|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V. Reifrinn.) | Ar Aghaidh (CUID VII. Drochbhearta Toghcháin.) |
AN tACHT TOGHCHÁIN, 1963
[EN] | ||
[EN] |
CUID VI. Toghcháin Áitiúla. | |
[EN] |
Léiriú (Cuid VI). |
80. —(1) San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “údarás áitiúil”— | |
[EN] | (a) comhairle contae, | |
[EN] | (b) bardas contae-bhuirge nó buirge eile, | |
[EN] | (c) comhairle ceantair uirbigh, nó | |
[EN] | (d) coimisinéirí baile; | |
[EN] | ciallaíonn “toghlimistéar áitiúil” an limistéar nó aon cheann de na limistéir (de réir mar is iomchuí) ar dá réir a dhéantar toghchán áitiúil. | |
[EN] | (2) Déanfar aon tagairt sa Chuid seo den Acht seo do chomhalta nó do chruinniú d'údarás áitiúil, más bardas contae-bhuirge nó buirge eile an t-údarás áitiúil atá i gceist, a fhorléiriú mar thagairt do chomhalta nó do chruinniú den chomhairle a bunaíodh le dlí i leith na contae-bhuirge nó na buirge eile sin. | |
[EN] |
Bliain toghcháin. |
81. —(1) (a) Déanfar toghchán do chomhaltaí gach údaráis áitiúil sa bhliain 1965 agus i gceann gach cúig bliana ina dhiaidh sin. |
[EN] | (b) Ní dhéanfaidh aon ní san fho-alt seo difir do Chuid IV den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 , ná d'aon ordú a rinneadh faoin gCuid sin. | |
[EN] | (2) Gairfear toghcháin áitiúla de thoghcháin a bheidh ann de bhun an ailt seo. | |
[EN] | (3) Sna hAchtanna Gairmoideachais, 1930 go 1962, agus in aon ordú nó rialachán fúthu, agus sna hAchtanna Talmhaíochta, 1931 go 1958, ciallóidh “bliain toghcháin”, in ionad an ní a chiallaigh sé díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, aon bhliain a mbeidh toghcháin áitiúla ann. | |
[EN] | (4) Cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (2) d'alt 9 den Acht Cuanta, 1946 : | |
[EN] | “(2) I dteannta an chéad bhliain toghcháin, beidh gach bliain dá éis sin is bliain ina ndéanfar toghcháin do chomhaltaí comhairlí contae de bhun alt 2 den Acht um Thoghcháin Áitiúla, 1948 ( Uimh. 8 de 1948 ), alt 2 den Acht um Thoghcháin Áitiúla, 1953 ( Uimh. 15 de 1953 ), nó alt 81 den Acht Toghcháin, 1963 , ina bliain toghcháin i leith údaráis chuain.” | |
[EN] | (5) D'ainneoin go ndéantar aisghairm leis an Acht seo ar an Acht um Thoghcháin Áitiúla, 1953 — | |
[EN] | (a) fanfaidh “i gceann tréimhsí cúig bliana” agus “cúig bliana” in ionad “go trí bhliantach” agus “trí mblian” i bhfo-alt (3) d'alt 10 den Acht Freastal Scoile, 1926 , | |
[EN] | (b) fanfaidh “i gceann tréimhse chúig bliana” in ionad “go tríbhliantach”, agus “an cheaptha sin i gceann tréimhse chúig bliana” in ionad “an cheaptha thríbhliantaigh sin”, agus “cúig bliana” in ionad “trí mblian” sa dá áit ina bhfuil na focail deiridh sin, i bhfo-alt (4) den alt sin, | |
[EN] | (c) fanfaidh tagairtí do chruinniú cinn cúig bliana in ionad tagairtí do chruinniú cinn trí mblian sna hAchtanna Gairm-Oideachais, 1930 go 1950, agus in aon ordú nó rialachán fúthu, | |
[EN] | (d) fanfaidh “chúig bliana” in ionad “thrí bliana” i bhfo-alt (2) d'alt 45 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 . | |
[EN] | (6) Forléireofar mar thagairt do thoghchán cinn cúig bliana aon tagairt in aon reacht, ordú nó rialachán a bhí i bhfeidhm díreach roimh dháta an Achta um Thoghcháin Áitiúla, 1953 , a rith, do thoghchán cinn trí bliana do chomhaltaí aon bhoird, coiste nó comhlachta eile, ar gá de réir dlí go mbeadh gach duine nó aon duine dá chomhaltaí le ceapadh ag údarás áitiúil i ndiaidh toghcháin do chomhaltaí an údaráis sin. | |
[EN] |
Toghcháin a stiúradh. |
82. —(1) Is de réir rialachán ón Aire a dhéanfar toghcháin áitiúla agus, i gcás toghcháin iomaidh, is de réir na hionadaíochta cionúire, agus aon vóta inaistrithe amháin ag gach toghthóir sa toghchán, a thógfar an vótaíocht. |
[EN] | (2) Go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht an fho-ailt sin roimhe seo, féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin faoin alt seo le haghaidh gach ní nó aon ní acu seo a leanas maidir le toghcháin áitiúla: | |
[EN] | (i) ainmniúcháin, | |
[EN] | (ii) éarlaisí ó iarrthóirí, | |
[EN] | (iii) bás iarrthóirí, | |
[EN] | (iv) dualgais cheann comhairimh, | |
[EN] | (v) foireann cheann comhairimh, | |
[EN] | (vi) vótaíochtaí a thógáil agus vótaí a chomhaireamh, | |
[EN] | (vii) úsáid scoileanna agus seomraí poiblí, saor in aisce, | |
[EN] | (viii) socruithe i dtaobh postvótála, | |
[EN] | (ix) vótáil ag daoine atá ar fostú ag cinn chomhairimh, | |
[EN] | (x) vótaíocht roimh ré ar oileáin, | |
[EN] | (xi) vótáil a choimeád faoi rún, | |
[EN] | (xii) daoine drochiompair i stáisiúin vótaíochta a chur amach astu, | |
[EN] | (xiii) an nós imeachta i gcás mi-oird nó toirmisc, | |
[EN] | (xiv) baint le boscaí ballóide nó le páipéir bhallóide, | |
[EN] | (xv) an t-am a thiocfaidh duine chun bheith ina chomhalta d'údarás áitiúil agus a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta de, agus tréimhse oifige ardmhéaraí, méaraí, cathaoirleach agus leaschathaoirleach, | |
[EN] | (xvi) na daoine a bheidh ina seanóirí agus a líon, | |
[EN] | (xvii) corrfholúntais a líonadh, | |
[EN] | (xviii) toghadh an duine chéanna i níos mó ná aon toghlimistéar áitiúil amháin, | |
[EN] | (xix) na laethanta agus an t-am, agus an gnó, do chéad chruinniú údarás áitiúil i ndiaidh toghchán dá gcomhaltaí agus cruinnithe a bheidh le tionól i gcothrom lá an chéad chruinnithe sin, nó gairid dó, agus faillí sna cruinnithe sin a thionól mar is gá, | |
[EN] | (xx) achtacháin a oiriúnú, | |
[EN] | agus féadfar freisin forálacha a dhéanamh leo a bheidh i gcomhréir leis na forálacha a chonraítear sa chéad fho-alt ina dhiaidh seo, ach sin faoi réir aon mhodhnuithe ar na forálacha sin a fheicfear don Aire a bheith iomchuí. | |
[EN] | (3) Is iad na forálacha a dtagraítear dóibh san fho-alt sin roimhe seo na forálacha atá i gCuid I, II, III agus VIII (ach amháin alt 50) den Acht chun Droch-Bhearta Toghcháin do Chosc, 1923. | |
[EN] | (4) I gcás foráil i rialacháin faoin alt seo a bheith i gcomhréir le foráil atá sna hAchtanna Toghcháin, 1923, go 1963, nó san Acht chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923 , agus a fhorálann pionós, féadfar leis an bhforáil sin féin pionós a fhoráil nach mó ná mar a fhoráiltear san fhoráil a bhfuil sí gcomhréir léi. | |
[EN] | (5) Má bheartaítear rialacháin a dhéanamh faoin alt seo, leagfar dréacht díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag aontú leis an dréacht rite ag gach Teach acu. | |
[EN] | (6) Ní dhearbhófar aon toghchán áitiúil a bheith neamhbhailí mar gheall ar neamhchomhlíonadh aon rialacháin faoin alt seo, ná ar aon dearmad in úsáid foirmeacha a fhorálfar in aon rialachán den sórt sin, má fheictear don bhinse a mbeidh an cheist os a chomhair gur stiúradh an toghchán de réir na bprionsabal a bhí leagtha síos sna rialacháin faoin alt seo á nglacadh tríd is tríd, agus nach ndearna an neamhchomhlíonadh nó an dearmad aon difir do thoradh an toghcháin. | |
[EN] | (7) Bainfidh rialacháin faoin alt seo le toghchán nua faoi Chuid IV den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 . | |
[EN] |
Cártaí vótaíochta. |
83. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, socrú a dhéanamh chun go gcuirfidh údaráis áitiúla cártaí vótaíochta amach, maidir le toghcháin áitiúla. |
[EN] | (2) Más comhairle contae, bardas buirge nach contae-bhuirg, comhairle ceantair uirbigh nó coimisinéirí baile an t-údarás áitiúil, is feidhm fhoircoimeádta chun críocha na nAchtanna um Bainistí Contae, 1940 go 1955, agus más bardas contaebhuirge an t-údarás áitiúil, is feidhm fhorcoimeádta chun críocha na nAchtanna a bhaineann le bainistí na contae-bhuirge, cinneadh a dhéanamh i dtaobh cártaí vótaíochta a chur amach de réir rialachán faoin alt seo. | |
[EN] | (3) Ní chuirfear aon toghchán áitiúil ó bhail mar gheall ar aon fhaillí i gcárta vótaíochta a chur amach, nó toisc nár seachadadh cárta vótaíochta nó go raibh earráid nó míráiteas ann. | |
[EN] | (4) Ní fhéadfar aon chaingean ná imeacht eile a thabhairt i gcoinne ceann comhairimh mar gheall ar aon earráid nó míráiteas i gcárta vótaíochta. | |
[EN] | (5) San alt seo ciallaíonn “cárta vótaíochta” cárta á chur in iúl do thoghthóir cad é a uimhir (lena n-áirítear litir an cheantair vótaíochta) ar chlár na dtoghthóirí rialtais áitiúil agus cad é an áit a bhfuil sé i dteideal vótáil ann. | |
[EN] |
Tráthanna vótaíochta. |
84. —(1) Déanfar an vótaíocht i dtoghcháin áitiúla cibé lá, agus mairfidh sí ar feadh cibé tréimhse, nach giorra ná dhá uair déag a chloig, idir 8.30 a.m. agus 10.30 p.m., a shocróidh an tAire le hordú. |
[EN] | (2) Déanfar ordú faoin alt seo a fhoilsiú san Iris Oifigiúil a luaithe is féidir tar éis a dhéanta. | |
[EN] | (3) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 45 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 , a leasú trí “agus ar feadh na tréimhse ann a shonróidh an tAire” a chur isteach i ndeireadh an fho-ailt sin. | |
[EN] |
Ceart vótála. |
85. —(1) Faoi réir forálacha na Coda seo den Acht seo agus na rialachán a dhéanfar fúithi, beidh gach duine a mbeidh a ainm ar chlár na dtoghthóirí rialtais áitiúil a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire do thoghlimistéar áitiúil, agus ní bheidh aon duine eile, i dteideal vótála sa vótaíocht i dtoghchán áitiúil sa limistéar sin. |
[EN] | (2) Chun críocha an ailt seo glacfar leis go bhfuil ainm duine ar chlár na dtoghthóirí rialtais áitiúil má tá ainm sa chlár ar dóigh leis an gceann comhairimh nó leis an oifigeach ceannais go raibh sé ceaptha dó gurbh é ainm an duine sin é. | |
[EN] | (3) Ní bheidh ar dhuine a vótáil i dtoghchán áitiúil a insint in aon imeacht dhlíthiúil chun an toghchán nó toradh an toghcháin a thabhairt faoi cheist cé dó ar vótáil sé. | |
[EN] | (4) (a) Ní dhéanfaidh duine— | |
[EN] | (i) atá cláraithe i gclár na dtoghthóirí rialtais áitiúil a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire do thoghlimistéar áitiúil ach nach bhfuil i dteideal a chláraithe amhlaidh, nó | |
[EN] | (ii) nach bhfuil cláraithe sa chlár sin, | |
[EN] | vótáil sa vótaíocht i dtoghchán áitiúil sa limistéar sin. | |
[EN] | (b) Aon duine a sháróidh mír (a) den fho-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile. | |
[EN] | (5) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a thugann teideal chun vótála d'aon duine nach bhfuil an teideal sin aige, ná ní shaorfaidh sé é ó aon phionóis a bheidh inchurtha air mar gheall ar vótáil. | |
[EN] |
Costais Toghchán. |
86. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, a fhoráil cad é an modh ina mbeidh costais toghchán áitiúil le híoc ag údaráis áitiúla. |
[EN] | (2) Go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht an fho-ailt sin roimhe seo, féadfar, le rialacháin faoin alt seo, foráil a dhéanamh i dtaobh gach ní nó aon ní acu seo a leanas— | |
[EN] | (a) an tslí agus an tréimhse ina dtíolacfaidh an ceann comhairimh a chuntais, | |
[EN] | (b) an tslí agus an tréimhse ina ndéanfaidh daoine a mbeidh éilimh acu i gcoinne an cheann comhairimh a n-éilimh a chur isteach, | |
[EN] | (c) díospóidí a bhreithniú. | |
[EN] |
Toghlimistéir i gcontae-bhuirgí agus i mbuirgí áirithe eile. 1937 (Príobháideach), Uimh. 3. |
87. —(1) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) d'alt 7 d'Acht Bainistí Chathair Luimnigh, 1934 : |
[EN] | “(2) (a) Mura dtiocfaidh agus go dtí go dtiocfaidh ordú faoin bhfo-alt seo i bhfeidhm, beidh aon toghlimistéar amháin ann arb é limistéar na cathrach é agus beidh an chéad cheathrar comhalta den chomhairle a thoghfar i dtoghchán cathrach ina seanóirí. | |
[EN] | (b) Féadfaidh an tAire, le hordú— | |
[EN] | (i) an chathair a roinnt ina toghlimistéir, agus | |
[EN] | (ii) a shocrú do gach toghlimistéar cad é an líon comhaltaí den chomhairle a bheidh le toghadh dó agus cad é an líon de na comhaltaí sin a bheidh ina seanóirí. | |
[EN] | (c) Féadfaidh an tAire ordú a dhéanamh faoin bhfo-alt seo aon uair agus gach uair is cuí leis é. | |
[EN] | (d) I gcás an chathair a roinnt ina toghlimistéir le hordú faoin bhfo-alt seo, beidh éifeacht aige (gan dochar d'aon ordú dá leithéid a dhéanfar ina dhiaidh sin) chun críocha an chéad toghcháin do chomhaltaí na Comhairle a bheidh ann tar éis an t-ordú a dhéanamh agus uaidh sin amach. | |
[EN] | (e) Is é an líon comhaltaí a bheidh le toghadh, i ngach toghchán do chomhaltaí na Comhairle a bheidh ann tar éis ordú a dhéanamh faoin bhfo-alt seo, do gach toghlimistéar a shonrófar san ordú, ná (gan dochar d'aon ordú dá leithéid a dhéanfar ina dhiaidh sin) an líon a shannfar don toghlimistéar sin leis an ordú sin. | |
[EN] | (f) Na comhaltaí den Chomhairle nach seanóirí iad beidh siad ina gcomhairleoirí. | |
[EN] | (g) Gach ordú a dhéanfar faoin bhfo-alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is caothúil tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu, laistigh de na seacht lá ina dhiaidh sin a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe sin, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú sin.” | |
[EN] | (2) Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 6 d'Acht Bainistí Chathair Phortláirge, 1939 : | |
[EN] | “6. (1) Mura dtiocfaidh agus go dtí go dtiocfaidh ordú faoin alt seo i bhfeidhm, beidh aon toghlimistéar amháin ann arb é limistéar na cathrach é agus beidh an chéad chúigear comhalta den Chomhairle a thoghfar ina seanóirí. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire, le hordú— | |
[EN] | (a) an chathair a roinnt ina toghlimistéir, agus | |
[EN] | (b) a shocrú do gach toghlimistéar cad é an líon comhaltaí den Chomhairle a bheidh le toghadh dó agus cad é an líon de na comhaltaí sin a bheidh ina seanóirí. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire ordú a dhéanamh faoin alt seo aon uair agus gach uair is cuí leis é. | |
[EN] | (4) I gcás an chathair a roinnt ina toghlimistéir le hordú faoin alt seo, beidh éifeacht aige (gan dochar d'aon ordú dá leithéid a dhéanfar ina dhiaidh sin) chun críocha an chéad toghcháin do chomhaltaí na Comhairle a bheidh ann tar éis an t-ordú a dhéanamh agus uaidh sin amach. | |
[EN] | (5) Is é an líon comhaltaí a bheidh le toghadh, i ngach toghchán do chomhaltaí na Comhairle a bheidh ann tar éis ordú a dhéanamh faoin alt seo, do gach toghlimistéar a shonrófar san ordú, ná (gan dochar d'aon ordú dá leithéid a dhéanfar ina dhiaidh sin) an líon a shannfar don toghlimistéar sin leis an ordú sin. | |
[EN] | (6) Na comhaltaí den Chomhairle nach seanóirí iad beidh siad ina gcomhairleoirí. | |
[EN] | (7) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is caothúil tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu, laistigh de na seacht lá ina dhiaidh sin a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe sin, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú sin.” | |
[EN] | (3) Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 4 d'Acht Bainistí Chathair Chorcaighe (Leasú), 1941 : | |
[EN] | “4. (1) Mura dtiocfaidh agus go dtí go dtiocfaidh ordú faoin alt seo i bhfeidhm, beidh aon toghlimistéar amháin ann arb é limistéar na Buirge é agus beidh an chéad seisear comhalta den Chomhairle a thoghfar ina seanóirí. | |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire, le hordú— | |
[EN] | (a) an Bhuirg a roinnt ina toghlimistéir, agus | |
[EN] | (b) a shocrú do gach toghlimistéar cad é an líon comhaltaí den Chomhairle a bheidh le toghadh dó agus cad é an líon de na comhaltaí sin a bheidh ina seanóirí. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire ordú a dhéanamh faoin alt seo aon uair agus gach uair is cuí leis é. | |
[EN] | (4) I gcás an Bhuirg a roinnt ina toghlimistéir le hordú faoin alt seo, beidh éifeacht aige (gan dochar d'aon ordú dá leithéid a dhéanfar ina dhiaidh sin) chun críocha an chéad toghcháin do chomhaltaí na Comhairle a bheidh ann tar éis an t-ordú a dhéanamh agus uaidh sin amach. | |
[EN] | (5) Is é an líon comhaltaí a bheidh le toghadh, i ngach toghchán do chomhaltaí na Comhairle a bheidh ann tar éis ordú a dhéanamh faoin alt seo, do gach toghlimistéar a shonrófar san ordú, ná (gan dochar d'aon ordú dá leithéid a dhéanfar ina dhiaidh sin) an líon a shannfar don toghlimistéar sin leis an ordú sin. | |
[EN] | (6) Na comhaltaí den Chomhairle nach seanóirí iad beidh siad ina gcomhairleoirí. | |
[EN] | (7) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is caothúil tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu, laistigh de na seacht lá ina dhiaidh sin a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe sin, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú sin.” | |
[EN] | (4) (a) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 35 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 , a leasú trí “ach, d'ainneoin alt 43 den Acht Rialtais Áitiúla (Baile Átha Cliath), 1930 , folaíonn sé buirg Dhún Laoghaire, agus, d'ainneoin alt 16 den Acht Rialtais Áitiúla (Gaillimh), 1937 ,” a chur in ionad “ná buirg Dhún Laoghaire ná”. | |
[EN] | (b) Déantar leis seo fo-alt (2) d'alt 35 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 , a leasú trí “agus cá mhéid de na baill sin a bheidh ina seanóirí” a chur isteach i ndeireadh an fho-ailt sin. | |
[EN] | (c) I gcás ordú a dhéanamh faoi fho-alt (2) d'alt 35 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 , maidir le buirg na Gaillimhe, ansin, tar éis an chéad toghcháin eile do chomhaltaí bhardas na buirge, beidh éifeacht ag alt 15 den Acht Rialtais Áitiúla (Gaillimh), 1937 , faoi réir “an méid díobh nach seanóirí iad” a chur isteach ann in ionad “ceathrar acu san ina seanóirí agus ochtar acu”. | |
[EN] |
Bardaí. |
88. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, limistéar aon chontae-bhuirge nó aon bhuirge eile nó aon cheantair uirbigh a roinnt ina limistéir ar a dtabharfar bardaí. |
[EN] | (2) Más rud é, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, go raibh aon chontae-bhuirg nó aon bhuirg eile nó aon cheantar uirbeach roinnte ina limistéir ar a dtugtar bardaí, ansin, mura dtiocfaidh agus go dtí go dtiocfaidh rialacháin faoi fho-alt (1) den alt seo maidir leis an mbuirg nó leis an gceantar i bhfeidhm, fanfaidh na limistéir sin i bhfeidhm mar bhardaí, ach féadfaidh an tAire, le rialacháin, ainm aon bharda den sórt sin a athrú. | |
[EN] | (3) Déanfar aon tagairt in aon achtachán (cibé acu a bhí sé i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo nó a thiocfaidh sé i bhfeidhm i gcomhthráth leis an tosach feidhme sin nó tráth ar bith dá éis sin) do bharda maidir le contae-bhuirg nó le buirg eile nó le ceantar uirbeach a fhorléiriú, agus beidh éifeacht aici, mar thagairt do bharda faoi rialacháin faoi fho-alt (1) den alt seo nó do bharda dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo (de réir mar is iomchuí). | |
[EN] |
Toghranna ceantair. |
89. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, limistéar aon chontae nó contae-bhuirge a roinnt ina limistéir ar a dtabharfar toghranna ceantair. |
[EN] | (2) Más rud é, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, go raibh aon chontae nó contae-bhuirg roinnte ina limistéir ar a dtugtar toghranna ceantair, ansin, mura dtiocfaidh agus go dtí go dtiocfaidh rialacháin faoi fho-alt (1) den alt seo maidir leis an gcontae nó leis an mbuirg i bhfeidhm, fanfaidh na limistéir sin i bhfeidhm mar thoghranna ceantair, ach féadfaidh an tAire, le rialacháin, ainm aon toghroinne ceantair den sórt sin a athrú. | |
[EN] | (3) Déanfar aon tagairt in aon achtachán (cibé acu a bhí sé i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo nó a thiocfaidh sé i bhfeidhm i gcomhthráth leis an tosach feidhme sin nó tráth ar bith dá éis sin) do thoghroinn ceantair maidir le contae nó le contae-bhuirg a fhorléiriú, agus beidh éifeacht aici, mar thagairt do toghroinn ceantair faoi rialacháin faoi fho-alt (1) den alt seo nó de thoghroinn ceantair dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo (de réir mar is iomchuí). |