15 1963


Uimhir 15 de 1963.


AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA (EUROCONTROL), 1963.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DÁ CHUMASÚ ÉIFEACHT A THABHAIRT DON CHOINBHINSIÚN IDIRNÁISIÚNTA MAIDIR LE COMHOIBRIÚ UM SHÁBHÁILTEACHT NA hAERLOINGSEOIREACHTA A SINÍODH I mBRUISÉAL AN 13u LÁ DE NOLLAIG, 1960, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE (LENA nÁIRÍTEAR ÍOCAÍOCHTAÍ AGUS TÁILLÍ), A BHAINEANN LEIS AN gCOINBHINSIÚN SIN AGUS CHUN NA gCRÍOCHA SIN AGUS CRÍOCHA EILE DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR, 1936 GO 1961. [26 Meitheamh, 1963.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht Aerloingseoireachta (Eurocontrol), 1963, a ghairm den Acht seo.

(2) Sa mhéid go leasaíonn an tAcht seo na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1961, féadfar na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1963, a ghairm den Acht seo agus de na hAchtanna sin le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shonrófar chuige sin, le hordú nó le horduithe ón Aire faoin alt seo, go ginearálta nó maidir le haon chríoch nó foráil áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla.

Mínithe.

1936, Uimh. 40 .

2. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “an Ghníomhaireacht” Gníomhaireacht na Seirbhísí Aerthráchta san Eagraíocht;

ciallaíonn “an Coinbhinsiún” an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Comhoibriú um Shábháilteacht na hAerloingseoireachta a síníodh i mBruiséal an 13ú lá de Nollaig, 1960;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Iompair agus Cumhachta;

ciallaíonn “an Eagraíocht” an Eagraíocht Eorpach um Shábháilteacht na hAerloingseoireachta (Eurocontrol) a bunaíodh leis an gCoinbhinsiún agus folaíonn tagairtí don Eagraíocht tagairtí don Bhuan-Choimisiún um Shábháilteacht na hAerloingseoireachta atá san Eagraíocht agus don Ghníomhaireacht;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Aer-Loingseoireacht agus Aer-Iompar, 1936 ;

(2) Déanfar tagairtí atá san Acht seo don Stát a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do na huiscí teorann atá i gcóngar don Stát.

Stádas agus pribhléidí na hEagraíochta agus pribhléidí a pearsanra.

3. —(1) Beidh inniúlacht dhlíthiúil chomhlachta chorpraithe ag an Eagraíocht, agus aon ní a bhféadfar a dhéanamh ag an Eagraíocht nó léi a cheangal nó a údarú leis an dlí beidh sé indéanta thar ceann na hEagraíochta ag an nGníomhaireacht nó leis an nGníomhaireacht.

(2) Beidh teideal ag an Eagraíocht—

(a) chun díolúine nó faoiseamh ó chánacha agus ó rátaí, seachas cánacha ar earraí a allmhairiú nó cánacha nó dleachtanna is cuid de phraghas earraí a dhíoltar, faoi mar a thugtar do Stát ceannasach coigríche.

(b) chun díolúine, faoi réir cibé coinníollacha a chomhlionadh a ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim, ó chánacha ar earraí a allmhairiú a allmhaireoidh an Eagraíocht go díreach le haghaidh a húsáide oifigiúla féin sa Stát nó le haghaidh onnmhairiú nó ar aon fhoilseacháin de chuid na hEagraíochta a allmhairiú a allmhaireoidh sí go díreach.

(c) chun díolúine ó thoirmisc agus sriantachtaí ar allmhairiú nó onnmhairiú i gcás earraí a allmhaireoidh nó a onnmhaireoidh an Eagraíocht go díreach le haghaidh a húsáide oifigiúla féin agus i gcás aon fhoilseachán de chuid na hEagraíochta a allmhaireoidh nó a onnmhaireoidh sí go díreach.

(3) Faoi réir fo-alt (4) den alt seo, aon riail dlí a bhaineann le dosháraitheacht chartlann agus áitribh oifigiúil thoscaire ó Stát ceannasach coigríche a bheidh creidiúnaithe don Uachtarán, beidh réim aici maidir le cartlann oifigiúil na hEagraíochta, agus le háitribh a bheidh á áitiú ag an Eagraíocht ar fad nó go formhor mar ionad dá feistis agus, gan dochar do ghinearáltacht na bhforálacha sin roimhe seo, ní chuirfear aon bhreithiúnas ná aon ordú ó aon chúirt i bhfeidhm trí fhorghníomhú a thobhach ar aon ní is cuid d'aon fheistis den sórt sin.

(4) Ní chuirfidh fo-alt (3) den alt seo (ach amháin sa mhéid go mbaineann sé le forghníomhú) cosc le rochtain chun aon áitribh, ná le hiniúchadh aon taifid nó doiciméid—

(a) ag comhalta den Gharda Síochána nó duine eile ag gníomhú dó i bhfeidhmiú barántais nó próise dlithiúla eile,

(b) ag aon duine nó comhlacht ag gníomhú dó de bhun rialachán faoi alt 60 den Phríomh-Acht, nó

(c) ag comhalta den Gharda Síochána a mbeidh cúis aige chun a chreidiúint go ndearnadh cion, nó go bhfuil cion á dhéanamh nó go bhfuiltear ar tí cion a dhéanamh, san áitreabh.

(5) Daoine a bheidh ar fostú ag an Eagraíocht sa Stát beidh teideal acu chun díolúine ó dhleachtanna custam agus ó mhuirir chustam, seachas cinn a bhaineann le seirbhísí a tugadh i gcás a n-éifeachtaí pearsanta, maoin shochorraithe agus éifeachtaí eile tís nach bhfuil nua agus a thabharfaidh siad isteach sa Stát ar theacht chun cónaithe dóibh den chéad uair sa Stát chun críche na fostaíochta sin agus i gcás na héifeachtaí agus an mhaoin sin a onnmhairiú ar iad a scor de bheith ar fostú ag an Eagraíocht sa Stát.

(6) San alt seo ciallaíonn “feistis” gaireas chun aerárthaí san aer a aimsiú nó a threorú, nó cabhair loingseoireachta a thabhairt dóibh, nó cumarsáid a dhéanamh leo ar shlí eile, lena n-áirítear gaireas chun ábhar a ghlacfaidh nó a tharchuirfidh an gaireas sin a thaifeadadh nó a phróisiú, agus aon ghaireas eile le haghaidh úsáide maidir le haon ghaireas den saghas a dúradh.

Cumhacht chun éifeacht a thabhairt don Choinbhinsiún.

4. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham cibé orduithe a dhéanamh is dóigh leis is gá nó is fóirsteanach chun an Coinbhinsiún, agus Reacht na Gníomhaireachta dá dtagraítear sa Choinbhinsiún agus aon mhodhnuithe a dhéanfar ar an Reacht, a chomhlíonadh, agus chun éifeacht a thabhairt dóibh sin nó d'aon cheann dá bhforálacha, agus beidh feidhm dlí ag gach ordú den sórt sin sa Stát.

(2) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha forlíontacha agus iarmartacha is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirsteanach chun críocha an ordaithe a bheith in ordú faoin alt seo.

(3) Féadfaidh an tAire le hordú ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú.

Iocaíochtaí leis an Eagraíocht ón Aire.

5. —Féadfaidh an tAire cibé suimeanna ar a gcinnfidh sé, le toiliú an Aire Airgeadais, is suimeanna a mbeidh dliteanas a n-íoctha air faoin gCoinbhinsiún, a íoc leis an Eagraíocht ó am go ham, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

An tAire do chur talamh, etc., ar fáil don Eagraíocht.

6. —Féadfaidh an tAire talamh, áitribh, feistis, trealamh agus seirbhísí (lena n-áirítear seirbhísí pearsanra) a chur ar fáil don Eagraíocht, ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha ar a gcomhaontóidh an tAire agus an Eagraíocht le toiliú an Aire Airgeadais.

Oibleagáid chun déanamh de réir údarás chun dul ar aghaidh arna eisiúint ag an Eagraíocht.

7. —Aerárthaí a bheidh ag oibriú in aerspás os cionn an Stáit a mbeidh, de bhun an Choinbhinsiúin, seirbhísí aerthráchta curtha ar fáil ann ag an Eagraíocht agus aerárthaí a cláraíodh sa Stát agus a bheidh ag oibriú in aon aerspás a mbeidh seirbhísí aerthráchta curtha ar fáil ann ag an Eagraíocht déanfaidh siad de réir údaráis chun dul ar aghaidh a eiseofar ag an Eagraíocht nó thar a ceann agus de réir na gcoinníollacha (más ann) a shonrófar sna húdaráis.

Pionós mar gheall ar neamhchomhlíonadh údaráis chun dul ar aghaidh a d'eisigh an Eagraíocht.

8. —(1) Má dhéantar sárú maidir le haerárthach ar alt 7 den Acht seo, beidh úinéir nó fruilitheoir an aerárthaigh agus an píolóta nó an ceannasaí freisin ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

(2) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoin alt seo, is cosaint don duine a chruthú gur drochaimsir nó cúis dosheachanta eile ba chionsiocair leis an sárú ar alt 7 den Acht seo a gcúiseofar é ina leith nó gur gan fhios dó gan mainneachtain ná ionpháirteacht aige féin iarbhír a tharla an sárú.

Aerárthaí a choinneáil.

9. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú a shocrú go gcoinneofar aerárthaí chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Coinbhinsiún, aon ordú nó rialachán faoin Acht seo nó údarás chun dul ar aghaidh a d'eisigh an Eagraíocht nó a eisíodh thar a ceann.

(2) Déanfar na tagairtí don Phríomh-Acht atá in ailt 64 agus 65 den Phríomh-Acht a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don Acht seo.

Oibritheoirí aerárthaí do choimeád taifead.

10. —Féadfaidh an tAire le rialacháin faoin alt seo—

(a) a cheangal ar úinéirí nó fruilitheoirí aerárthaí taifid faoi ghluaiseachtaí na n-aerárthaí a choimeád i cibé foirm, agus cibé sonraí a chur iontu, a shonrófar sna rialacháin,

(b) a fhoráil go mbeidh taifid a choimeádfar de bhun na rialachán le tabhairt ar aird d'oifigigh don Aire agus le hiniúchadh acu,

(c) a fhoráil go mbeidh taifid faoi ghluaiseachtaí aerárthaí a choimeádfaidh daoine a shonrófar sna rialacháin ina bhfianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, in imeachtaí maidir le cion faoi alt 8 den Acht seo nó faoi na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1961, ar na nithe a taifeadadh, de bhun na rialachán, sna taifid, agus maidir le doiciméid a airbheartóidh gur taifid faoi ghluaiseachtaí aerárthaí iad agus go bhfuil siad á gcoimeád ag daoine a shonrófar chuige sin sna rialacháin go measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur taifid den sórt sin iad agus go bhfuil siad á gcoimeád amhlaidh.

(2) Féadfar feidhm a thabhairt do rialacháin faoin alt seo maidir le haon aerárthach sa Stát nó os a chionn, nó maidir le haerárthaí a cláraíodh sa Stát, cibé áit a mbeidh siad.

(3) Aon duine a sháróidh rialachán faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó, de rogha na cúirte, an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile.

(4) Aon duine a dhéanfaidh bacadh nó cur isteach ar oifigeach don Aire nuair a bheidh cumhacht a thugtar le rialacháin faoin alt seo á feidhmiú aige beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

(5) San alt seo, folaíonn “taifead”, maraon le taifead i scríbhinn—

(a) aon teasc, téip, fuaimrian nó deis eile a bhfuil fuaimeanna nó comharthaí corpraithe ann ar chuma gur féidir (le cúnamh gléas éigin eile nó dá éagmais) iad a atáirgeadh uaidh,

(b) aon scannán, téip nó deis eile a bhfuil amharc-íomhánna corpraithe ann ar chuma gur féidir (le cúnamh gléas éigin eile nó dá éagmais) iad a atáirgeadh uaidh, agus

(c) aon ghrianghraf,

agus folaíonn aon tagairt do chóip de thaifead, i gcás taifid nach dtagann ach faoi mhír (a) amháin den mhíniú seo, athscríbhinn na bhfuaimeanna nó na gcomharthaí atá corpraithe ann, agus i gcás taifid nach dtagann ach faoi mhír (b) amháin den mhíniú seo, atáirgeadh fosaidh ar na híomhánna atá corpraithe ann, agus i gcás taifid a thagann faoin dá mhír sin athscríbhinn den sórt sin maraon le hatáirgeadh fosaidh den sórt sin.

Ionchúiseamh ag an Aire i leith cionta.

11. —Féadfaidh an tAire ionchúiseamh a dhéanamh i leith ciona faoi alt 8 nó 10 den Acht seo.

Oibritheoirí aerárthaí d'íoc táillí leis an Aire agus leis an Eagraíocht.

1879, c. 58.

12. —(1) Féadfaidh an tAire le rialacháin faoin alt seo—

(a) foráil a dhéanamh chun go n-íocfar leis an Eagraíocht nó leis an Aire, lena gcur ar aghaidh chun na hEagraíochta, táillí i leith seirbhísí aerloingseoireachta a chuirfidh an Eagraíocht ar fáil,

(b) foráil a dhéanamh chun go n-íocfar leis an Aire táillí i leith seirbhísí aerloingseoireachta a chuirfidh an tAire ar fáil,

(c) foráil a dhéanamh chun go mbeidh táillí le híoc ag úinéirí nó, i gcás aerárthaí ar fruiliú, ag fruilitheoirí aerárthaí dá mbeidh na seirbhísí ar fáil (cibé acu a úsáidtear nó nach n-úsáidtear na seirbhísí iarbhír nó a d'fhéadfaí nó nach bhféadfaí iad a úsáid leis an trealamh atá sna haerárthaí) nó ag bainisteoirí ar aeradróim a bheidh á n-úsáid ag na haerárthaí sin, nó go páirteach ag na húinéirí nó na fruilitheoirí sin agus go páirteach an na bainisteoirí sin,

(d) méid na dtáillí is iníoctha faoi na rialacháin a shonrú, lena n-áirítear táillí de mhéideanna éagsúla i leith seirbhísí éagsúla nó i leith aerárthaí d'aicmí nó de shaghsanna éagsúla nó a úsáidtear in imthosca éagsúla,

(e) na seirbhísí a mbeidh táillí iníoctha ina leith a shonrú,

(f) foráil a dhéanamh chun go ngnóthóidh an Eagraíocht táillí is iníoctha de bhun na rialachán leis an Eagraíocht agus go ngnóthóidh an tAire táillí is iníoctha de bhun na rialachán leis an Aire (lena n-áirítear táillí is iníoctha leis an Aire chun iad a chur ar aghaidh chun na hEagraíochta).

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le táillí is iníoctha leis an Aire faoin alt seo i leith seirbhísí aerloingseoireachta a chuirfidh an tAire ar fáil—

(a) baileofar na táillí in airgead agus glacfar iad ar cibé modh a ordóidh an tAire Airgeadais ó am go ham, agus íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste iad, de réir mar a ordóidh an tAire Airgeadais, agus

(b) Ní beidh feidhm ag an Public Offices (Fees) Act, 1879, maidir leis na táillí sin.

(3) San alt seo, folaíonn “seirbhísí aerloingseoireachta” eolas, treoracha agus saoráidí eile a thabharfar, a eiseofar nó a chuirfear ar fáil chun críocha loingseoireacht nó gluaiseacht aerárthaí nó i ndáil leis sin.

Talamh agus cearta uisce a fháil.

1950, Uimh. 4 .

13. —(1) Aon uair a iarrfaidh an Eagraíocht ar an Aire talamh a fháil nó ceart a fháil chun uisce a locadh, a chasadh nó a tharraingt, agus a chuirfidh sí in iúl don Aire go bhfuil an talamh nó an ceart, de réir mar a bheidh, ag teastáil ón Eagraíochta, aon chríche a bhaineann le gníomhaíochtaí na hEagraíochta, déanfaidh an tAire, más deimhin leis go bhfuil an talamh nó an ceart ag teastáil ón Eagraíocht chun na críche sin, an talamh nó an ceart sin a fháil faoi na cumhachtaí a thugtar dó le Cuid V den Phríomh-Acht, arna leasú leis an Acht seo, agus ar fháil na talún nó an chirt sin a bheith críochnaithe, aistreoidh sé an talamh nó an ceart chun na hEagraíochta ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha ar a gcomhaontófar idir an tAire agus an Eagraíocht le toiliú an Aire Airgeadais, nó, cheal comhaontaithe, de réir mar a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(2) Leasaítear leis seo alt 36 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mír (c) (a cuireadh isteach leis an Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1950 ):

“(d) aon chríoch a bhaineann le gníomhachtaí sa Stát ag an Eagraíocht Eorpach um Shábháilteacht na hAerloingseoireachta (Eurocontrol) a bunaíodh leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le comhoibriú um Shábháilteacht na hAerloingseoireachta a síníodh i mBruiséal an 13ú lá de Nollaig, 1960”.

(3) Ní dhéanfaidh an tAire ordú faoi alt 41 den Phríomh-Acht gan dul i gcomhairle roimh ré leis an Aire Tionscail agus Tráchtála.

Orduithe agus rialacháin a leagan faoibhráid Tithe an Oireachtais.

14. —Gach ordú agus rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar dó bhailíocht aon ní a rinneadh a roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán.

Caiteachais an Aire.

15. —Déanfar, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, na caiteachais faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.