|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Réamhráiteach.) | Ar Aghaidh (CUID III. Na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1952, a Leasú.) |
AN tACHT UM AN OIREACHTAS (LIÚNTAIS DO CHOMHALTAÍ) AGUS OIFIGÍ AIREACHTA AGUS PARLAIMINTE (LEASÚ), 1960
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. Achtanna an Oireachtais (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 agus 1947, a Leasú. | |
[EN] |
Léiriú agus comhlua. |
3. —(1) Sa Chuid seo den Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht an Oireachtais (Liúntais do Chomhaltaí), 1938. |
[EN] | (2) Féadfar Achtanna an Oireachtais (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 go 1960, a ghairm d'Achtanna an Oireachtais (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 agus 1947, agus den Chuid seo den Acht seo le chéile. | |
[EN] |
Alt 3 den Phríomh-Acht a leasú. |
4. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 3 den Phríomh-Acht: |
[EN] | “(1) Is é liúntas a bheidh le n-íoc le gach comhalta de Dháil Éireann faoin Acht seo liúntas de réir £1,000 sa bhliain is iníoctha go míosúil. | |
[EN] | (2) Is é liúntas a bheidh le n-íoc le gach comhalta de Sheanad Éireann faoin Acht seo liúntas de réir £750 sa bhliain is iníoctha go míosúil. | |
[EN] | (3) I gcás comhalta den Oireachtas a bheith i seilbh oifig an Ard-Aighne, measfar an liúntas is iníoctha leis faoin Acht seo a bheith ar áireamh an tuarastail is iníoctha leis de thuras na huaire de bhua é do shealbhú na hoifige sin, agus dá réir sin ní bheidh teideal aige, an fad a bheidh tuarastal á fháil aige i leith na hoifige sin, chun aon liúntais eile faoin Acht seo. | |
[EN] | (4) Aon fhoráil atá in aon reacht Breataineach nó in aon reacht de chuid Shaorstát Éireann nó in aon Acht ón Oireachtas (cibé acu roimh an Acht seo a rith a ritheadh, nó dá éis sin a rithfear, é) trína ndlitear aon phinsean is iníoctha as an bPríomh-Chiste nó as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas a fhionraí nó a laghdú, go hiomlán nó go páirteach, i gcás an pinsinéir a bheith ag fáil íocaíochtaí (cibé ainm a thugtar orthu sa reacht nó san Acht sin) as airgead a sholáthraigh nó a sholáthróidh an tOireachtas, ní oibreoidh sí, mura mbeidh a mhalairt reachtaithe go sainráite inti, mar fhoráil á cheangal aon phinsean den sórt sin a fhionraí nó a laghdú faoi threoir liúntais is iníoctha faoin Acht seo.” | |
[EN] |
Asbhaintí i leith scéim pinsean ranníocach. |
5. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur isteach sa Phríomh-Acht i ndiaidh ailt 6: |
[EN] | “6A. (1) Baineann an t-alt seo le scéim le haghaidh pinsean do chomhaltaí an Oireachtais agus ar scéim í a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas: | |
[EN] | (a) gur scéim í a rinne comhchoiste de dhá Theach an Oireachtais, | |
[EN] | (b) gur ceadaíodh an scéim le rún ó gach Teach den Oireachtas, | |
[EN] | (c) go ndéanann an scéim socrú le haghaidh na bpinsean fúithi a íoc as ciste a bheidh ar teachtadh ag iontaobhaithe agus a chothabhálfar le ranníocaí a íocfaidh comhaltaí uile an Oireachtais. | |
[EN] | (2) Aon scéim lena mbainfidh an t-alt seo beidh éifeacht aici de réir a téarmaí agus déanfaidh an tAire, de réir rialachán, suimeanna a bhaint as na liúntais a íocfar faoin Acht seo le comhaltaí an Oireachtais agus na suimeanna sin a íoc isteach sa chiste a bheidh á chothabháil de bhun na scéime. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire rialacháin chun críocha an ailt seo a dhéanamh agus leagfar na rialacháin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ndéanta.” | |
[EN] |
Aisghairm. |
6. —Aisghairtear leis seo alt 3 d'Acht an Oireachtais (Liúntais do Chomhaltaí) (Leasú), 1947 . |