An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XII. Srianta le Scaireanna a Dhíol agus le Scaireanna a Thairiscint chun a nDíolta.) Ar Aghaidh (CUID XIV. Forálacha Ilghnéitheacha maidir le Cuideachtaí Baincéireachta, Comhpháirtíochtaí agus Cuideachtaí Neamhchláraithe.)

33 1963

ACHT NA gCUIDEACHTAÍ, 1963

CUID XIII.

Forálacha Ginearálta maidir le Clárú.

Oifig chlárúcháin.

368. —(1) Chun cuideachtaí a chlárú faoin Acht seo, déanfaidh an tAire oifig nó oifigí a chothabháil agus a riaradh sa Stát i cibé áiteanna is cuí leis an Aire.

(2) Féadfaidh an tAire cibé cláraitheoirí, agus cibé cláraitheoirí cúnta, is gá leis a cheapadh chun cuideachtaí a chlárú faoin Acht seo, agus féadfaidh sé rialacháin a dhéanamh maidir lena ndualgais agus féadfaidh sé aon daoine a cheapfar amhlaidh a chur as oifig.

(3) Féadfaidh an tAire a ordú go n-ullmhófar séala nó séalaí chun go bhfíordheimhneofar doiciméid is gá chun cuideachtaí a chlárú nó a bhaineann le cuideachtaí a chlárú.

(4) Aon uair a ordaítear leis an Acht seo nó le haon reacht aon bheart a bheith le déanamh i dtaobh chláraitheoir na gcuideachtaí nó aige, déanfar an beart sin, go dtí go n-ordóidh an tAire a mhalairt, i dtaobh chláraitheoir láithreach na gcuideachtaí comhstoic nó aige, nó má bhíonn seisean as láthair, i dtaobh cibé duine nó ag cibé duine a údaróidh an tAire de thuras na huaire.

Táillí.

369. —(1) Faoi réir fho-alt (2), maidir leis na nithe éagsúla a luaitear sa chéad cholún den tábla atá leagtha amach i gCuid I den Ochtú Sceideal, déanfar, faoi réir na dteorainneacha a fhorchuirtear le Cuid II den Sceideal sin, na táillí éagsúla a shonraítear sa dara colún den tábla sin a íoc leis an gcláraitheoir.

(2) Ní ghearrfar aon táillí i leith cuideachta a chlárú de bhun Chuid IX mura mar chuideachta theoranta a chlárófar í, nó más rud é, roimh í a chlárú mar chuideachta theoranta, gur cuireadh teorainn le dliteanas na scairshealbhóirí trí reacht nó trí litreacha paitinne.

(3) Déanfar na táillí go léir a íocfar leis an gcláraitheoir de bhun an Achta seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

Doiciméid a bheidh á gcoimeád ag an gcláraitheoir a scrúdú agus a thabhairt ar aird, agus fianaise ina dtaobh.

370. —(1) Féadfaidh duine ar bith—

(a) na doiciméid a bheidh á gcoimeád ag cláraitheoir na gcuideachtaí a scrúdú ar cibé táille a íoc a shocróidh an tAire;

(b) deimhniú ar chorprú aon chuideachta, nó cóip d'aon doiciméad eile nó d'aon chuid d'aon doiciméad eile, nó sliocht as an gcéanna, agus an chóip nó an sliocht sin deimhnithe ag an gcláraitheoir, a éileamh, ar é d'íoc cibé táillí a shocróidh an tAire as an deimhniú, as an gcóip dheimhnithe nó as an sliocht deimhnithe sin.

(2) Ní dhéanfar aon phróis á éigniú go dtabharfar ar aird aon doiciméad a bheidh á choimeád ag an gcláraitheoir a eisiúint ó aon chúirt ach amháin le cead na cúirte sin, agus má eisítear aon phróis den sórt sin beidh ráiteas uirthi gur le cead na cúirte a eisíodh í.

(3) Beidh cóip d'aon doiciméad, nó sliocht as aon doiciméad, a bheidh á choimeád agus a bheidh cláraithe san oifig chun cuideachtaí a chlárú, ar a bheith deimhnithe bheith ina cóip dhílis faoi láimh an chláraitheora, an chláraitheora chúnta nó aon oifigigh eile a bheidh údaraithe ag an Aire (agus ní gá a phost oifigiúil a chruthú), inghlactha i bhfianaise i ngach imeacht dhlíthiúil mar ábhar atá ar chomhbhailíocht leis an doiciméad bunaidh.

Dualgas chun a thabhairt go gcomhlíonfar an tAcht.

371. —(1) Má mhainníonn cuideachta nó aon oifigeach do chuideachta aon cheann d'fhorálacha an Achta seo a chomhlíonadh agus nach slánóidh sí, nó sé, an mhainneachtain laistigh de 14 lá tar éis fógra a sheirbheáil ar an gcuideachta nó ar an oifigeach á cheangal uirthi, nó air, é sin a dhéanamh, féadfaidh an chúirt, ar iarratas chun na cúirte ó aon chomhalta nó creidiúnaí de chuid na cuideachta nó ó chláraitheoir na gcuideachtaí, ordú a dhéanamh á ordú don chuideachta agus d'aon oifigeach di an mhainneachtain a shlánú laistigh de cibé tréimhse a shonrófar san ordú.

(2) Féadfaidh aon ordú den sórt sin a fhoráil go mbeidh na costais uile a bhainfidh agus a ghabhfaidh leis an iarratas le híoc ag an gcuideachta nó ag aon oifigigh don chuideachta a bhí freagrach sa mhainneachtain.

(3) Ní mheasfar go ndéanann aon ní san alt seo dochar d'oibriú aon achtacháin lena bhforchuirtear pionóis ar chuideachta nó ar a hoifigigh mar gheall ar aon mhainneachtain den sórt a dúradh.