cinnfear sinsearacht de réir an oird ina mbeidh na hainmneacha sa chlár.

65. Féadfaidh comhalta mímheabhrach, nó comhalta a ndearna aon chúirt ag a raibh dlínse ghealtachta ordú ina leith, vótáil a dhéanamh, cibé acu ar thaispeáint lámh nó ar vótaíocht é, trína chúramaí, trína ghlacadóir, trína chaomhnóir nó trí dhuine eile arna cheapadh ag an gcúirt sin, agus féadfaidh aon chúramaí, glacadóir, caomhnóir nó duine eile den sórt sin vótáil trína sheachvótálaí ar thaispeáint lámh nó ar vótaíocht.

66. Ní bheidh aon chomhalta i dteideal vótáil a dhéanamh ag aon chruinniú ginearálta murar íocadh gach glaoch nó gach suim eile is iníoctha go díreach aige i leith scaireanna sa chuideachta.

67. Ní dhéanfar aon agóid i gcoinne cáilíocht aon vótálaí ach amháin ag an gcruinniú, nó ag an gcruinniú atrátha, a dtabharfar nó a dtairgfear an vóta aige, agus beidh gach vóta nach ndícheadófar ag an gcruinniú sin ina vóta bailí chun gach críche. Aon agóid den sórt sin a dhéanfar i dtráth cuí, cuirfear faoi bhráid chathaoirleach an chruinnithe é agus beidh a chinneadh sin ina chinneadh críochnaitheach dochloíte.

68. Féadfar vótaí a thabhairt go pearsanta nó trí sheachvótálaí.

69. Ní foláir an ionstraim lena gceapfar seachvótálaí a bheith i scríbhinn faoi láimh an cheapthóra, nó faoi láimh a aturnae arna údarú go cuí i scríbhinn nó, más comhlacht corpraithe an ceapthóir, faoi shéala nó faoi láimh oifigigh nó aturnae chuí-údaraithe. Ní gá go mbeadh seachvótálaí ina chomhalta den chuideachta.

70. Déanfar an ionstraim lena gceapfar seachvótálaí, agus an chumhacht aturnae nó an t-údarás eile, más ann, faoinar síníodh í, nó cóip arna deimhniú ag nótaire den chumhacht nó den údarás sin, a thaisceadh san oifig, nó i cibé áit eile sa Stát a shonrófar chuige sin i bhfógra comórtha an chruinnithe, 48 n-uaire a chloig ar a laghad roimh an am do thionól an chruinnithe, nó an chruinnithe atrátha, a mbeidh beartaithe ag an duine a bheidh ainmnithe san ionstraim vótáil aige nó, i gcás vótaíochta, 48 n-uaire a chloig ar a laghad roimh an am a ceapadh chun an vótaíocht a ghlacadh, agus mura dtaiscfear ní áireofar an ionstraim sheachvótála mar ionstraim bhailí.

71. Is san fhoirm seo a leanas, nó i bhfoirm chomh cóngarach di agus is féidir sna himthosca, a bheidh an ionstraim lena gceapfar seachvótálaí—

Teoranta.

Déanaimse/Déanaimidne,................................................................................

i gContae.........................................................................................., eadhon,

comhalta/comhaltaí den chuideachta thuasainmnithe.........................................................

.............................................................................................................

as ..........................................................................................................

nó ina éagmais sin..........................................................................................

as ..........................................................................................................

a cheapadh leis seo ina sheachvótálaí dom/dúinn chun vótáil dom/dúinn thar mo cheann/ár gceann ag an gcruinniú ginearálta (bliantúil nó urghnách, cibé acu

é) den chuideachta a thionólfar an................................lá de.......................................

19......... agus ag aon atráthú ar an gcruinniú sin.

Arna shíniú an.....................lá seo de........................................19......

Tá an fhoirm seo le húsáid

 i bhfabhar

i gcoinne

an rúin.

Mura dtugtar a mhalairt de theagasc dó, vótálfaidh an seachvótálaí mar is cuí leis.

*Scrios an ceann nach bhfuil ag teastáil.”

72. Measfar an ionstraim lena gceapfar seachvótálaí do thabhairt údarás chun vótaíocht a éileamh nó chun bheith páirteach i vótaíocht a éileamh.

73. Beidh vóta a thabharfar de réir téarmaí ionstraime seachvótála ina vóta bailí d'ainneoin bás nó gealtacht an phríomhaí roimhe sin, nó d'ainneoin an ionstraim sheachvótála nó an t-údarás faoinar forghníomhaíodh í a bheith cúlghairthe, nó an scair ar tugadh an ionstraim sheachvótála ina leith a bheith aistrithe, roimhe sin, más rud é nach mbeidh scéala i scríbhinn faoin mbás, faoin ngealtacht, faoin gcúlghairm nó faoin aistriú sin mar a dúradh faighte ag an gcuideachta san oifig roimh thosach an chruinnithe, nó an chruinnithe atrátha, a n-úsáidfear an chumhacht sheachvótála aige.

Comhlachtaí Corpraithe ag gníomhú trí Ionadaithe ag Cruinnithe.

74. Aon chomhlacht corpraithe atá ina chomhalta den chuideachta, féadfaidh sé, le rún óna stiúrthóirí nó ón gcomhlacht ceannais eile a bheidh air, a údarú do cibé duine is cuí leis gníomhú mar ionadaí dó ag aon chruinniú den chuideachta nó d'aon aicme comhaltaí sa chuideachta, agus beidh an duine a údarófar amhlaidh i dteideal na cumhachtaí céanna a fheidhmiú, thar ceann an chomhlachta chorpraithe a mbeidh sé ina ionadaí dó, a d'fhéadfadh an comhlacht corpraithe sin a fheidhmiú dá mba chomhalta aonair den chuideachta é.

Stiúrthóirí.

75. Déanfaidh sínitheoirí an mheabhráin chomhlachais, nó tromlach de na sínitheoirí sin, líon na stiúrthóirí agus ainmneacha na gcéad stiúrthóirí a chinneadh i scríbhinn.

76. Déanfaidh an chuideachta luach saothair na stiúrthóirí a chinneadh ó am go ham i gcruinniú ginearálta. Measfar an luach saothair sin a fhaibhriú ó lá go lá. Féadfar íocaíocht a thabhairt do na stiúrthóirí freisin i leith gach costas taistil, costas óstáin agus costas eile faoina rachaidh siad go cuí ag freastal ar chruinnithe de stiúrthóirí na cuideachta, nó d'aon choiste dá stiúrthóirí, nó ar chruinnithe ginearálta den chuideachta, agus ag filleadh ó na cruinnithe sin, nó i ndáil le gnó na cuideachta.

77. Féadfaidh an chuideachta an cháilíocht scairsheilbhe do stiúrthóirí a shocrú i gcruinniú ginearálta, agus mura ndéantar agus go dtí go ndéanfar í a shocrú amhlaidh ní bheidh aon cháilíocht riachtanach.

78. Féadfaidh stiúrthóir ar an gcuideachta bheith, nó teacht chun bheith, ina stiúrthóir ar aon chuideachta a bheidh arna tionscnamh ag an gcuideachta, nó a mbeidh leas ag an gcuideachta inti mar scairshealbhóir nó eile, nó ina oifigeach eile d'aon chuideachta den sórt sin, nó leas ar shlí eile a bheith aige inti, agus ní bheidh aon stiúrthóir den sórt sin freagrach don chuideachta as aon luach saothair nó sochair eile a gheobhaidh sé mar stiúrthóir ar an gcuideachta eile sin, nó mar oifigeach di, nó de thairbhe a leasa inti, mura n-ordóidh an chuideachta a mhalairt.

Cumhachtaí chun Iasacht a Fháil.

79. Féadfaidh na stiúrthóirí na cumhachtaí uile a fheidhmiú a bheidh ag an gcuideachta chun airgead a fháil ar iasacht, agus chun a gnóthas, a maoin agus a caipiteal neamhghlaoite, nó aon chuid den chéanna, a mhorgáistiú nó a mhuirearú, agus chun bintiúir, stoc bintiúir agus urrúis eile a eisiúint, go glan amach nó mar urrús ar aon fhiach, dliteanas nó oibleagáid de chuid na cuideachta nó aon tríú páirtí, sa dóigh, áfach, nach mbeidh an méid a bheidh de thuras na huaire gan glanadh d'airgead a bheidh faighte ar iasacht nó curtha faoi urrús ag na stiúrthóirí mar a dúradh (taobh amuigh d'aon iasachtaí sealadacha a fuarthas ó bhaincéirí na cuideachta i ngnáthchúrsaí gnó) níos mó tráth ar bith, mura bhfuarthas ceadú roimh ré ón gcuideachta i gcruinniú ginearálta, ná an méid ainmniúil de scair-chaipiteal na cuideachta a bheidh eisithe de thuras na huaire, ach dá ainneoin sin ní bheidh sé de chúram ar aon iasachtóir, ná ar aon duine eile a bheidh ag déileáil leis an gcuideachta, féachaint ná fiosrú an bhfuiltear ag cloí leis an teorainn sin. Ní bheidh aon fhiach faoina ndeachthas, ná aon urrús a tugadh, de bhreis ar an teorainn sin, neamhbhailí ná neamhéifeachtúil ach amháin i gcás fógra sainráite a thabhairt don iasachtóir, nó d'fhaighteoir an urrúis, an tráth a chuathas faoin bhfiach, nó a tugadh an t-urrús, á rá gur sáraíodh an teorainn a cheaptar leis seo, nó go raibh sé á shárú, ag an bhfiach sin nó ag an urrús sin.

Cumhachtaí agus Dualgais Stiúrthóirí.

80. Déanfaidh na stiúrthóirí gnó na cuideachta a bhainistí, agus féadfaidh siad gach uile chaiteachas faoina rachfar ag tionscnamh agus ag clárú na cuideachta a íoc, agus féadfaidh siad gach cumhacht de chuid na cuideachta a fheidhmiú nach cumhacht a gceanglaítear, leis an Acht nó leis na rialacháin seo, í a bheith le feidhmiú ag an gcuideachta i gcruinniú ginearálta, ach, ar a shon sin, faoi réir aon rialachán acu seo, faoi réir forálacha an Achta agus cibé treoracha, nach mbeidh ar neamhréir leis na rialacháin nó leis na forálacha sin, a thabharfaidh an chuideachta i gcruinniú ginearálta; ach ní chuirfidh aon treoir a thabharfaidh an chuideachta i gcruinniú ginearálta aon ghníomh a rinne na stiúrthóirí roimhe sin ó bhail más gníomh é a bheadh bailí dá mba nár tugadh an treoir sin.

81. Féadfaidh na stiúrthóirí ó am go ham agus am ar bith, le cumhacht aturnae, aon chuideachta, gnólacht nó duine nó comhlacht daoine, cibé acu go díreach nó go neamhdhíreach a ainmneoidh na stiúrthóirí an céanna, a cheapadh mar aturnae nó aturnaetha na cuideachta chun cibé críocha agus le cibé cumhachtaí, údaráis agus roghanna (nach mó ná a ndílsítear do na stiúrthóirí nó a mbeidh infheidhmithe acu faoi na rialacháin seo), agus go ceann cibé tréimhse, agus faoi réir cibé coinníollacha, is cuí leis na stiúrthóirí, agus is cead go mbeadh in aon chumhacht aturnae den sórt sin cibé coinníollacha is oiriúnach leis na stiúrthóirí chun daoine a bheidh ag déileáil le haon aturnae den sórt sin a chosaint, agus is cead freism go n-údaródh sí d'aon aturnae den sórt sin gach ceann nó aon cheann de na cumhachtaí, na húdaráis agus na treoracha a dhílsítear dó a tharmligean.

82. Féadfaidh an chuideachta na cumhachtaí a fheidhmiú a thugtar le halt 41 den Acht maidir le séala oifigiúil a bheith aici chun a úsáidte lasmuigh den Stát, agus dílseofar na cumhachtaí sin do na stiúrthóirí.

83. Aon stiúrthóir a mbeidh leas aige i slí ar bith, go díreach nó go neamhdhíreach, i gconradh, nó i gconradh a bheidh beartaithe, leis na gcuideachta, dearbhóidh sé cad é an cineál leasa é ag cruinniú de na stiúrthóirí de réir alt 194 den Acht.

84. Ní vótálfaidh stiúrthóir i leith aon chonartha nó comhshocraíochta ina mbeidh leas aige amhlaidh, agus, má vótálann sé amhlaidh, ní chomhairfear a vóta, ná ní chomhairfear é féin sa chóram a bheidh i láthair ag an gcruinniú, ach ní bhainfidh aon toirmeasc acu sin—

(a) le haon chomhshocraíocht chun aon urrús nó slánaíocht a thabhairt d'aon stiúrthóir i leith airgid a thabharfaidh sé ar iasacht don chuideachta ná oibleagáidí a ghabhfaidh sé air féin ar mhaithe leis an gcuideachta; ná

(b) le haon chomhshocraíocht chun an chuideachta do thabhairt aon urrúis do thríú páirtí i leith fiach nó oibleagáid ar an gcuideachta ar ghlac an stiúrthóir é féin freagracht ina leith go hiomlán nó go páirteach faoi ráthaíocht nó slánaíocht nó trí urrús a thaisceadh; ná

(c) le haon chonradh ag stiúrthóir chun suibscríobh nó frithghealladh a dhéanamh ar scaireanna nó bintiúir sa chuideachta; ná

(d) le haon chonradh nó comhshocraíocht le haon chuideachta eile nach bhfuil leas aige inti ach mar oifigeach don chuideachta eile sin nó mar shealbhóir scaireanna nó urrús eile sa chuideachta eile sin;

agus féadfaidh an chuideachta tráth ar bith i gcruinniú ginearálta na toirmisc sin a fhionraí nó a mhaolú méid ar bith agus go ginearálta nó i leith aon chonartha, comhshocraíochta nó idirbhirt áirithe.

85. Féadfaidh stiúrthóir aon oifig nó post sochair eile a bheith aige faoin gcuideachta (seachas oifig iniúchóra) in éineacht lena oifig stiúrthóra ar feadh cibé tréimhse, agus ar cibé téarmaí maidir le luach saothair agus eile, a chinnfidh na stiúrthóirí, agus ní bheidh aon stiúrthóir, ná aon duine atá le bheith ina stiúrthóir, dícháilithe mar gheall ar a oifig chun conradh a dhéanamh leis an gcuideachta maidir lena shealbhaíocht ar aon oifig nó post sochair eile den sórt sin nó mar dhíoltóir, ceannaitheoir nó eile, ná ní dhlífear aon chonradh den sórt sin, ná aon chonradh nó comhshocraíocht a dhéanfaidh an chuideachta agus ina mbeidh leas ar bith ag aon stiúrthóir, nó a dhéanfar thar a ceann, a neamhniú, ná ní dhlífidh aon stiúrthóir a chonróidh amhlaidh, nó a mbeidh leas aige amhlaidh, cuntas a thabhairt don chuideachta in aon bhrabús a ghnóthófar as aon chonradh nó comhshocraíocht den sórt sin mar gheall ar an stiúrthóir sin a bheith i seilbh na hoifige sin nó ar an gcaidreamh muiníneach a tháinig dá bharr sin.

86. D'ainneoin leas a bheith ag stiúrthóir, féadfar é a chomhaireamh sa chóram a bheidh i láthair ag aon chruinniú ag a gceapfar é féin, nó aon stíúrthóir eile, chun aon oifig nó post sochair den sórt sin faoin gcuideachta a shealbhú, nó ag a socrófar téarmaí aon cheapacháin den sórt sin, agus féadfaidh sé vótáil ar aon cheapachán nó socrú den sórt sin seachas a cheapachán féin nó socrú a théarmaí.

87. Féadfaidh aon stiúrthóir gníomhú, é féin nó trína ghnólacht, i gcáil ghairmiúil don chuideachta, agus beidh sé féin nó a ghnólacht i dteideal luach saothair a fháil as seirbhísí gairmiúla ionann is nach mbeadh sé ina stiúrthóir; ach ní údaróidh aon ní sa rialachán seo do stiúrthóir, ná dá ghnólacht, gníomhú mar iniúchóir don chuideachta.

88. Déanfar gach seic, nóta gealltanais, dréacht, bille malairte agus ionstraim soshannta eile, agus gach admháil ar airgead a íocfar leis an gcuideachta, a shíníú, a tharraingt, a ghlacadh, a fhormhuiniú nó a fhorghníomhú ar shlí eile, de réir mar a bheidh, ag cibé duine nó daoine agus i cibé slí a chinnfidh na stíúrthóirí ó am go ham le rún.

89. Cuirfidh na stiúrthóirí faoi deara go gcuirfear miontuairiscí i leabhair a sholáthrófar chuige sin—

(a) ar gach ceapachán oifigeach a dhéanfaidh na stiúrthóirí;

(b) ar ainmneacha na stiúrthóirí a bheidh i láthair ag gach cruinniú de na stiúrthóirí agus d'aon choiste de na stiúrthóirí;

(c) ar gach rún agus imeacht ag gach cruinniú den chuideachta agus de na stiúrthóirí agus de choistí stiúrthóirí.

90. Féadfaidh na stiúrthóirí, thar ceann na cuideachta, aisce nó pinsean nó liúntas, ar scor dó, a íoc le haon stiúrthóir a bhí i seilbh aon oifig thuarastail nó post sochair eile ag an gcuideachta, nó lena bhaintreach nó lena chleithiúnaithe, agus féadfaidh siad ranníocaí a dhéanamh le haon chiste, agus préimheanna a íoc, chun aon aisce, pinsean nó liúntas den sórt sin a cheannach nó a chur ar fáil.

Dícháiliú Stiúrthóirí.

91. Scarfar le hoifig stiúrthóra i gcás an stiúrthóir—

(a) a scor de bheith ina stiúrthóir de bhua alt 180 den Acht; nó

(b) a bhreithniú ina fhéimheach sa Stát nó i dTuaisceart Éireann nó sa Bhreatain Mhór nó é do dhéanamh aon chomhshocraíochta nó imshocraíochta lena chreidiúnaithe i gcoitinne; nó

(c) a theacht faoi thoirmeasc chun bheith ina stiúrthóir de bhíthin aon ordaithe arna dhéanamh faoi alt 184 den Acht; nó

(d) a éirí mímheabhrach; nó

(e) a éirí as a oifig trí fhógra i scríbhinn chun na cuideachta; nó

(f) a chiontú i gcion indíotáilte, mura gcinnfidh na stiúrthóirí a mhalairt; nó

(g) a bheith, ar feadh níos mó ná 6 mhí, as láthair gan cead na stiúrthóirí ó chruinnithe de na stiúrthóirí a thionólfar i rith na tréimhse sin.

Uainíocht Stiúrthóirí.

92. Ag an gcéad chruinniú ginearálta bliantúil den chuideachta scoirfidh na stiúrthóirí go léir dá n-oifig, agus ag an gcruinniú ginearálta bliantúil gach bliain ina dhiaidh sin scoirfidh trian de na stiúrthóirí de thuras na huaire nó, mura trí nó iolrú ar thrí a líon scoirfidh an líon is gaire do thrian, dá n-oifig.

93. Na stiúrthóirí a scoirfidh dá n-oifig gach bliain is iad na stiúrthóirí iad is faide a bheidh i seilbh oifige ó toghadh go deireanach iad, ach i gcás daoine a tháinig chun bheith ina stiúrthóirí an lá céanna déanfar (mura gcomhaontóidh siad eatarthu féin ar a mhalairt) na daoine a bheidh le scor a chinneadh le crannchur.

94. Féadfar stiúrthóir a bheidh ag scor dá oifig a atoghadh.

95. Féadfaidh an chuideachta, ag an gcruinniú ag a scoirfidh stiúrthóir mar a dúradh, an oifig ar scaradh léi a líonadh trí dhuine a thoghadh chuici, agus mura ndéanfar amhlaidh measfar an stiúrthóir a bheidh ag scor, má thairgeann sé é féin le haghaidh atoghadh, a bheith arna atoghadh, mura rud é go gcinnfear go sainráite, le rún, ag an gcruinniú sin gan an oifig sin ar scaradh léi a líonadh, nó gur cuireadh rún go n-atoghfaí an stiúrthóir sin faoi bhráid an chruinnithe agus gur cailleadh air.

96. Ní bheidh duine ar bith, seachas stiúrthóir a bheidh ag scor dá oifig ag an gcruinniú, intofa d'oifig stiúrthóra ag aon chruinniú ginearálta, gan é a bheith molta ag na stiúrthóirí, mura rud é gur fágadh san oifig, 3 lá ar a laghad agus 21 lá ar a mhéad roimh an lá a bheidh ceaptha don chruinniú, fógra i scríbhinn, arna shíníú ag comhalta a bheidh cáilithe go cuí chun bheith i láthair agus vótáil ag an gcruinniú dá dtabharfar an fógra sin, á rá go bhfuil ar intinn aige an duine sin a thairiscint chun a thofa, maraon le fógra i scríbhinn arna shíniú ag an duine sin go dtoilíonn sé lena thoghadh.

97. Féadfaidh an chuideachta ó am go ham, le gnáthrún, an líon stiúrthóirí a mhéadú nó a laghdú agus féadfaidh sí freisin a chinneadh cad é an uainíocht ar dá réir a rachaidh an líon méadaithe nó laghdaithe as oifig.

98. Beidh de chumhacht ag na stiúrthóirí, am ar bith agus ó am go ham, duine ar bith a cheapadh ina stiúrthóir, chun corrfholúntas a líonadh nó de bhreis ar na stiúrthóirí láithreacha, ach sa dóigh nach mbeidh an líon iomlán stiúrthóirí níos mó tráth ar bith ná an líon a bheidh socraithe de réir na rialachán seo. Aon stiúrthóir a cheapfar amhlaidh ní bheidh sé i seilbh oifige ach go dtí an chéad chruinniú ginearálta bliantúil ina dhiaidh sin, agus féadfar é a atoghadh ansin, ach ní chuirfear san áireamh é nuair a bheidh na stiúrthóirí a bheidh le scor de réir uainíochta ag an gcruinniú sin á gcinneadh.

99. Féadfaidh an chuideachta, le gnáthrún ar tugadh fógra fadtréimhse faoi de réir alt 142 den Acht, stiúrthóir ar bith a chur as oifig roimh dheireadh a thréimhse oifige d'ainneoin aon ní sna rialacháin seo nó in aon chomhaontú idir an chuideachta agus an stiúrthóir sin. Beidh an cur as oifig sin gan dochar d'aon éileamh a bheadh ag an stiúrthóir sin ar dhamáistí mar gheall ar aon chonradh seirbhíse idir é féin agus an chuideachta a shárú.

100. Féadfaidh an chuideachta, le gnáthrún, duine eile a cheapadh in ionad stiúrthóra a cuireadh as oifig faoi rialachán 99 agus, gan dochar do chumhachtaí na stiúrthóirí faoi rialachán 98, féadfaidh an chuideachta i gcruinniú ginearálta duine ar bith a cheapadh ina stiúrthóir chun corrfholúntas a líonadh nó mar stiúrthóir breise. Aon duine a cheapfar in ionad stiúrthóra a cuireadh as oifig amhlaidh nó chun folúntas den sórt sin a líonadh, beidh sé faoi réir a scortha an tráth céanna a scoirfeadh sé dá dtagadh sé chun bheith ina stiúrthóir an lá a ndearnadh an stiúrthóir ar ceapadh ina ionad é a thoghadh go deireanach ina stiúrthóir.

Imeachtaí Stiúrthóirí.

101. Féadfaidh na stiúrthóirí teacht le chéile chun gnó a chur i gcrích, agus féadfaidh siad a gcruinnithe a atráthú agus a rialú thairis sin mar is cuí leo. Déanfar ceisteanna a éireoidh ag aon chruinniú a chinneadh le tromlach vótaí. I gcás comhionannas vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag an gcathaoirleach. Féadfaidh stiúrthóir, agus déanfaidh an rúnaí ar fhoréileamh ó stiúrthóir, cruinniú de na stiúrthóirí a ghairm tráth ar bith. Má bheartaíonn na stiúrthóirí amhlaidh le rún, ní gá fógra faoi chruinniú stiúrthóirí a thabhairt d'aon stiúrthóir, ar a bhfuil cónaí sa Stát, má bhíonn sé as láthair de thuras na huaire ón Stát.

102. Féadfaidh na stiúrthóirí an córam a shocrú a bheidh riachtanach chun gnó na stiúrthóirí a dhéanamh, agus mura socraítear amhlaidh é is beirt an córam.

103. Féadfaidh na stiúrthóirí leanúnacha gníomhú d'ainneoin aon fholúntais ina líon ach, má bhíonn agus fad a bheidh a líon faoi bhun an líon a socraíodh, le rialacháin na cuideachta nó dá mbun, mar chóram riachtanach stiúrthóirí, féadfaidh na stiúrthóirí leanúnacha nó an stiúrthóir leanúnach gníomhú chun an líon stiúrthóirí a mhéadú go dtí an líon sin nó chun cruinniú ginearálta den chuideachta a ghairm ach ní fhéadfaidh siad gníomhú chun aon chríche eile.

104. Féadfaidh na stiúrthóirí cathaoirleach ar a gcruinnithe a thoghadh agus an tréimhse a bheidh sé i seilbh oifige a chinneadh, ach mura dtoghfar aon chathaoirleach den sórt sin, nó, más rud é ag aon chruinniú nach mbeidh an cathaoirleach i láthair faoi cheann 5 nóiméad i ndiaidh an ama a ceapadh chun an cruinniú a thionól, féadfaidh na stiúrthóirí a bheidh i láthair duine dá líon féin a roghnú chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

105. Féadfaidh na stiúrthóirí aon chumhachtaí dá gcuid a tharmligean chun coistí ar a mbeidh cibé comhalta nó comhaltaí den bhord is cuí leis na stiúrthóirí; aon choiste a bhunófar amhlaidh déanfaidh sé, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a tharmligfear amhlaidh, aon rialacháin a chomhlíonadh a chuirfidh na stiúrthóirí de chúram ar an gcoiste.

106. Féadfaidh coiste cathaoirleach ar a chruinnithe a thoghadh; mura dtoghfar aon chathaoirleach den sórt sin, nó, más rud é ag aon chruinniú nach mbeidh an cathaoirleach i láthair faoi cheann 5 nóiméad tar éis an ama a ceapadh chun an cruinniú a thionól, féadfaidh na comhaltaí a bheidh i láthair duine dá líon féin a roghnú chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

107. Féadfaidh coiste teacht le chéile agus dul ar atráth mar is cuí leis. Déanfar ceisteanna a éireoidh ag aon chruinniú a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair, agus i gcás comhionannas vótaí beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag an gcathaoirleach.

108. Gach gníomh a dhéanfaidh aon chruinniú de na stiúrthóirí nó de choiste stiúrthóirí nó aon duine a bheidh ag gníomhú mar stiúrthóir, beidh sé, d'ainneoin fios a fháil ina dhiaidh sin go raibh locht éigin ar cheapadh aon stiúrthóra den sórt sin nó aon duine a bheidh ag gníomhú mar a dúradh, nó go raibh siad go léir nó aon duine acu dícháilithe, chomh bailí agus dá mbeadh gach duine den sórt sin arna cheapadh go cuí agus cáilithe chun bheith ina stiúrthóir.

109. Beidh rún i scríbhinn arna shíniú ag na stiúrthóirí go léir a bheidh de thuras na huaire i dteideal fógra a fháil faoi chruinniú de na stiúrthóirí chomh bailí agus dá mbeadh sé arna rith ag cruinniú de na stiúrthóirí a comóradh agus a tionóladh go cuí.

Stiúrthóir Bainistíochta.

110. Féadfaidh na stiúrthóirí ó am go ham duine nó níos mó dá líon féin a cheapadh d'oifig stiúrthóra bainistíochta go ceann cibé tréimhse, agus ar cibé coinníollacha maidir le luach saothair agus eile, is cuí leo, agus, faoi réir téarmaí aon chomhaontaithe a dhéanfar in aon chás áirithe, féadfaidh siad an ceapachán sin a chúlghairm. Ní bheidh stiúrthóir a cheapfar amhlaidh, fad a bheidh sé i seilbh na hoifige sin, faoi réir a scortha de réir uainíochta, ná ní chuirfear san áireamh é nuair a bheidh uainíocht scortha stiúrthóirí á cinneadh, ach (gan dochar d'aon éileamh a bheadh aige ar dhamáistí mar gheall ar aon chonradh seirbhíse idir é féin agus an chuideachta a shárú) má scoireann sé ar chúis ar bith de bheith ina stiúrthóir cuirfidh sin uaidh féin deireadh lena cheapachán.

111. Gheobhaidh stiúrthóir bainistíochta cibé luach saothair a chinnfidh na stiúrthóirí, cibé acu mar thuarastal nó coimisiún nó páirtíocht sna brabúis é, nó go páirteach i slí acu agus go páirteach i slí eile.

112. Féadfaidh na stiúrthóirí aon chumhachtaí dá mbeidh infheidhmithe acu a chur ar iontaoibh stiúrthóra bainistíochta agus a thabhairt dó ar cibé téarmaí agus coinníollacha, agus faoi réir cibé srianta, is cuí leo, agus go comhthaobhach lena gcumhachtaí féin nó ar neamhcheist leo, agus féadfaidh siad ó am go ham gach cumhacht nó aon chumhacht den sórt sin a chúlghairm, a tharraingt siar, nó a athrú.

An Rúnaí.

113. Déanfaidh na stiúrthóirí an rúnaí a cheapadh go ceann cibé tréimhse, agus ar cibé luach saothair agus coinníollacha, is cuí leo; agus féadfaidh siad aon rúnaí a cheapfar amhlaidh a chur as oifig.

114. Ní sásamh ar fhoráil den Acht nó de na rialacháin seo a cheanglaíonn nó a údaraíonn rud a dhéanamh ag stiúrthóir agus ag an rúnaí, nó ina dtaobh, an rud sin a bheith déanta ag an duine céanna nó ina thaobh agus é ag gníomhú ina stiúrthóir agus fós ina rúnaí nó in ionad an rúnaí.

An Séala.

115. Ní úsáidfear an séala ach le húdarás ó na stiúrthóiri, nó ó choiste stiúrthóirí a bheidh údaraithe chuige sin ag na stiúrthóirí, agus déanfaidh stiúrthóir gach ionstraim dá ngreamófar an séala a shíniú agus déanfaidh an rúnaí, nó an dara stiúrthóir nó duine éigin eile a bheidh ceaptha chuige sin ag na stiúrthóirí, í a chomhshíniú.

Díbhinní agus Cúlchiste.

116. Féadfaidh an chuideachta, i gcruinniú ginearálta, díbhinní a dhearbhú, ach ní bheidh aon díbhinn níos mó ná mar a mholfaidh na stiúrthóirí.

117. Féadfaidh na stiúrthóirí ó am go ham cibé díbhinní eatramhacha a fheicfear dóibh a bheith cóir de réir bhrabúis na cuideachta a íoc leis na comhaltaí.

118. Ní íocfar díbhinn ar bith ar bhealach ar bith seachas as brabúis.

119. Féadfaidh na stiúrthóirí, sula molfaidh siad aon díbhinn, cibé suimcanna is cuí leo a chur i leataobh as brabús na cuideachta mar chúlchiste nó cúlchistí a bheidh, de rogha na stiúrthóirí, inchurtha chun feidhme chun aon chríche a bhféadfaí brabús na cuideachta a chur chun feidhme chuici go cuí, agus go dtí go gcuirfear chun feidhme iad amhlaidh féadfar, de rogha na stiúrthóirí, iad a úsáid i ngnó na cuideachta nó iad a infheistiú i cibé infheistíochtaí a chinnfidh na stiúrthóirí go dleathach. Féadfaidh na stiúrthóirí freisin aon bhrabúis a thabhairt ar aghaidh gan iad a chur i gcúlchiste, más dóigh leo gur den chríonnacht é gan iad a roinnt.

120. Faoi réir cearta aon daoine, más ann, a bheidh i dteideal scaireanna lena ngabhfaidh cearta speisialta maidir le díbhinn, dearbhófar agus íocfar gach díbhinn de réir na suimeanna a íocadh nó ar creidiúnaíodh a n-íoc, ar na scaireanna a n-íocfar an díbhinn ina leith, ach ní dhéanfar aon suim a íocadh, nó ar creidiúnaíodh a híoc, ar scair, i dtosach ar ghlaochanna, a áireamh chun críche an rialacháin seo mar shuim a íocadh ar an scair. Cionroinnfear agus íocfar gach díbhinn i gcoibhneas leis na suimeanna a íocadh, nó ar creidiúnaíodh a n-íoc, ar na scaireanna i rith aon chuid nó codanna den tréimhse a n-íocfar an díbhinn ina leith; ach má eisítear aon scair ar théarmaí á fhoráil go mbeidh sí ar chéim díbhinne amhail ó dháta áirithe, beidh an scair sin ar chéim díbhinne dá réir sin.

121. Féadfaidh na stiúrthóirí gach suim airgid (más aon suim é) a bheidh iníoctha go díreach ag aon chomhalta leis an gcuideachta, i gcuntas glaochanna nó eile, maidir le scaireanna na cuideachta, a bhaint as aon díbhinn is iníoctha leis an gcomhalta sin.

122. Aon chruinniú ginearálta a dhearbhóidh díbhinn nó bónas féadfaidh sé a ordú an díbhinn nó an bónas sin a íoc, go hiomlán nó go páirteach, trí shócmhainní sonracha a dháileadh, agus go háirithe trí scaireanna nó bintiúir nó stoc bintiúra íoctha in aon chuideachta eile a dháileadh, nó in aon slí nó slite acu sin, agus tabharfaidh na stiúrthóirí éifeacht don rún sin, agus i gcás aon deacrachta maidir leis an dáileadh sin féadfaidh na stiúrthóirí í a réiteach mar is fóirsteanach leo, agus go háirithe féadfaidh siad deimhnithe codánacha a eisiúint agus luach na sócmhainní sonracha sin nó aon choda díobh a shocrú chun a ndáilte, agus féadfaidh siad a chinneadh go ndéanfar íocaíochtaí in airgead le haon chomhaltaí ar bhonn an luacha a shocrófar amhlaidh, d'fhonn cearta gach uile pháirtí a choigeartú, agus féadfaidh siad aon sócmhainní sonracha den sórt sin a dhílsiú d'iontaobhaithe mar a fheicfear do na stiúrthóirí a bheith fóirsteanach.

123. Féadfar aon díbhinn, ús nó suimeanna eile a bheidh iníoctha in airgead i leith aon scaireanna a íoc le seic nó le barántas a chuirfear leis an bpost agus a dhíreofar chun seoladh cláraithe an tsealbhóra nó, i gcás sealbhóirí comhpháirteacha a bheith ann, chun seoladh cláraithe an chéad duine de na sealbhóirí comhpháirteacha a bheidh ainmnithe sa chlár nó chun an duine agus an seoladh a bheidh ainmnithe i scríbhinn ag na sealbhóirí comhpháirteacha. Déanfar gach seic nó barántas den sórt sin iníoctha de réir ordú an duine chun a gcuirfear é. Féadfaidh aon duine de dhá shealbhóir chomhpháirteacha, nó níos mó, admhálacha éifeachtúla a thabhairt ar aon díbhinní, bónais nó airgead eile is iníoctha i leith na scaireanna a shealbhóidh siad mar shealbhóirí comhpháirteacha.

124. Ní shaothróidh aon díbhinn ús i gcoinne na cuideachta.

Cuntais.

125. Cuirfidh na stiúrthóirí faoi deara go gcoimeádfar leabhair chuntais mar is cuí a bhainfidh—

(a) leis na suimeanna airgid go léir a gheobhaidh agus a chaithfidh an chuideachta agus leis na nithe a bhfuarthas agus ar caitheadh iad ina leith; agus

(b) leis na hearraí uile a dhíolfaidh agus a cheannóidh an chuideachta; agus

(c) le sócmhainní agus dliteanais na cuideachta.

Ní mheasfar leabhair a bheith á gcoimeád mar is cuí mura gcoimeádtar na leabhair chuntais is gá chun léargas fíorcheart a thabhairt ar staid chúrsaí na cuideachta agus chun a hidirbhearta a mhíniú.

126. Coimeádfar na leabhair chuntais san oifig nó, faoi réir alt 147 den Acht, i cibé áit eile is cuí leis na stiúrthóirí, agus beidh siad ar fáil gach tráth réasúnach chun a scrúdaithe ag na stiúrthóirí.

127. Cinnfidh na stiúrthóirí ó am go ham cé acu a bheidh agus cá mhéad a bheidh, agus cad iad na tráthanna agus na háiteanna a mbeidh, agus na coinníoliacha agus na rialacháin faoina mbeidh, cuntais agus leabhair na cuideachta nó aon cheann díobh ar fáil chun a scrúdaithe ag comhaltaí, nach stiúrthóirí, agus ní bheidh ceart ar bith ag aon chomhalta (nach stiúrthóir) chun aon chuntas nó leabhar nó doiciméad de chuid na cuideachta a scrúdú ach amháin ceart mar a thugtar le reacht nó mar a údaróidh na stiúrthóirí nó an chuideachta i gcruinniú ginearálta.

128. Cuirfidh na stiúrthóirí faoi deara ó am go ham, de réir ailt 148, 150, 157 agus 158 den Acht, go n-ullmhófar, agus go leagfar faoi bhráid chruinniú ginearálta bliantúil na cuideachta, cibé cuntais sochair agus dochair, cláir chomhardaithe, grúpchuntais, agus tuarascálacha is gá de réir na n-alt sin a ullmhú agus a leagan faoi bhráid chruinniú ginearálta bliantúil na cuideachta.

129. Déanfar cóip de gach clár comhardaithe (lena n-áirítear gach doiciméad is gá de réir dlí a bheith i gceangal leis) a bheidh le leagan faoi bhráid chruinniú ginearálta bliantúil na cuideachta, maraon le cóip de thuarascáil na stiúrthóirí agus de thuarascáil na n-iniúchóirí, a chur, 21 lá ar a laghad roimh dháta an chruinnithe ghinearálta bhliantúil, go dtí gach duine a bheidh i dteideal iad a fháil faoi fhorálacha an Achta.

Caipitliú Brabús.

130. Féadfaidh an chuideachta i gcruinniú ginearálta, ar mholadh na stiúrthóirí, a bheartú le rún go ndéanfar aon suim a bheidh de thuras na huaire i gcreidiúint d'aon chúlchiste de chuid na cuideachta (lena n-áirítear aon chúlchiste fuascailte caipitil nó cuntas scair-phréimhe), nó i gcreidiúint don chuntas sochair agus dochair, a chaipitliú agus a chur chun feidhme thar ceann na gcomhaltaí a bheadh i dteideal an tsuim sin a fháil dá ndéanfaí í a dháileadh mar dhíbhinn, agus sna cionúireachtaí céanna, chun nó mar chabhair chun suimeanna a íoc a bheidh de thuras na huaire gan íoc ar aon scaireanna a shealbhóidh na comhaltaí faoi seach, nó chun láníoctha scaireanna nó bintiúr neamheisithe sa chuideachta de mhéid ainmniúil is ionann agus an tsuim ar a ndéanfar caipitliú (na scaireanna nó na bintiúir sin a bheith le leithroinnt agus le dáileadh, agus iad i gcreidiúint mar scaireanna nó bintiúir láníoctha, ar na sealbhóirí sin sna cionúireachtaí a dúradh) nó go páirteach i slí acu agus go páirteach sa tslí eile, sa dóigh, áfach, nach ndéanfar suimeanna a bheidh i gcreidiúint don chúlchiste fuascailte caipitil nó don chuntas scair-phréimhe a chur chun feidhme chun críche ar bith ach amháin críoch dá gceadaítear le hailt 62 agus 64 den Acht.

131. Aon uair a rithfear rún mar a dúradh déanfaidh na stiúrthóirí gach uile leithreasú agus cur chun feidhme ar na brabúis neamhroinnte ar beartaíodh leis an rún sin iad a chaipitliú, agus gach uile leithroinnt agus eisiúint ar scaireanna nó bintiúir láníoctha, más ann, agus i gcoitinne déanfaidh siad gach uile ghníomh agus rud is gá chun éifeacht a thabhairt dóibh sin, agus beidh lánchumhacht ag na stiúrthóirí cibé socrú is cuí leo a dhéanamh i gcás scaireanna nó bintiúir a dtarlóidh dóibh bheith indáilte ina gcodáin (agus, go háirithe, gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo, chun na scaireanna nó na bintiúir atá in ionannas leis na codáin sin a dhíol, agus fáltas glan an díola sin a dháileadh ar na comhaltaí a mbeadh teideal acu, murach sin, chun na gcodán sin i gcionúireachtaí cuí) agus fairis sin chun a údarú do dhuine ar bith comhaontú a dhéanamh leis an gcuideachta thar ceann na gcomhaltaí uile a bheidh i gceist chun go leithroinnfear ar na comhaltaí sin faoi seach, agus iad i gcreidiúint dóibh mar scaireanna nó bintiúir láníoctha, aon scaireanna nó bintiúir sa bhreis a dtiocfaidh siad ina dteideal ar an gcaipitliú sin a dhéanamh nó, de réir mar is gá sa chás, chun go n-íocfar, trína gcionúireachtaí faoi seach de na brabúis ar beartaíodh le rún iad a chaipitliú a chur chun feidhme ina leith, na suimeanna a bheidh fágtha gan íoc ar a scaireanna láithreacha, agus beidh aon chomhaontú a dhéanfar faoin údarás sin ina chomhaontú éifeachtach agus ina cheangal ar gach comhalta den sórt sin.

Iniúchadh.

132. Déanfar iniúchóirí a cheapadh agus a ndualgais a rialú de réir ailt 160 go 163 den Acht.

Fógraí.

133. Féadfaidh an chuideachta fógra a thabhairt d'aon chomhalta go pearsanta nó trína chur chuige leis an bpost go dtí a sheoladh cláraithe. I gcás fógra a chur leis an bpost, measfar an fógra a sheirbheáil má dhéantar go cuí litir ina mbeidh an fógra a sheoladh, a réamhíoc agus a chur sa phost, agus measfar an tseirbheáil a bheith arna déanamh, i gcás fógra faoi chruinniú, i gceann 24 huaire a chloig tar éis an litir ina mbeidh an fógra a chur sa phost, agus, in aon chás eile, ag an am a sheachadfaí an litir i ngnáthchúrsa an phoist.

134. Féadfaidh an chuideachta fógra a thabhairt do shealbhóirí comhpháirteacha scaire tríd an bhfógra a thabhairt don chéad sealbhóir comhpháirteach a bheidh ainmnithe sa chlár i leith na scaire.

135. Féadfaidh an chuideachta fógra a thabhairt do na daoine a bheidh i dteideal scaire de chionn bás nó féimheacht chomhalta, trína chur leis an bpost i litir réamhíoctha a dhíreofar chucu faoina n-ainmneacha nó faoin teideal ionadaithe an éagaigh nó Sannaí Oifigiúil i bhféimheacht nó aon tuairisc dá leithéid ag an seoladh a bheidh tugtha chun na críche sin ag na daoine a bheidh á éileamh go bhfuil teideal acu amhlaidh, nó (go dtí go dtabharfar seoladh dá leithéid amhlaidh) tríd an bhfógra a thabhairt in aon slí ina bhféadfaí é a thabhairt dá mba nár tharla an bás nó an fhéimheacht.

136. Déanfar fógra faoi gach cruinniú ginearálta a thabhairt in aon slí dá n-údaraítear anseo roimhe seo—

(a) do gach comhalta; agus

(b) do gach duine a gcineachfaidh úinéireacht scaire chuige de bhrí gurb ionadaí pearsanta do chomhalta é nó gurb é a Shannaí Oifigiúil i bhféimheacht é, i gcás teideal a bheith ag an gcomhalta, murach a bhás nó a fhéimheacht, chun fógra faoin gcruinniú a fháil; agus

(c) d'iniúchóir na cuideachta de thuras na huaire.

Ní bheidh duine ar bith eile i dteideal fógra faoi chruinnithe ginearálta a fháil.

Foirceannadh.

137. Má fhoirceantar an chuideachta, féadfaidh an leachtaitheoir, le ceadú trí rún speisialta ón gcuideachta agus le haon cheadú eile is gá de réir an Achta, an t-iomlán nó aon chuid de shócmhainní na cuideachta (cibé acu is maoin den chineál céanna atá iontu nó nach ea) a roinnt ar na comhaltaí in airgead nó in ábhar, agus féadfaidh sé, chun na críche sin, cibé luach a mheasfaidh sé is cóir a chur ar aon mhaoin a bheidh le roinnt mar a dúradh agus féadfaidh sé a chinneadh conas a dhéanfar an roinnt sin idir na comhaltaí nó idir aicmí éagsúla comhaltaí. Féadfaidh an leachtaitheoir, le ceadú mar a dúradh, an t-iomlán nó aon chuid de na sócmhainní sin a dhílsiú d'iontaobhaithe ar cibé iontaobhais chun tairbhe na ranníocóirí a mheasfaidh an leachtaitheoir, le ceadú mar a dúradh, a bheith cuí, ach sa dóigh nach mbeidh d'iallach ar chomhalta ar bith aon scaireanna nó urrúis eile a mbeidh aon dliteanas orthu a ghlacadh.

Slánaíocht.

138. Déanfar gach duine is stiúrthóir, stiúrthóir bainistíochta, gníomhaire, iniúchóir, rúnaí, nó oifigeach eile de thuras na huaire de chuid na cuideachta, a shlánú as sócmhainní na cuideachta i gcoinne aon dliteanais faoina rachaidh sé ag cosaint imeachtaí ar bith, sibhialta nó coiriúil, maidir lena ghníomhartha le linn dó bheith ag gníomhú san oifig sin, ina dtabharfar breithiúnas ina fhabhar nó ina n-éigiontófar é nó i ndáil le haon iarratas faoi alt 391 den Acht ina dtabharfaidh an chúirt faoiseamh dó.

CUID II.

Rialacháin chun Cuideachta Phríobháideach faoi Theorainn Scaireanna a Bhainistí.

1. Beidh feidhm ag na rialacháin atá i gCuid I de Thábla A (taobh amuigh de rialacháin 24, 51, 54, 84 agus 86).

2. Is cuideachta phríobháideach an chuideachta agus dá réir sin—

(a) tá srian mar a ordaítear anseo ina dhiaidh seo leis an gceart chun scaireanna a aistriú;

(b) tá teorainn caoga le líon comhaltaí na cuideachta (gan áireamh a dhéanamh ar dhaoine atá ar fostú ag an gcuideachta ná ar dhaoine a bhí tráth ar fostú ag an gcuideachta agus a bhí, le linn bheith ar fostú amhlaidh, ina gcomhaltaí den chuideachta agus atá, tar éis a fhostaíocht sin a fhoirceannadh, ag fanacht ina gcomhaltaí den chuideachta), sa dóigh, áfach, má tá scair nó scaireanna sa chuideachta á sealbhú i gcomhpháirt ag beirt nó níos mó, go ndéanfar, chun críche an rialacháin seo, iad a áireamh mar chomhalta amháin;

(c) toirmisctear aon chuireadh don phobal suibscríobh le haghaidh aon scaireanna nó bintiúir sa chuideachta;

(d) ní bheidh sé de chumhacht ag an gcuideachta barántais scaire chuig iompróir a eisiúint.

3. Féadfaidh na stiúrthóirí, dá rogha féin go hiomlán agus gan aon chúis a thabhairt leis, diúltú clárú a dhéanamh ar aistriú aon scaire, cibé acu scair láníoctha í nó nach ea.

4. Faoi réir ailt 133 agus 141 den Acht, déanfar cruinniú ginearálta bliantúil, agus cruinniú a ghairfear chun rún speisialta a rith, a ghairm le fógra 21 lá ar a laghad i scríbhinn, agus gairfear cruinniú den chuideachta (seachas cruinniú ginearálta bliantúil nó cruinniú chun rún speisialta a rith) le fógra 7 lá ar a laghad i scríbhinn. Ní áireofar sa tréimhse don fhógra an lá a sheirbheálfar é nó a mheasfar é a sheirbheáil ná an lá dá dtabharfar é, agus sonróidh sé lá, áit agus am an chruinnithe agus, i gcás gnó speisialta, an cineál gnó atá ann go ginearálta, agus tabharfar é, ar an modh a údaraítear leis na rialacháin seo, do na daoine a bheidh, faoi rialacháin na cuideachta, i dteideal na fógraí sin a fháil ón gcuideachta.

5. Ní dhéanfar gnó ar bith ag aon chruinniú ginearálta mura mbíonn córam comhaltaí i láthair nuair a rachaidh an cruinniú i mbun gnó; ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt sna rialacháin seo is córam dhá chomhalta a bheidh i láthair go pearsanta nó trí sheachvótálaithe.

6. Faoi réir alt 141 den Acht, beidh rún i scríbhinn, arna shíniú ag na comhaltaí uile a bheidh de thuras na huaire i dteideal beith i láthair agus vótáil ar an rún sin ag cruinniú ginearálta (nó, i gcás comhlachtaí corpraithe, ag a n-ionadaithe cuí-údaraithe), ina rún chomh bailí éifeachtach chun gach críche agus dá mbeadh an rún arna rith ag cruinniú ginearálta den chuideachta a comóradh agus a tionóladh go cuí, agus má thugtar rún speisialta de thuairisc air measfar gur rún speisialta de réir bhrí an Achta é.

7. Féadfaidh stiúrthóir vótáil i leith aon chonartha, ceapacháin nó comhshocraíochta ina mbeidh leas aige, agus comhairfear é sa chóram a bheidh i láthair ag an gcruinniú.

8. Féadfaidh na stiúrthóirí na cumhachtaí vótála a thugtar leis na scaireanna in aon chuideachta eile a bheidh ar seilbh nó ar úinéireacht ag an gcuideachta a fheidhmiú go huile agus go hiomlán mar is cuí leo, agus go háirithe féadfaidh siad na cumhachtaí vótála a fheidhmiú i bhfabhar aon rún chun na stiúrthóirí nó aon daoine acu a cheapadh ina stiúrthóirí ar an gcuideachta eile sin, nó ina n-oifigigh di, nó chun a shocrú go n-íocfar luach saothair nó pinsin le stiúrthóirí na cuideachta eile sin nó lena hoifigigh. Féadfaidh aon stiúrthóir ar an gcuideachta vótáil i bhfabhar fheidhmiú na gceart vótála sin, bíodh go mbeadh sé, nó go mbeadh sé ar tí a bheith, ina stiúrthóir ar an gcuideachta eile sin nó ina oifigeach di, agus sa cháil sin dó, nó ar chuma ar bith eile, go bhfuil leas aige, nó go bhféadfadh leas a bheith aige, i bhfeidhmiú na gceart vótála sin mar a dúradh.

9. Féadfaidh aon stiúrthóir ó am go ham duine ar bith a cheadóidh tromlach de na stiúrthóirí a cheapadh chun bheith ina stiúrthóir malairte nó ionaid. Beidh teideal ag an gceapthaí, fad a bheidh sé i seilbh oifige mar stiúrthóir malairte, chun fógra a fháil faoi chruinnithe de na stiúrthóirí agus chun bheith i láthair agus vótáil acu mar stiúrthóir, agus ní bheidh sé i dteideal luach saothair a fháil ach amháin as luach saothair an stiúrthóra a cheapfaidh é. Aon cheapachán a dhéanfar faoin rialachán seo, déanfar é trí fhógra i scríbhinn a thabharfaidh an ceapthóir don rúnaí. Féadfaidh an ceapthóir nó tromlach de na stiúrthóirí eile nó an chuideachta i gcruinniú ginearálta aon cheapachán a dhéanfar amhlaidh a chúlghairm. Is trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don rúnaí a dhéanfaidh an ceapthóir an chúlghairm.

Nóta.—Is rialacháin mar mhalairt ar rialacháin 24, 51 agus 54 faoi seach de Chuid I rialacháin 3, 4 agus 5 den Chuid seo. Is rialacháin mar mhalairt ar rialacháin 84 agus 86 de Chuid I rialacháin 7 agus 8 den Chuid seo.

TÁBLA B.

Foirm Mheabhrán Comhlachais Chuideachta faoi Theorainn Scaireanna.

1. “Cuideachta Mhianadóireachta an Iarthair, Teoranta,” is ainm don chuideachta.

2. Is iad na cuspóirí ar lena n-aghaidh atá an chuideachta á bunú, chun mianraí de gach cineál a thochailt agus gach ní eile a dhéanamh a ghabhann nó a chuideodh leis an gcuspóir sin thuas a thabhairt i gcrích.

3. Tá teorainn le dliteanas na gcomhaltaí.

4. £200,000, agus é roinnte in 200,000 scair de £1 an ceann, scairchaipiteal na cuideachta.

Sinne, na daoine uile agus faoi seach a bhfuil a n-ainmneacha agus a seoladh scríofa acu anseo thíos, is mian linn go ndéanfaí cuideachta dínn de bhun an mheabhráin chomhlachais seo, agus comhaontaímid go dtógfaimid an líon scaireanna i gcaipiteal na cuideachta atá curtha síos os coinne ár n-ainmneacha faoi seach.

Ainmneacha, Seoltaí agus Tuairiscí na Sínitheoirí

An líon scaireanna atá á thógáil ag gach Sínitheoir

1. Séamas Breatnach as ...................................................

i gContae   ...............................................

Aturnae.

50

2. Seán Ó Murchú as .....................................................

i gContae   ...............................................

Innealtóir.

2,700

3. Pádraig Ó Riain as .....................................................

i gContae   ...............................................

Geolaí.

1,250

4. Tomás Ó Conaill as ..................................................

i gContae   ...............................................

Innealtóir.

500

5. Dónal Ó Cléirigh as ...................................................

i gContae   ...............................................

Geolaí.

50

6. Pádraig Ó Broin as ....................................................

i gContae   ...............................................

Cuntasóir.

300

7. Seán Ó Coileáin as ....................................................

i gContae   ...............................................

Aturnae.

150

Iomlán na scaireanna atá á dtógáil

5,000

Arna dhátú an..................lá de................................., 19......

Finné leis na sínithe sin thuas:

Ainm:

Seoladh:

TÁBLA C.

Foirm Mheabhrán agus Airteagail Chomhlachais Chuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta gan Scairchaipiteal.

Meabhrán Comhlachais.

1. “An Comhlachas Taighde Eolaíochta, Teoranta” is ainm don chuideachta.

2. Is iad na cuspóirí ar lena n-aghaidh atá an chuideachta á bunú, chun taighde ar nithe de chineál eolaíoch a chur chun cinn agus gach ní eile a dhéanamh a ghabhann nó a chuideodh leis an gcuspóir sin thuas a thabhairt i gcrích.

3. Tá teorainn le dliteanas na gcomhaltaí.

4. Geallann gach comhalta den chuideachta go ranníocfaidh sé le sócmhainní na cuideachta i gcás í a fhoirceannadh le linn dó bheith ina chomhalta, nó laistigh de bhliain ina dhiaidh sin, chun íoc as na fiacha agus na dliteanais de chuid na cuideachta a rachfar fúthu sula scoirfidh sé de bheith ina chomhalta, agus as costais, muirir agus caiteachais an fhoirceanta, agus chun coigeartú a dhéanamh ar chearta na ranníocóirí eatarthu féin, cibé suim is gá gan dul thar £1.

Sinne, na daoine uile agus faoi seach a bhfuil a n-ainmneacha agus a seoladh scríofa acu anseo thíos, is mian linn go ndéanfaí cuideachta dínn de bhun an mheabhráin chomhlachais seo.

Ainmneacha, Seoltaí agus Tuairiscí na Sínitheoirí

1.  Cathal Ó Briain as . . i gContae . . . Ollamh Ollscoile.

2.  Proinsias de Paor as . . . i gContae . . . Ceimicí Taighde.

3.  Séamas Ó Conchúir as . . . i gContae . . . Bitheolaí.

4.  Tomás Ó Dálaigh as . . . i gContae . . . Múinteoir Eolaíochta.

5.  Risteard Ó Dónaill as . . . i gContae . . . Leabharlannaí.

6.  Seosamh Ó Muirí as . . . i gContae . . . Fisicí.

7.  Micheál Ó Nualláin as . . . i gContae . . . Staitisteoir.

Arna dhátú an..................lá de................................., 19......

Finné leis na sínithe sin thuas:

Ainm:

Seoladh:

Airteagail Chomhlachais atá le gabháil leis an Meabhrán Comhlachais sin roimhe seo.

Léiriú.

1. Sna hairteagail seo:

ciallaíonn “an tAcht”Acht na gCuideachtaí, 1963 (Uimh. 33 de 1963) ;

ciallaíonn “na stiúrthóirí” stiúrthóirí na cuideachta de thuras na huaire nó na stiúrthóirí a bheidh i láthair ag cruinniú den bhord stiúrthóirí agus folaíonn sé duine ar bith i bpost stiúrthóra cibé ainm a thabharfar air;

ciallaíonn “rúnaí” aon duine a ceapadh chun dualgais rúnaí na cuideachta a chomhlíonadh;

ciallaíonn “an séala” gnáthshéala na cuideachta;

ciallaíonn “an oifig” oifig chláraithe na cuideachta de thuras na huaire.

Déanfar abairtí a thagraíonn do scríbhinn a fhorléiriú, mura léir a mhalairt d'intinn, mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do chlódóireacht, liotagrafaíocht, fótagrafaíocht, agus aon mhodhanna eile chun focail a mhacasamhlú nó a atáirgeadh i bhfoirm infheicthe.

Mura léir a mhalairt d'intinn, beidh le focail nó abairtí atá sna hairteagail seo an bhrí chéanna atá leo san Acht nó in aon mhodhnú reachtúil air a bheidh i bhfeidhm ar an dáta a thiocfaidh na hairteagail seo chun bheith ina gceangal ar an gcuideachta.

Comhaltaí.

2. Tá sé beartaithe an chuideachta a chlárú le líon 500 comhalta, ach féadfaidh na stiúrthóirí líon breise comhaltaí a chlárú ó am go ham.

3. Beidh sínitheoirí an mheabhráin chomhlachais agus cibé daoine eile a nglacfaidh na stiúrthóirí leo mar chomhaltaí ina gcomhaltaí den chuideachta.

Cruinnithe Ginearálta.

4. Is sa Stát a thionólfar gach cruinniú ginearálta den chuideachta.

5. (1) Faoi réir mhír (2), tionólfaidh an chuideachta, gach bliain, cruinniú ginearálta mar chruinniú ginearálta bliantúil na cuideachta, i dteannta aon chruinnithe eile sa bhliain sin, agus sonróidh sí an cruinniú amhlaidh sna fógraí á ghairm; agus ní beidh thar 15 mhí idir dáta aon chruinnithe ghinearálta bhliantúil áirithe agus dáta an chéad chruinnithe ghinearálta bhliantúil ina dhiaidh.

(2) Ar chuntar go ndéanfaidh an chuideachta a céad chruinniú ginearálta bliantúil a thionól laistigh de 18 mí tar éis a corpraithe, ní gá di é a thionól i mbliain a corpraithe ná sa bhliain ina dhiaidh sin. Faoi réir airteagal 4, tionólfar an cruinniú ginearálta bliantúil cibé am agus cibé áit sa Stát a cheapfaidh na stiúrthóirí.

6. Tabharfar cruinniú ginearálta urghnách ar gach cruinniú ginearálta nach cruinniú ginearálta bliantúil.

7. Féadfaidh na stiúrthóirí, aon uair is cuí leo é, cruinniú ginearálta urghnách a chomóradh, agus déanfar cruinnithe ginearálta urghnácha a chomóradh freisin arna bhforéileamh, nó i gcás mainneachtana féadfar iad a chomóradh ag foréilitheoirí, mar a fhoráiltear le halt 132 den Acht. Más rud é tráth ar bith nach mbeidh sa Stát leorlíon stiúrthóirí a bheidh inniúil ar ghníomhú chun córam a dhéanamh, féadfaidh stiúrthóir ar bith, nó dhá chomhalta ar bith den chuideachta, cruinniú ginearálta urghnách a chomóradh ar an modh céanna, chomh fada agus is féidir, leis an modh ina bhféadfaidh na stiúrthóirí cruinnithe a chomóradh.

Fógra faoi Chruinnithe Ginearálta.

8. Faoi réir ailt 133 agus 141 den Acht, déanfar cruinniú ginearálta bliantúil, agus cruinniú a ghairfear chun rún speisialta a rith, a ghairm le fógra 21 lá ar a laghad i scríbhinn, agus gairfear cruinniú den chuideachta (seachas cruinniú ginearálta bliantúil nó cruinniú chun rún speisialta a rith) le fógra 14 lá ar a laghad i scríbhinn. Ní áireofar sa tréimhse don fhógra an lá a sheirbheálfar é nó a mheasfar é a sheirbheáil ná an lá dá dtabharfar é, agus sonróidh sé áit, lá agus am an chruinnithe agus, i gcás gnó speisialta, an cineál gnó atá ann go ginearálta, agus tabharfar é, ar an modh a luaitear anseo ina dhiaidh seo, do na daoine a bheidh, faoi airteagail na cuideachta, i dteideal na fógraí sin a fháil ón gcuideachta.

9. Má tharlaíonn de thionóisc nach dtabharfar fógra faoi chruinniú d'aon duine a bheidh i dteideal fógra a fháil, nó nach bhfaighidh sé fógra faoi, ní chuirfidh sin na himeachtaí ag an gcruinniú sin ó bhail.

Na hImeachtaí ag Cruinnithe Ginearálta.

10. Measfar gur gnó speisialta an gnó uile a dhéanfar ag cruinniú ginearálta urghnách, agus freisin an gnó uile a dhéanfar ag cruinniú ginearálta bliantúil, taobh amuigh de dhíbhinn a dhearbhú, na cuntais agus na cláir chomhardaithe agus tuarascálacha na stiúrthóirí agus na n-iniúchóirí a bhreithniú, stiúrthóirí a thoghadh in ionad na stiúrthóirí a bheidh ag scor, na hiniúchóirí a bheidh ag scor a athcheapadh agus luach saothair na n-iniúchóirí a shocrú.

11. Ní dhéanfar gnó ar bith ag aon chruinniú ginearálta mura mbíonn córam comhaltaí i láthair nuair a rachaidh an cruinniú i mbun gnó; ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt sna hairteagail seo, is córam trí chomhalta, a bheidh i láthair go pearsanta.

12. Más rud é, faoi cheann leathuair a chloig ón am a ceapadh don chruinniú, nach mbeidh córam i láthair, beidh an cruinniú ar scor más ar fhoréileamh ó chomhaltaí a comóradh é; in aon chás eile beidh sé ar atráth go dtí an lá céanna an tseachtain dár gcionn, ag an am céanna agus san áit chéanna, nó go dtí cibé lá eile agus cibé am agus áit eile a chinnfidh na stiúrthóirí, agus más rud é, ag an gcruinniú atrátha, nach mbeidh córam i láthair faoi cheann leathuair a chloig ón am a ceapadh don chruinniú, beidh na comhaltaí a bheidh i láthair ina gcóram.

13. Is é an cathaoirleach, más ann, ar an mbord stiúrthóirí a bheidh i gceannas mar chathaoirleach ag gach cruinniú ginearálta den chuideachta, nó mura mbeidh aon chathaoirleach den sórt sin ann, nó mura mbeidh sé i láthair faoi cheann 15 nóiméad tar éis an ama a ceapadh chun an cruinniú a thionól, nó mura mbeidh sé toilteanach gníomhú, toghfaidh na stiúrthóirí a bheidh i láthair duine dá líon féin chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

14. Más rud é ag cruinniú ar bith nach mbeidh aon stiúrthóir toilteanach gníomhú mar chathaoirleach, nó nach mbeidh aon stiúrthóir i láthair faoi cheann 15 nóiméad tar éis an ama a ceapadh chun an cruinniú a thionól, roghnóidh na comhaltaí a bheidh i láthair duine dá líon féin chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

15. Féadfaidh an cathaoirleach, le toiliú aon chruinnithe a mbeidh córam i láthair aige, agus déanfaidh sé, má ordaíonn an cruinniú amhlaidh, an cruinniú a atráthú ó am go ham agus ó áit go háit, ach ní dhéanfar ag aon chruinniú atrátha aon ghnó seachas an gnó a fágadh gan críochnú ag an gcruinniú óna ndearnadh an t-atráthú. I gcás cruinniú a atráthú go ceann 30 lá nó níos mó, tabharfar fógra faoin gcruinniú atrátha mar a dhéanfaí i gcás cruinniú bunaidh. Ach amháin mar a dúradh ní gá aon fhógra a thabhairt faoi atráthú ná faoin ngnó a bheidh le déanamh ag cruinniú atrátha.

16. Ag aon chruinniú ginearálta déanfar rún a chuirfear faoi vóta an chruinnithe a chinneadh le taispeáint lámh ach amháin i gcás vótaíocht a éileamh (roimh an taispeáint lámh nó tar éis a thoradh a fhógairt)—

(a) ag an gcathaoirleach; nó

(b) ag trí chomhalta ar a laghad a bheidh i láthair go pearsanta nó trína seachvótálaithe; nó

(c) ag aon chomhalta nó comhaltaí a bheidh i láthair go pearsanta nó trína seachvótálaithe agus a ionannóidh an deichiú cuid ar a laghad de chearta vótála uile na gcomhaltaí go léir a mbeidh ceart vótála acu ag an gcruinniú.

Mura rud é go n-éileofar vótaíocht amhlaidh, beidh dearbhú ón gcathaoirleach go ndearnadh, ar thaispeáint lámh, rún a rith, nó é a rith d'aonghuth nó ag tromlach áirithe, nó a chailleadh, agus taifead sa chéill sin sa leabhar ina gcoimeádtar na miontuairiscí ar imeachtaí na cuideachta, ina fhianaise dhochloíte go ndearnadh amhlaidh, gan cruthúnas ar líon nó cionúireacht na vótaí a tugadh i bhfabhar nó i gcoinne an rúin sin.

Féadfar an t-éileamh ar vótaíocht a tharraingt siar.

17. Ach amháin mar a fhoráiltear in airteagal 19, má éilítear vótaíocht go cuí glacfar an vótaíocht i cibé slí a ordóidh an cathaoirleach, agus measfar gurb é toradh na vótaíochta rún an chruinnithe ag ar éilíodh an vótaíocht.

18. I gcás comhionannas vótaí, cibé acu ar thaispeáint lámh nó ar vótaíocht é, beidh teideal ag cathaoirleach an chruinnithe, a ndéanfar an taispeáint lámh nó a n-éileofar an vótaíocht aige, chun an dara vóta nó vóta réitigh a thabhairt.

19. Má éilítear vótaíocht ar thoghadh cathaoirligh nó ar cheist faoi atráthú, glacfar an vótaíocht láithreach. I gcás vótaíocht a éileamh ar aon cheist eile, glacfar an vótaíocht cibé am a ordóidh cathaoirleach an chruinnithe, agus féadfar dul ar aghaidh le haon ghnó, seachas an gnó ar éilíodh vótaíocht air, go dtí go nglacfar an vótaíocht.

20. Faoi réir alt 141 den Acht, beidh rún i scríbhinn arna shíniú ag na comhaltaí go léir a bheidh de thuras na huaire i dteideal bheith i láthair agus vótáil ar an rún sin ag cruinniú ginearálta (nó, más comhlachtaí corpraithe na comhaltaí, ag a n-ionadaithe cuí-údaraithe) chomh bailí agus chomh héifeachtach chun gach críche agus dá mbeadh an rún arna rith ag cruinniú ginearálta den chuideachta a comóradh agus a tionóladh go cuí, agus más rún speisialta a thabharfar de thuairisc air measfar gur rún speisialta é de réir bhrí an Achta.

Vótaí Comhaltaí.

21. Beidh vóta amháin ag gach comhalta.

22. Féadfaidh comhalta mímheabhrach, nó comhalta a ndearna aon chúirt ag a raibh dlínse ghealtachta ordú ina leith, vótáil a dhéanamh, cibé acu ar thaispeáint lámh nó ar vótaíocht é, trína chúramaí, trína ghlacadóir, trína chaomhnóir nó trí dhuine eile arna cheapadh ag an gcúirt sin, agus féadfaidh aon chúramaí, glacadóir, caomhnóir nó duine eile den sórt sin vótáil trína sheachvótálaí ar thaispeáint lámh nó ar vótaíocht.

23. Ní bheidh aon chomhalta i dteideal vótáil a dhéanamh ag aon chruinniú ginearálta murar íocadh an t-airgead go léir is iníoctha go díreach aige i leith scaireanna sa chuideachta.

24. Ní dhéanfar aon agóid i gcoinne cháilíocht aon vótálaí ach amháin ag an gcruinniú, nó ag an gcruinniú atrátha, a dtabharfar nó a dtairgfear an vóta aige, agus beidh gach vóta nach ndícheadófar ag an gcruinniú sin ina vóta bailí chun gach críche. Aon agóid den sórt sin a dhéanfar i dtráth cuí, cuirfear faoi bhráid chathaoirleach an chruinnithe í agus beidh a chinneadh sin ina chinneadh críochnaitheach dochloíte.

25. Féadfar vótaí a thabhairt go pearsanta nó trí sheachvótálaí.

26. Ní foláir an ionstraim lena gceapfar seachvótálaí a bheith i scríbhinn faoi láimh an cheapthóra, nó faoi láimh a aturnae arna údarú go cuí i scríbhinn nó, más comhlacht corpraithe an ceapthóir, faoi shéala nó faoi láimh oifigigh nó aturnae chuí-údaraithe. Ní gá go mbeadh seachvótálaí ina chomhalta den chuideachta.

27. Déanfar an ionstraim lena gceapfar seachvótálaí, agus an chumhacht aturnae nó an t-údarás eile, más ann, faoinar síníodh í, nó cóip arna deimhniú ag nótaire den chumhacht nó den údarás sin, a thaisceadh san oifig, nó i cibé áit eile sa Stát a shonrófar chuige sin i bhfógra comórtha an chruinnithe, 48 n-uaire a chloig ar a laghad roimh an am do thionól an chruinnithe, nó an chruinnithe atrátha, a mbeidh beartaithe ag an duine a bheidh ainmnithe san ionstraim vótáil aige nó, i gcás vótaíochta, 48 n-uaire a chloig ar a laghad roimh an am a ceapadh chun an vótaíocht a ghlacadh, agus mura dtaiscfear ní áireofar an ionstraim sheachvótála mar ionstraim bhailí.

28. Is san fhoirm seo a leanas, nó i bhfoirm chomh cóngarach di agus is féidir sna himthosca, a bheidh an ionstraim lena gceapfar seachvótálaí—

Teoranta.

Déanaimse/Déanaimidne,................................................................................

as ..........................................................................................................

i gContae.........................................................................................., eadhon,

comhalta/comhaltaí den chuideachta thuasainmnithe.........................................................

.............................................................................................................

as ..........................................................................................................

nó ina éagmais sin..........................................................................................

as ..........................................................................................................

a cheapadh leis seo ina sheachvótálaí dom/dúinn chun vótáil dom/dúinn thar mo cheann/ár gceann ag an gcruinniú ginearálta (bliantúil nó urghnách, cibé acu

é) den chuideachta a thionólfar an................................lá de.......................................

19......... agus ag aon atráthú ar an gcruinniú sin.

Arna shíniú an.....................lá seo de........................................19......

Tá an fhoirm seo le húsáid

*i bhfabhar

i gcoinne

an rúin.

Mura dtugtar a mhalairt de theagasc dó, vótálfaidh an seachvótálaí mar is cuí leis.”

*Scrios an ceann nach bhfuil ag teastáil.

29. Measfar an ionstraim lena gceapfar seachvótálaí do thabhairt údarás chun vótaíocht a éileamh nó chun bheith páirteach i vótaíocht a éileamh.

30. Beidh vóta a thabharfar de réir téarmaí ionstraime seachvótála ina vóta bailí d'ainneoin bás nó gealtacht an phríomhaí roimhe sin, nó d'ainneoin an ionstraim sheachvótála nó an t-údarás faoinar forghníomhaíodh í a bheith cúlghairthe, más rud é nach mbeidh scéala i scríbhinn faoin mbás, faoin ngealtacht nó faoin gcúlghairm sin mar a dúradh faighte ag an gcuideachta san oifig roimh thosach an chruinnithe, nó an chruinnithe atrátha, a n-úsáidfear an chumhacht seachvótála aige.

Comhlachtaí Corpraithe ag gníomhú trí Ionadaithe ag Cruinnithe.

31. Aon chomhlacht corpraithe atá ina chomhalta den chuideachta, féadfaidh sé, le rún óna stiúrthóirí nó ón gcomhlacht ceannais eile a bheidh air, a údarú do cibé duine is cuí leis gníomhú mar ionadaí dó ag aon chruinniú den chuideachta, agus beidh an duine a údarófar amhlaidh i dteideal na cumhachtaí céanna a fheidhmiú, thar ceann an chomhlachta chorpraithe a mbeidh sé ina ionadaí dó, a d'fhéadfadh an comhlacht corpraithe sin a fheidhmiú dá mba chomhalta aonair den chuideachta é.

Stiúrthóirí.

32. Déanfaidh sínitheoirí an mheabhráin chomhlachais, nó tromlach de na sínitheoirí sin, líon na stiúrthóirí agus ainmneacha na gcéad stiúrthóirí a chinneadh i scríbhinn.

33. Déanfaidh an chuideachta luach saothair na stiúrthóirí a chinneadh ó am go ham i gcruinniú ginearálta. Measfar an luach saothair sin a fhaibhriú ó lá go lá. Féadfar íocaíocht a thabhairt do na stiúrthóirí freisin i leith gach costas taistil, costas óstáin agus costas eile faoina rachaidh siad go cuí ag freastal ar chruinnithe de stiúrthóirí na cuideachta, nó d'aon choiste dá stiúrthóirí, nó ar chruinnithe ginearálta den chuideachta, agus ag filleadh ó na cruinnithe sin, nó i ndáil le gnó na cuideachta.

Cumhachtaí chun Iasacht a Fháil.

34. Féadfaidh na stiúrthóirí na cumhachtaí uile a fheidhmiú a bheidh ag an gcuideachta chun airgead a fháil ar iasacht, agus chun a gnóthas agus a maoin, nó aon chuid den chéanna, a mhorgáistiú nó a mhuirearú, agus chun bintiúir, stoc bintiúir agus urrúis eile a eisiúint, go glan amach nó mar urrús ar aon fhiach, dliteanas nó oibleagáid de chuid na cuideachta nó aon tríú páirtí.

Cumhachtaí agus Dualgais Stiúrthóirí.

35. Déanfaidh na stiúrthóirí gnó na cuideachta a bhainistí, agus féadfaidh siad gach uile chaiteachas faoina rachfar ag tionscnamh agus ag clárú na cuideachta a íoc, agus féadfaidh siad gach cumhacht de chuid na cuideachta a fheidhmiú nach cumhacht a gceanglaítear, leis an Acht nó leis na hairteagail seo, í a bheith le feidhmiú ag an gcuideachta i gcruinniú ginearálta, ach, ar a shon sin, faoi réir forálacha an Achta agus na n-airteagal seo agus cibé treoracha, nach mbeidh ar neamhréir leis na forállacha sin, a thabharfaidh an chuideachta i gcruinniú ginearálta; ach ní chuirfidh aon treoir a thabharfaidh an chuideachta i gcruinniú ginearálta aon ghníomh a rinne na stiúrthóirí roimhe sin ó bhail más gníomh é a bheadh bailí dá mba nár tugadh an treoir sin.

36. Féadfaidh na stiúrthóirí ó am go ham agus am ar bith, le cumhacht aturnae, aon chuideachta, gnólacht nó duine nó comhlacht daoine, cibé acu go díreach nó go neamhdhíreach a ainmneoidh na stiúrthóirí an céanna, a cheapadh mar aturnae nó aturnaetha na cuideachta chun cibé críocha agus le cibé cumhachtaí, údaráis agus roghanna (nach mó ná a ndílsítear do na stiúrthóirí nó a mbeidh infheidhmithe acu faoi na hairteagail seo), agus go ceann cibé tréimhse, agus faoi réir cibé coinníollacha, is cuí leis na stiúrthóirí, agus is cead go mbeadh in aon chumhacht aturnae den sórt sin cibé coinníollacha is oiriúnach leis na stiúrthóirí chun daoine a bheidh ag déileáil le haon aturnae den sórt sin a chosaint, agus is cead freisin go n-údaródh sí d'aon aturnae den sórt sin gach ceann nó aon cheann de na cumhachtaí, na húdaráis agus na treoracha a dhílsítear dó a tharmligean.

37. Déanfar gach seic, nóta gealltanais, dréacht, bille malairte agus ionstraim soshannta eile, agus gach admháil ar airgead a íocfar leis an gcuideachta, a shíniú, a tharraingt, a ghlacadh, a fhormhuiniú nó a fhorghníomhú ar shlí eile, de réir mar a bheidh, ag cibé duine nó daoine agus i cibé slí a chinnfidh na stiúrthóirí ó am go ham le rún.

38. Cuirfidh na stiúrthóirí faoi deara go gcuirfear miontuairiscí i leabhair a sholáthrófar chuige sin—

(a) ar gach ceapachán oifigeach a dhéanfaidh na stiúrthóirí;

(b) ar ainmneacha na stiúrthóirí a bheidh i láthair ag gach cruinniú de na stiúrthóirí agus d'aon choiste de na stiúrthóirí;

(c) ar gach rún agus imeacht ag gach cruinniú den chuideachta agus de na stiúrthóirí agus de choistí stiúrthóirí.

Dícháiliú Stiúrthóirí.

39. Scarfar le hoifig stiúrthóra i gcás an stiúrthóir—

(a) a bheith i seilbh aon oifige nó post sochair faoin gcuideachta gan toiliú ón gcuideachta i gcruinniú ginearálta; nó

(b) a bhreithniú ina fhéimheach sa Stát nó i dTuaisceart Éireann nó sa Bhreatain Mhór nó é do dhéanamh aon chomhshocraíochta nó imshocraíochta lena chreidiúnaithe i gcoitinne; nó

(c) a theacht faoi thoirmeasc chun bheith ina stiúrthóir de bhíthin aon ordaithe arna dhéanamh faoi alt 184 den Acht; nó

(d) a éirí mímheabhrach; nó

(e) a éirí as a oifig trí fhógra i scríbhinn chun na cuideachta; nó

(f) a chiontú i gcion indíotáilte, mura gcinnfidh na stiúrthóirí a mhalairt; nó

(g) a bheith ina dhuine a bhfuil leas aige go díreach nó go neamhdhíreach in aon chonradh leis an gcuideachta agus nach gcuirfidh sé in iúl cad é an cineál leasa é mar a cheanglaítear le halt 194 den Acht.

Vótáil ar Chonarthaí.

40. Féadfaidh stiúrthóir vótáil i leith conartha ar bith ina bhfuil leas aige nó i leith ábhair ar bith a éireoidh as.

Uainíocht Stiúrthóirí.

41. Ag an gcéad chruinniú ginearálta bliantúil den chuideachta scoirfidh na stiúrthóirí go léir dá n-oifig, agus ag an gcruinniú ginearálta bliantúil gach bliain ina dhiaidh sin scoirfidh trian de na stiúrthóirí de thuras na huaire nó, mura trí nó iolrú ar thrí a líon, scoirfidh an líon is gaire do thrian, dá n-oifig.

42. Na stiúrthóirí a scoirfidh dá n-oifig gach bliain, is iad na stiúrthóirí iad is faide a bheidh i seilbh oifige ó toghadh go deireanach iad, ach i gcás daoine a tháinig chun bheith ina stiúrthóirí an lá céanna déanfar (mura gcomhaontóidh siad eatarthu féin ar a mhalairt) na daoine a bheidh le scor a chinneadh le crannchur.

43. Féadfar stiúrthóir a bheidh ag scor dá oifig a atoghadh.

44. Féadfaidh an chuideachta, ag an gcruinniú ag a scoirfidh stiúrthóir mar a dúradh, an oifig ar scaradh léi a líonadh trí dhuine a thoghadh chuici, agus mura ndéanfar amhlaidh measfar an stiúrthóir a bheidh ag scor, má thairgeann sé é féin le haghaidh atoghadh, a bheith arna atoghadh, mura rud é go gcinnfear go sainráite, le rún, ag an gcruinniú sin gan an oifig sin ar scaradh léi a líonadh, nó gur cuireadh rún go n-atoghfaí an stiúrthóir sin faoi bhráid an chruinnithe agus gur cailleadh air.

45. Ní bheidh duine ar bith, seachas stiúrthóir a bheidh ag scor dá oifig ag an gcruinniú, intofa d'oifig stiúrthóra ag aon chruinniú ginearálta, gan é a bheith molta ag na stiúrthóirí, mura rud é gur fágadh san oifig, 3 lá ar a laghad agus 21 lá ar a mhéad roimh an lá a bheidh ceaptha don chruinniú, fógra i scríbhinn, arna shíniú ag comhalta a bheidh cáilithe go cuí chun bheith i láthair agus vótáil ag an gcruinniú dá dtabharfar an fógra sin, á rá go bhfuil ar intinn aige an duine sin a thairiscint chun a thofa, maraon le fógra i scríbhinn arna shíniú ag an duine sin go dtoilíonn sé lena thoghadh.

46. Féadfaidh an chuideachta ó am go ham, le gnáthrún, an líon stiúrthóirí a mhéadú nó a laghdú agus féadfaidh sí freisin a chinneadh cad é an uainíocht ar dá réir a rachaidh an líon méadaithe nó laghdaithe as oifig.

47. Beidh de chumhacht ag na stiúrthóirí, am ar bith agus ó am go ham, duine ar bith a cheapadh ina stiúrthóir, chun corrfholúntas a líonadh nó de bhreis ar na stiúrthóirí láithreacha, ach sa dóigh nach mbeidh an líon iomlán stiúrthóirí níos mó tráth ar bith ná an líon a bheidh socraithe de réir na n-airteagal seo. Aon stiúrthóir a cheapfar amhlaidh ní bheidh sé i seilbh oifige ach go dtí an chéad chruinniú ginearálta bliantúil ina dhiaidh sin, agus féadfar é a atoghadh ansin, ach ní chuirfear san áireamh é nuair a bheidh na stiúrthóirí a bheidh le scor de réir uainíochta ag an gcruinniú sin á gcinneadh.

48. Féadfaidh an chuideachta, le gnáthrún ar tugadh fógra fadtréimhse faoi de réir alt 142 den Acht, stiúrthóir ar bith a chur as oifig roimh dheireadh a thréimhse oifige d'ainneoin aon ní sna hairteagail seo nó in aon chomhaontú idir an chuideachta agus an stiúrthóir sin. Beidh an cur as oifig sin gan dochar d'aon éileamh a bheadh ag an stiúrthóir sin ar dhamáistí mar gheall ar aon chonradh seirbhíse idir é féin agus an chuideachta a shárú.

49. Féadfaidh an chuideachta, le gnáthrún, duine eile a cheapadh in ionad stiúrthóra a cuireadh as oifig faoi airteagal 48. Gan dochar do chumhachtaí na stiúrthóirí faoi airteagal 47, féadfaidh an chuideachta i gcruinniú ginearálta duine ar bith a cheapadh ina stiúrthóir chun corrfholúntas a líonadh nó mar stiúrthóir breise. Aon duine a cheapfar in ionad stiúrthóra a cuireadh as oifig amhlaidh nó chun folúntas den sórt sin a líonadh, beidh sé faoi réir a scortha an tráth céanna a scoirfeadh sé dá dtagadh sé chun bheith ina stiúrthóir an lá a ndearnadh an stiúrthóir ar ceapadh ina ionad é a thoghadh go deireanach ina stiúrthóir.

Imeachtaí Stiúrthóirí.

50. Féadfaidh na stiúrthóirí teacht le chéile chun gnó a chur i gcrích, agus féadfaidh siad a gcruinnithe a atráthú agus a rialú thairis sin mar is cuí leo. Déanfar ceisteanna a éireoidh ag aon chruinniú a chinneadh le tromlach vótaí. I gcás comhionannas vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag an gcathaoirleach. Féadfaidh stiúrthóir, agus déanfaidh an rúnaí ar fhoréileamh ó stiúrthóir, cruinniú de na stiúrthóirí a ghairm tráth ar bith. Má bheartaíonn na stiúrthóirí amhlaidh le rún, ní gá fógra faoi chruinniú stiúrthóirí a thabhairt d'aon stiúrthóir, ar a bhfuil cónaí sa Stát, má bhíonn sé as láthair de thuras na huaire ón Stát.

51. Féadfaidh na stiúrthóirí an córam a shocrú a bheidh riachtanach chun gnó na stiúrthóirí a dhéanamh, agus mura socraítear amhlaidh é is beirt an córam.

52. Féadfaidh na stiúrthóirí leanúnacha gníomhú d'ainneoin aon fholúntais ina líon ach, má bhíonn agus fad a bheidh a líon faoi bhun an líon a socraíodh, le hairteagail na cuideachta nó dá mbun, mar chóram riachtanach stiúrthóirí, féadfaidh na stiúrthóirí leanúnacha nó an stiúrthóir leanúnach gníomhú chun an líon stiúrthóirí a mhéadú go dtí an líon sin nó chun cruinniú ginearálta den chuideachta a ghairm ach ní fhéadfaidh siad gníomhú chun aon chríche eile.

53. Féadfaidh na stiúrthóirí cathaoirleach ar a gcruinnithe a thoghadh agus an tréimhse a bheidh sé i seilbh oifige a chinneadh, ach mura dtoghfar aon chathaoirleach den sórt sin, nó, más rud é ag aon chruinniú nach mbeidh an cathaoirleach i láthair faoi cheann 5 nóiméad i ndiaidh an ama a ceapadh chun an cruinniú a thionól, féadfaidh na stiúrthóirí a bheidh i láthair duine dá líon féin a roghnú chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

54. Féadfaidh na stiúrthóirí aon chumhachtaí dá gcuid a tharmligean chun coistí ar a mbeidh cibé comhalta nó comhaltaí den bhord is cuí leis na stiúrthóirí; aon choiste a bhunófar amhlaidh déanfaidh sé, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a tharmligfear amhlaidh, aon rialacháin a chomhlíonadh a chuirfidh na stiúrthóirí de chúram ar an gcoiste.

55. Féadfaidh coiste cathaoirleach ar a chruinnithe a thoghadh; mura dtoghfar aon chathaoirleach den sórt sin, nó, más rud é ag aon chruinniú nach mbeidh an cathaoirleach i láthair faoi cheann 5 nóiméad tar éis an ama a ceapadh chun an cruinniú a thionól, féadfaidh na comhaltaí a bheidh i láthair duine dá líon féin a roghnú chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

56. Féadfaidh coiste teacht le chéile agus dul ar atráth mar is cuí leis. Déanfar ceisteanna a éireoidh ag aon chruinniú a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair, agus i gcás comhionannas vótaí beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag an gcathaoirleach.

57. Gach gníomh a dhéanfaidh aon chruinniú de na stiúrthóirí nó de choiste stiúrthóirí nó aon duine a bheidh ag gníomhú mar stiúrthóir, beidh sé, d'ainneoin fios a fháil ina dhiaidh sin go raibh locht éigin ar cheapadh aon stiúrthóra den sórt sin nó aon duine a bheidh ag gníomhú mar a dúradh, nó go raibh siad go léir nó aon duine acu dícháilithe, chomh bailí agus dá mbeadh gach duine den sórt sin arna cheapadh go cuí agus cáilithe chun bheith ina stiúrthóir.

58. Beidh rún i scríbhinn arna shíniú ag na stiúrthóirí go léir a bheidh de thuras na huaire i dteideal fógra a fháil faoi chruinniú de na stiúrthóirí chomh bailí agus dá mbeadh sé arna rith ag cruinniú de na stiúrthóirí a comóradh agus a tionóladh go cuí.

An Rúnaí.

59. Déanfaidh na stiúrthóirí an rúnaí a cheapadh go ceann cibé tréimhse, agus ar cibé luach saothair agus coinníollacha, is cuí leo; agus féadfaidh siad aon rúnaí a cheapfar amhlaidh a chur as oifig.

60. Ní sásamh ar fhoráil den Acht nó de na hairteagail seo a cheanglaíonn nó a údaraíonn rud a dhéanamh ag stiúrthóir agus ag an rúnaí, nó ina dtaobh, an rud sin a bheith déanta ag an duine céanna nó ina thaobh agus é ag gníomhú ina stiúrthóir agus fós ina rúnaí nó in ionad an rúnaí.

An Séala.

61. Ní úsáidfear an séala ach le húdarás ó na stiúrthóirí, nó ó choiste stiúrthóirí a bheidh údaraithe chuige sin ag na stiúrthóirí, agus déanfaidh stiúrthóir gach ionstraim dá ngreamófar an séala a shíniú agus déanfaidh an rúnaí, nó an dara stiúrthóir nó duine éigin eile a bheidh ceaptha chuige sin ag na stiúrthóirí, í a chomhshíniú.

Cuntais.

62. Cuirfidh na stiúrthóirí faoi deara go gcoimeádfar leabhair chuntais mar is cuí a bhainfidh—

(a) leis na suimeanna airgid go léir a gheobhaidh agus a chaithfidh an chuideachta agus leis na nithe a bhfuarthas agus ar caitheadh iad ina leith; agus

(b) leis na hearraí uile a dhíolfaidh agus a cheannóidh an chuideachta; agus

(c) le sócmhainní agus dliteanais na cuideachta.

Ní mheasfar leabhair a bheith á gcoimeád mar is cuí mura gcoimeádtar na leabhair chuntais is gá chun léargas fíorcheart a thabhairt ar staid chúrsaí na cuideachta agus chun a hidirbhearta a mhíniú.

63. Coimeádfar na leabhair chuntais san oifig nó, faoi réir alt 147 den Acht, i cibé áit eile is cuí leis na stiúrthóirí, agus beidh siad ar fáil gach tráth réasúnach chun a scrúdaithe ag na stiúrthóirí.

64. Cinnfidh na stiúrthóirí ó am go ham cé acu a bheidh agus cá mhéad a bheidh, agus cad iad na tráthanna agus na háiteanna a mbeidh, agus na coinníollacha agus na rialacháin faoina mbeidh, cuntais agus leabhair na cuideachta nó aon cheann díobh ar fáil chun a scrúdaithe ag comhaltaí, nach stiúrthóirí, agus ní bheidh ceart ar bith ag aon chomhalta (nach stiúrthóir) chun aon chuntas nó leabhar nó doiciméad de chuid na cuideachta a scrúdú ach amháin ceart mar a thugtar le reacht nó mar a údaróidh na stiúrthóirí nó an chuideachta i gcruinniú ginearálta.

65. Cuirfidh na stiúrthóirí faoi deara ó am go ham, de réir ailt 148, 150, 157 agus 158 den Acht, go n-ullmhófar, agus go leagfar faoi bhráid chruinniú ginearálta bliantúil na cuideachta, cibé cuntais sochair agus dochair, cláir chomhardaithe, grúpchuntais, agus tuarascálacha is gá de réir na n-alt sin a ullmhú agus a leagan faoi bhráid chruinniú ginearálta bliantúil na cuideachta.

66. Déanfar cóip de gach clár comhardaithe (lena n-áirítear gach doiciméad is gá de réir dlí a bheith i gceangal leis) a bheidh le leagan faoi bhráid chruinniú ginearálta bliantúil na cuideachta, maraon le cóip de thuarascáil na stiúrthóirí agus de thuarascáil na n-iniúchóirí, a chur, 21 lá ar a laghad roimh dháta an chruinnithe ghinearálta bhliantúil, go dtí gach duine a bheidh i dteideal iad a fháil faoi fhorálacha an Achta.

Iniúchadh.

67. Déanfar iniúchóirí a cheapadh agus a ndualgais a rialú de réir ailt 160 go 163 den Acht.

Fógraí.

68. Féadfaidh an chuideachta fógra a thabhairt d'aon chomhalta go pearsanta nó trína chur chuige leis an bpost go dtí a sheoladh cláraithe. I gcás fógra a chur leis an bpost, measfar an fógra a sheirbheáil má dhéantar go cuí litir ina mbeidh an fógra a sheoladh, a réamhíoc agus a chur sa phost, agus measfar an tseirbheáil a bheith arna déanamh, i gcás fógra faoi chruinniú, i gceann 24 huaire a chloig tar éis an litir ina mbeidh an fógra a chur sa phost, agus, in aon chás eile, ag an am a sheachadfaí an litir i ngnáthchúrsa an phoist.

69. Déanfar fógra faoi gach cruinniú ginearálta a thabhairt in aon slí dá n-údaraítear anseo roimhe seo—

(a) do gach comhalta; agus

(b) do gach duine is ionadaí pearsanta do chomhalta nó arb é a Shannaí Oifigiúil i bhféimheacht é, i gcás teideal a bheith ag an gcomhalta, murach a bhás nó a fhéimheacht, chun fógra faoin gcruinniú a fháil; agus

(c) d'iniúchóir na cuideachta de thuras na huaire.

Ní bheidh duine ar bith eile i dteideal fógra faoi chruinnithe ginearálta a fháil.

Ainmneacha, Seoltaí agus Tuairiscí na Sínitheoirí.

1.  Cathal Ó Briain as . . . i gContae . . . Ollamh Ollscoile.

2.  Proinsias de Paor as . . . i gContae . . . Ceimicí Taighde.

3.  Séamas Ó Conchúir as . . . i gContae . . . Bitheolaí.

4.  Tomás Ó Dálaigh as . . . i gContae . . . Múinteoir Eolaíochta.

5.  Risteard Ó Dónaill as . . . i gContae . . . Leabharlannaí.

6.  Seosamh Ó Muirí as . . . i gContae . . . Fisicí.

7.  Micheál Ó Nualláin as . . . i gContae . . . Staitisteoir.

Arna dhátú an..................lá de................................., 19......

Finné leis na sínithe sin thuas:

Ainm:

Seoladh:

TÁBLA D.

Cuid I.

Foirm Mheabhrán agus Airteagail Chomhlachais Chuideachta faoi theorainn ráthaíochta a bhfuil Scairchaipiteal aici.

Meabhrán Comhlachais.

1. “Cuideachta Forbartha Cuartaíochta Chontaetha an Iarthair, Teoranta” is ainm don chuideachta.

2. Is iad na cuspóirí ar lena n-aghaidh atá an chuideachta á bunú, chun cuartaíocht i gcontaetha Iarthar na hÉireann a chur chun cinn trí shaoráidí a chur ar fáil do lucht cuartaíochta, agus gach ní eile a dhéanamh a ghabhann nó a chuideodh leis an gcuspóir sin thuas a thabhairt i gcrích.

3. Tá teorainn le dliteanas na gcomhaltaí.

4. Geallann gach comhalta den chuideachta go ranníocfaidh sé le sócmhainní na cuideachta i gcás í a fhoirceannadh le linn dó bheith ina chomhalta, nó laistigh de bhliain ina dhiaidh sin, chun íoc as na fiacha agus na dliteanais de chuid na cuideachta a rachfar fúthu sula scoirfidh sé de bheith ina chomhalta, agus as costais, muirir agus caiteachais an fhoirceanta, agus chun coigeartú a dhéanamh ar chearta na ranníocóirí eatarthu féin, cibé suim is gá gan dul thar £5.

5. £10,000, agus é roinnte in 10,000 scair de £1 an ceann, scairchaipiteal na cuideachta.

Sinne, na daoine uile agus faoi seach a bhfuil a n-ainmneacha agus a seoladh scríofa acu anseo thíos, is mian linn go ndéanfaí cuideachta dínn de bhun an mheabhráin chomhlachais seo, agus comhaontaímid go dtógfaimid an líon scaireanna i gcaipiteal na cuideachta atá curtha síos os coinne ár n-ainmneacha faoi seach.

Ainmneacha, Seoltaí agus Tuairiscí na Sínitheoirí

An líon scaireanna atá á thógáil ag gach sínitheoir

1.  Pádraig Breatnach as . . . i gContae . . . Aturnae.

100

2.  Tomás Ó Murchú as . . . i gContae . . . Dílseánach Óstáin

500

3.  Séamas Ó Riain as . . . i gContae . . . Innealtóir

45

4.  Proinsias Ó Briain as . . . i gContae . . . Gníomhaire Taistil

100

5.  Tomás Ó Dufaigh as . . . i gContae . . . Feirmeoir

100

6.  Seosamh Ó Móráin as . . . i gContae . . . Ailtire

150

7.  Máirtín Ó Raghallaigh as . . . i gContae . . . Cléireach

5

Iomlán na Scaireanna atá á dtógáil   ...

1,000

Arna dhátú an..................lá de................................., 19......

Finné leis na sínithe sin thuas:

Ainm:

Seoladh:

Cuid II.

Airteagail Chomhlachais atá le gabháil leis an Meabhrán Comhlachais sin roimhe seo nuair nach cuideachta phríobháideach an chuideachta.

1. Tá sé beartaithe an chuideachta a chlárú le líon 100 comhalta ach féadfaidh na stiúrthóirí líon breise comhaltaí a chlárú ó am go ham.

2. Measfar rialacháin Thábla A, Cuid I, atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht na gCuideachtaí, 1963 , a bheith corpraithe leis na hairteagail seo agus beidh feidhm acu maidir leis an gcuideachta.

Ainmneacha, Seoltaí agus Tuairiscí na Sínitheoirí.

1.  Pádraig Breatnach as . . . i gContae . . . Aturnae.

2.  Tomás Ó Murchú as . . . i gContae . . . Dílseánach Óstáin.

3.  Séamas Ó Riain as . . . i gContae . . . Innealtóir.

4.  Proinsias Ó Briain as . . . i gContae . . . Gníomhaire Taistil.

5.  Tomás Ó Dufaigh as . . . i gContae . . . Feirmeoir.

6.  Seosamh Ó Móráin as . . . i gContae . . . Ailtire.

7.  Máirtín Ó Raghallaigh as . . . i gContae . . . Cléireach.

Arna dhátú an..................lá de................................., 19......

Finné leis na sínithe sin thuas:

Ainm:

Seoladh:

Cuid III.

Airteagail Chomhlachais atá le gabháil leis an Meabhrán Comhlachais sin roimhe seo nuair is cuideachta phríobháideach an chuideachta.

1. Tá sé beartaithe an chuideachta a chlárú le líon 40 comhalta ach féadfaidh na stiúrthóirí, faoi réir Airteagal 2, líon breise comhaltaí a chlárú ó am go ham.

2. Measfar rialacháin Thábla A, Cuid II, atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht na gCuideachtaí, 1963 , a bheith corpraithe leis na hairteagail seo agus beidh feidhm acu maidir leis an gcuideachta.

Ainmneacha, Seoltaí agus Tuairiscí na Sínitheoirí.

1.  Pádraig Breatnach as . . . i gContae . . . Aturnae.

2.  Tomás Ó Murchú as . . . i gContae . . . Dflseánach Óstáin.

3.  Séamas Ó Riain as . . . i gContae . . . Innealtóir.

4.  Proinsias Ó Briain as . . . i gContae . . . Gníombaire Taistil.

5.  Tomás Ó Dufaigh as . . . i gContae . . . Feirmeoir.

6.  Seosamh Ó Móráin as . . . i gContae . . . Ailtire.

7.  Máirtín Ó Raghallaigh as . . . i gContae . . . Cléireach.

Arna dhátú an..................lá de................................., 19......

Finné leis na sínithe sin thuas:

Ainm:

Seoladh:

TÁBLA E.

Cuid I.

Foirm Mheabhrán agus Airteagail Chomhlachais Chuideachta Neamhtheoranta a bhfuil Scairchaipiteal aici.

Meabhrán Comhlachais.

1. “An Chuideachta Fómharaithe Móna” is ainm don chuideachta.

2. Is iad na cuspóirí ar lena n-aghaidh atá an chuideachta á bunú, chun forbairt a dhéanamh ar mhodhanna feabhsaithe le móin a bhaint agus a shábháil agus chun gach ní eile a dhéanamh a ghabhann nó a chuideodh leis an gcuspóir sin thuas a thabhairt i gcrích.

Sinne, na daoine uile agus faoi seach a bhfuil a n-ainmneacha agus a seoladh scríofa acu anseo thíos, is mian linn go ndéanfaí cuideachta dínn de bhun an mheabhráin chomhlachais seo, agus comhaontaímid go dtógfaimid an líon scaireanna i gcaipiteal na cuideachta atá curtha síos os coinne ár n-ainmneacha faoi seach.

Ainmneacha, Seoltaí agus Tuairiscí na Sínitheoirí.

An líon scaireanna atá á thógáil ag gach Sínitheoir.

1.  Pádraig Ó Conchúir as . . . i gContae . . . Ceannaí

100

2.  Seosamh Ó Briain as . . . i gContae . . . Aturnae

500

3.  Tomás Ó Riain as . . . i gContae . . . Innealtóir

50

4.  Séamas Ó Murchú as . . . i gContae . . . Innealtóir

500

5.  Pádraig Ó Nualláin as . . . i gContae . . . Feirmeoir

350

6.  Séamas Ó Broin as . . . i gContae . . . Miotalóir

50

7.  Séamas Ó Dufaigh as . . . i gContae . . . Feirmeoir

50

Iomlán na scaireanna atá á dtógáil   ...

1,600

Arna dhátú an..................lá de................................., 19......

Finné leis na sínithe sin thuas:

Ainm:

Seoladh:

Cuid II.

Airteagail Chomhlachais atá le gabháil leis an Meabhrán Comhlachais sin roimhe seo nuair nach cuideachta phríobháideach an chuideachta.

1. Tá sé beartaithe an chuideachta a chlárú le líon céad comhalta ach féadfaidh na stiúrthóirí líon breise comhaltaí a chlárú ó am go ham.

2. £10,000, agus é roinnte in 10,000 scair de £1 an ceann, scairchaipiteal na cuideachta.

3. Féadfaidh an chuideachta le rún speisialta—

(a) an scairchaipiteal a mhéadú cibé suim, a bheidh le roinnt i scaireanna de cibé méid, a fhorordófar leis an rún;

(b) a scaireanna a chomhdhlúthú ina scaireanna de mhéid is mó ná a scaireanna láithreacha;

(c) a scaireanna a fhoroinnt ina scaireanna de mhéid is lú ná a scaireanna láithreacha;

(d) aon scaireanna a chealú nach mbeidh, ar dháta an rúin a rith, tógtha, nó comhaontaithe ar iad a thógáil, ag duine ar bith;

(e) a scairchaipiteal a laghdú ar dhóigh ar bith.

4. Faoi réir ailt 133 agus 141 den Acht, déanfar cruinniú ginearálta bliantúil, agus cruinniú a ghairfear chun rún speisialta a rith, a ghairm le fógra 21 lá ar a laghad i scríbhinn, agus gairfear cruinniú den chuideachta seachas—

(a) cruinniú ginearálta bliantúil, nó

(b) cruinniú chun rún speisialta a rith,

le fógra 7 lá ar a laghad i scríbhinn. Ní áireofar sa tréimhse don fhógra an lá a sheirbheálfar é nó a mheasfar é a sheirbheáil ná an lá dá dtabharfar é, agus sonróidh sé áit, lá agus am an chruinnithe agus, i gcás gnó speisialta, an cineál gnó atá ann go ginearálta, agus tabharfar é, ar an modh a údaraítear leis na hairteagail seo, do na daoine a bheidh, faoi airteagail na cuideachta, i dteideal na fógraí sin a fháil ón gcuideachta.

5. Measfar rialacháin Thábla A, Cuid I, atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht na gCuideachtaí, 1963 (ach amháin rialacháin 40 go 46 (go huile) agus 51) a bheith corpraithe leis na hairteagail seo agus beidh feidhm acu maidir leis an gcuideachta.

Ainmneacha, Seoltaí agus Tuairiscí na Sínitheoirí.

1.  Pádraig Ó Conchúir as . . . i gContae . . . Ceannaí.

2.  Seosamh Ó Briain as . . . i gContae . . . Aturnae.

3.  Tomás Ó Riain as . . . i gContae . . . Innealtóir.

4.  Séamas Ó Murchú as . . . i gContae . . . Innealtóir.

5.  Pádraig Ó Nualláin as . . . i gContae . . . Feirmeoir.

6.  Séamas Ó Broin as . . . i gContae . . . Miotalóir.

7.  Séamas Ó Dufaigh as . . . i gContae . . . Feirmeoir.

Arna dhátú an..................lá de................................., 19......

Finné leis na sínithe sin thuas:

Ainm:

Seoladh:

Cuid III.

Airteagail Chomhlachais atá le gabháil leis an Meabhrán Comhlachais sin roimhe seo nuair is cuideachta phríobháideach an chuideachta.

1. Tá sé beartaithe an chuideachta a chlárú le líon 40 comhalta ach féadfaidh na stiúrthóirí, faoi reir Airteagal 4, líon breise comhaltaí a chlárú ó am go ham.

2. £10,000, agus é roinnte in 10,000 scair de £1 an ceann, scairchaipiteal na cuideachta.

3. Féadfaidh an chuideachta le rún speisialta—

(a) an scairchaipiteal a mhéadú cibé suim, a bheidh le roinnt ina scaireanna de cibé méid, a fhorordófar leis an rún;

(b) a scaireanna a chomhdhlúthú ina scaireanna de mhéid is mó ná a scaireanna láithreacha;

(c) a scaireanna a fhoroinnt ina scaireanna de mhéid is lú ná a scaireanna láithreacha;

(d) aon scaireanna a chealú nach mbeidh, ar dháta an rúin a rith, tógtha, nó comhaontaithe ar iad a thógáil, ag duine ar bith;

(e) a scairchaipiteal a laghdú ar dhóigh ar bith.

4. Measfar rialacháin Thábla A, Cuid II, atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht na gCuideachtaí, 1963 (ach amháin rialacháin 40 go 46 (go huile) de Chuid I den Tábla sin), a bheith corpraithe leis na hairteagail seo agus beidh feidhm acu maidir leis an gcuideachta.

Ainmneacha, Seoltaí agus Tuairiscí na Sínitheoirí.

1.  Pádraig Ó Conchúir as . . . i gContae . . . Ceannaí.

2.  Seosamh Ó Briain as . . . i gContae . . . Aturnae.

3.  Tomás Ó Riain as . . . i gContae . . . Innealtóir.

4.  Séamas Ó Murchú as . . . i gContae . . . Innealtóir.

5.  Pádraig Ó Nualláin as . . . i gContae . . . Feirmeoir.

6.  Séamas Ó Broin as . . . i gContae . . . Miotalóir.

7.  Séamas Ó Dufaigh as . . . i gContae . . . Feirmeoir.

Arna dhátú an..................lá de................................., 19......

Finné leis na sínithe sin thuas:

Ainm:

Seoladh: