An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Dleachtanna stampa.) Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Biotáille (rátaí gnáth-dhleachta custam).)

15 1962

AN tACHT AIRGEADAIS, 1962

CUID V.

Ilghnéitheach.

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

1950, Uimh. 18 .

1961, Uimh. 23 .

19. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ;

ciallaíonn “alt leasaitheach 1961” alt 36 den Acht Airgeadais, 1961 ;

ciallaíonn “an dóú blianacht bhreise déag” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;

tá leis “an Aire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt.

(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1961, maidir leis na naoi mbliana airgeadais comhleanúnacha is fiche dar tosach an bhliain airgeadais dár críoch an 31ú lá de Mhárta, 1963, ach “£1,299,628” a chur in ionad “£1,134,682”.

(3) Beidh éifeacht ag fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1961 ach “£824,486” a chur in ionad “£733,991”.

(4) Déanfar suim £1,334,935 chun iasachtaí, maraon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla a fhuascailt a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais comhleanúnacha a thosóidh leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1963.

(5) Déanfar an dóú blianacht bhreise déag á íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire.

(6) Féadfar aon mhéid den dara blianacht bhreise déag, nach mó ná £863,530 aon bhliain airgeadais áirithe, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.

(7) Déanfar iarmhéid an dóú blianacht bhreise déag a úsáid i gceann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

An Cuntas Cánachais Áitiúil a fhoirceannadh.

1898, c. 37.

1891, c. 48.

R. & O.R., Uimh.94 de 1927.

1924, Uimh. 50 .

20. —(1) Foirceanntar leis seo an Cuntas Cánachais Áitiúil agus ní dhéanfar aon íocaíochtaí eile isteach sa Chuntas sin ná amach as.

(2) Aon airgead a ndéanfaí, mura mbeadh fo-alt (1) den alt seo, é a íoc isteach sa Chuntas a fhoirceanntar leis an bhfo-alt sin as an gCiste Ráthaíochta, déileálfar leis mar a leanas:

(a) íocfar díreach amach as an gCiste Ráthaíochta airgead i leith an deontais thalmhaíochta (lena n-áirítear na deontais fhorlíontacha) is iníoctha faoi na hAchtanna um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1959, agus faoi alt 48 den Local Government (Ireland) Act, 1898,

(b) úsáidfear airgead eile chun muirir ar an gCiste Ráthaíochta a íoc.

(3) I bhfo-alt (2) den alt seo, ciallaíonn “an Ciste Ráthaíochta” an Ciste a bunaíodh le halt 5 den Purchase of Land (Ireland), Act, 1891.

(4) Cúlghairtear leis seo Airteagal 2 den Ordú um Dheona Diúité Estáit, 1927.

(5) Aon liúntas a bhí, de réir an Acht Cúitimh Oifigeacha Áitiúla (Tréimhse Chogaidh), 1924 , iníoctha díreach roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1962, as an gCuntas a fhoirceanntar le fo-alt (1) den alt seo, beidh sé iníoctha an lá sin agus ón lá sin amach as an bPríomh-Chiste.

(6) Measfar gur tháinig an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1962.

Díolúintí áirithe ó cháin bhrabús corparáide a leanúint ar aghaidh.

1929, Uimh. 32 .

21. —Déanfar na díolúintí ó cháin bhrabús corparáide a shonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 33 den Acht Airgid, 1929 , a thabhairt in aghaidh na tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1962, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1964.

Orduithe faoin Acht d'Fhorchur Dleacht, 1957 .

1957, Uimh. 7 .

22. —(1) Folóidh cumhacht an Rialtais chun orduithe a dhéanamh faoi alt 1 den Acht d'Fhorchur Dleacht, 1957 , cumhacht—

(a) chun orduithe a dhéanamh ag ordú foirm cháinliosta custam trína bhféadfar earraí a aicmiú chun críocha dleachtanna custam agus chun aon chríche eile agus chun foráil dá réir sin a dhéanamh chun earraí a aicmiú in aon slí a fheicfear don Rialtas a bheith caothúil ag féachaint do na dleachtanna custam a forchuireadh nó a fhorchuirfear faoin Acht sin, do dhleachtanna custam eile, d'aon díolúine ó dhleacht custam, nó cáiliú nó teorannú ar dhleacht custam dá bhforáiltear le haon Acht nó faoi, agus d'aon chomhaontú idirnáisiúnta a bhainfidh le cúrsaí custam, agus

(b) aon fhoirm cháinliosta custam a ordófar de bhua an fho-ailt seo a chur faoi chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim,

agus folóidh cumhacht an Rialtais chun orduithe faoin alt sin 1 a chúlghairm nó a leasú cumhacht chun orduithe a rinneadh de bhua an fho-ailt seo a chúlghairm nó a leasú.

(2) Folóidh cumhacht an Aire Airgeadais chun orduithe a dhéanamh faoi alt 3 den Acht d'Fhorchur Dleacht, 1957 , a dúradh, cumhacht chun orduithe a dhéanamh (gan an toiliú dá bhforáiltear san alt sin)—

(a) ag leasú nó ag cúlghairm orduithe a rinneadh de bhua fo-alt (1) den alt seo i gcás inarb é cúspóir na leasuithe nó na cúlghairme leasú a dhéanamh ar aon aicmiú earraí (cibé acu atá nó nach bhfuil siad faoi réir dleachta lena mbaineann an t-alt sin 3) i bhfoirm cháinliosta custam arna hordú de bhua an fho-ailt sin (1) a leasú agus nach bhforchuireann siad dleacht custam ar earra nach bhfuil faoi réir dleachta i slí eile nó nach ndéanann siad an ráta ar dá réir is inmhuirir dleacht custam ar earra a athrú in aon slí nó cuma ar bith nó go ndéanann siad foráil, maidir le hearra nach bhfuil faoina réir i slí eile, le haghaidh aon choinníoll, teorainn, aistarraingt, liúntas, díolúine, nó ráta fabhair i ndáil le dleacht custam nó go ndéanann siad aon choinníoll, teorainn, aistarraingt, liúntas, díolúine nó ráta fabhair den sórt sin a fhoirceannadh nó a athrú in aon slí nó cuma ar bith i ndáil le hearra, agus

(b) ag déanamh foráil le haghaidh aon leasuithe iarmartacha ar ordú a rinneadh de bhua an fho-ailt sin (1) is gá de dhroim orduithe a dhéanamh faoin alt sin 3,

agus folóidh cumhacht an Aire Airgeadais chun orduithe faoin alt sin 3 a chúlghairm nó a leasú cumhacht chun orduithe a rinneadh de bhua an fho-ailt seo a chúlghairm nó a leasú (gan an toiliú dá bhforáiltear san alt sin).

(3) (a) Folóidh cumhacht an Rialtais chun orduithe a dhéanamh faoi mhíreanna (b), (e) agus (g) d'alt 1 den Acht d'Fhorchur Dleacht, 1957 , a dúradh, cumhacht chun orduithe a dhéanamh ag cur coinníollacha, teorainneacha, liúntais, díolúintí nó rátaí fabhair chun feidhme maidir le haon dleacht custam, dleacht máil nó dleacht stampa, a bhí i bhfeidhm ar dháta an Achta seo a rith nó a forchuireadh le haon Acht a ritheadh nó ordú a rinneadh tar éis an tAcht seo a rith agus folóidh cumhacht an Rialtais chun orduithe a dhéanamh faoi na míreanna sin (b) agus (e) cumhacht chun orduithe a dhéanamh ag cur aistarraingrí chun feidhme maidir le haon dleacht custam nó dleacht máil den sórt sin, agus folóidh cumhacht an Rialtais chun orduithe faoin alt sin 1 a chúlghairm nó a leasú cumhacht chun orduithe a rinneadh de bhua an fho-ailt seo a chúlghairm nó a leasú.

(b) Leasaítear leis seo alt 1 den Acht d'Fhorchur Dleachta, 1957, a dúradh, trí—

(i) “aistarraingtí” a chur isteach i mír (d) i ndiaidh “tórainneacha”, agus

(ii) “aistarraingt” a chur isteach i mír (e) i ndiaidh “tórainn,”.

Aisghairm.

23. —(1) (a) Déantar leis seo an t-achtachán a shonraítear i gcolún (2) de Chuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún 3 den Chuid sin.

(b) Measfar gur tháinig mír (a) den fho-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1962.

(2) Déantar leis seo an t-achtachán a shonraítear i gcolún (2) de Chuid II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo le aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.

Cúram agus bainistí cánacha agus dleachtanna.

24. —Cuirtear faoi chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim leis seo na cánacha agus na dleachtanna uile a fhorchuirtear leis an Acht seo.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

1920, c. 18.

25. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1962 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar Cuid I den Acht seo a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim.

(3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna custam, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus déanfar, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna máil, í a fhorléiriú i dteannta na Reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.

(4) Déanfar Cuid III den Acht seo, a mhéid a bhaineann sí le cáin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus déanfar, a mhéid a bhaineann sí le cáin bhrabús corparáide, í a fhorléiriú i dteannta Chuid V den Finance Act, 1920, agus na n-achtachán a leasaíonn nó a leathnaíonn an Chuid sin.

(5) Measfar gur tháinig Cuid I den Acht seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1962, agus beidh éifeacht aici amhail ar an agus ón lá sin.

(6) Ach amháin i gcás ina n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo, nó faoi.