8 1961


Uimhir 8 de 1961.


ACHT AN BHAINC CEANNAIS, 1961.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DÁ CHUMASÚ AN SCÉIM A RINNEADH DE BHUN MHÍR (C) D'FHO-ALT (1) D'ALT 33 D'ACHT AN BHAINC CHEANNAIS, 1942 , A LEASÚ. [30 Márta, 1961.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Scéim.

1942, Uimh. 22 .

1. —San Acht seo ciallaíonn “An Scéim” an scéim a rinneadh de bhun mhír (c) d'fho-alt (1) d'alt 33 d'Acht an Bhainc Cheannais, 1942 .

Cumhacht ghinearálta chun an Scéim a leasú.

2. —(1) Féadfar an Scéim a leasú ó am go ham.

(2) Déanfar gach leasú den sórt sin trí scéim leasaitheach a údaraítear leis seo do Bhord Stiúrthóirí Bhanc Ceannais na hÉireann a dhéanamh faoi réir thoiliú an Aire Airgeadais.

(3) Gach scéim a dhéanfar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim arna neamhniú dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

Srian maidir le seirbhís sa Státseirbhís.

1956, Uimh. 8 .

1936, Uimh. 39 .

3. —(1) Ní dhéanfar leasú faoin Acht seo ar an Scéim maidir le haon tréimhse seirbhíse sa Státseirbhís ach amháin go bhféadfar, i gcás Gobharnóir ag a raibh tréimhse nó tréimhsí seirbhíse sa Státseirbhís agus a bhí ag fónamh i bpost bunaithe sa Státseirbhís díreach roimh é a theacht chun bheith ina Ghobharnóir, an Scéim a leasú ionas go bhféadfar an tréimhse nó na tréimhsí sin (maraon le haon tréimhse a bheidh, de bhun aon achtacháin, le cur leis sin le haghaidh aoisliúntais), chun críocha dámhachtana dó nó maidir leis faoin Scéim arna leasú leis an scéim leasaitheach, a chomhshuimiú lena sheirbhís mar Ghobharnóir.

(2) I gcás ina ndéanfar leasú faoin Acht seo ar an Scéim de bhua na heisceachta atá i bhfo-alt (1) den alt seo, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(a) déarfar go mbeidh éifeacht ag an leasú, agus beidh éifeacht aige, amhail ón lú lá de Nollaig, 1960,

(b) forálfar sa leasú, maidir le dámhachtain faoin Scéim arna leasú leis an scéim leasaitheach—

(i) go ndéanfar í a chinneadh amhail mar a chinntear dámhachtain faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1956, agus

(ii) go mbeidh sí faoi réir na bhforálacha a fhreagraíonn dóibh sin ag a bhfuil feidhm de bhun an Achta Aoisliúntas, 1956 , i gcás státseirbhíseach bunaithe,

(c) ní dhéanfar aon íocaíocht ar mhodh aoisliúntais, aisce nó sochair eile faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1956, le haon duine ná maidir le haon duine a thiocfaidh chun bheith ina Ghobharnóir tar éis an lú lá de Nollaig, 1960, más duine é a mbeidh éifeacht ag an leasú maidir leis,

(d) i gcás duine a mbeidh éifeacht ag an leasú maidir leis agus a bheidh ina Ghobharnóir an lú lá de Nollaig, 1960—

(i) ní dhéanfar aon íocaíocht ar mhodh aoisliúntais, aisce nó sochair eile faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1956, leis ná maidir leis lá déanta na scéime leasaithí nó dá éis, agus

(ii) aon íocaíochtaí a dhéanfar leis nó maidir leis faoi dhámhachtain faoin Scéim arna leasú leis an scéim leasaitheach laghdófar iad méid iomlán aon íocaíochtaí faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1956 (nó faoi aon cheann de na hAchtanna sin) a rinneadh leis nó maidir leis roimh lá déanta na scéime leasaithí.

(3) San alt seo—

folaíonn “Státseirbhís”, i dteannta Státseirbhís an Rialtais agus Státseirbhís an Stáit, na státseirbhísí a luaitear i míreanna (a), (b), (c), (e) agus (f) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Acht Aoisliúntas, 1936;

tá le “Gobharnóir” an bhrí chéanna atá leis in Acht an Bhainc Cheannais, 1942 .

Gearrtheideal agus comhlus.

4. —(1) Féadfar Acht an Bhainc Ceannais, 1961 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna an Airgid Reatha agus an Bhainc Ceannais, 1927 go 1961, a ghairm d'Achtanna an Airgid Reatha agus an Bhainc Cheannais, 1927 go 1942, agus den Acht seo le chéile.