An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XIV. Forálacha Ilghnéitheacha maidir le Cuideachtaí Baincéireachta, Comhpháirtíochtaí agus Cuideachtaí Neamhchláraithe.) Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL. Table A, Tábla A, agus Táblaí B, C, D agus E.)

33 1963

ACHT NA gCUIDEACHTAÍ, 1963

CUID XV.

Ginearálta.

Foirm na gClár.

Foirm na gclár, na leabhar miontuairiscí, agus na leabhar cuntais.

378. —(1) Aon chlár, treoirleabhar, leabhar miontuairiscí nó leabhar cuntais a cheanglaítear leis an Acht seo ar chuideachta nó ar chláraitheoir na gcuideachtaí a choimeád, féadfar é a choimeád trí thaifid a chur i leabhair cheangailte nó trí na nithe a bheidh i gceist a thaifeadadh ar aon dóigh eile.

(2) Más rud é nach trí thaifid a chur i leabhar ceangailte ach gur ar dhóigh éigin eile a choimeádfar aon chlár, treoirleabhar, leabhar miontuairiscí nó leabhar cuntais a bheidh le coimeád ag cuideachta, glacfar cúram leormhaith in aghaidh falsú agus chun falsú a aimsiú go héasca má dhéantar é, agus má mhainnítear an fo-alt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

Seirbheáil Doiciméad.

Seirbheáil doiciméad ar chuideachta.

379. —(1) Féadfar doiciméad a sheirbheáil ar chuideachta trína fhágáil in oifig chláraithe na cuideachta nó trína chur leis an bpost chun na hoifige sin nó, mura bhfuil fógra tugtha ag an gcuideachta do chláraitheoir na gcuideachtaí i dtaobh suíomh a hoifige cláraithe, trína chlárú san oifig chun cuideachtaí a chlárú.

(2) Chun críocha an ailt seo, aon doiciméad a fhágfar san áit, nó a chuirfear leis an bpost go dtí an áit, a bheidh taifeadta de thuras na huaire ag cláraitheoir na gcuideachtaí mar shuíomh oifige cláraithe cuideachta, measfar é a bheith fágtha in oifig chláraithe na cuideachta, nó curtha leis a bpost chun na hoifige sin, d'ainneoin suíomh a hoifige cláraithe a bheith athraithe.

Cionta.

Pionóis mar gheall ar ráitis bhréagacha.

380. —Má dhéanann aon duine go toiliúil, in aon tuairisceán, tuarascáil, deimhniú, clár comhardaithe nó doiciméad eile is gá a thabhairt de réir, nó chun críocha, aon cheann de na forálacha den Acht seo a shonraítear sa Deichiú Sceideal, ráiteas a bheidh bréagach in aon phonc ábhartha agus a fhois aige é a bheith bréagach, dlífear—

(a) ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 3 bliana nó fíneáil nach mó ná £500, nó iad araon, a chur air; nó

(b) ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó fíneáil nach mó ná £100, nó iad araon, a chur air.

Pionós mar gheall ar an bhfocal “limited” nó “teoranta” a úsáid go míchuí.

381. —Má dhéanann aon duine nó daoine trádáil nó gnó a sheoladh faoi aon ainm nó teideal arb é“limited” nó“teoranta”, nó aon ghiorrú nó aithris ar cheachtar focal acu sin, an focal deireanach ann, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an duine nó na daoine sin mura mbeidh sé nó siad corpraithe go cuí faoi dhliteanas teoranta.

Cuideachtaí a chúiseamh ar díotáil.

382. —(1) I gcás ina ndéanfar cuideachta a chúiseamh, ina haonar nó i gcomhpháirt le duine éigin eile, i gcion indíotáilte, beidh éifeacht ag na forálacha ina dhiaidh seo den alt seo.

(2) Féadfaidh an chuideachta láithriú ag gach céim de na himeachtaí trí ionadaí di, agus féadfaidh an t-ionadaí sin, thar ceann na cuideachta, an freagra a thabhairt ar aon cheist a bheidh le cur chun duine a chúiseofar i gcion indíotáilte, ach mura láithreoidh an chuideachta amhlaidh ní gá na ceisteanna a chur agus féadfaidh an Chúirt Dúiche, d'ainneoin an chuideachta a bheith as látháir, teistíochtaí a ghlacadh agus an chuideachta a chur ar aghaidh chun a trialach.

(3) Féadfaidh ionadaí cuideachta aon cheart agóide nó aon rogha a thugtar don duine cúisithe le haon achtachán a fheidhmiú thar ceann na cuideachta.

(4) Féadfaidh ionadaí cuideachta aon phléadáil a dheanfaidh nó a shíneoidh duine cúisithe, cibé acu os comhair na Cúirte Dúiche nó os comhair bhreitheamh na trialach é, a thaifeadadh i scríbhinn thar ceann na cuideachta, agus, mura láithreoidh an chuideachta trína hionadaí nó, cé go láithreoidh sí amhlaidh, mura ndéanfaidh sí aon phléadáil den sórt sin, rachfar ar aghaidh leis an triail ionann is dá mbeadh an chuideachta tar éis pléideáil neamhchiontachta a thaifeadadh go cuí.

(5) San alt seo, ciallaíonn “ionadaí”, maidir le cuideachta, duine a bheidh ceaptha go cuí ag an gcuideachta chun feidhmiú ar a son chun aon ghníomh nó ní a dhéanamh a údaraítear d'ionadaí cuideachta a dhéanamh leis an alt seo, ach ní bheidh duine a ceapadh amhlaidh cáilithe, de bhua amháin é a cheapadh amhlaidh, chun gníomhú thar ceann na cuideachta os comhair aon chúirte chun aon chríche eile,

(6) Ní gá ionadaí chun críche an ailt seo a cheapadh faoi shéala na cuideachta agus beidh ráiteas i scríbhinn a airbheartóidh a bheith sínithe ag stiúrthóir bainistíochta ar an gcuideachta nó ag duine éigin eile (cibé ainm a thabharfar air) ar a bhfuil, nó is duine acu sin ar a bhfuil, bainistíocht chúrsaí na cuideachta, á rá gur ceapadh an duine a bheidh ainmnithe sa ráiteas ina ionadaí don chuideachta chun críocha an ailt seo, inghlactha gan a thuilleadh cruthúnais mar fhianaise gur ceapadh an duine sin amhlaidh.

(7) San alt seo, folaíonn “cuideachta” cuideachta a corpraíodh lasmuigh den Stát agus a bhfuil áit ghnó bhunaithe aici sa Stát.

An bhrí atá le “oifigeach a rinne mainneachtain”.

383. —Chun críocha aon fhorála san Acht seo a fhoráileann go ndlífear fíneáil nó pionós a chur ar oifigeach do chuideachta a rinne mainneachtain, ciallaíonn “oifigeach a rinne mainneachtain” aon oifigeach don chuideachta a d'údaraigh nó a cheadaigh go feasach agus go toiliúil an mhainneachtain, an diúltú nó an sárú a luaitear san fhoráil.

Leabhair a thabhairt ar aird agus a scrúdú i gcás amhrais go ndearnadh cion.

384. —(1) Más rud é, ar iarratas a dhéanamh chun Breitheamh den Ard-Chúirt ag an Ard-Aighne, ag an Aire nó ag Ceannfort den Gharda Síochána, go suífear go bhfuil cúis réasúnach ann chun a chreidiúint go ndearna aon duine, le linn dó bheith ina oifigeach do chuideachta, cion i ndáil le bainistíocht ghnóthaí na cuideachta, agus go bhfuil fianaise go ndearnadh an cion le fáil in aon leabhair nó páipéir is leis an gcuideachta nó atá faoina hurláimh, féadfar ordú a dhéanamh—

(a) á údarú d'aon duine a ainmneofar san ordú sin na leabhair nó na páipéir sin nó aon cheann acu a scrúdú chun imscrúdú a dhéanamh i dtaobh an chiona agus fianaise a fháil ina thaobh; nó

(b) á cheangal ar rúnaí na cuideachta, nó ar cibé oifigeach eile di a ainmneofar san ordú, na leabhair sin nó aon cheann acu a thabhairt ar aird do dhuine a ainmneofar san ordú in áit a ainmneofar amhlaidh.

(2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) freisin maidir le haon leabhair nó páipéir is le haon duine a bheidh ag seoladh gnó baincéireachta chomh fada is a bhaineann siad le cúrsaí na cuideachta, faoi mar atá feidhm aige maidir le haon leabhair nó páipéir is leis an gcuideachta nó atá faoina hurláimh, ach amháin nach ndéanfar de bhua an fho-ailt seo aon ordú den sórt a luaitear i mír (b) den alt sin.

(3) Beidh breith Bhreithimh den Ard-Chúirt ar iarratas faoin alt seo ina breith chríochnaitheach, faoi réir achomhairc chun na Cúirte Uachtaraí ar cheist dlí.

(4) San alt seo, folaíonn “cuideachta” cuideachta a corpraíodh lasmuigh den Stát agus a bhfuil áit ghnó bhunaithe aici sa Stát.

Imeachtaí achomaire.

1851, c. 93.

385. —(1) Féadfar ionchúiseamh a dhéanamh go hachomair i leith gach ciona faoin Acht seo atá inphionóis le haon téarma príosúnachta nach faide ná 6 mhí nó le haon fhíneáil nach mó ná £100 nó leis an bpríosúnacht agus an fhíneáil sin araon.

(2) Féadfaidh an tArd-Aighne nó an tAire imeachtaí achomaire maidir le cion faoin Acht seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

(3) D'ainneoin fho-alt (4) d'alt 10 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achomaire i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh laistigh de 3 bliana ó dháta an chiona.

Fíneáil íosta i gcás an dara cion nó cionta ina dhiaidh sin.

386. —Má chiontaítear duine i gcion faoin Acht seo agus go gciontófar é ina dhiaidh sin i gcion eile faoin Acht seo, ní lú ná £50 an fhíneáil a bheidh le gearradh ag an gcúirt i leith an dara cion sin nó an chiona sin ina dhiaidh sin, mura ndéanfaidh an chúirt, ag féachaint di d'imthosca uile an cháis, a mhalairt a chinneadh.

Cosaint do chumarsáidí faoi phribhléid.

387. —I gcás ina dtionscnófar imeachtaí faoin Acht seo in aghaidh aon duine, ní mheasfar go gceanglaíonn aon ní in alt 170 nó 299 ar aon duine a ghníomhaigh mar aturnae don chuideachta aon chumarsáid faoi phribhléid a nochtadh a rinneadh leis ar dhóigh seachas ina cháil mar aturnae den sórt sin.

Cruthúnas ar chorprú cuideachtaí a corpraíodh lasmuigh den Stát.

388. —Beidh cóip d'aon Acht lena gcorpraítear corparáid, a airbheartóidh a bheith arna foilsiú ag foilsitheoirí Rialtais aon tíre a fhorordóidh an tAire chun críocha an ailt seo, ina fianaise prima facie, gan a thuilleadh cruthúnais, ar chorprú na corparáide sin.

Cruthúnas ar dheimhnithe maidir le corprú.

389. —Aon deimhniú a bheidh sínithe ag aon duine a airbheartóidh a bheith i seilbh oifig chláraitheora cuideachtaí nó chláraitheora chúnta cuideachtaí nó aon oifig dá samhail sin in aon tír a bheidh forordaithe ag an Aire chun críocha an ailt seo, á dheimhniú go ndearnadh cuideachta a bheidh ainmnithe sa deimhniú sin a chorprú sa tír sin, beidh sé ina fhianaise prima facie ar an gcorprú sin gan cruthúnas ar shíniú an duine a shínigh an deimhniú sin agus gan cruthúnas go bhfuil an duine a shínigh an deimhniú sin i seilbh na hoifige sin.

Imeachtaí Dlíthiúla.

Urrúis ar chostais ó chuideachta.

390. —I gcás ina mbeidh cuideachta theoranta ina gearánaí in aon chaingean nó imeacht dhlíthiúil eile, féadfaidh aon bhreitheamh ag a mbeidh dlínse san ábhar, más léir ó fhianaise chreidiúnach go bhfuil cúis ann chun a chreidiúint nach mbeidh an chuideachta in ann costais an chosantóra a íoc má éiríonn leis ina chosaint, a cheangal go dtabharfar urrús leordhóthanach ar na costais sin agus féadfaidh sé gach imeacht a bhac go dtí go dtabharfar an t-urrús.

Cumhacht na cúirte chun faoiseamh a thabhairt d'oifigigh chuideachta.

391. —(1) Más rud é, in aon imeacht mar gheall ar fhaillí, mainneachtain, sárú dualgais nó sárú iontaobhais in aghaidh oifigeach do chuideachta nó in aghaidh duine a bheidh ar fostú mar iniúchóir ag cuideachta, go bhfeicfear don chúirt a bheidh ag éisteacht an cháis go bhfuil, nó go mb'fhéidir go mbeadh, an t-oifigeach sin nó an duine sin faoi dhliteanas maidir leis an bhfaillí, an mhainneachtain, an sárú dualgais nó an sárú iontaobhias, ach gur ghníomhaigh sé go macánta agus go réasúnach, agus, ag féachaint d'imthosca uile an cháis, lena n-áirítear na himthosca a bhain lena cheapadh, gur chóir an fhaillí, an mhainneachtain, an sárú dualgais nó an sárú iontaobhais a mhaitheamh dó, féadfaidh an chúirt sin faoiseamh óna dhliteanas a thabhairt dó, go hiomlán nó go páirteach, ar cibé téarmaí is cuí leis an gcúirt.

(2) Má bhíonn cúis ag aon oifigeach nó duine den sórt a dúradh chun a cheapadh go ndéanfar, nó go mb'fhéidir go ndéanfaí, aon éileamh ina aghaidh mar gheall ar aon fhaillí, mainneachtain, sárú dualgais nó sárú iontaobhais, féadfaidh sé faoiseamh a iarraidh ar an gcúirt, agus i gcás aon iarratais den sórt sin beidh cumhacht ag an gcúirt chun faoiseamh a thabhairt dó mar a bheadh aici faoin alt seo dá mba chúirt í ar tugadh imeachtaí os a comhair in aghaidh an duine sin mar gheall ar fhaillí, mainneachtain, sárú dualgais nó sárú iontaobhais.

(3) Nuair a bheidh aon chás lena mbaineann fo-alt (1) á thriail ag breitheamh maraon le giúiré, féadfaidh an breitheamh, tar éis dó an fhianaise a éisteacht, más deimhin leis gur chóir de bhun an fho-ailt sin faoiseamh a thabhairt don chosantóir, go hiomlán nó go páirteach, ón dliteanas atáthar ag iarraidh a chur i bhfeidhm air, an cás a tharraingt siar go hiomlán nó go páirteach ón ngiúiré, agus féadfaidh sé a ordú go dtaifeadfar breithiúnas le haghaidh an chosantóra ar cibé téarmaí maidir le costais nó eile is cuí leis an mbreitheamh.

Forálacha Ginearálta maidir leis an Aire.

Tuarascáil bhliantúil ón Aire.

392. —Cuirfidh an tAire faoi deara go ndéanfar tuarascáil bhliantúil ghinearálta ar ábhair atá faoi réim an Achta seo a ullmhú agus a leagan faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais.

Caiteachais.

393. —Déanfar na caiteachais faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Fíordheimhniú doiciméad a eiseoidh an tAire.

394. —Aon aontú, ceadú, ordú nó ceadúnas nó cúlghairm ar cheadúnas a fhéadfaidh an tAire a thabhairt nó a dhéanamh faoin Acht seo, féadfaidh sé bheith faoi láimh aon duine a bheidh údaraithe chuige sin ag an Aire.

Cumhacht chun Táblaí agus Foirmeacha a athrú.

395. —(1) Beidh sé de chumhacht ag an Aire athrú nó breisiú a dhéanamh, le hordú, ar cheanglais an Achta seo maidir leis na nithe a bheidh le lua i gclár comhardaithe cuideachta, ina cuntas sochair agus dochair agus ina grúpchuntais, agus go háirithe maidir leis na nithe atá sa Séú Sceideal; agus déanfar aon tagairt san Acht seo don Séú Sceideal a fhorléiriú mar thagairt don Sceideal sin maille le haon athruithe nó breisithe air a rinneadh le horduithe a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire faoin bhfo-alt seo.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú—

(a) Table A, Tábla A agus an Tríú, an Seachtú agus an tOchtú Sceideal a athrú; agus

(b) Táblaí B, C, D agus E sa Chéad Sceideal, agus an fhoirm i gCuid II den Chúigiú Sceideal, a athrú nó a bhreisiú;

ach ní dhéanfaidh aon athrú ag an Aire ar Table A nó ar Thábla A difear d'aon chuideachta a cláraíodh roimh an athrú, ná aisghairm maidir leis an gcuideachta sin ar aon chuid de Table A nó de Thábla A.

Orduithe a leagan faoi bhráid Tithe an Oireachtais, agus cumhacht chun orduithe a chúlghairm nó a leasú agus chun foirmeacha a fhorordú.

396. —(1) Gach ordú a dhéanfar faoin Acht seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú sin.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, cúlghairm nó leasú a dhéanamh ar ordú (seachas ordú faoi fho-alt (2) d'alt 1) a rinneadh faoin Acht seo.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, foirmeacha a fhorordú a bheidh le húsáid i ndáil le haon fhorálacha san Acht seo ach amháin na cinn a bhaineann le foirceannadh cuideachtaí.

Forlíontach.

Srian le halt 58 den Acht Aturnaethe, 1954 .

1954, Uimh. 36 .

397. —D'ainneoin alt 58 den Acht Aturnaethe, 1954 , féadfaidh duine lena mbaineann mír (a) nó (b) d'fho-alt (1) d'alt 162 aon doiciméad, ach amháin gníomhas nó meabhrán comhlachais nó airteagail chomhlachais, a tharraingt suas nó a ullmhú chun críocha an Achta seo.

Forálacha maidir le himeachtaí foirceanta a tionscnaíodh roimh an dáta feidhme.

398. —(1) Ní bheidh feidhm ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le foirceannadh (ach amháin fo-ailt (2) agus (3)) maidir le haon chuideachta ar tosaíodh á foirceannadh roimh an dáta feidhme, ach déanfar gach cuideachta den sórt sin a fhoirceannadh ar an dóigh chéanna agus leis na teagmhais chéanna amhail is nár ritheadh an tAcht seo (lasmuigh de na hachtacháin a dúradh), agus chun críocha an fhoirceanta measfar an tAcht nó na hAchtanna faoinar tosaíodh ar an bhfoirceannadh d'fhanacht i lánfheidhm.

(2) Déanfaidh an chuideachta, nó cibé duine a ordóidh an chúirt, cóip oifige de gach ordú ag bac na n-imeachtaí i bhfoirceannadh a tosaíodh mar a dúradh a chur ar aghaidh chuig cláraitheoir na gcuideachtaí lena clárú.

(3) Má mhainníonn cuideachta fo-alt (2) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £25 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain, agus má mhainníonn aon duine eile fo-alt (2) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £25 a chur air.

Leasuithe ar Achtanna eile.

399. —Beidh éifeacht ag na hachtacháin atá leagtha amach san Aonú Sceideal Déag faoi réir na leasuithe a shonraítear sa Sceideal sin.

NA SCEIDIL