|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil 2. Cíos a Chinneadh agus Ró-Íocaíochtaí a Aisghabháil.) | Ar Aghaidh (CUID IV. Srianta le Seilbh Teaghaisí Rialaithe a Aisghabháil.) |
AN tACHT SRIANTA CÍOSA, 1960
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. Forálacha Speisialta chun Faoiseamh a Thabhairt do Thionóntaí Teaghaisí Rialaithe Beaga. | |
[EN] |
Léiriú Chuid III. |
19. —(1) Sa Chuid seo— |
[EN] | ciallaíonn “limistéar ceaptha” aon limistéar arb é atá ann— | |
[EN] | (a) an limistéar arb éard é— | |
[EN] | (i) contae-bhuirg Bhaile Átha Cliath, | |
[EN] | (ii) buirg Dhún Laoghaire, agus | |
[EN] | (iii) na codanna de Cheantar Ardchathrach Bhaile Átha Cliath lasmuigh den limistéar arb éard atá ann contae-bhuirg Bhaile Átha Cliath agus buirg Dhún Laoghaire, | |
[EN] | (b) contae-bhuirg Chorcaí, | |
[EN] | (c) contae-bhuirg Luimnigh, | |
[EN] | (d) contae-bhuirg Phort Láirge, nó | |
[EN] | (e) aon limistéar a bhforordaítear le rialacháin atá i bhfeidhm de thuras na huaire gur limistéar ceaptha é chun críocha na Coda seo; | |
[EN] | ciallaíonn “ceantar cúirte”— | |
[EN] | (a) i gcás inar i gCeantar Ardchathrach Bhaile Átha Cliath atá an teaghais iomchuí—an Ceantar sin, agus | |
[EN] | (b) in aon chás eile—an ceantar cúirte dúiche ina bhfuil an teaghais iomchuí; | |
[EN] | ciallaíonn “cíos láithreach” an cíos is iníoctha ag tionónta ar theaghais rialaithe bheag díreach roimh é do dhéanamh iarratais ag lorg ordú sealadach i leith na teaghaise; | |
[EN] | ciallaíonn “ordú sealadach” ordú faoi alt 21 den Acht seo; | |
[EN] | ciallaíonn “teaghais rialaithe bheag” teaghais rialaithe i limistéar ceaptha, is teaghais lenar bhain Caibidil I de Chuid II d'Acht 1948 agus arb éard í— | |
[EN] | (a) i gcás an limistéar sin a bheith forordaithe le rialacháin, teaghais nach mó a luacháil inrátaithe ná cibé méid (nach mó ná deich bpunt) a bheidh forordaithe, nó | |
[EN] | (b) in aon chás eile, teaghais nach mó ná deich bpunt a luacháil inrátaithe. | |
[EN] | (2) Aon tagairt atá sa Chuid seo don Chléireach Cúirte Dúiche déanfar, má bhíonn beirt Chléireach Cúirte Dúiche nó níos mó ann don cheantar cúirte a bheidh i gceist, í a fhorléiriú mar thagairt d'aon Chléireach acu sin. | |
[EN] | (3) I gcás ina bhforáiltear sa Chuid seo go gcuirfidh Breitheamh Dúiche faoi deara doiciméad a sheirbheáil, féadfar é a sheirbheáil mar a sheirbheálfaí gairm faoi rialacha na Cúirte Dúiche a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire. | |
[EN] |
Iarrntais ar orduithe sealadacha. |
20. —(1) Féadfaidh tionónta teaghaise is teaghais a mbeidh sé á éileamh gur teaghais rialaithe bheag í iarratas a dhéanamh chun an Bhreithimh Dúiche a bheidh sannta don dúiche ina mbeidh an teaghais ag lorg ordú sealadach ag cinneadh cíos dleathach na teaghaise. |
[EN] | (2) Gach iarratas a dhéanfar faoin alt seo déanfar é tríd an tionónta a theacht, i bpearsain nó trí ghníomhaire, i láthair an Chléirigh Chúirte Dúiche don cheantar cúirte ina mbeidh an teaghais a bheidh i gceist agus do thabhairt sonraí mar thacaíocht lena éileamh don Chléireach Cúirte Dúiche sin agus déanfaidh seisean na sonraí sin a thaifeadadh agus an t-iarratas a tharchur, a luaithe is féidir, chun an Bhreithimh Dúiche iomchuí. | |
[EN] | (3) Duine ar bith a thabharfaidh nó a chuirfidh faoi deara go dtabharfar don Chléireach Cúirte Dúiche, i dtacaíocht le hiarratas faoin alt seo, sonraí a bheidh bréagach nó míthreorach in aon phone ábhartha, beidh sé, mura gcruthóidh sé gur go neamhurchóideach agus gan rún meabhlaíochta a ghníomhaigh sé, ciontach i gcion agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fineáil nach mó ná deich bpunt a chur air. | |
[EN] | (4) Má ghníomhaíonn duine, nach aturnae, mar ghníomhaire do dhuine ar bith i gcás iarratais faoin alt seo go díreach nó go neamhdhíreach le haghaidh nó de shúil luaíochta, nó má fhaigheann sé luach saothair go díreach nó go neamhdhíreach as cistí aon chomhlachta chorpraithe nó neamhchorpraithe daoine a mbeidh nó a raibh an tionónta ina chomhalta de nó ar thug sé síntiús dá chiste, beidh sé ciontach i gcion agus, gan dochar d'é a bheith inchiontaithe in aon chion eile a mbeidh sé ciontach ann, dlífear, ar é a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile. | |
[EN] |
Orduithe sealadacha a dhéanamh. |
21. —(1) I gcás iarratas faoi alt 20 den Acht seo a tharchur chun Breithimh Dúiche— |
[EN] | (a) déileálfaidh an Breitheamh Dúiche leis an iarratas go príobháideach mura dtarlóidh gur iomchuí éisteacht i gcúirt oscailte de réir mhír (e) den fho-alt seo; | |
[EN] | (b) mura dóigh leis gur chóir diúltú don iarratas, cuirfidh an Breitheamh Dúiche faoi deara go seirbheálfar fógra ar an tiarna talún á chur in iúl dó go ndearnadh an t-iarratas, ag tabhairt sonraí ar an iarratas agus á cheangal air aon eolas a bheidh ar seilbh ag an tiarna talún agus a chabhródh leis an mBreitheamh chun ordú sealadach a dhéanamh ag cinneadh cíos dleathach na teaghaise a thabhairt, laistigh de cheithre lá dhéag tar éis an fógra a sheirbheáil, do Chléireach Cúirte Dúiche an cheantair cúirte ina bhfuil an teaghais; | |
[EN] | (c) a luaithe is féidir tar éis an t-eolas sin a thabhairt nó ar an gceithre lá dhéag sin a bheith caite (cibé acu is túisce a tharlóidh) agus, má dhéantar tarchur faoi alt 28, tar éis an tuarascáil a fháil a dhéanfar ar an tarchur, déanfaidh an Breitheamh Dúiche mar a leanas faoi réir mhíreanna (d) agus (e) den fho-alt seo: | |
[EN] | (i) i gcás inar dóigh leis— | |
[EN] | (I) gur teaghais rialaithe bheag lena mbaineann alt 7 den Acht seo an teaghais agus nach mó an cíos bunúsach, de mhéid is mó ná an t-ochtú cuid den chíos bunúsach, ná an cíos a chinnfeadh an Chúirt mar chíos bunúsach na teaghaise dá mba theaghais lena mbaineann alt 9 den Acht seo an teaghais agus dá mbeadh “(is teaghaisí lenar bhain Caibidil I de Chuid II d'Acht 1946)” i bhfo-alt (2) den alt sin 9 i ndiaidh “teaghaisí rialaithe”, nó | |
[EN] | (II) gur teaghais rialaithe bheag lena mbaineann alt 9 den Acht seo an teaghais, a mbeidh an Chúirt tar éis a cíos bunúsach a chinneadh cheana féin, agus gur féidir méid an chíosa bhunúsaigh sin a fháil amach, | |
[EN] | féadfaidh sé le hordú na nithe seo a leanas a chinneadh go sealadach— | |
[EN] | (A) na breiseanna dleathacha ar chíos bunúsach na teaghaise, agus | |
[EN] | (B) cíos dleathach na teaghaise; | |
[EN] | (ii) i gcás inar dóigh leis gur teaghais rialaithe bheag nach mbaineann fomhír (i) den mhír seo léi an teaghais, féadfaidh sé le hordú na nithe seo a leanas a chinneadh go sealadach— | |
[EN] | (I) cíos bunúsach na teaghaise faoi alt 9 den Acht seo, | |
[EN] | (II) na breiseanna dleathacha ar chíos bunúsach na teaghaise, agus | |
[EN] | (III) cíos dleathach na teaghaise; | |
[EN] | (d) i gcás inar dóigh leis an mBreitheamh Dúiche go mbeadh cíos dleathach na teaghaise, dá gcinntí é le hordú sealadach, comhionann leis an gcíos láithreach nó níos mó ná é, díbhfidh sé an t-iarratas agus cuirfidh sé faoi deara go gcuirfear an díbhe in iúl don tionónta agus don tiarna talún agus freisin nach ndéanann an díbhe dochar do cheart cheachtar acu iarratas a dhéanamh chun na Cúirte faoin Acht seo, seachas an Chuid seo, á iarraidh an cíos a chinneadh; | |
[EN] | (e) i gcás— | |
[EN] | (i) nach deimhin leis an mBreitheamh Dúiche go bhfuil dlínse aige ordú sealadach a dhéanamh, nó | |
[EN] | (ii) inar éiligh an tiarna talún breis i leith airgead a líomhnaítear a caitheadh ar fheabhsú, athrú déanmhais nó deisiú agus nach deimhin leis an mBreitheamh Dúiche gur chóir éileamh an tiarna thalún a cheadú gan fianaise fhoirmiúil agus gan caoi a thabhairt don tionónta an t-éileamh a chonspóidiú, | |
[EN] | éistfidh an Breitheamh Dúiche an t-iarratas i gcúirt oscailte agus, chuige sin, cuirfidh sé faoi deara an t-iarratas a chur ar an liosta éisteachta, socróidh sé dáta le haghaidh na héisteachta agus cuirfidh sé faoi deara é sin a chur in iúl don tiarna talún agus don tionónta (ag a mbeidh teideal láithriú agus go bhfeidhmeofaí ar a shon) ag an éisteacht; | |
[EN] | (f) mura mbeidh an teaghais luacháilte ar leithligh faoi na hAchtanna Luachála agus mura mbeidh cionroinnt déanta ina leith cheana féin faoi alt 41 den Acht seo, ansin, chun críocha an Achta seo, féadfaidh an Breitheamh Dúiche le hordú cibé cuid is cuí leis de luacháil inrátaithe na maoine ar cuid di an teaghais a chionroinnt go sealadach i leith na teaghaise; | |
[EN] | (g) más dóigh leis an mBreitheamh Dúiche go bhfuil ar áireamh cíos na teaghaise íocaíochtaí i leith aon ní acu sin dá dtagraítear i mír (d) d'fho-alt (2) d'alt 3 den Acht seo, féadfaidh sé leis an ordú sealadach (má dhéantar é) an cíos a chionroinnt chun críocha an Achta seo agus, dá réir sin, forléireofar tagairtí don Chúirt sa mhír sin mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don Bhreitheamh Dúiche a bheidh ag déileáil leis an iarratas. | |
[EN] | (2) Ní bheidh aon ábhar achomhairc chun na Cúirte Cuarda ann i gcoinne cinneadh Bhreithimh Dúiche ar iarratas faoi alt 20 den Acht seo. | |
[EN] |
Forálacha maidir le horduithe sealadacha. |
22. —(1) I gcás ina ndéanfaidh Breitheamh Dúiche ordú sealadach maidir le haon teaghais, cuirfidh sé faoi deara, a luaithe is féidir, go seirbheálfar cóip de ar an tiarna talún agus ar an tionónta. |
[EN] | (2) Faoi réir mhír (a) d'fho-alt (1) d'alt 23 agus d'ainneoin alt 13 den Acht seo, is é cíos a bheidh le n-íoc ar theaghais lena mbaineann ordú sealadach, amhail ar an gcéad lá gála tar éis an t-ordú a dhéanamh agus ón lá sin amach agus an fad a leanfaidh an t-ordú sealadach i bhfeidhm, an cíos dleathach a chinnfear leis an ordú sealadach. | |
[EN] | (3) Ní bhunófar aon imeachtaí faoi Chuid II den Acht seo chun cíos bunúsach aon teaghaise a chinneadh an fad a bheidh ordú sealadach i bhfeidhm ina leith nó an fad a bheidh iarratas ina leith ar feitheamh faoin gCuid seo. | |
[EN] |
Iarratas ó thiarna talún nó ó thionónta maidir le hordú sealadach. |
23. —(1) Féadfaidh tiarna talún nó tionónta aon teaghaise a mbeidh ordú sealadach déanta ina leith, laistigh de mhí tar éis cóip den ordú sealadach a sheirbheáil air, a iarraidh ar an gCúirt Dúiche téarmaí an ordaithe shealadaigh a chúlghairm nó a mhodhnú, agus air sin beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas: |
[EN] | (a) más dóigh leis an gCúirt, ar an iarratas a éisteacht, nach teaghais rialaithe bheag an teaghais, déanfaidh sí, faoi réir mhír (a) d'fho-alt (2) den alt seo, an t-ordú sealadach a chúlghairm le héifeacht chúlghabhálach ó dháta a dhéanta; | |
[EN] | (b) in aon chás eile, féadfaidh an Chúirt, de réir mar is cuí léi— | |
[EN] | (i) téarmaí an ordaithe shealadaigh a dhaingniú fara modhnú nó gan modhnú, nó | |
[EN] | (ii) an t-ordú sealadach a chúlghairm agus cibé ordú nua a dhéanamh is gá sa chás maidir leis an teaghais; | |
[EN] | (c) má dhéantar ordú faoi mhír (b) den fho-alt seo, ansin, amhail ó dháta a dhéanta agus ón dáta sin amach agus d'ainneoin aon ní dá bhfuil in aon fhoráil eile den Acht seo— | |
[EN] | (i) beidh éifeacht ag an ordú sin amhail is dá mba é an cinneadh deiridh é ag an gCúirt Dúiche maidir leis na nithe lena mbainfidh an t-ordú sin, | |
[EN] | (ii) scoirfidh an t-ordú sealadach de bheith i bhfeidhm, agus | |
[EN] | (iii) chun críche feidhme alt 13 den Acht seo, measfar an tionónta a bheith tar éis comhaontú a dhéanamh leis an tiarna talún chun cíos a íoc i leith na teaghaise is comhionann le cíos dleathach na teaghaise mar a cinneadh sin leis an ordú sin a rinneadh faoi mhír (b) den fho-alt seo; | |
[EN] | (d) féadfaidh an Chúirt, ar an iarratas a éisteacht, ordú a dhéanamh á ordú go n-íocfar, i cibé slí a ordóidh an Chúirt, aon suim a bheidh dlite de cheachtar páirtí ag an bpáirtí eile maidir leis an teaghais, cibé acu i leith cíosa é nó faoi aon fhoráil den Acht seo. | |
[EN] | (2) Más rud é, ar iarratas ó thiarna talún faoin alt seo, go ndéanfar ordú sealadach a chúlghairm nó a mhodhnú faoi fho-alt (1) den alt seo ar fhoras eolas (i bhfoirm fianaise a tugadh ar aird aige nó thar a cheann) a dhiúltaigh nó a d'fhailligh sé a thabhairt de bhun fhógra a seirbheáladh air faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 21 den Acht seo— | |
[EN] | (a) ní thabharfaidh an Chúirt éifeacht chúlghabhálach do chúlghairm nó do mhodhnú an ordaithe, cibé acu é, agus | |
[EN] | (b) mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt ar chúis mhaith, déanfar costais a dhámhachtain i gcoinne an tiarna talún agus má tháinig luachálaí, a bhí tar éis tuarascáil ar an teaghais iomchuí a thabhairt de bhun alt 28 den Acht seo, i láthair le linn éisteacht an iarratais, ordófar don tiarna talún cibé táille a shocróidh an Chúirt a íoc i leith é a theacht i láthair. | |
[EN] | (3) Is mar is rogha leis an gCúirt a bheidh maidir le costais na bpáirtithe in iarratas faoin alt seo, faoi réir mhír (b) d'fho-alt (2) den alt seo, ach ní dhámhfar aon chostais i gcoinne an tionónta in aon chás ina gcruthófar gur mhó an cíos láithreach ná an cíos dleathach. | |
[EN] | (4) Más rud é, ar an tiarna talún do dhéanamh achomhairc chun na Cúirte Cuarda i gcoinne ordú a bheidh déanta ag an gCúirt Dúiche faoin alt seo, go ndeimhneoidh an Chúirt Chuarda gur cuí, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, iomlán an mhéid nó cuid shonraithe den mhéid a dhlífidh an tionónta i leith costas an achomhairc (lena n-áirítear costais an tionónta féin agus na costais (más ann) a dhlífidh an tionónta, faoi ordú na Cúirte, a íoc leis an tiarna talún) a íoc as cistí Stáit, déanfaidh an tAire méid na gcostas a mbeidh an deimhniú sin tugtha ina dtaobh a íoc as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas. | |
[EN] |
Forálacha ag a mbeidh feidhm mura ndéanfaidh an tiarna talún nó an tionónta iarratas. |
24. —(1) I gcás ina mbeifear tar éis ordú sealadach a dhéanamh agus— |
[EN] | (a) go mbeidh an tiarna talún gan iarratas a dhéanamh, laistigh de mhí tar éis an dáta a sheirbheálfar cóip den ordú air, faoi fho-alt (1) d'alt 23 den Acht seo, agus | |
[EN] | (b) go mbeidh an tionónta gan iarratas a dhéanamh, laistigh de mhí tar éis an dáta a seirbheálfar cóip den ordú air, faoin bhfo-alt sin, | |
[EN] | beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas d'ainneoin aon ní atá in aon fhoráil eile den Acht seo: | |
[EN] | (i) measfar téarmaí an ordaithe shealadaigh a bheith daingnithe ag an gCúirt Dúiche le hordú faoi fho-alt (1) d'alt 23 den Acht seo agus beidh feidhm ag forálacha mhír (c) den fho-alt sin dá réir sin; | |
[EN] | (ii) ní bheidh aon ábhar achomhairc chun na Cúirte Cuarda ann i gcoinne ordú daingnithe a mheasfar a rinneadh amhlaidh. | |
[EN] | (2) A luaithe is féidir tar éis forálacha fho-alt (1) den alt seo a theacht in éifeacht maidir le haon teaghais, tabharfaidh an Breitheamh Dúiche ag a mbeidh dlínse chun críocha an Achta seo sa dúiche ina mbeidh an teaghais go seirbheálfar ar an tiarna talún agus ar an tionónta fógra, san fhoirm fhorordaithe, á chur sin in iúl do na daoine sin, ach mura gcomhlíonfar forálacha an fho-ailt seo ní fhorléireofar sin mar ní a dhéanfaidh dochar d'oibriú an fho-ailt sin (1). | |
[EN] |
Díolúine ó tháillí Cúirte. |
25. —Ní hiníoctha aon táillí cúirte ag an tionónta in aon imeachtaí (lena n-áirítear aon achomharc nó cás sonraithe) faoin gCuid seo. |
[EN] |
Athbhreithniú ar fhorais calaoise, neamhchoinne, dearmaid nó míchumais. |
26. —(1) Más rud é, faoi mhír (i) d'fho-alt (1) d'alt 24 den Acht seo, go measfar téarmaí ordaithe shealadaigh a bheith daingnithe, féadfaidh an tiarna talún nó an tionónta tráth ar bith a iarraidh ar an gCúirt an cás a athbhreithniú ar fhorais calaoise, neamhchoinne, dearmaid nó míchumais. |
[EN] | (2) Más rud é, an iarratas faoin alt seo, gur deimhin leis an gCúirt go raibh aon fhoras ann is foras ar a ndearnadh an t-iarratas, féadfaidh an Chúirt cibé orduithe nua agus orduithe breise a dhéanamh is gá de réir cheartais, lena n-áirítear aon ordú ag dámhachtain costas is cuí leis an gCúirt. | |
[EN] | (3) Féadfaidh ordú faoi fho-alt (2) den alt seo éifeacht aon ordaithe roimhe sin sa chás a mhodhnú nó a fhoirceannadh agus, i gcás ina gcruthófar calaois, féadfaidh an t-ordú sin a bheith cúlghabhálach. | |
[EN] |
Luachálaithe Cúirte Dúiche. |
27. —(1) Féadfaidh an tAire le ceadú an Aire Airgeadais, cibé daoine agus cibé méid daoine is oiriúnach leis a cheapadh chun bheith ina luachálaithe cúirte dúiche chun críocha na Coda seo. |
[EN] | (2) Beidh gach luachálaí cúirte dúiche i seilbh oifige an fad is toil leis an Aire agus féadfaidh an tAire é a chur as oifig. | |
[EN] | (3) Is é an tAire Airgeadais a chinnfidh luach saothair luachálaithe cúirte dúiche maraon lena gcoinníollacha seirbhíse i gcoitinne. | |
[EN] | (4) Déanfar gach luachálaí cúirte dúiche a shannadh do cibé dúiche a ordóidh an tAire ó am go ham. | |
[EN] | (5) Ní bheidh feidhm ag Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 , ná ag Acht Rialaithe na Stát-Sheirbhíse, 1956, maidir le post luachálaí cúirte dúiche. | |
[EN] |
Breithiúna Dúiche do tharchur ceisteanna i dtaobh luacháil inrátaithe nó cíos teaghaisí rlalaithe beaga chun luachálaithe. |
28. —(1) Féadfaidh an Breitheamh Dúiche a bheidh sannta do dhúiche dá mbeidh luachálaí cúirte dúiche sannta aon cheist a tharchur chun an luachálaí cúirte dúiche sin lena fiosrú agus tuarascáil ina taobh a thabhairt dó is ceist a bhainfidh leis an luacháil inrátaithe nó an cíos ar theaghais rialaithe bheag is ábhar d'aon imeachtaí os a chomhair faoin gCuid seo nó a bhainfidh leis an gcíos a bheidh á íoc nó a bheidh iníoctha ar theaghaisí rialaithe beaga eile. |
[EN] | (2) Féadfaidh an Breitheamh Dúiche a bheidh sannta do dhúiche nach mbeidh luachálaí cúirte dúiche sannta di aon cheist a tharchur chun cibé duine (dá ngairtear luachálaí speisialta san alt seo) is oiriúnach leis lena fiosrú agus tuarascáil ina taobh a thabhairt dó is ceist a bhainfidh leis an luacháil inrátaithe nó an cíos ar aon teaghais rialaithe bheag is ábhar d'imeachtaí os a chomhair faoin gCuid seo nó a bhainfidh leis an gcíos a bheidh á íoc nó a bheidh iníoctha ar theaghaisí rialaithe beaga eile. | |
[EN] | (3) I gcás ina dtabharfar tuarascáil ar tharchur a dhéanfar faoi fho-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo maidir le himeachtaí faoin gCuid seo— | |
[EN] | (a) beidh teideal ag tiarna talún agus tionónta na teaghaise rialaithe iomchuí cóipeanna den tuarascáil a fháil ar iarratas a dhéanamh chun oifig na cúirte dúiche, agus | |
[EN] | (b) féadfaidh an Breitheamh Dúiche, agus déanfaidh sé ar iarratas bona fide ón tiarna talún nó ón tionónta sin, a cheangal ar an luachálaí a bheith i láthair ag na himeachtaí. | |
[EN] | (4) Íocfaidh an tAire luach saothair le luachálaithe speisialta de réir cibé rátaí a ordóidh an tAire Airgeadais. | |
[EN] | (5) Aon luachálaí cúirte dúiche nó luachálaí speisialta a mbeidh Breitheamh Dúiche tar éis aon cheist a tharchur chuige faoi fho-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo, féadfaidh sé, má bhíonn údarás aige i scríbhinn ón mBreitheamh Dúiche chuige sin agus ar é do thaispeáint an údaráis sin, má iarrtar sin air, dul isteach agus iniúchadh a dhéanamh gach tráth réasúnach in aon teaghais a bheidh sonraithe chuige sin san údarás sin. | |
[EN] | (6) Má dhiúltaíonn duine ar bith ligean do luachálaí cúirte dúiche dul isteach nó iniúchadh a dhéanamh in aon teaghais i bhfeidhmiú a chumhachtaí faoi fho-alt (5) den alt seo, nó má choisceann nó má bhacann sé é agus é ag feidhmiú na gcumhachtaí sin, beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná mí nó fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air nó an phríosúnacht sin agus an fhíneáil sin le chéile. |