|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. Toghchóras agus Clárú.) | Ar Aghaidh (Caibidil II. Ainmniúcháin.) |
AN tACHT TOGHCHÁIN, 1963
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. Stiúradh agus Costais Toghchán Dála. | |
[EN] |
Caibidil I. Ginearálta. | |
[EN] |
“Olltoghchán”, “Corrthoghchán” agus “lá eiscthe”. |
9. —(1) Déantar leis seo alt 65 den Phríomh-Acht a leasú trí na mínithe seo a leanas a chur in ionad na mínithe ar “Toghchán Ginearálta”agus “Toghchán Corra”: |
[EN] | “Ciallaíonn an abairt ‘Olltoghchán’ olltoghchán do chomhaltaí don Dáil a dhéanfar de réir fho-alt 2° d'alt 3 d'Airteagal 16 den Bhunreacht; | |
[EN] | ciallóidh an abairt ‘Corrthoghchán’ toghchán do chomhalta don Dáil chun folúntas a líonadh a tharla toisc duine a scor de bheith ina chomhalta den Dáil ar dhóigh seachas de chionn an Dáil a lanscor;”. | |
[EN] | (2) Sa Chuid seo den Acht seo ciallaíonn “lá eiscthe” aon lá dá sonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 60 den Phríomh-Acht mar laethanta nach bhfuil le háireamh. | |
[EN] |
An ré is faide don Dáil. |
10. —Ní bheidh de ré ag aon Dáil ach cúig bliana ó lá a céadtionóil. |
[EN] |
Cinn chomhairimh agus cinn chomhairimh chúnta, leaschinn chomhairimh agus cinn chomhairimh ghníomhacha. |
11. —(1) Is é is ceann comhairimh do dháilcheantar— |
[EN] | (a) i gcás an dáilcheantar go léir a bheith i gcontae nó i gcontae-bhuirg a bhfuil sirriam ann dó—an sirriam, | |
[EN] | (b) i gcás cuid den dáilcheantar a bheith i gcontae-bhuirg agus cuid de i gcontae agus go bhfuil sirriam ann don chontae-bhuirg agus sirriam ann don chontae—cibé duine de na sirriamacha a cheapfaidh an tAire ó am go ham, | |
[EN] | (c) in aon chás eile—an cláraitheoir contae nó, i gcás ina bhfuil cláraitheoir contae amháin ann do chuid den dáilcheantar agus cláraitheoir contae eile ann do chuid eile nó cláraitheoirí contae eile ann do chodanna eile, cibé duine de na cláraitheoirí contae a cheapfaidh an tAire ó am go ham. | |
[EN] | (2) (a) I gcás nach é atá i ndáilcheantar an t-iomlán nó cuid de chontae nó de chontae-bhuirg, féadfaidh an ceann comhairimh an t-oifigeach iomchuí a cheapadh chun bheith ina cheann comhairimh cúnta do chuid den dáilcheantar. | |
[EN] | (b) Ní foláir an chumhacht a thugtar leis an mír sin roimhe seo a fheidhmiú má ordaíonn an t-oifigeach iomchuí í a fheidhmiú. | |
[EN] | (c) San fho-alt seo ciallaíonn “an t-oifigeach iomchuí” an cláraitheoir contae don chontae nó don chontaebhuirg ina bhfuil cuid den dáilcheantar nó, má tá sirriam ann don chontae nó don chontae-bhuirg, an sirriam sin. | |
[EN] | (3) Más é an t-aon duine amháin is ceann comhairimh do dhá dháilcheantar nó níos mó, a mbeidh toghchán iomaidh i ngach ceann acu san am céanna, déanfaidh sé— | |
[EN] | (a) más dhá cheann agus nach mó ná sin de na dáilcheantair sin atá ann, leas-cheann comhairimh a cheapadh, i leith ceann acu, chun na boscaí ballóide a oscailt agus na vótaí a chomhaireamh, | |
[EN] | (b) in aon chás eile, leas-cheann comhairimh a cheapadh, i leith gach ceann de na dáilcheantair (ach ceann amháin), chun na boscaí ballóide a oscailt agus na vótaí a chomhaireamh, | |
[EN] | agus féadfaidh sé a áireamh sa cheapachán sin, más cuí leis é, ceapachán chun páipéir ainmniúcháin a ghlacadh. | |
[EN] | (4) Ní cheapfar duine faoi fho-alt (3) den alt seo mura mbeidh an ceapachán ceadaithe ag an Aire. | |
[EN] | (5) Má tharlaíonn folúntas in oifig chláraitheora contae nó shirriam agus gur cheann comhairimh a bhí i seilbh na hoifige, féadfaidh an tAire, más cuí leis é, duine a cheapadh chun gníomhú mar cheann comhairimh fad a bheidh an folúntas sin ann. | |
[EN] | (6) Más rud é nach mbeidh ar chumas an cheann comhairimh, mar gheall ar bhreoiteacht nó ar chúis réasúnach eile, gach ceann nó aon cheann dá dhualgais a chomhlíonadh, ceapfaidh an tAire duine chun gníomhú mar cheann comhairimh chun na dualgais sin a chomhlíonadh fad a mhairfidh an neamhchumas. | |
[EN] | (7) Comhlíonfaidh ceann comhairimh cúnta, sa chuid den dáilcheantar dar ceapadh é, na dualgais sin de chuid an cheann comhairimh don dáilcheantar nach gceanglaítear ar an gceann comhairimh sin, le dlí, iad a chomhlíonadh go pearsanta, ach má éiríonn aon amhras i dtaobh dualgas cheann comhairimh chúnta, is é an tAire a chinnfidh an t-amhras. | |
[EN] | (8) Déanfar aon tagairt san alt seo do chontae a fhorléiriú mar thagairt do chontae riaracháin. | |
[EN] | (9) Na tagairtí atá sna hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1963, do chinn chomhairimh, folóidh siad, nuair is iomchuí é, tagairtí do chinn chomhairimh chúnta, do leas-chinn chomhairimh agus do chinn chomhairimh ghníomhacha. | |
[EN] | (10) Aon cheapachán a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo faoi mhír (b) nó mír (c) d'fho-alt (1) d'alt 7 den Acht Toghcháin (Leasú), 1961 (a aisghairtear leis an Acht seo), measfar gur ceapachán faoi mhír (b) nó mír (c) (de réir mar is iomchuí) d'fho-alt (1) den alt seo é. | |
[EN] |
Eascairí a chur amach agus a fhreagairt. |
12. —(1) Nuair a lánscoirfear an Dáil, déanfaidh Cléireach Dháil Éireann, díreach tar éis an Forógra ag lánscor na Dála a eisiúint, eascaire a chur amach chuig gach ceann comhairimh do dháilcheantar á ordú dó toghchán a chur á dhéanamh do líon iomlán na gcomhaltaí den Dáil atá le fónamh sa Dáil don dáilcheantar sin. |
[EN] | (2) Nuair a tharlóidh folúntas i gcomhaltas na Dála toisc duine a scor de bheith ina chomhalta ar dhóigh seachas de chionn an Dáil a lánscor, déanfaidh Cathaoirleach Dháil Éireann (nó mura feidir leis, toisc é a bheith breoite nó as láthair nó ar chúis eile, a dhualgais a chomhlíonadh, déanfaidh Leas-Chathaoirleach Dháil Éireann), a luaithe a ordóidh an Dáil dó é, ordú a thabhairt do Chléireach Dháil Éireann eascaire a chur amach chuig an gceann comhairimh don dáilcheantar ar tharla an folúntas ina ionadaíocht á ordú don cheann comhairimh toghchán a chur á dhéanamh do chomhalta den Dáil chun an folúntas a luafar san eascaire a líonadh. | |
[EN] | (3) Má tharlaíonn aon uair go mbeidh dhá fholúntas nó níos mó in ionadaíocht aon dáilcheantair sa Dáil agus go n-ordófar do Chléireach Dháil Éireann ar an lá céanna eascairí a chur amach chun comhaltaí a thoghadh chun gach ceann nó níos mó ná ceann amháin de na folúntais a líonadh, ní chuirfidh Cléireach Dháil Éireann ach an t-aon eascaire amháin amach chuig an gceann comhairimh don dáilcheantar agus ordóidh sé dó leis an eascaire aon toghchán amháin a chur á dhéanamh chun na folúntais go léir a luafar san eascaire a líonadh in ionadaíocht an dáilcheantair, agus dá réir sin cuirfidh an ceann comhairimh aon toghchán amháin á dhéanamh chun comhaltaí den Dáil a thoghadh chun na folúntais go léir a luafar san eascaire a líonadh. | |
[EN] | (4) (a) Déanfar an freagra faoi thoghadh comhalta nó comhaltaí chun fónamh sa Dáil a thabhairt trí dheimhniú faoi láimh an cheann comhairimh ar a ainm nó ar a n-ainmneacha a fhormhuiniú ar an eascaire don dáilcheantar a bheidh i gceist. | |
[EN] | (b) Déanfaidh an ceann comhairimh, a luaithe is féidir tar éis toradh an toghcháin a chinntiú, an freagra a sheachadadh do Chléireach Dháil Éireann, agus chuige sin, féadfaidh sé, más cuí leis é, é a chur chun bealaigh leis an bpost cláraithe. | |
[EN] | (c) Déanfar freagra a chuirfear chun bealaigh amhlaidh a sheoladh ar aghaidh chuig Cléireach Dháil Éireann saor in aisce leis an bpost is luaithe a fhónfaidh. | |
[EN] | (5) Nuair a mheasfar de bhua alt 14 den Acht seo Cathaoirleach ar Dháil Éireann a bheidh ag dul as oifig de réir bhrí an ailt sin a bheith tofa ina chomhalta den Dáil in olltoghchán— | |
[EN] | (a) déanfar an eascaire a chuirfear amach chuig an gceann comhairimh don dáilcheantar a measfar amhlaidh é a bheith tofa dó a fhoclú ar dhóigh go n-ordóidh sé don cheann comhairimh toghchán a chur á dhéanamh do líon is lú de chomhalta amháin ná lánlíon na gcomhaltaí den Dáil don dáilcheantar; | |
[EN] | (b) nuair a eiseofar an eascaire, nó a luaithe is féidir ina dhiaidh sin, cuirfidh Cléireach Dháil Éireann chuig an gceann comhairimh agus foilseoidh sé san Iris Oifigiúil deimhniú á dheimhniú nár chraol an Cathaoirleach ar Dháil Éireann a bheidh ag dul as oifig don Dáil sular lánscoireadh í nár mhian leis go ndéanfaí comhalta den Dáil de san olltoghchán a leanfadh as an lánscor; | |
[EN] | (c) déanfaidh an ceann comhairimh, san fhógra poiblí a thabharfaidh sé faoi Riail 43 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, ainm an Chathaoirligh ar Dháil Éireann a bheidh ag dul as oifig a áireamh ar ainmneacha na n-iarrthóirí a toghadh don dáilcheantar. | |
[EN] | (6) Is san fhoirm a shonraítear i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a bheidh eascaire a chuirfear amach faoin alt seo, agus cuirfear chun bealaigh í leis an bpost cláraithe chuig an gceann comhairimh agus cuirfear ar aghaidh í saor in aisce leis an bpost is luaithe a fhónfaidh, agus déanfaidh an ceann comhairimh, tar éis dó an eascaire a fháil, admháil a thabhairt láithreach, trí theileagram, go bhfuair sé í. | |
[EN] | (7) Má bhíonn agus fad a bheidh oifig Chléireach Dháil Éireann folamh nó sealbhóir na hoifige sin gan bheith i gcumas a dhualgais a chomhlíonadh, toisc é a bheith breoite nó as láthair nó ar chúis eile, déanfaidh Leas-Chléireach Dháil Éireann dualgais Chléireach Dháil Éireann faoin alt seo. | |
[EN] |
Clár na bPáirtithe Polaitíochta. |
13. —(1) (a) An duine a bheidh de thuras na huaire i seilbh oifig Chléireach Dháil Éireann, is é is Cláraitheoir na bPáirtithe Polaitíochta chun críocha an ailt seo. |
[EN] | (b) Má bhíonn agus fad a bheidh oifig Chléireach Dháil Éireann folamh nó sealbhóir na hoifige sin gan bheith i gcumas a dhualgais a chomhlíonadh, toisc é a bheith breoite nó as láthair nó ar chúis eile, gníomhóidh Leas-Chléireach Dháil Éireann mar Chláraitheoir na bPáirtithe Polaitíochta chun críocha an ailt seo. | |
[EN] | (c) Sna fo-ailt ina dhiaidh seo den alt seo, ciallaíonn “an Cláraitheoir” Cláraitheoir na bPáirtithe Polaitíochta chun críocha an ailt seo nó Leas-Chléireach Dháil Éireann ag ghníomhú dó mar Chláraitheoir den sórt sin (cibé acu is iomchuí). | |
[EN] | (2) Ullmhóidh agus coimeádfaidh an Cláraitheoir clár (dá ngairfear Clár na bPáirtithe Polaitíochta) ina gcláróidh sé, faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, aon pháirtí polaitíochta— | |
[EN] | (a) a iarrfaidh air é a chlárú, agus | |
[EN] | (b) ar dóigh leis— | |
[EN] | (i) gur páirtí polaitíochta fíorcheart é, agus | |
[EN] | (ii) go bhfuil sé eagraithe chun dul san iomaidh i dtoghchán Dála nó i dtoghchán áitiúil. | |
[EN] | (3) Taifeadfar na sonraí seo a leanas i gClár na bPáirtithe Polaitíochta i dtaobh páirtí polaitíochta a chlárófar ann: | |
[EN] | (a) ainm an pháirtí, | |
[EN] | (b) seoladh cheannoifig an pháirtí, | |
[EN] | (c) ainm nó ainmneacha an oifigigh nó na n-oifigeach don pháirtí atá údaraithe chun deimhnithe a shíniú ag fíordheimhniú iarrthóireacht iarrthóirí an pháirtí i dtoghcháin. | |
[EN] | (4) Go díreach tar éis dó Clár na bPáirtithe Polaitíochta a chur ar bun, déanfaidh an Cláraitheoir na páirtithe a mbeidh ionadaíocht acu sa Dáil an tráth sin a chlárú ann faoi na hainmneacha ar dá réir a aithnítear iad go coitianta agus comhlánfaidh sé gach clárú den sórt sin trí na sonraí dá dtagraítear i míreanna (b) agus (c) d'fho-alt (3) den alt seo a chur isteach nuair a inseofar dó iad. | |
[EN] | (5) Ní chlárófar páirtí polaitíochta i gClár na bPáirtithe Polaitíochta más rud é— | |
[EN] | (a) gurb ionann a ainm agus ainm aon pháirtí atá cláraithe cheana i gClár na bPáirtithe Polaitíochta nó go bhfuil sé, i dtuairim an Chláraitheora, chomh cosúil leis an ainm sin gur dóigh dó daoine a chur ar míthreo nó ar mearbhall nó a mheabhlú; | |
[EN] | (b) go bhfuil a ainm rófhada, i dtuairim an Chláraitheora, nó | |
[EN] | (c) i gcás páirtí nach bhfeidhmíonn ach i leith cuid áirithe den Stát, nach bhfuil ina ainm tagairt don chuid sin de shaghas a léireodh, i dtuairim an Chláraitheora, go bhfuil an páirtí ag feidhmiú amhlaidh. | |
[EN] | (6) Aon pháirtí polaitíochta a bheidh cláraithe i gClár na bPáirtithe Polaitíochta, cuirfidh sé in iúl ó am go ham don Chláraitheoir ainm nó ainmneacha an oifigigh nó na n-oifigeach dá dtagraítear i mír (c) d'fho-alt (3) den alt seo. | |
[EN] | (7) Fiafróidh an Cláraitheoir, maidir le gach páirtí a bheidh cláraithe i gClár na bPáirtithe Polaitíochta, uair sa bhliain ar a laghad, trí litir a chuirfear leis an bpost chuig oifigeach don pháirtí dá dtagraítear i mír (c) d'fho-alt (3) den alt seo, an dteastaíonn ón bpáirtí fanacht faoi chlárú, agus mura bhfaighidh sé freagra dearfach ar an bhfiafraí sin laistigh de lá is fiche ón dáta a cuireadh an litir ina raibh an fhiafraí sin sa phost, cealóidh sé clárú an pháirtí a bheidh i gceist. | |
[EN] | (8) (a) Cinnfidh bord achomhairc aon amhras, díospóid nó ceist a éireoidh i ndáil le Clár na bPáirtithe Polaitíochta. | |
[EN] | (b) Is iad a bheidh ar an mbord achomhairc Breitheamh den Ard-Chúirt (a ainmneofar ag Uachtarán na hArd-Chúirte), a bheidh ina chathaoirleach air, Cathaoirleach Dháil Éireann (nó, sa chás nach féidir leis, toisc é a bheith breoite nó as láthair nó ar chúis eile, a dhualgais a chomhlíonadh, Leas-Chathaoirleach Dháil Éireann) agus Cathaoirleach Sheanad Éireann (nó, sa chás nach féidir leis, toisc é a bheith breoite nó as láthair nó ar chúis eile, a dhualgais a chomhlíonadh, Leas-Chathaoirleach Sheanad Éireann). | |
[EN] | (c) Déanfaidh an Cláraitheoir de réir an chinneadh a thabharfaidh an bord achomhairc. | |
[EN] | (9) An tríú lá (gan aon lá eiscthe a chur san áireamh) i ndiaidh an lae a cuireadh eascaire nó eascairí amach faoi alt 12 den Acht seo, cuirfidh an Cláraitheoir cóip de Chlár na bPáirtithe Polaitíochta chuig an gceann comhairimh nó chuig gach ceann comhairimh. | |
[EN] | (10) Íocfaidh an tAire Airgeadais leis an gCláraitheoir, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, suim na muirear réasúnach a bheidh air, gan dul thar cibé suim a bheidh ceadaithe ag an Aire sin, i leith chomhlíonadh a dhualgas faoin alt seo ag an gCláraitheoir. | |
[EN] |
Atoghadh Chathaoirleach ar Dháil Éireann a bheidh ag dul as oifig. |
14. —(1) Nuair a lánscoirfear an Dáil agus nach mbeidh an Cathaoirleach ar Dháil Éireann a bheidh ag dul as oifig tar éis a chraoladh don Dáil roimh an lánscor nach mian leis go ndéanfaí comhalta den Dáil de san olltoghchán a leanfaidh as an lánscor measfar, gan é a dhul faoi thoghadh, é a bheith tofa san olltoghchán sin, ina chomhalta den Dáil— |
[EN] | (a) don dáilcheantar dár chomhalta den Dáil é díreach roimh an lánscor, nó | |
[EN] | (b) má thagann athmheas dáilcheantar i bhfeidhm ar an Dáil a lánscor, don dáilcheantar a dearbhaíodh san athmheas sin a bheith ar comhréir leis an dáilcheantar a luaitear sa mhír sin roimhe seo. | |
[EN] | (2) Nuair a mheasfar de bhua an ailt seo Cathaoirleach ar Dháil Éireann a bheidh ag dul as oifig a bheith tofa in olltoghchán ina chomhalta den Dáil do dháilcheantar áirithe, beidh an líon comhaltaí a thoghfar de chionn iad a dhul faoi thoghadh san olltoghchán sin don dáilcheantar sin níos lú de chomhalta amháin ná mar ba ghá murach sin. | |
[EN] | (3) San alt seo ciallaíonn “Cathaoirleach ar Dháil Éireann a bheidh ag dul as oifig” duine a bhí, díreach roimh lánscor na Dála a n-úsáidtear an abairt ina leith, ina Chathaoirleach ar Dháil Éireann. | |
[EN] |
Foirmeacha áirithe a shonrú le rialacháin. |
15. —(1) Féadfaidh an tAire na foirmeacha a ainmnítear i bhfo-alt (2) den alt seo a shonrú, le rialacháin, agus, i gcás aon rialacháin den sórt sin a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, beidh gach foirm a shonrófar leo arna cur sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht in ionad na foirme comhréire a shonraítear sa Sceideal sin. |
[EN] | (2) Is iad foirmeacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo na foirmeacha seo a leanas i gCuid III den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht: | |
[EN] | (a) foirm 4 (fógra toghcháin), | |
[EN] | (b) foirm 5 (páipéar ainmniúcháin), | |
[EN] | (c) foirm 10 (fógra faoi thoradh toghcháin agus faoi aistriú na vótaí). | |
[EN] | (3) I rialacháin faoin alt seo a shonróidh foirm an pháipéir ainmniúcháin, féadfar, más cuí leis an Aire é, iad seo a leanas a chur san fhoirm— | |
[EN] | (a) nóta i dtaobh na gcáilíochtaí, na ndícháilíochtaí agus na n-éagumas maidir le duine a thoghadh do Dháil Éireann agus a bheith ina chomhalta de Dháil Éireann. | |
[EN] | (b) foirm dhearbhaithe, a bheidh le síniú ag an iarrthóir nó ag a mholtóir, á rá gur léigh sé an nóta agus go gcreideann sé go bhfuil sé féin, nó go bhfuil an t-iarrthóir (cibé acu is cuí), cáilithe chun a thofa, agus má dhéanann duine ar bith dearbhú mar a dúradh de bhun rialachán faoin alt seo i gcás nach bhfuil sé féin nó nach bhfuil an t-iarrthóir (cibé acu is cuí) cáilithe chun a thofa, beidh an duine sin ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht go ceann téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile. | |
[EN] | (4) I gcás ionchúisimh i leith ciona faoin alt seo, is cosaint mhaith don chosantóir a shuíomh go raibh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint go raibh sé féin nó go raibh an t-iarrthóir (cibé acu is cuí) cáilithe chun a thofa. | |
[EN] |
An páipéar ballóide. |
16. —(1) Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 26 den Phríomh-Acht: |
[EN] | “26. Is le ballóid a thabharfar vótaí i dtoghchán Dála, agus is é a bheidh i mballóid gach vótálaí páipéar (dá ngairtear páipéar ballóide san Acht seo) i bhfoirm 5A i gCuid III den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.” | |
[EN] | (2) Déantar leis seo an fhoirm agus na treoracha atá leagtha amach i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur i Cuid III den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht i ndiaidh fhoirm 5, agus déanfaidh an ceann comhairimh de réir na dtreoracha sin. | |
[EN] |
Boscaí ballóide nó páipéir bhallóide a dhíothú, etc. |
17. —Más rud é sa vótaíocht i dtoghchán Dála go ndéanfar aon bhoscaí ballóide nó páipéir bhallóide a thógáil as coimeád an cheann comhairimh nó oifigigh ceannais nó go ndéanfar crioscaíl leo i slí ar bith nó go ndíothófar iad de thionóisc nó d'aonghnó nó (i gcás páipéar ballóide) go stróicfear nó go n-aghloitfear iad go mailíseach, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas: |
[EN] | (a) beidh an vótaíocht ar neamhní i ngach áit vótaíochta inar úsáideadh aon chuid de na boscaí ballóide nó de na páipéir bhallóide; | |
[EN] | (b) cuirfidh an ceann comhairimh in iúl láithreach don Aire an vótaíocht a bheith curtha ar neamhní amhlaidh; | |
[EN] | (c) ar an eolas sin a fháil don Aire, déanfaidh sé gach beart, agus tabharfaidh sé gach treoir, is cuí leis, chun vótaíocht úr thógáil i ngach áit vótaíochta den sórt sin, | |
[EN] | (d) tógfar vótaíocht úr i ngach áit vótaíochta den sórt sin de réir na dtreoracha a thabharfaidh an tAire; | |
[EN] | (e) bainfidh na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1963, leis an vótaíocht úr sin amhail mar a bhaineann siad leis an vótaíocht bhunaidh. |