An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Dleachtanna Stampa.) Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL. Dleachtanna ar Thobac.)

19 1960

AN tACHT AIRGEADAIS, 1960

CUID VII.

Ilghnéitheach agus Ginearálta.

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

1950, Uimh. 18 .

1959, Uimh. 18 .

38. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ;

ciallaíonn “alt leasaitheach 1959” alt 77 den Acht Airgeadais, 1959 ;

ciallaíonn “an deichiú blianacht bhreise” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;

tá leis “an Aire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt.

(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1959, maidir leis na naoi mbliana airgeadais comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dár críoch an 31ú lá de Mhárta, 1961, ach “£991,095” a chur in ionad “£780,192”.

(3) Beidh éifeacht ag fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1959 ach “£628,753” a chur in ionad “£504,682”.

(4) Déanfar suim £951,035 chun iasachtaí, maraon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla a fhuascailt a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais comhleanúnacha a thosóidh leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1961.

(5) Déanfar an deichiú blianacht bhreise a íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire.

(6) Féadfar aon mhéid den deichiú blianacht bhreise, nach mó ná £615,195 aon bhliain airgeadais áirithe, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.

(7) Déanfar iarmhéid an deichiú blianacht bhreise a úsáid i gceann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

Faoiseamh ó dhleachtanna áirithe.

1936, Uimh. 31 .

39. —(1) (a) I gcás ina raibh duine os cionn bliain agus fiche d'aois an 1ú lá d'Eanáir, 1953, agus go gcruthóidh sé nó go gcruthófar thar a cheann do na Coimisinéirí Ioncaim, go raibh sé, ó aois a sheacht mbliana nó ó aois ab óige ná sin, i rith na tréimhse iomchuí, faoi chúram lánúna pósta (nárbh iad a thuismitheoirí féin iad i gcás inar duine é a rugadh dá thuismitheoirí féin de phósadh dleathach) agus á chothabháil ag an lánúin sin ar a gcostas féin mar dhuine dá dteaghlach agus dá líon tí, ansin, chun críocha an mhéid seo a leanas—

(i) dleacht chomharbais agus dleacht leagáide,

(ii) na dleachtanna stampa is inmhuirir ar thíolacais nó ar aistrithe talún, agus

(iii) díolúine ó dhleacht chustam faoi mhír (b) d'alt 18 den Acht Airgeadais, 1936,

measfar gur leanbh é leis an lánúin phósta sin a rugadh dóibh de phósadh dleathach agus nach leanbh le haon duine eile é.

(b) I mír (a) den fho-alt seo ciallaíonn “an tréimhse iomchuí”—

(i) i gcás inar tharla, i rith na tréimhse seacht mbliana ón tráth a thosaigh an duine a bheidh i gceist de bheith faoi chúram na lánúna pósta agus á chothabháil acu mar duine dá dteaghlach agus dá líon tí, go bhfuair duine den lánúin phósta (ach ní an bheirt) bás—an tréimhse ón tráth sin go dtí an bás,

(ii) i gcás ina bhfuair an bheirt den lánúin phósta bás i rith na tréimhse seacht mbliana ón tráth sin—an tréimhse ón tráth sin go dtí bás an duine sin is túisce d'éag den lánúin, agus

(iii) in aon chás eile—seacht mbliana.

(2) Ní bhaineann fo-alt (1) den alt seo le tógáil maoine a rinneadh roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1953, ach faoi réir na heisceachta sin, baineann sé le tógáil maoine a rinneadh roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin.

(3) I gcás—

(a) ina ndearnadh maoin a thógáil roimh an Acht seo a rith agus lá nach luaithe ná an 1ú lá d'Eanáir, 1953,

(b) inar íocadh dleacht roimh an Acht seo a rith i leith na tógála, agus

(c) maidir leis an dleacht—

(i) nárbh iníoctha í, nó

(ii) gur mhó í ná an dleacht ab iníoctha,

dá mbeadh an t-alt seo rite sula ndearnadh an tógáil,

aisíocfar an dleacht nó an bhreis (de réir mar a bheidh) ar choinníoll go ndéanfar iarratas chun na gCoimisinéirí Ioncaim laistigh de bhliain ón Acht seo a rith ag iarraidh aisíoca.

Leasú ar alt 11 den Acht Airgeadais (Brabúis Mhianach Airithe) (Faoiseamh Sealadach ó Chánachas), 1956 .

1956, Uimh. 8 .

40. —Déantar leis seo alt 11 den Acht Airgeadais (Brabúis Mhianach Airithe) (Faoiseamh Sealadach ó Chánachas), 1956 , a leasú, le héifeacht amhail ó dháta an Achta sin a rith, trí “nó an 6ú lá d'Aibreán, 1954 (cibé acu is déanaí)” a chur isteach roimh “an lá tosnuithe” i mír (a) d'fho-alt (2).

Leasú ar Chuid V den Acht Airgeadais, 1959 .

1959, Uimh. 18 .

41. —(1) Maidir le foirgneamh nó déanmhas arb é an 1ú lá d'Eanáir, 1960, nó lá dá éis a chuathas faoin gcaiteachas caipitiúil á dhéanamh agus a mbeidh sé le meas ina thaobh gur foirgneamh nó déanmhas tionscail é mar gheall ar é a úsáid chun críocha trádála na hóstánaíochta, beidh éifeacht ag Cuid V den Acht Airgeadais, 1959 , ionann agus—

(a) dá gcuirtí “leis an deichiú” in ionad “leis an gcaogadú” i bhfo-alt (1) d'alt 25 agus i bhfo-alt (4) d'alt 27 den Acht sin, agus

(b) dá gcuirtí “an deichiú” in ionad “an caogadú” i bhfo-alt (3) d'alt 25 agus “don deichiú” in ionad “don chaogadú” i bhfo-alt (1) d'alt 26 den Acht sin.

(2) Chun críocha Chuid V den Acht Airgeadais, 1959 , agus fho-alt (1) den alt seo, measfar gur foirgneamh nó déanmhas agus é á úsáid chun críocha thrádáil na hóstánaíochta foirgneamh nó déanmhas agus é á úsáid mar champa saoire.

Aisghairm.

42. —(1) Déantar leis seo gach achtachán a shonraítear i gcolún (2) de Chuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm, a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin, amhail ar an agus ón dáta a shonraítear i gcolún (4) den Chuid sin.

(2) (a) Déantar leis seo an t-achtachán a shonraítear i gcolún (2) de Chuid II den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.

(b) Ní bheidh éifeacht ag mír (a) den fho-alt seo ach amháin maidir le daoine a gheobhfaidh bás tar éis an 27ú lá d'Aibreán, 1960.

Cúram agus bainistí cánach agus dleachtanna.

43. —Cuirtear faoi chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim leis seo na cánacha agus na dleachtanna uile a fhorchuirtear leis an Acht seo.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

1920 c. 18.

1891, c. 39.

44. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1960 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar Codanna I agus V den Acht seo agus an Tríú Sceideal a ghabhann leis a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim.

(3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna custam, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus déanfar, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna máil, í a fhorléiriú i dteannta na Reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.

(4) Deanfar Cuid IV den Acht seo, a mhéid a bhaineann sí le cáin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus déanfar, a mhéid a bhaineann sí le cáin bhrabús corparáide, í a fhorléiriú i dteannta Chuid V den Finance Act, 1920, agus na n-achtachán a leasaionn nó a leathnaíonn an Chuid sin.

(5) Forléireofar Cuid VI den Acht seo i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán a leasaíonn nó a leathnaíonn an tAcht sin.

(6) Measfar gur tháinig Cuid I den Acht seo i bhfeidhm an 6ú lá d'Aibreán, 1960, agus beidh éifeacht aici amhail ar an agus ón lá sin.

(7) Ach amháin i gcás ina n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo, nó faoi.