|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Toghcháin Áitiúla.) | Ar Aghaidh (CUID VIII. Ilghnéitheach.) |
AN tACHT TOGHCHÁIN, 1963
[EN] | ||
[EN] |
CUID VII. Drochbhearta Toghcháin. | |
[EN] |
Leasú ar an Acht chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923 . |
90. —(1) San alt seo ciallaíonn “an tAcht” an tAcht chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923 . |
[EN] | (2) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 6 den Acht a leasú tríd an méid seo a leanas a chur i ndeireadh an fho-ailt sin: “nó, de rogha na Cúirte, fíneáil nach mó ná míle punt a chur air nó an phríosúnacht sin agus an fhíneáil sin a chur air.” | |
[EN] | (3) Déantar leis seo fo-alt (2) d'alt 6 den Acht a leasú trí “cúig chéad púnt” a chuir in ionad “céad púnt” i mír (a) agus in ionad “céad púnt” agus “dhá chéad púnt” i mír (b). | |
[EN] | (4) (a) Déantar leis seo an tAcht a leasú tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 13: | |
[EN] | “13A. Aon duine a dhéanfaidh nó a fhoilseoidh, roimh aon toghchán, nó lena linn, aon ráiteas ar dóigh dó vótálaithe a chur amú mar gheall ar an gcuma chun vótáil a dhéanamh, beidh sé ciontach i gcleacht neamhdhleathach.” | |
[EN] | (b) Déanfar an tagairt in alt 15 den Acht do na hailt sin roimhe seo den Acht a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt don alt a chuirtear isteach san Acht le mír (a) den fho-alt seo. | |
[EN] | (5) Déantar leis seo alt 15 den Acht a leasú trí “cúig chéad púnt nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile” a chur in ionad “céad púnt”. | |
[EN] | (6) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 30 den Acht: | |
[EN] | “(1) Féadfaidh gníomhaire toghcháin, maidir le gach ceantar vótaíochta, leasghníomhaire amháin (agus sin uile) a cheapadh chun gníomhú laistigh den cheantar sin, agus déanfar aon tagairt san Acht seo d'fhoghníomhaire a fhorléiriú mar thagairt do leasghníomhaire a cheapfar amhlaidh.” | |
[EN] | (7) Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur isteach san Acht i ndiaidh alt 55: | |
[EN] | “55A. In aon imeachtaí sibhialta nó coiriúla maidir le cleacht coirpthe nó cleacht neamhdhleathach nó aon chion eile a líomhnófar a rinneadh i dtoghchán, beidh deimhniú ón gceann comhairimh i dtoghchán á dheimhniú gur comóradh an toghchán go cuí nó go raibh duine áirithe ina iarrthóir sa toghchán ina fhianaise prima facie ar na fíorais a bheidh luaite sa deimhniú agus ní gá síniú an cheann comhairimh sin a chruthú ná a chruthú gurbh é an t-oifigeach sin é iarbhír.” |