|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID XIII. Forálacha Ginearálta maidir le Clárú.) | Ar Aghaidh (CUID XV. Ginearálta.) |
ACHT NA gCUIDEACHTAÍ, 1963
[EN] | ||
[EN] |
CUID XIV. Forálacha Ilghnéitheacha maidir le Cuideachtaí Baincéireachta, Comhpháirtíochtaí agus Cuideachtaí Neamhchláraithe. | |
Forálacha maidir le Cuideachtaí Baincéireachta. | ||
[EN] |
Toirmeasc ar chomhpháirtíochtaí baincéireachta ina bhfuil níos mó ná deich gcomhalta. |
372. —Ní dhéanfar aon chuideachta, comhlachas ná comhpháirtíocht ina mbeidh níos mó ná deichniúr a fhoirmiú chun gnó baincéireachta a sheoladh, mura mbeidh sé cláraithe mar chuideachta faoin Acht seo nó mura de bhun reachta éigin eile a fhoirmeofar é. |
[EN] |
Fógra a thabhairt do chustaiméirí ar chuideachta bhaincéireachta faoi dhliteanas teoranta a chlárú. |
373. —(1) I gcás ina mbeartóidh cuideachta bhaincéireachta a bhí ar marthain ar an 7ú lá de Lúnasa, 1862, clárú mar chuideachta theoranta faoin Acht seo, déanfaidh sí, 30 lá ar a laghad sula gcláróidh sí amhlaidh, fógra go bhfuil sí chun clárú amhlaidh a thabhairt do gach duine ag a bhfuil cuntas baincéireachta leis an gcuideachta, tríd an bhfógra a sheachadadh dó féin, nó trína chur chuige leis an bpost, nó trína sheachadadh, ag an seoladh is déanaí is eol a bheith aige. |
[EN] | (2) Má mhainníonn an chuideachta an fógra a fhoráiltear leis an alt seo a thabhairt, ansin, amhail idir an chuideachta agus an duine a mbeidh leas aige de thuras na huaire sa chuntas ar cheart an fógra a thabhairt ina leith, agus sa mhéid a bhaineann leis an gcuntas anuas go dtí an t-am a thabharfar fógra, ach sa mhéid agus sa dóigh sin amháin, ní bheidh aon éifeacht ag an deimhniú clárúcháin faoi dhliteanas teoranta. | |
[EN] |
Dliteanas bainc eisiúna a bheith neamhtheoranta maidir le nótaí. |
374. —(1) Faoi réir fho-alt (2), ní bheidh banc eisiúna a chláróidh faoin Acht seo mar chuideachta theoranta i dteideal bheith faoi dhliteanas teoranta i leith a nótaí, agus beidh comhaltaí an bhainc sin faoi dhliteanas i leith a nótaí ionann is dá mba mar chuideachta neamhtheoranta a cláraíodh é. |
[EN] | (2) Más rud é, i gcás cuideachta lena mbaineann fo-alt (1) a fhoirceannadh, nach leor na sócmhainní ginearálta chun éilimh na sealbhóirí nótaí agus na gcreidiúnaithe ginearálta a shásamh, ansin, dlífidh na comhaltaí, tar éis an chuid eile d'éilimh na sealbhóirí nótaí a shásamh, suim is ionann agus an méid a fuair na sealbhóirí nótaí as na sócmhainní ginearálta a ranníoc chun fiacha na gcreidiúnaithe ginearálta a íoc. | |
[EN] | (3) Chun críocha an ailt seo, ciallaíonn “na sócmhainní ginearálta” na cistí a bheidh ar fáil chun na creidiúnaithe ginearálta, chomh maith leis na sealbhóirí nótaí, a íoc. | |
[EN] | (4) Féadfaidh aon bhanc eisiúna a chlárófar faoin Acht seo mar chuideachta theoranta a lua ar a nótaí nach bhfuil réim ag an dliteanas teoranta maidir lena nótaí, agus go bhfuil comhaltaí na cuideachta faoi dhliteanas i leith a nótaí ionann is dá mba mar chuideachta neamhtheoranta a cláraíodh é. | |
[EN] |
Pribhléidí banc a thabharfaidh tuairisceán bliantiuil. 1825, c. 42. 1845, c. 37. |
375. —(1) Má bhíonn cuideachta atá ag seoladh gnó baincéirí tar éis an tuairisceán bliantúil is gá de réir alt 125 a chur ar aghaidh go cuí go dtí cláraitheoir na gcuideachtaí agus ráiteas a chur leis a thugann ainmneacha na n-áiteanna éagsúla ina bhfuil gnó á sheoladh aici, ní bheidh ar an gcuideachta aon tuairisceáin a thabhairt faoin Bankers (Ireland) Act, 1825, ná faoi alt 22 den Bankers (Ireland) Act, 1845. |
[EN] | (2) In aon imeachtaí dlíthiúla féadfar a chruthú le deimhniú an chláraitheora go ndearnadh an tuairisceán bliantúil agus an ráiteas sin a chur ar aghaidh go cuí. | |
Toirmeasc ar Chomhpháirtíochtaí de bhreis agus fiche Comhalta. | ||
[EN] |
Toirmeasc ar chomhpháirtíochtaí de bhreis agus fiche comhalta. |
376. —Ní dhéanfar aon chuideachta, comhlachas ná comhpháirtíocht ina mbeidh breis agus fiche duine a fhoirmiú chun aon ghnó (seachas gnó baincéireachta) a sheoladh arb é is cuspóir dó brabach a ghnóthú don chuideachta, don chomhlachas nó don chomhpháirtíocht, nó do chomhaltaí aonair an chéanna, mura mbeidh sé cláraithe mar chuideachta faoin Acht seo nó mura de bhun reachta éigin eile a foirmíodh é. |
Feidhm Forálacha áirithe san Acht seo maidir le Cuideachta Neamhchláraithe. | ||
[EN] |
Feidhm forálacha áirithe san Acht seo maidir le cuideachtaí neamhchláraithe. 1837, c. 73. |
377. —(1) Bainfidh na forálacha den Acht seo a shonraítear sa dara colún den Naoú Sceideal (a bhaineann faoi seach leis na nithe dá dtagraítear sa chéad cholún den Sceideal sin) le gach comhlacht corpraithe a bheidh corpraithe sa Stát agus a mbeidh príomháit ghnó aige ann, seachas iad siúd a luaitear i bhfo-alt (2), ionann is dá mba chuideachta é a cláraíodh faoin Acht seo agus a bhí faoi réir aon teorainneacha a luaitear maidir leis na forálacha sin faoi seach sa tríú colún den Sceideal sin agus faoi réir cibé oiriúnuithe agus modhnuithe (más ann) a fhorordófar. |
[EN] | (2) Ní bheidh feidhm de bhua an ailt seo ag na forálacha sin maidir le haon chomhlacht acu seo a leanas— | |
[EN] | (a) aon chomhlacht corpraithe a corpraíodh le haon reacht ginearálta poiblí nó a cláraíodh faoi; agus | |
[EN] | (b) aon chomhlacht corpraithe nár foirmíodh chun gnó a sheoladh arb é is cuspóir dó brabach a ghnóthú don chomhlacht nó do chomhaltaí aonair an chomhlachta; agus | |
[EN] | (c) aon chomhlacht corpraithe a bhfuil toirmeasc air de réir reachta nó ar dhóigh eile aon ioncam nó maoin dá chuid a dháileadh ar a chomhaltaí le linn é a bheith faoi lánseol nó le linn é a bheith faoi leachtú; agus | |
[EN] | (d) aon chomhlacht corpraithe a bheidh díolmhaithe de thuras na huaire le hordú ón Aire. | |
[EN] | (3) Beidh feidhm ag na forálacha sin freisin ar an dóigh chéanna maidir le haon chomhlacht neamhchorpraithe daoine atá i dteideal, de bhua litreacha paitinne, aon phribhléide dá dtugtar leis an Chartered Companies Act, 1837, agus nach bhfuil cláraithe faoi aon reacht ginearálta poiblí eile, ach sin faoi réir eisceachtaí mar a fhoráiltear le míreanna (b), (c) agus (d) d'fho-alt (2) i gcas comhlachtaí corpraithe. | |
[EN] | (4) Ní dhéanfaidh an t-alt seo aisghairm ná cúlghairm, go hiomlán ná go páirteach, ar aon achtachán, cairt ná ionstraim eile lenar comhdhéanadh nó lena rialaítear aon chomhlacht a gcuirtear na forálacha sin chun feidhme ina leith de bhua an ailt seo, ná ní shrianfaidh sé cumhacht an Rialtais chun cairt a dheonú in ionad nó i bhforlíonadh aon chairte den sórt a dúradh; ach maidir le haon chomhlacht den sórt sin, beidh oibriú aon achtacháin, cairte nó ionstraime den sórt sin ar fionraí sa mhéid go bhfuil sé ar neamhréir le haon cheann de na forálacha sin a dúradh mar atá feidhm acu de thuras na huaire maidir leis an gcomhlacht sin. | |
[EN] | (5) Déanfaidh gach comhlacht lena mbaineann an t-alt seo, agus a bhí ar marthain roimh an dáta feidhme, cóip dheimhnithe den chairt, de na reachtanna, den mheabhrán agus de na hairteagail, nó den ionstraim eile lenar comhdhéanadh an comhlacht nó lena mínítear a chomhdhéanamh, a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí lena clárú laistigh de shé mhí tar éis an dáta feidhme. | |
[EN] | (6) Déanfaidh gach comhlacht lena mbaineann an t-alt seo, agus a thiocfaidh chun bheith ar marthain ar an dáta feidhme nó dá éis, cóip dheimhnithe den chairt, de na reachtanna, den mheabhrán agus de na hairteagail nó den ionstraim eile lenar comhdhéanadh an comhlacht nó lena mínítear a chomhdhéanamh, a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtaí lena clárú laistigh de thrí mhí tar éis an comhlacht sin a theacht chun bheith ar marthain. | |
[EN] | (7) Má mhainnítear fo-alt (5) nó (6) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an gcomhlacht agus ar gach oifigeach don chomhlacht a rinne mainneachtain. |