An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil II. Dílseánacht pheitriliaim a dhílsiú san Aire.) Ar Aghaidh (Caibidil IV. Saoráidí Oibre.)

7 1960

AN tACHT UM FHORBAIRT PHEITRILIAIM AGUS MIANRAÍ EILE, 1960

Caibidil III.

Taiscéalaíocht agus forbairt pheitriliaim.

Srianta le peitriliam a chuardach agus a fháil.

6. —(1) Ní dhéanfaidh aon duine seachas an tAire peitriliam a chuardach in aon limistéar sa Stát muran rud é—

(a) gurb é an ceadúnaí é faoi cheadúnas taiscéalaíochta, ceadúnas lorgaireachta peitriliaim nó ceadúnas limistéir fhorcoimeádta a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire agus a bhaineann leis an limistéar sin, nó

(b) gurb é an léasaí é faoi léas peitriliaim nach bhfuil as feidhm agus a bhaineann leis an limistéar sin.

(2) Ní bhfaighidh aon duine, seachas an tAire, peitriliam a fuarthas in aon limistéar sa Stát ná ní ardóidh sé ná ní thógfaidh sé ná ní thabharfaidh sé chun siúil é murab é an léasaí é faoi léas peitriliaim nach bhfuil as feidhm agus a bhaineann leis an limistéar sin.

(3) Gach duine a sháróidh fo-alt (1) nó (2) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air, maraon le fíneáil bhreise, i gcás ciona leanúnaigh, nach mó ná céad punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion, nó, más rogha leis an gCúirt é, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

(4) I gcúiteamh i gcion faoin alt seo, maidir le deimhniú a airbheartóidh a bheith sínithe ag oifigeach don Aire agus a bheith ag deimhniú ní amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas—

(a) nach raibh an duine a bheidh á chúiseamh ina shealbhóir, lá sonraithe, ar cheadúnas taiscéalaíochta a bhí i bhfeidhm an uair sin agus a bhain le limistéar sonraithe,

(b) nach raibh an duine a bheidh á chúiseamh ina shealbhóir, lá sonraithe, ar cheadúnas lorgaireachta peitriliaim a bhí i bhfeidhm an uair sin agus a bhain le limistéar sonraithe,

(c) nach raibh an duine a bheidh á chúiseamh ina shealbhóir, lá sonraithe, ar cheadúnas limistéir fhorcoimeádta a bhí i bhfeidhm an uair sin agus a bhain le limistéar sonraithe,

(d) nach raibh an duine a bheidh á chúiseamh ina léasaí, lá sonraithe, faoi léas peitriliaim nach raibh as feidhm an uair sin agus a bhain le limistéar sonraithe,

beidh sé, gan cruthú ar shíniú an duine a n-airbheartófar gurb é a shínigh an deimhniú sin ná gurbh oifigeach don Aire é, ina fhianaise, nó go gcruthófar a mhalairt, ar cibé ábhair acu sin a n-airbheartófar iad a bheith deimhnithe sa deimhniú sin agus leis.

Gealltanas go ndeonófar ceadúnais thaiscéalaíochta agus ceadúnais lorgaireachta peitriliaim.

7. —(1) Féadfaidh an tAire gealltanas a thabhairt d'aon duine go ndeonóidh sé dó ceadúnas taiscéalaíochta nó ceadúnas lorgaireachta peitriliaim nó an dá cheadúnas sin.

(2) I gcás ina dtabharfaidh an tAire gealltanas faoin alt seo beidh sé dleathach aige an gealltanas a chomhlíonadh.

Ceadúnais thaisceálaíochta.

8. —(1) Féadfaidh an tAire cibé ceadúnas (dá ngairtear ceadúnas taiscéalaíochta sa Chuid seo) a údaraítear leis an alt seo a dheonú do dhuine ar bith.

(2) Deonófar gach ceadúnas taiscéalaíochta ar cibé téarmaí agus coinníollacha agus i leith cibé limistéar is cuí leis an Aire agus a shonróidh sé sa cheadúnas sin.

(3) Nuair a dheonófar an ceadúnas taiscéalaíochta, déanfaidh an ceadúnaí cibé comaoin ina leith a íoc leis an Aire a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(4) Déarfaidh gach ceadúnas taiscéalaíochta go ndílsíonn sé, agus oibreoidh sé ar mhodh go mbeidh ar dílsiú, sa cheadúnaí an t-aoncheart chun peitriliam a chuardach sa limistéar lena mbainfidh an ceadúnas.

(5) (a) Ní thabharfaidh ceadúnas taiscéalaíochta aon cheart don cheadúnaí dul isteach ar thalamh.

(b) Ní fhorléireofar mír (a) den fho-alt seo mar ní a thoirmisceann ar an gceadúnaí faoi cheadúnas taiscéalaíochta dul isteach ar thalamh le toiliú úinéir uachtar na talún sin.

(6) Beidh i ngach ceadúnas taiscéalaíochta clásal slánaíochta trína slánóidh an ceadúnaí an tAire i gcoinne aon éilimh a éireoidh as an gceadúnaí d'fheidhmiú a cheart faoin gceadúnas.

(7) San alt seo ciallaíonn “peitriliam a chuardach” an ceadúnaí faoi cheadúnas taiscéalaíochta do dhéanamh na nithe sin uile is gá nó is inmhianaithe dar leis chun saghas, méad nó luach an pheitriliaim sa limistéar lena mbaineann an ceadúnas a dhéanamh amach agus, go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht na cumhachta roimhe seo, folaíonn sé taiscéalaíocht a dhéanamh ag lorg peitriliaim trí scrúdú geolaíoch, geofisiciúil, geoceimiciúil agus logeolaíochtúil a dhéanamh, tolladh a dhéanamh, poill a thochailt, uisce a chur as sean-oibreacha agus cainníochtaí réasúnacha peitriliaim agus mianraí eile a thógáil agus a thabhairt chun siúil le haghaidh anailíse, tástála, trialach nó turgnaimh.

Ceadúnais lorgaireachta peitriliaim.

9. —(1) Féadfaidh an tAire, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, ceadúnas (dá ngairtear ceadúnas lorgaireachta peitriliaim sa Chuid seo) a dheonú do dhuine ar bith i leith peitriliaim faoi thalamh ar bith.

(2) Ní dheonóidh an tAire ceadúnas lorgaireachta peitriliaim i leith peitriliaim faoi thalamh ar bith mura rud é go mbeidh sé, lá agus fiche ar a laghad sul a ndeonóidh sé é,—

(a) tar éis fógra a fhoilsiú, i nuachtán amháin nó níos mó a léitear sa cheantar, á rá go bhfuil beartaithe aige sin a dhéanamh, agus

(b) tar éis léarscáil ag taispeáint teorainneacha na talún sin a thaisceadh in oifig na Suirbhéarachta Geolaíochta, Baile Atha Cliath, agus in áit amháin nó níos mó sa cheantar.

(3) Déanfar gach ceadúnas lorgaireachta peitriliaim a dheonú ar cibé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis an Aire agus a shonróidh sé sa cheadúnas sin.

(4) Nuair a dheonófar ceadúnas lorgaireachta peitriliaim, déanfaidh an ceadúnaí cibé comaoin ina leith a íoc leis an Aire a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(5) Déarfaidh gach ceadúnas lorgaireachta peitriliaim go ndílsíonn sé, agus oibreoidh sé ar mhodh go mbeidh ar dílsiú, sa cheadúnaí, ar feadh cibé tréimhse a shonrófar sa cheadúnas, údarás chun dul isteach ar an talamh a shonrófar sa cheadúnas agus na nithe sin uile a dhéanamh is gá nó is inmhianaithe dar leis an gceadúnaí chun saghas, méad nó luach an pheitriliaim faoin talamh sin a dhéanamh amach agus, go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht na cumhachta roimhe seo, chun na críche réamhráite scrúdú geolaíoch, geofisiciúil, geoceimiciúil agus logeolaíochtúil a dhéanamh, agus tolladh a dhéanamh, poill a thochailt, uisce a chur as sean-oibreacha agus cainníochtaí réasúnacha peitriliaim agus mianraí eile a thógáil agus a thabhairt chun siúil le haghaidh anailíse, tástála, trialach nó turgnaimh.

(6) Beidh i ngach ceadúnas lorgaireachta peitriliaim clásal slánaíochta trína slánóidh an ceadúnaí an tAire i gcoinne aon éilimh nó iarratais ar bith maidir leis an talamh is ábhar don cheadúnas nó a éireoidh ar aon slí as an gceadúnaí d'fheidhmiú na gceart a thugtar dó leis an gceadúnas.

(7) Beidh i ngach ceadúnas lorgaireachta peitriliaim clásal á cheangal ar an gceadúnaí na cearta a thugtar dó leis an gceadúnas a fheidhmiú ar mhodh nach gcuirfidh isteach gan gá ar thaitneamhachtaí an limistéir lena mbainfidh an ceadúnas.

(8) (a) Ní thabharfaidh ceadúnas lorgaireachta peitriliaim ceart don cheadúnaí aon pheitriliam a gheofar faoin talamh a bheidh sonraithe sa cheadúnas a dhíol ná a dhiúscairt ar shlí eile.

(b) Ní fhorléireofar aon ní i mír (a) den fho-alt seo mar ní a choisceann ar an gceadúnaí faoi cheadúnas lorgaireachta peitriliaim cainníochtaí réasúnacha peitriliaim a thógáil agus a thabhairt chun siúil chun críocha anailíse, tástála, trialach nó turgnaimh.

Gealltanas ón Aire go ndeonóidh sé léas peitriliaim.

10. —(1) Féadfaidh an tAire gealltanas a thabhairt go ndeonóidh sé léas peitriliaim ag a mbeidh éifeacht ó cibé dáta a shonrófar sa léas peitriliaim.

(2) Gach gealltanas den saghas a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo is i cibé foirm a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a bheidh sé agus féadfar na téarmaí agus na coinníollacha (más ann) ar a ndeonófar an léas peitriliaim is ábhar don ghealltanas a shonrú ann.

(3) Cibé uair a thabharfaidh an tAire gealltanas léas peitriliaim a dheonú faoin alt seo, is dleathach don Aire an gealltanas a chomhlíonadh de réir téarmaí an chéanna.

Ceart an Aire chun taiscéalaíocht agus lorgaireacht a dhéanamh le haghaidh peitriliaim.

11. —(1) I gcás nach mbeidh ceadúnas taiscéalaíochta láithreach, ceadúnas lorgaireachta peitriliaim, ceadúnas limistéir fhorcoimeádta nó léas peitriliaim ann maidir le haon limistéar—

(a) féadfaidh an tAire na cumhachtaí uile a fheidhmiú maidir leis an limistéar sin dob infheidhmithe aige dá mba shealbhóir ar cheadúnas taiscéalaíochta é maidir leis an limistéar sin,

(b) féadfaidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, na cumhachtaí uile a fheidhmiú maidir leis an limistéar sin dob infheidhmithe aige dá mba shealbhóir ar cheadúnas lorgaireachta peitriliaim é maidir leis an limistéar sin.

(2) Ní fheidhmeoidh an tAire na cumhachtaí a thugtar dó le mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo maidir le haon limistéar mura rud é go mbeidh sé, lá is fiche ar a laghad roimhe sin,—

(a) tar éis fógra a fhoilsiú, i nuachtán amháin nó níos mó a léitear sa cheantar, á rá go bhfuil beartaithe aige sin a dhéanamh, agus

(b) tar éis léarscáil ag taispeáint teorainneacha an limistéir sin a thaisceadh in oifig na Suirbhéireachta Geolaíochta, Baile Atha Cliath, agus in áit amháin nó níos mó sa cheantar.

Cúiteamh i ndamáiste nó i núis dár chúis an ceadúnaí faoi cheadúnas lorgaireachta peitriliaim nó an tAire d'fheidhmiú cumhachtaí faoi alt 11 (1) (b).

12. —Aon uair a dhéanfar, go díreach nó go neamhdhíreach, damáiste d'uachtar talún nó do thaiscí mianrúla nó do sholáthair uisce, nó núis—

(a) tríd an gceadúnaí faoi cheadúnas lorgaireachta peitriliaim d'fheidhmiú a cheart faoin gceadúnas, nó

(b) tríd an Aire d'fheidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 11 den Acht seo,

dlífidh an ceadúnaí nó an tAire (de réir mar a bheidh) cúiteamh a íoc sa damáiste nó sa núis sin, agus beidh feidhm ag forálacha Chabidil VII den Chuid seo maidir leis an gcúiteamh sin.

Léasanna peitriliaim.

13. —(1) Más é tuairim an Aire gurb é leas an phobail é go ndeonófaí peitriliam faoi thalamh sonraithe ar mhodh léasa d'aon duine, féadfaidh an tAire an peitriliam sin a fhorléasadh chun an duine sin ar mhodh léasa (dá ngairtear léas peitriliaim sa Chuid seo) ar feadh cibé téarma is cuí leis an Aire.

(2) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le gach léas peitriliaim—

(a) cuirfear de choinníoll sa léas sin go n-íocfar leis an Aire cibé airgead ar mhodh fíneála nó réamhíocaíochta nó ar mhodh cíosa (lena n-áirítear ríchíos) nó ar aon mhodh nó ar gach a modh acu sin is cuí leis an Aire le haontú an Aire Airgeadais, agus ar a gcomhaontóidh an tAire leis an léasaí;

(b) beidh sa léas sin cibé cúnaint, coinníollacha, agus fochomhaontuithe (más ann) ó thaobh an Aire nó an léasaí is cuí nó is inmhianaithe leis an Aire ar mhaithe le leas an phobail agus ar a gcomhaontóidh sé leis an léasaí;

(c) féadfaidh clásal a bheith sa léas sin á fhoráil gur féidir athnuachan nó athnuachaintí comhleanúnacha a dhéanamh air go neamhchoinníollach nó faoi réir cibé coinníollacha a luafar sa léas sin;

(d) beidh an tAire Airgeadais ina pháirtí sa léas sin.

Ceart an Aire chun peitriliam a oibriú agus a dhiúscairt.

14. —(1) Is dleathach don Aire, le toiliú an Aire Airgeadais, tráth ar bith, faoi réir téarmaí aon cheadúnais nó léasa arna dheonú faoin gCuid seo, peitriliam a oibriú in aon limistéar nó limistéir agus peitriliam a gheofar de bharr an oibrithe sin a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile.

(2) Sula dtosóidh sé ar pheitriliam a oibriú i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le fo-alt (1) den alt seo, déanfaidh an tAire—

(a) an limistéar nó na limistéir (nach lú ná dhá mhíle cearnach agus nach mó ná cúig mhíle cearnach achar gach limistéir acu) a shonrú a mbeartaíonn sé na cumhachtaí sin a fheidhmiú ann nó iontu,

(b) fógra a fhoilsiú san Iris Oifigiúil ag insint cá bhfuil an limistéar nó na limistéir sin agus an t-achar atá ann nó iontu.

(3) Féadfaidh an tAire a údarú i scríbhinn do dhuine ar bith na cumhachtaí a thugtar don Aire leis an alt seo a fheidhmiú ar son agus thar ceann an Aire agus measfar chun críocha na Coda seo gurb é gníomh an Aire aon ghníomh a dhéanfaidh an duine sin de bhun an údaráis sin.

(4) I gcás ina ndéanfaidh an tAire peitriliam a dhíol nó a dhiúscairt faoin alt seo, déanfar toradh an díola nó an diúscartha sin a íoc isteach sa Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

Cearta ag an léasaí faoi léas peitriliaim, nó ag an Aire agus é ag feidhmiú cumhachtaí faoi alt 14, dul isteach ar thalamh agus é a úsáid.

15. —(1) Féadfaidh an léasaí faoi léas peitriliaim dul isteach ar an talamh a bheidh sonraithe sa léas agus an talamh sin a úsáid i cibé slí is gá le réasún chun peitriliam a oibriú nó chun aon chríche a bhainfidh leis sin.

(2) Ag feidhmiú na gcumhachtaí dó a thugtar dó le halt 14 den Acht seo féadfaidh an tAire dul isteach ar aon talamh sa limistéar ar infheidhmithe na cumhachtaí sin ina leith agus an talamh sin a úsáid i cibé slí is gá le réasún chun peitriliam a oibriú nó chun aon chríche a bhainfidh leis sin.

Cúiteamh i ndamáiste nó i núis dar chúis an léasai faoi léas peitriliaim nó an tAire d'oibriú peitriliaim nó d'fheidhmiú ceart a thugtar le halt 15.

16. —Aon uair a dhéanfar damáiste, go díreach nó go neamhdhíreach, d'uachtar talún nó do thaiscí mianrúla nó do sholáthair uisce nó núis—

(a) trí pheitriliam a oibriú nó trí aon ní a dhéanamh a bhaineann le peitriliam a oibriú, nó

(b) tríd an gceart chun dul isteach ar thalamh agus an talamh a úsáid a thugtar le halt 15 den Acht seo a fheidhmiú,

dlífidh an duine a rinne an damáiste nó an núis sin, cibé acu gurb é an léasaí faoi léas peitriliaim é nó an tAire, cúiteamh a íoc sa damáiste sin nó sa núis sin, agus beidh feidhm ag forálacha Chaibidil VII den Chuid seo maidir leis an gcúiteamh sin.

Léasaithe faoi léasanna peitriliaim do thabhairt eolais uathu.

17. —(1) Déanfaidh gach léasaí faoi léas peitriliaim—

(a) a luaithe is féidir tar éis peitriliam a thabhairt chun uachtair den chéad uair ag aon tollapholl—é sin a chur in iúl don Aire;

(b) cibé eolas a cheanglóidh an tAire air am ar bith a thabhairt maidir leis an bpeitriliam a forléasadh leis an léas sin nó maidir le hoibriú an pheitriliaim sin a thabhairt don Aire laistigh d'ocht lá is fiche tar éis an tAire á iarraidh sin air.

(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i dtaobh léasaithe léasanna peitriliaim do thabhairt eolais maidir leis an bpeitriliam nó le hoibriú an pheitriliaim a forléasadh leis na léasanna sin agus féadfar a cheangal leis na rialacháin sin an t-eolas sin a thabhairt i dteannta an eolais a cheanglaítear a thabhairt faoi fho-alt (1) den alt seo agus gan dochar dó.

(3) Aon duine a gceanglaítear air leis an alt seo nó le haon rialachán faoi aon eolas a thabhairt don Aire—

(a) agus a mhainneoidh nó a dhiúltóidh an t-eolas sin a thabhairt, nó

(b) a thabharfaidh go feasach aon eolas den sórt sin a bheidh bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha, nó

(c) a mhainneoidh ar shlí eile déanamh de réir fhorálacha an ailt seo nó forálacha aon rialacháin faoi,

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo, agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná deich bpunt in aghaidh gach lae a leanfar den chion sin.

Tollaphoill, seaftaí nó asraonta tréigthe a chlúdach,

18. —(1) (a) I gcás ina mbeifear tar éis oibríochtaí i ndáil le peitriliam atá nó a bhí ar siúl ag duine ar bith atá nó a bhí ina cheadúnaí faoi cheadúnas faoin gCuid seo nó ina léasaí faoi léas peitriliaim a thréigean nó ina mbeifear tar éis scor díobh agus go ndealraíonn sé don Aire aon seafta tollaphoill nó asraon a úsáideadh maidir leis na hoibríochtaí sin a bheith ar staid gur dóigh dó a bheith ina chúis tionóisce, féadfaidh an tAire fógra a sheirbheáil leis an bpost cláraithe ar an duine sin á cheangal ar an duine sin a chur faoi deara, laistigh d'am sonraithe, uachtar nó oscailt an tseafta thollaphoill nó an asraoin sin a chlúdach nó fál a chur air chun nach dtarlóidh tionóiscí.

(b) I gcás ina seirbheálfar fógra faoi mhír (a) den fho-alt seo agus nach ndéanfaidh an duine ar a seirbheálfar an fógra (dá ngairtear an mainnitheoir san fho-alt seo) de réir an fhógra, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—

(i) féadfaidh an tAire cibé beart a dhéanamh a cheangail an fógra ar an mainnitheoir a dhéanamh,

(ii) féadfaidh an tAire, chun na cumhachtaí a thugtar le fo-mhír (i) den mhír seo a fheidhmiú, dul isteach ar aon talamh,

(iii) aon chaiteachas faoina rachaidh an tAire ag feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar le fo-mhír (i) den mhír seo, féadfaidh an tAire é a ghnóthú ón mainnitheoir mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla,

(iv) má tharlaíonn damáiste d'uachtar talún nó do thaiscí mianrúla nó do sholáthair uisce, go díreach nó go neamhdhíreach, mar gheall ar fheidhmiú na gcumhachtaí a thugtar le fo-mhír (i) nó (ii) den mhír seo—

(I) dlífidh an tAire cúiteamh a íoc sa damáiste sin, agus beidh feidhm ag forálacha Chaibidil VII den Chuid seo maidir leis an gcúiteamh sin,

(II) i gcás ina n-íocfaidh an tAire cúiteamh faoi chlásal (I) den fho-mhír seo, ansin, muran de dheasca a fhaillí a tharla an damáiste ar ina leith is iníoctha an cúiteamh, beidh teideal ag an Aire suim is comhionann le méad an chúitimh sin a ghnóthú ón mainnitheoir mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla,

(v) i gcás ina mbeidh teideal ag an Aire faoi fho-mhír (iii) nó (iv) den mhír seo chun aon suim a ghnóthú ón mainnitheoir, is fianaise prima facie ar mhéad na suime sin deimhniú, arna shéalú le séala oifigiúil an Aire, ag deimhniú méad na suime sin.

(2) Féadfaidh an tAire a údarú i scríbhinn do dhuine ar bith na cumhachtaí a thugtar don Aire le fo-alt (1) den alt seo a fheidhmiú ar son agus thar ceann an Aire, agus, aon uair a údaróidh an tAire amhlaidh d'aon duine, féadfaidh an duine sin (dá ngairtear gníomhaire don Aire san alt seo) na cumhachtaí sin a fheidhmiú in ainm agus ar son agus thar ceann an Aire.

(3) Má bhacann nó má choisceann duine ar bith gníomhaire don Aire a bheidh ag feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar don gníomhaire sin de bhua na bhforálacha roimhe seo den alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air.

(4) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo aon duine a dhíolmhadh ó aon dliteanas faoi aon Acht eile nó ar shlí eile.

Ceadúnais limistéir fhorcoimeádta.

19. —(1) Aon tráth tar éis léas peitriliaim a dheonú, féadfaidh an tAire ceadúnas (dá ngairtear ceadúnas limistéir fhorcoimeádta sa Chuid seo) a údaraítear leis an alt seo a dheonú don léasaí i leith limistéir shonraithe timpeall na talún lena mbainfidh an léas.

(2) Deonófar gach ceadúnas limistéir fhorcoimeádta ar cibé téarmaí (lena n-áirítear cíos a fhorcoimeád) agus coinníollacha is cuí leis an Aire agus a shonróidh sé sa cheadúnas sin.

(3) Déarfaidh gach ceadúnas limistéir fhorcoimeádta go ndílsíonn sé, agus oibreoidh sé ar mhodh go mbeidh ar dílsiú, sa cheadúnaí na cearta céanna maidir leis an limistéar a bheidh sonraithe ann agus dob infheidhmithe aige dá mba shealbhóir ar cheadúnas taiscéalaíochta é maidir leis an limistéar sin.

(4) An fad a bheidh ceadúnas limistéir fhorcoimeádta i bhfeidhm, ní dhéanfaidh an tAire, ach amháin le toiliú an cheadúnaí faoin gceadúnas sin, ceadúnas taiscéalaíochta, ceadúnas lorgaireachta peitriliaim ná léas peitriliaim a dheonú d'aon duine eile maidir leis an limistéar lena mbainfidh an ceadúnas limistéir fhorcoimeádta.

Leas léasaí faoi léas peitriliaim a shannadh.

20. —Féadfaidh an léasaí faoi léas peitriliaim leas an léasaí faoin léas peitriliaim sin a shannadh do dhuine eile le toiliú an Aire.

Ceadúnais faoi Chuid II a aistriú, agus cearta faoi cheadúnais a fheidhmiú ar bhás ceadúnaithe.

21. —(1) San alt seo ciallaíonn “ceadúnas” ceadúnas—

(a) is ceadúnas taiscéalaíochta,

(b) is ceadúnas lorgaireachta peitriliaim, nó

(c) is ceadúnas limistéir fhorcoimeádta.

(2) Féadfaidh an ceadúnaí faoi cheadúnas an ceadúnas a aistriú chun duine eile le toiliú an Aire.

(3) I gcás gur pearsa an ceadúnaí faoi cheadúnas agus go n-éagfaidh sé, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas d'ainneoin aon ní atá in alt 6 den Acht seo—

(a) féadfar na cearta a thugtar leis an gceadúnas a fheidhmiú go dtí go dtarlóidh cibé ní acu seo a leanas is túisce a tharlóidh, is é sin,

(i) deonú probháide an uachta nó litreacha riaracháin eastáit phearsanta an cheadúnaí,

(ii) éag an cheadúnais,

(iii) sé mhí a bheith caite ó bhás an cheadúnaí;

(b) má dhéanann ionadaí pearsanta an cheadúnaí iarratas chun an Aire tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag ó bhás an cheadúnaí ag iarraidh cead chun an ceadúnas a aistriú agus an ceadúnas i bhfeidhm an tráth sin—

(i) féadfaidh an tAire géilleadh don iarratas nó diúltú dó,

(ii) má dhiúltaíonn an tAire don iarratas, beidh deireadh leis an gceadúnas ar an diúltú sin.

Ceadúnais faoi Chuid II a chúlghairm.

22. —(1) San alt seo ciallaíonn “ceadúnas” ceadúnas—

(a) is ceadúnas taiscéalaíochta,

(b) is ceadúnas lorgaireachta peitriliaim, nó

(c) is ceadúnas limistéir fhorcoimeádta.

(2) Féadfaidh an tAire ceadúnas a chúlghairm más deimhin leis gur sáraíodh aon cheann de na coinníollacha a bhí ag gabháil leis.

(3) Beidh deireadh le ceadúnas, más pearsa an ceadúnaí faoi, ar fhéimheacht na pearsan sin nó, más comhlacht corpraithe an ceadúnaí faoi, ar an gcomhlacht a dhíscaoileadh.

(4) Ar cheadúnas faoin alt seo a chúlghairm nó ar dheireadh a bheith leis—

(a) na cearta agus na cumhachtaí is infheidhmithe ag an gceadúnaí scoirfidh siad agus beidh deireadh leo ach sin gan dochar d'aon oibleagáid nó dliteanas a fhorchuirtear ar an gceadúnaí leis an gCuid seo nó leis an gceadúnas;

(b) i gcás inar íoc an ceadúnaí aon chomaoin as an gceadúnas a dheonú, ní bheidh teideal aige chun go ndéanfaí an chomaoin sin nó aon chuid di a aisíoc leis.