|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Cáin Ioncaim.) | Ar Aghaidh (CUID III. Dleachtanna Báis.) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1961
[EN] | ||||||||||
[EN] |
CUID II. Custaim agus Mál. | |||||||||
[EN] |
Tobac. |
14. —(1) San alt seo— | ||||||||
[EN] | ciallaíonn “Acht 1934” an tAcht Airgid, 1934 ; | |||||||||
[EN] | ciallaíonn “Acht 1960” an tAcht Airgeadais, 1960 . | |||||||||
[EN] | (2) Déanfar an dleacht chustam ar tobac a fhorchuirtear le halt 20 den Acht Airgid, 1932 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an 20ú lá d'Aibreán, 1961, agus ón lá sin amach, de réir na rátaí uile agus faoi seach a shonraítear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí uile agus faoi seach ar dá réir is inmhuirir an dleacht sin anois de bhua alt 19 d'Acht 1960. | |||||||||
[EN] | (3) Déanfar an dleacht mháil a fhorchuirtear le halt 19 d'Acht 1934 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an 28ú lá d'Aibreán, 1961, agus ón lá sin amach, de réir na rátaí uile agus faoi seach a shonraítear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí uile agus faoi seach ar dá réir is inmhuirir an dleacht sin anois de bhua alt 19 d'Acht 1960. | |||||||||
[EN] | (4) Beidh feidhm ag fo-ailt (3) agus (4) d'alt 19 d'Acht 1934 maidir le tobac ar ar inmhuirir an dleacht mháil a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt sin de réir ráta a shonraítear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus chun críocha na feidhme sin forléireofar an tagairt san fho-alt sin (3) don Séú Sceideal a ghabhann le hAcht 1934 agus beidh éifeacht aici mar thagairt do Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo. | |||||||||
[EN] | (5) An lacáiste ar thobac crua-fháiscthe a luaitear i bhfo-alt (2) d'alt 17 den Acht Airgeadais, 1940 , is de réir trí scilling déag agus ceithre phingin an punt a íocfar é maidir le haon tobac den sórt sin a dhéanfaidh aon mhonaróir ceadúnaithe a dhíol agus a chur amach, lena úsáid sa Stát, an 20ú lá d'Aibreán, 1961, nó dá éis. | |||||||||
[EN] |
Dleacht siamsa—tuath-limistéir. |
15. —Beidh éifeacht ag fo-alt (6) d'alt 16 den Acht Airgeadais, 1954 , amhail is dá gcuirfí “sé bliana” in ionad “ceithre bliana”. | ||||||||
[EN] |
Mótar-fheithiclí a allmhairiú go sealadach gan dleacht mhótar-fheithicle a íoc. |
16. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais rialacháin a dhéanamh ina mbeidh foráil i dtaobh mótar-fheithiclí a allmhairiú go sealadach gan dleacht mhótar-fheithicle a íoc, i cibé cúinsí agus faoi réir cibé coinníollacha a shonrófar sna rialacháin. | ||||||||
[EN] | (2) Má sháraíonn duine, trí ghníomh nó trí neamhghníomh, aon choinníoll faoi rialachán faoin alt seo, beidh an duine sin, gan dochar d'aon phionós eile a bheidh sé faoi dhliteanas a chur air, ciontach i gcion faoi na hAchtanna Custam agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear pionós a chur air is ionann agus trí oiread luach na mótar-fheithicle, lena n-áirítear an dleacht is iníoctha ar an mótar-fheithicil, nó céad punt, de réir rogha na gCoimisinéirí Ioncaim; agus dlífear an mhótar-fheithicil a fhorghéilleadh agus féadfar an ciontóir a choinneáil nó féadfar imeachtaí a bhunú ina aghaidh trí thoghairm. | |||||||||
[EN] |
An tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , a leasú. 1952 Uimh. 24. |
17. —(1) Déantar leis seo an fhomhír seo a leanas a chur isteach i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , i ndiaidh fhomhír (i): | ||||||||
[EN] | “ (iA) i gcás feithicil lena mbaineann mír 4A nó fomhír (cc) de mhír 6 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, go n-úsáidtear í i riocht nó ar shlí nó chun críche a thabharfadh, dá gcruthófaí an tráth a tógadh amach an ceadúnas gur úsáideadh í sa riocht nó sa tslí sin nó chun na críche sin, go mba inchurtha faoi dhleacht í de réir ráta níos airde ná an ráta ar dá réir a íocadh dleacht, nó”. | |||||||||
[EN] | (2) Déantar leis seo an mhír seo a leanas a chur isteach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , i ndiaidh mhír 4: | |||||||||
[EN] | “4A. Feithiclí (ar a dtugtar dumpairí de ghnáth) nach mó toilleadh ná 4 shlat chiúbach, ualaithe go cothrom, agus atá deartha agus déanta le húsáid ar láithreáin oibreacha foirgníochta (lena n-áirítear déanamh bóthar agus oibreacha tí agus tógála eile) le haghaidh coincréit, screallach, cré nó ábhar eile den sórt sin a iompar i gcás ina ndéanfaidh an duine a thógfaidh amach an ceadúnas a chruthú don údarás ceadúnúcháin gur ar láithreáin den sórt sin a úsáidtear, go formhór, an fheithicil, agus nach n-úsáidtear ar bhóithre poiblí í ach amháin— | |||||||||
[EN] | (a) chun dul go dtí an láithreán agus teacht ón láithreán ar a n-úsáidfear í, agus, ag dul agus ag teacht amhlaidh di, gan aon ualach a bheith á iompar ná á tharraingt aici seachas ualach is gá le haghaidh a tiomána nó a trealmhaithe, | |||||||||
[EN] | (b) chun coincréit, screallach, cré nó ábhar eile den sórt sin a iompar ar feadh leathmhíle ar a mhéid chun aon láithreáin den sórt sin agus uaidh— | |||||||||
| ||||||||||
[EN] | (3) Déantar leis seo an fhomhír seo a leanas a chur isteach i mír 6 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , i ndiaidh mhír (c): | |||||||||
[EN] | “(cc) feithiclí (ar a dtugtar trucailí forc-chrochta) atá deartha agus déanta chun earraí a luchtú agus dhíluchtú i gcás ina gcruthóidh an duine a thógfaidh amach an ceadúnas don údarás ceadúnúcháin nach n-úsáidtear an fheithicil ar bhóithre poiblí ach amháin— | |||||||||
[EN] | (i) chun dul go dtí an láithreán agus teacht ón láithreán ar a n-úsáidfear í le haghaidh luchtaithe agus díluchtaithe, agus, ag dul agus teacht amhlaidh di, gan aon ualach a bheith á iompar ná á tharraingt aici seachas ualach is gá le haghaidh a tiomána nó a trealmhaithe, | |||||||||
[EN] | (ii) mar chuid den phróis luchtaithe nó díluchtaithe, chun earraí a iompar ar feadh leathmhíle ar a mhéid go dtí an láithreán agus ón láithreán ar a luchtóidh nó a dhíluchtóidh sí— | |||||||||
| ||||||||||
[EN] | (4) Má ritear an tAcht seo an lú lá d'Iúil, 1961, nó roimhe sin, tiocfaidh fo-ailt (1) go (3) den alt seo i ngníomh an lá sin agus, más tar éis an lae sin a rithfear é, measfar iad a theacht i ngníomh an lá sin. | |||||||||
[EN] | (5) Tabharfar aird ar na forálacha roimhe seo den Acht seo agus na haisíocaíochtaí iomchuí á ndéanamh agus déanfar na haisíocaíochtaí de réir cibé ordachán a thabharfaidh an tAire Rialtais Áitiúil. | |||||||||
[EN] |
Alt 4 den Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , a leasú. |
18. —Leasaítear leis seo alt 4 den Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1): | ||||||||
[EN] | “(1A) Muirearófar, toibheofar agus íocfar ag gach duine a thógfaidh amach ceadúnas tiomána faoi aon Acht a aisghaireann agus a athachtaíonn fara modhnuithe an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 , dleacht mháil mar a leanas— | |||||||||
[EN] | (a) punt más bliain tréimhse an cheadúnais, agus | |||||||||
[EN] | (b) punt in aghaidh gach bliain de thréimhse an cheadúnais más dhá bhliain nó níos mó an tréimhse sin, | |||||||||
[EN] | ach má thugtar suas an ceadúnas faoi fhorálacha an Achta, nó faoi fhorálacha arna ndéanamh faoin Acht, ar faoi a tógadh amach é, féadfar aisíoc i leith na dleachta a íocadh a dhéanamh i cibé cúinsí, a mhéid agus faoi réir cibé coinníollacha a fhorordóidh an tAire Rialtais Áitiúil le rialacháin.”. | |||||||||
[EN] |
Rátaí dleachtanna custam ar earraí áirithe. 1919, c.32. |
19. —(1) Féadfaidh an Rialtas, maidir leis na hearraí uile a gcruthófar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim gur de shaghas iad a raibh feidhm maidir leo, tráth ar bith, ag na rátaí dleachtanna custam dá dtagraítear in alt 8 den Finance Act, 1919, agus a mbeidh na rátaí sin tar éis scor d'fheidhm a bheith acu maidir leo, cibé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin, a údarú do na Coimisinéirí Ioncaim a n-allmhairiú a cheadú ar na dleachtanna custam a íoc is innmhuirir orthu de réir na rátaí ag a mbeadh feidhm dá mbeadh feidhm ag na rátaí dá dtagraítear san alt sin 8 maidir le hearraí den saghas sin. | ||||||||
[EN] | (2) Féadfaidh an Rialtas údarás faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú agus féadfaidh an t-údarás sin baint a bheith aige leis na hearraí uile den saghas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo nó d'aon chineál nó cineálacha díobh sin a mhíneofar i cibé slí agus faoi threoir cibé nithe is cuí leis an Rialtas. | |||||||||
[EN] |
Orduithe a dhaingniú. I.R. Uimh. 77 de 1961. I.R. Uimh. 78 de 1961. |
20. —Daingnítear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 104) (Dleachtanna Custam Ilghnéitheacha), 1961, agus an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 105) (Mótar-Fheithiclí), 1961. |