|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT TOGHCHÁIN, 1963) | Ar Aghaidh (CUID II. Toghchóras agus Clárú.) |
AN tACHT TOGHCHÁIN, 1963
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta. | |
[EN] |
Gearrtheideal, tosach feidhme agus comhlua. |
1. —(1) Féadfar an tAcht Toghcháin, 1963 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú, nó le horduithe, ón Aire, go ginearálta nó maidir le haon chríoch nó foráil áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh le haghaidh críocha éagsúla agus forálacha éagsúla de chuid an Achta seo. | |
[EN] | (3) Féadfar na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1963, a ghairm de na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1961, maraon le Cuid I, II, III agus VIII den Acht seo, agus leis an gCéad agus an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo. | |
[EN] | (4) Féadfar Achtanna Toghchán an Uachtaráin, 1937 go 1963, a ghairm d'Achtanna Toghchán an Uachtaráin, 1937 go 1960, maraon le Cuid I, IV agus VIII den Acht seo agus leis an gCéad agus an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo. | |
[EN] | (5) Féadfar Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1963, a ghairm d'Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1960, maraon le Cuid I, V agus VIII den Acht seo agus leis an gCéad agus an Ceathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo. | |
[EN] |
Léiriú i gcoitinne. |
2. —(1) San Acht seo ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil. |
[EN] | (2) Ach amháin sa mhéid go n-éileoidh an comhthéacs a mhalairt, déanfar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile a fhorléiriú mar thagairt don Acht sin arna leasú le haon achtachán eile nó faoi, lena n-áirítear an tAcht seo. | |
[EN] |
Aisghairm. |
3. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm an méid a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin. |