|
||||
|
Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL. Ailt atá á gcur in ionad Ailt 34 agus 36 d'Acht na Máinliaigh Beithíoch, 1931.) |
[EN] | ||
Uimhir 34 de 1960. | ||
[EN] |
ACHT NA dTRÉIDLEÁ, 1960. | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ ACHTANNA NA dTRÉIDLIA, 1931 AGUS 1952, MAIDIR LE CLÁR TRÉIDLEÁ NA hÉIREANN [15 Samhain, 1960.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Alt 34 d'Acht na Máinliaigh Beithíoch, 1931 , a leasú. |
1. —Déantar leis seo an t-alt atá leagtha amach i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad alt 34 d'Acht na Máinliaigh Beithíoch, 1931 . |
[EN] |
Alt 36 d'Acht na Máinliaigh Beithíoch, 1931 , a leasú. |
2. —Déantar leis seo an t-alt atá leagtha amach i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad alt 36 d'Acht na Máinliaigh Beithíoch, 1931 . |
[EN] |
Aisghairm. |
3. —Déantar leis seo gach achtachán a luaitear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin. |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
4. —(1) Féadfar Acht na dTréidleá, 1960 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar Achtanna na dTréidleá, 1931 go 1960, a ghairm d'Achtanna na dTréidlia, 1931 agus 1952, agus den Acht seo le chéile. |