An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IX. Údarás ag Cuideachtaí nár Foirmíodh faoin Acht seo Clárú faoin Acht seo.) Ar Aghaidh (CUID XI. Cuideachtaí a Corpraíodh lasmuigh den Stát agus a Bhunóidh Áit Ghnó laistigh den Stát.)

33 1963

ACHT NA gCUIDEACHTAÍ, 1963

CUID X.

Foirceannadh Cuideachtaí Neamhchláraithe.

An bhrí atá le cuideachta neamhchláraithe.

344. —Chun críocha na Coda seo, folóidh “cuideachta neamhchláraithe” aon bhanc taisce iontaobhais a deimhníodh faoi na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1958, aon chomhpháirtíocht, cibé acu teoranta di nó nach ea, aon chomhlachas agus aon chuideachta lasmuigh de na heisceachtaí seo a leanas—

(a) cuideachta mar a mhínítear sin le halt 2;

(b) comhpháirtíocht, comhlachas nó cuideachta ar lú ná ochtar a líon comhaltaí agus nár foirmíodh lasmuigh den Stát.

Foirceannadh cuideachtaí neamhchláraithe.

345. —(1) Faoi réir forálacha na Coda seo, féadfar aon chuideachta neamhchláraithe a fhoirceannadh faoin Acht seo, agus beidh feidhm maidir le cuideachta neamhchláraithe ag na forálacha go léir den Acht seo a bhaineann le foirceannadh, lasmuigh de na heisceachtaí agus na breisithe a luaitear san alt seo.

(2) Chun críocha uile an fhoirceanta, measfar gurb é an phríomháit ghnó sa Stát atá ag cuideachta neamhchláraithe oifig chláraithe na cuideachta.

(3) Ní dhéanfar aon chuideachta neamhchláraithe a fhoirceannadh faoin Acht seo go toilteanach.

(4) Is iad seo a leanas na himthosca ina bhféadfar cuideachta neamhchláraithe a fhoirceannadh—

(a) má dhíscaoiltear an chuideachta, nó má tá scortha aici de ghnó a sheoladh, nó mura bhfuil gnó á sheoladh aici ach amháin chun a cúrsaí a fhoirceannadh;

(b) mura féidir leis an gcuideachta a fiacha a íoc;

(c) más é tuairim na cúirte go bhfuil sé cóir cothromasach go ndéanfaí an chuideachta a fhoirceannadh.

(5) Chun críocha an Achta seo, measfar nach bhfuil cuideachta neamhchláraithe in ann a fiacha a íoc—

(a) má bhíonn creidiúnaí, trí shannadh nó eile, a bhfuil an chuideachta i bhfiacha aige i suim is mó ná £50 a bhí dlite an uair sin, tar éis éileamh i scríbhinn a sheirbheáil ar an gcuideachta, trína fhágáil ag a príomháit ghnó sa Stát, nó trína sheachadadh do rúnaí na cuideachta nó do stiúrthóir nó príomhoifigeach éigin de chuid na cuideachta, nó trína sheirbheáil ar dhóigh eile ar mhodh a cheadaigh nó a d'ordaigh an chúirt, á cheangal ar an gcuideachta an tsuim a bhí dlite amhlaidh a íoc, agus gur mhainnigh an chuideachta, ar feadh 3 sheachtain tar éis an t-éileamh a sheirbheáil, an tsuim sin a íoc nó í a urrú nó imshocrú a dhéanamh ina leith chun sástacht an chreidiúnaí;

(b) má tionscnaíodh aon chaingean nó aon imeacht eile in aghaidh aon chomhalta mar gheall ar aon fhiach nó éileamh a bhí dlite, nó a maíodh a bheith dlite, ón gcuideachta, nó uaidh féin i gcáil chomhalta dó, agus, tar éis fogra i scríbhinn gur tionscnaíodh an chaingean nó an imeacht a sheirbheáil ar an gcuideachta trína fhágáil ina príomháit ghnó sa Stát, nó trína sheachadadh dó rúnaí na cuideachta nó do stiúrthóir nó príomhoifigeach éigin de chuid na cuideachta, nó trína sheirbheáil ar dhóigh eile ar mhodh a cheadaigh nó a d'ordaigh an chúirt, nach ndearna an chuideachta, laistigh de 10 lá tar éis an fógra a sheirbheáil, an fiach nó an t-éileamh a íoc nó a urrú nó imshocrú a dhéanamh ina leith, nó bac na caingne nó na himeachta a thabhairt chun críche, nó an cosantóir a shlánú chun a shástachta réasúnaí in aghaidh na caingne nó na himeachta, agus in aghaidh na gcostas, na ndamáistí agus na gcaiteachas uile a mbeadh sé le dul fúthu dá chionn sin;

(c) más rud é, sa Stát nó in aon tír a bheidh aitheanta ag an Aire chun críocha alt 250, go n-aischuirfear gan a bheith sásaithe próis forghníomhaithe nó próis eile a eisíodh de bhun breithiúnais, foraithne nó ordaithe eile a fuarthas in aon chúirt i bhfabhar creidiúnaí in aghaidh na cuideachta, nó aon chomhalta di i gcáil chomhalta dó, nó aon duine ar údaraíodh é a agairt mar chosantóir ainmniúil thar ceann na cuideachta;

(d) má chruthaítear ar dhóigh eile chun sástacht na cúirte nach bhfuil an chuideachta in ann a fiacha a íoc.

(6) Féadfaidh an tAire Airgeadais, chomh maith le haon duine a mbeidh údarás aige faoi fhorálacha eile an Achta seo achainí a thíolacadh chun cuideachta a fhoirceannadh, achainí a thíolacadh chun banc taisce iontaobhais a fhoirceannadh.

(7) I gcás cuideachta a corpraíodh lasmuigh den Stát agus a raibh gnó á sheoladh aici sa Stát a scor de ghnó a sheoladh sa Stát, féadfar í a fhoirceannadh mar chuideachta neamhchláraithe faoin gCuid seo, d'ainneoin í a bheith díscaoilte nó tar éis scor ar dhóigh eile de bheith ar marthain mar chuideachta faoi réim nó de bhua dlíthe na tíre inar corpraíodh í.

(8) Faoi réir cibé modhnuithe a dhéanfar le rialacha cúirte, bainfidh na hAchtanna Féimheachta le comhpháirtíochtaí teoranta ionann is dá mba ghnáth-chomhpháirtíochtaí iad, agus arna bhreithniú gur féimhigh na comhpháirtithe uile i gcomhpháirtíocht theoranta, dilseoidh sócmhainní na comhpháirtíochta teoranta don Sannaí Oifigiúil.

Ranníocóirí i gcás cuideachta neamhchláraithe a fhoirceannadh.

346. —(1) I gcás cuideachta neamhchláraithe a fhoirceannadh, measfar gur ranníocóir gach duine a dhlífidh aon fhiach nó dliteanas dá mbeidh ar an gcuideachta a íoc nó ranníoc a dhéanamh ina leith, nó aon suim a íoc, nó ranníoc a dhéanamh i leith aon suime, chun cearta na gcomhaltaí eatarthu féin a choigeartú nó na costais agus na caiteachais a bhainfidh le foirceannadh na cuideachta a íoc, nó ranníoc a dhéanamh ina leith, agus dlífidh gach ranníocóir ranníoc a dhéanamh le sócmhainní na cuideachta i leith na suimeanna uile a bheidh dlite uaidh i leith aon dliteanais mar a dúradh.

(2) I gcás bás nó féimheacht aon ranníocóra, beidh feidhm ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le hionadaithe pearsanta ranníocóirí éagtha agus le sannaithe ranníocóirí féimheacha faoi seach.

Cumhacht na cúirte chun imeachtaí a bhac nó a shrianadh.

347. —I gcás cuideachta neamhchláraithe, beidh réim maidir le cainge agus imeachtaí in aghaidh aon ranníocóra de chuid na cuideachta ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le bac agus srianadh caingne agus imeachtaí in aghaidh cuideachta aon uair tar éis achainí fhoirceanta a thíolacadh agus roimh ordú foirceanta a dhéanamh, más creidiúnaí a dhéanfaidh an t-iarratas ag iarraidh bac nó srianadh.

Bac ar chaingne nuair a dhéantar ordú foirceanta.

348. —Nuair a bheidh ordú déanta chun cuideachta neamhchláraithe a fhoirceannadh, ní dhéanfar aon chaingean nó imeacht a chur ar aghaidh ná a thionscnamh in aghaidh aon ranníocóra de chuid na cuideachta i leith aon fhiach a bheidh ar an gcuideachta, ach amháin le cead na cúirte agus faoi réir cibé téarmaí a fhorchuirfidh an chúirt.

Forálacha na Coda seo a bheith ina bhforálacha breise.

349. —Na forálacha den Chuid seo a bhaineann le cuideachtaí neamhchláraithe, is forálacha iad de bhreis, agus ní forálacha iad a dhéanann srianadh, ar aon fhorálacha anseo roimhe seo san Acht seo maidir le foirceannadh cuideachtaí ag an gcúirt, agus féadfaidh an chúirt nó an leachtaitheoir aon chumhachtaí a fheidhmiú, nó aon ghníomh a dhéanamh, i gcás cuideachtaí neamhchláraithe, ab fhéidir léi, nó leis, a fheidhmiú nó a dhéanamh i bhfoirceannadh cuideachtaí a foirmíodh agus a cláraíodh faoin Acht seo.

Cosaint d'achtacháin lena ndéantar foráil le haghaidh foirceannadh faoi Achtanna Cuideachtaí roimhe seo.

1908, c. 69.

350. —Ní dhéanfaidh aon ní sa Chuid seo difear d'oibriú aon achtacháin lena ndéantar foráil le haghaidh foirceannadh aon chomhpháirtíochta, comhlachais nó cuideachta, nó le haghaidh a bhfoirceanta mar chuideachta nó mar chuideachta neamhchláraithe faoin Companies (Consolidation) Act, 1908, nó aon achtachán a aisghairtear leis an Acht sin.