An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT CRÓINÉIRÍ, 1962) Ar Aghaidh (CUID II Cróinéirí agus Ceantair Chróinéirí)

9 1962

AN tACHT CRÓINÉIRÍ, 1962

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht Cróinéirí, 1962 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire chuige sin le hordú.

Mínithe.

1926, Uimh. 39 .

2. —San Acht seo—

folaíonn “cróinéir”, ach amháin in ailt 6, 7, 8, 10, 11, 16 agus 59, duine arna cheapadh faoi fho-alt (2) d'alt 5 d'Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 , mar a thugtar feidhm dó le halt 8 den Acht seo, chun oifig chróinéara a líonadh go sealadach;

tá le “leas-chróinéir” an bhrí a thugtar dó le halt 13 den Acht seo;

ciallaíonn “údarás áitiúil” comhairle chontae nó bardas contaebhuirge;

ciallaíonn“an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

ciallaíonn an briathar “forordú”, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forordú le rialacháin a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo;

ciallaíonn “lia-chleachtóir cláraithe” duine atá cláraithe, ar shlí seachas go sealadach nó go díomuan, faoi Achtanna na Lia-Chleachtóirí, 1927 go 1961, i gClár na Lia-Chleachtóirí d'Éirinn.

Rialacháin.

3. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le haon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní a fhorordaítear nó atá le forordú.

(2) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Caiteachais.

4. —Déanfar, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, na caiteachais faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Aisghairm.

5. —Déantar leis seo na hachtacháin a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal.