An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Cáin Ioncaim.) Ar Aghaidh (CUID III. Dleachtanna Báis.)

23 1963

AN tACHT AIRGEADAIS, 1963

CUID II.

Custaim agus Mál.

Mótar-fheithiclí a allmhairiú go sealadach gan dleacht chustam a íoc.

29. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais rialacháin a dhéanamh ina mbeidh foráil i dtaobh mótar-fheithiclí a allmhairiú go sealadach gan dleacht chustam a íoc, i cibé cúinsí agus faoi réir cibé coinníollacha a shonrófar sna rialacháin.

(2) Má sháraíonn duine, trí ghníomh nó neamhghníomh, aon choinníoll faoi rialachán faoin alt seo, beidh an duine sin, gan dochar d'aon phionós eile a bheidh sé faoi dhliteanas a chur air, ciontach i gcion faoi na hAchtanna Custam agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear pionós céad punt a chur air; agus dlífear an mhótar-fheithicil a fhorghéilleadh agus féadfar an ciontóir a choinneáil nó imeachtaí a bhunú ina aghaidh trí thoghairm.

(3) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn “mótar-fheithicil” feithicil inneallghluaiste (lena n-áirítear dhárothach agus trírothach) a fhaigheann a cumhacht tiomána ó inneall dócháin inmheánaigh nó ó mhótar leictreach agus folaíonn sé aon fheithicil atá deartha, déanta agus oiriúnach le tarraingt ar bhóthar ag feithicil inneallghluaiste.

Íoc dleacht beorach a chur siar.

1880, c. 20.

1918, c. 15.

30. —An chumhacht faoi alt 16 den Inland Revenue Act, 1880, agus faoin Finance Act, 1918, chun an t-am le haghaidh dleacht beorach a íoc a chur siar féadfar, i gcás beoir lágair a choinnítear trí mhí ar a laghad san áitreabh ina ndéantar í, an chumhacht sin a fheidhmiú chun a cheadú íoc na dleachta ar an mbeoir a chur siar go dáta nach déanaí ná an 25ú lá den cheathrú mí tar éis na míosa a muirearaíodh an dleacht.

Fuascailt ó dhleachtanna custam le hordú.

31. —(1) Aon uair is dóigh leis an Aire Airgeadais gur gá nó gur fóirsteanach aon earraí a fhuascailt ó dhleachtanna custam is inmhuirir d'fhonn déanamh de réir choinbhinsiúin nó chomhaontú idirnáisiúnta ar páirtí ann an Stát agus a bhaineann le hábhair seachas caidreamh tráchtála, féadfaidh sé le hordú foráil a dhéanamh i dtaobh fuascailt na n-earraí sin ó gach dleacht nó ó aon dleacht acu sin i cibé cúinsí agus faoi réir cibé coinníollacha a shonrófar san ordú.

(2) Féadfaidh ordú faoin alt seo foráil a dhéanamh i dtaobh aisíoc aon dleachta a bheidh íoctha ar earraí ar choinníoll go bhféadfaí, ar an dáta a íocadh an dleacht, na hearraí a allmhuiriú nó a sheachadadh gan dleacht a íoc de réir ordú faoin alt seo.

(3) Má sháraíonn duine, trí ghníomh nó neamhghníomh, aon choinníoll a shonrófar in ordú faoin alt seo, beidh an duine sin, gan dochar d'aon phionós eile a bheidh sé faoi dhliteanas a chur air, ciontach i gcion faoi na hAchtanna Custam agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear pionós céad punt a chur air; agus aon earra a ndearnadh an cion maidir leis dlífear é a fhorghéilleadh agus féadfar an ciontóir a choinneáil nó imeachtaí a bhunú ina aghaidh trí thoghairm.

(4) Féadfaidh an tAire le hordú aon ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.

(5) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Alt 2 (2) den Acht um Gheall. Chur, 1931, a leasú.

1931, Uimh. 27 .

32. —Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 2 den Acht um Gheall-Chur, 1931, trí “de chéad punt” a chur in ionad “de chúig chéad punt”.

Dleacht gadhair—ceadúnas ginearálta.

1925, Uimh. 28 .

33. —(1) Duine ar bith a dhlíonn dleacht gadhair a íoc féadfaidh sé é a ghlacadh de rogha suim bhliantúil £10 a íoc i leith na dleachta sin in ionad an ráta a shonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 37 den Acht Airgid, 1925 , agus déanfar an méid sin a íoc agus a bhailiú tríd an bPost-Oifig trí cheadúnas ginearálta a thógáil amach go bliantúil.

(2) Duine ar bith a íocfaidh suim £10 agus a thógfaidh amach ceadúnas ginearálta de réir an ailt seo measfar dleacht gadhair a bheith íoctha aige i leith na ngadhar go léir a bheidh á gcoimeád aige i gcaitheamh na bliana go léir nó aon choda den bhliain lena mbainfidh an ceadúnas ginearálta.

(3) Forléireofar aon tagairt do cheadúnas atá in alt 38 den Acht Airgid, 1925 , mar thagairt a fholaíonn tagairt do cheadúnas ginearálta dá bhforáiltear leis an alt seo.

(4) Tiocfaidh na fo-ailt sin roimhe seo den alt seo i ngníomh an lú lá d'Eanáir, 1964.

Leasuithe maidir le pionóis.

1876, c. 36.

1956, Uimh. 7 .

1924, Uimh. 27 .

1879, c. 21.

1840, c. 18.

1907, c. 17.

34. —(1) Leasaítear leis seo alt 186 den Customs Consolidation Act, 1876, trí “whichever is the greater” a chur in ionad “at the election of the Commissioners of Customs”.

(2) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 3 den Acht Custam, 1956 , trí “cibé acu is mó” a chur in ionad “pé acu is rogha leis na Coimisinéirí Ioncaim”.

(3) I gcás ina bhfuil, in aon achtachán de na hAchtanna Custam, seachas na hachtacháin a shonraítear sna fo-ailt sin roimhe seo den alt seo, foráil faoina bhféadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rogha a ghlacadh idir malairt pionós, beidh éifeacht ag an achtachán ionann agus dá mba rud é go ndearna sé, in ionad foráil a dhéanamh i dtaobh na rogha sin, foráil i dtaobh an phionóis ba mhó acu a fhorchur.

(4) D'ainneoin aon achtachán eile, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le cion faoi alt 186 den Customs Consolidation Act, 1876, faoi alt 3 den Acht Custam, 1956 , nó faoi aon achtachán de na hAchtanna Custam arna leasú le fo-alt (3) den alt seo—

(a) inseofar sa toghairm, san fhaisnéis nó sa chúiseamh luach measta na n-earraí,

(b) féadfaidh an cosantóir, trí fhógra don ionchúiseamh a thabharfar roimh dheireadh na tréimhse ceithre lá a chríochnóidh díreach roimh an dáta a bheidh socraithe d'éisteacht na n-imeachtaí sa Chúirt Dúiche (nó a thabharfar níos déanaí le cead na Cúirte sin), agóid a dhéanamh i gcoinne an luacha mheasta,

(c) mura ndéanfar agóid i gcoinne an luacha mheasta—

(i) i gcás inar mó ná céad punt trí oiread an luacha mheasta, triailfear an cion ar dhíotáil, agus

(ii) le linn an cion a bheith á thriail, cibé acu ar dhíotáil nó go hachomair é, glacfar go críochnaitheach gurb é an luach measta luach na n-earraí, gan aon fhianaise eile ar an luach sin,

(d) mura ndéanfar agóid i gcoinne an luacha mheasta—

(i) déanfaidh breitheamh na Cúirte Dúiche, sula rachaidh sé ar aghaidh leis an éisteacht, luach na n-earraí a chinneadh agus is luach críochnaitheach neamh-inachomhairc a bheidh sa luach a chinnfear amhlaidh,

(ii) más mó ná céad punt trí oiread an luacha a chinnfear amhlaidh triailfear an cion ar dhíotáil,

(iii) le linn an cion a bheith á thriail, cibé acu ar dhíotáil nó go hachomair é, glacfar go críochnaitheach gurb é an luach a chinnfear amhlaidh luach na n-earraí, gan aon fhianaise eile ar an luach sin,

(e) nuair a bheidh luach na n-earraí á mheas nó á chinneadh de bhun an fho-ailt seo, glacfar gurb é an luach sin an praghas a mbeifí ag súil leis go réasúnach a gheofaí ar na hearraí, tar éis aon dleacht ab inmhuirir orthu a íoc, dá ndíolfaí iad ar an margadh oscailte an dáta nó tuairim an dáta a rinneadh an cion.

(5) Déanfar cion faoi aon achtachán de na hAchtanna Custam, seachas achtachán dá dtagraítear sna fo-ailt sin roimhe seo den alt seo, a thriail ar dhíotáil má bhíonn an pionós, nó más rud é go bhféadfadh an pionós a bheith, níos mó ná céad punt.

(6) Ní choiscfidh aon ní sna fo-ailt sin roimhe seo den alt seo—

(a) aon chaingean nó imeacht eile a thionscnamh faoi alt 38 den Acht Airgid, 1924 , ná

(b) aon chaingean, faisnéis nó imeacht a thionscnamh san Ard-Chúirt faoi alt 11 den Customs and Inland Revenue Act, 1879.

(7) In aon chás ina dtabharfar feidhm d'fho-alt (4) den alt seo maidir le halt 15 den Tobacco Act, 1840, nó maidir le halt 106 den Customs Consolidation Act, 1876—

(a) déanfar na tagairtí san fho-alt do luach na n-earraí a fhorléiriú mar thagairtí do mhéid nó de luach an aisig a bheifear a lorg nó a éileamh,

(b) ní bheidh feidhm ag mír (e) den fho-alt.

(8) I ngach cás a thriailfear ar dhíotáil de bhua an ailt seo, beidh teideal ag an Ard-Aighne nó ag an duine cúisithe, ar iarratas a dhéanamh, an cás a chur ar aghaidh go dtí an Phríomh-Chúirt Choiriúil.

(9) Leasaítear leis seo an míniú ar “Justice” in alt 284 den Customs Consolidation Act, 1876, tríd an méid seo a leanas a chur leis “and shall also, in relation to a case tried in the Central Criminal Court, be construed as including a reference to the judge of that Court”.

(10) Leasaítear leis seo alt 232 den Customs Consolidation Act, 1876, tríd an abairt seo a leanas a chur leis: “The requirement of committal contained in this section shall have effect subject to the proviso that there shall be a discretion to allow a period not exceeding three months for payment of the penalty and, where such a period is allowed, the offender shall not be committed if the penalty is paid during that period.”

(11) Ní bheidh feidhm ag alt 1 den Probation of Offenders Act, 1907, maidir le cionta faoi na hAchtanna Custam.

Ordú a dhaingniú.

I.R. Uimh. 20 de 1963 .

35. —Daingnítear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 133) (Lasáin), 1963.