An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil IX. Ilghnéitheach agus Ginearálta.)

7 1960

AN tACHT UM FHORBAIRT PHEITRILIAIM AGUS MIANRAÍ EILE, 1960

CUID III.

Leasú ar an Acht Forbairte Minearál, 1940 .

Léiriú (Cuid III).

1940, Uimh. 31 .

67. —(1) Sa Chuid seo—

tá le “cead saoráidí mianadóireachta” an bhrí a thugtar dó le halt 75 den Acht seo;

tá le “cead saoráidí mianadóireachta (talamh Stáit)” an bhrí a thugtar dó le halt 76 den Acht seo;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

tá le “peitriliam” an bhrí a thugtar dó le halt 2 den Acht seo;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Forbairte Minearál, 1940 .

(2) Forléireofar an Chuid seo agus an Príomh-Acht mar aon ní amháin.

Comhlua an Phríomh-Achta agus Coda III.

68. —Féadfar na hAchtanna Forbartha Mianraí, 1940 agus 1960, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Chuid seo le chéile.

Forálacha an Phríomh-Achta do scor, faoi réir eisceachtaí áirithe, d'fheidhm a bheith acu maidir le peitriliam.

69. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, scoirfidh forálacha an Phríomh-Achta d'fheidhm a bheith acu maidir le peitriliam.

(2) D'ainneoin fo-alt (1) den alt seo, leanfaidh alt 42 den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 81 den Acht seo, agus forálacha eile an Phríomh-Achta (lena n-áirítear forálacha maidir le cúiteamh) a bhaineann le sriantachtaí a fhorchur ar oibriú mianraí faoi thalamh ar a bhfuil foirgneamh tógtha nó a mbeartaítear foirgneamh a thógáil air d'fheidhm a bheith acu maidir le hoibriú peitriliaim faoi aon talamh den sórt sin.

Forálacha i dtaobh ceadúnas lorgaireachta agus léasanna mianadóireachta Stáit a deonaíodh faoin bPríomh-Acht agus léasanna a deonaíodh faoi alt 11 d'Acht na Mianach agus na Minearál, 1931 , maidir le peitriliam.

1931, Uimh. 54 .

70. —(1) Aon cheadúnas lorgaireachta a deonaíodh faoi alt 7 den Phríomh-Acht agus aon léas mianadóireachta Stáit a rinneadh faoi alt 26 den Phríomh-Acht measfar nár thug siad aon chearta maidir le peitriliam muran é an lú lá d'Eanáir, 1959, nó dá éis sin a eisíodh an ceadúnas nó a rinneadh an léas agus é sainráite ann gur bhain sé le peitriliam.

(2) Aon léas a deonaíodh faoi alt 11 d'Acht na Mianach agus na Minearál, 1931 , measfar nár thug sé aon chearta maidir le peitriliam.

Cumhacht ag an Aire mianraí Stáit a dhíol.

71. —Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, mianraí Stáit a dhíol.

Alt 6 den Phríomh-Acht a leasú.

72. —Cuirfear isteach in alt 6 den Phríomh-Acht an mhír nua seo a leanas—

“(aa) ceart chun sraitheanna forluiteacha nó tadhlacha agus uachtar a thabhairt chun siúil go sealadach nó go buan chun mianadóireacht béal-oscailte a dhéanamh;”.

Alt 7 den Phríomh-Acht a leasú.

73. —(1) Leasaítear leis seo alt 7 den Phríomh-Acht sna slite seo a leanas—

(a) i bhfo-alt (1), cuirfear “faoi réir fho-alt (2) den alt seo” in ionad “ach an fógra do thabhairt is gá do réir an ailt seo”,

(b) cuirfear an fo-alt nua seo a leanas in ionad fo-ailt (2) agus (3)—

“(2) Ní fheidhmeoidh an tAire, maidir le haon talamh, an ceart a thugtar dó le mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo ná an chumhacht a thugtar dó le mír (b) den fho-alt sin, muran rud é, lá agus fiche ar a laghad sula bhfeidhmeoidh sé an ceart nó an chumhacht sin, de réir mar a bheidh,—

(a) go mbeidh fógra foilsithe aige i nuachtán amháin nó níos mó a léitear sa cheantar á rá go bhfuil beartaithe aige sin a dhéanamh, agus

(b) go mbeidh léarscáil ag taispeáint teorainneacha na talún sin taiscthe aige in Oifig na Suirbhéireachta Geolaíochta, Baile Atha Cliath, agus in áit amháin nó níos mó sa cheantar.”

(2) Féadfar ceadúnas lorgaireachta a dheonófar faoi alt 7 den Phríomh-Acht a dheonú maidir le gach mianra nó maidir le mianraí sonraithe.

Alt 10 (1) den Phríomh-Acht a leasú.

74. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 10 den Phríomh-Acht sna slite seo a leanas—

(a) cuirfear “nó do thaiscí mianrúla nó do sholáthair uisce, nó núis” isteach i ndiaidh “tailimh”,

(b) cuirfear isteach “nó sa núis” i ndiaidh “damáiste” sa tríú áit ina bhfuil an focal deiridh sin.

Ceada saoráidí mianadóireachta.

75. —(1) Féadfaidh an tAire, ar léas mianadóireachta Stáit a dheonú nó tráth ar bith i rith an téarma a dheonófar leis an léas, cead (dá ngairtear cead saoráidí mianadóireachta sa Chuid seo) a dheonú don léasaí aon talamh nó focheart a úsáid a fuair an tAire faoi ordú tógála saoráidí mianadóireachta a rinneadh faoi alt 19 den Phríomh-Acht.

(2) Deonófar gach cead saoráidí mianadóireachta ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(3) Beidh de choinníoll ag gabháil le cead saoráidí mianadóireachta a dheonú go n-aisíocfaidh an duine dá ndeonófar é leis an Aire an costas faoina ndeachaigh an tAire ag tógáil na talún nó an fhochirt lena mbainfidh an cead agus an cúiteamh is iníoctha ag an Aire i leith na tógála sin.

Cead saoráidí mianadóireachta maidir le talamh Stáit.

76. —(1) San alt seo tá le “talamh Stáit” an bhrí chéanna atá leis san Acht Maoine Stáit, 1954 (Uimh. 25 de 1954) .

(2) Aon uair is dóigh leis an Aire gur gá, chun mianraí lena mbaineann léas mianadóireachta Stáit a shaothrú go héifeachtúil nó go háisiúil, go ndeonófaí don léasaí an ceart chun aon talamh Stáit a úsáid, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, cead (dá ngairtear cead saoráidí mianadóireachta (talamh Stáit) san Acht seo) a dheonú don léasaí chun an talamh sin a úsáid.

(3) Aon uair is dóigh leis an Aire gur gá, chun mianraí lena mbaineann léas mianadóireachta Stáit a oibriú go héifeachtúil nó go háisiúil, go ndeonófaí don léasaí aon fhocheart maidir le talamh Stáit, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, cead (dá ngairtear cead saoráidí mianadóireachta (talamh Stáit) freisin san Acht seo) a dheonú don léasaí chun an focheart sin a fheidhmiú.

(4) Déanfar gach cead mianadóireachta (talamh Stáit) a dheonú ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(5) Déanfaidh duine dá ndeonófar cead saoráidí mianadóireachta (talamh Stáit) cibé suim a chinnfidh an tAire, le haontú an Aire Airgeadais, a íoc leis an Aire i gcomaoin an deonaithe sin.

Cúiteamh i ndamáiste nó núis de bharr duine d'fheidhmiú ceart faoi chead saoráidí mianadóireachta nó cead saoráidí mianadóireachta (talamh Stáit).

77. —(1) Aon uair a dhéanfar, go díreach nó go neamhdhíreach, damáiste d'uachtar aon talún nó do thaiscí mianrúla nó do sholáthair uisce, nó núis, de bharr sealbhóir cead saoráidí mianadóireachta nó cead saoráidí mianadóireachta (talamh Stáit) d'fheidhmiú na gceart a thugtar leis an gcead, dlífidh an sealbhóir sin cúiteamh a íoc sa damáiste nó sa núis sin, agus beidh feidhm ag forálacha Chuid VII den Phríomh-Acht maidir leis an gcúiteamh sin.

(2) Is leis an Aire a íocfar cúiteamh is iníoctha faoi fho-alt (1) den alt seo ag sealbhóir cead saoráidí mianadóireachta (talamh Stáit).

Diúscairt airgid a gheobhaidh an tAire faoi alt 75, 76 nó 77.

78. —An t-airgead uile a gheobhaidh an tAire faoi alt 75, 76 nó 77 den Acht seo déanfar, an uair a gheofar agus de réir mar a gheofar é, é a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

Alt 25 (1) den Phríomh-Acht a leasú.

79. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 25 den Phríomh-Acht sna slite seo a leanas—

(a) cuirfear isteach “nó do thaiscí mianrúla nó do sholáthair uisce, nó núis” i ndiaidh “tailimh”,

(b) cuirfear isteach “nó sa núis” i ndiaidh “damáiste” sa tríú áit ina bhfuil an focal deiridh sin.

Alt 31 (3) den Phríomh-Acht a leasú.

80. —Leasaítear leis seo fo-alt (3) d'alt 31 den Phríomh-Acht sna slite seo a leanas—

(a) cuirfear isteach “nó do thaiscí mianrúla nó do sholáthair uisce, nó núis” i ndiaidh “tailimh” an chéad áit ina bhfuil an focal deiridh sin,

(b) cuirfear isteach “nó na núise” i ndiaidh “damáiste” sa dara áit ina bhfuil an focal deiridh sin agus “nó i núis” i ndiaidh na bhfocal “i ndamáiste”.

Alt 42 den Phríomh-Acht a leasú.

81. —(1) Chun críocha fho-alt (1) d'alt 42 den Phríomh-Acht, aon duine ag á bhfuil ceart chun píplínte a leagan chun peitriliam a iompar thar aon talamh nó faoi measfar gur duine é ag a bhfuil leas sa talamh sin.

(2) I bhfo-alt (5) d'alt 42 den Phríomh-Acht, forléireofar an focal “oibre” mar fhocal a fholaíonn píplíne chun peitriliam a iompar.

Alt 47 (3) den Phríomh-Acht a leasú.

82. —I bhfo-alt (3) d'alt 47 den Phríomh-Acht, cuirfear na focail “nó ceart chun sraitheanna forluiteacha nó tadhlacha agus uachtar a thabhairt chun siúil go sealadach nó go buan chun mianadóireacht bhéal-oscailte a dhéanamh” isteach i ndiaidh na bhfocal “an t-uachtar san d'ísliú”.

Alt 64 den Phríomh-Acht a leasú.

83. —In alt 64 den Phríomh-Acht, cuirfear “i dteideal, trí abhcóide nó aturnae nó i bpearsain,” isteach in ionad “agus ní bheidh aon duine eile i dteideal”.

Alt 66 den Phríomh-Acht a leasú.

84. —Cuirfear an t-alt seo a leanas isteach sa Phríomh-Acht in ionad ailt 66—

“66.—(1) (a) I gcás ina measúnóidh an Bord cúiteamh i leith talún atá, as féin gan talamh eile ina theannta, faoi bhlianacht talamh-cheannaigh, féadfaidh Coimisiún na Talún, más oiriúnach leo, a iarraidh ar an mBord—

(i) má bhíonn méad an chúitimh sin comhionann le, nó níos lú ná, praghas fuascailte na blianachta sin agus riaráiste (más ann) na blianachta sin—a ordú lena dhámhachtain go n-íocfar le Coimisiún na Talún iomlán an chúitimh nó cibé cuid den chúiteamh a iarrfaidh Coimisiún na Talún, nó

(ii) más mó méad an chúitimh sin ná praghas fuascailte na blianachta sin agus riaráiste (más ann) na blianachta sin—a ordú lena dhámhachtain go n-íocfar le Coimisiún na Talún an oiread sin den chúiteamh, nach mó ná méad an phraghais fuascailte agus an riaráiste sin (más ann), a iarrfaidh Coimisiún na Talún,

agus déanfaidh an Bord de réir an iarratais sin.

(b) I gcás ina ndéanfaidh aon dámhachtain maidir le talamh atá, as féin gan talamh eile ina theannta, faoi bhlianacht talamh-cheannaigh a fhoráil, faoi mhír (a) den fho-alt seo, go n-íocfar aon airgead le Coimisiún na Talún, déanfaidh Coimisiún na Talún an t-airgead sin, nuair a gheofar é, a úsáid de réir na bhforálacha seo a leanas, is é sin le rá—

(i) má bhíonn an bhlianacht sin i riaráiste agus nach mó méad an airgid sin ná an riaráiste sin—chun nó mar chabhair chun an riaráiste sin a ghlanadh,

(ii) má bhíonn an bhlianacht sin i riaráiste agus gur mó méad an airgid sin ná an riaráiste sin—

(I) déanfar an oiread den airgead sin agus is comhionann leis an riaráiste sin a úsáid chun an riaráiste sin a ghlanadh, agus

(II) úsáidfear iarmhéad an airgid sin chun nó mar chabhair chun an bhlianacht sin a fhuascailt,

(iii) mura mbeidh an bhlianacht sin i riaráiste— chun nó mar chabhair chun an bhlianacht sin a fhuascailt.

(2) (a) I gcás ina measúnóidh an Bord cúiteamh i leith talún (dá ngairtear an talamh lena mbaineann sa mhír seo) atá, i dteannta talún eile, faoi bhlianacht talamhcheannaigh agus ina gcionroinnfidh Coimisiún na Talún an bhlianacht idir an talamh lena mbaineann agus an talamh eile, féadfaidh Coimisiún na Talún, más oiriúnach leo, a iarraidh ar an mBord—

(i) má bhíonn méad an chúitimh sin comhionann le, nó níos lú ná, praghas fuascailte na blianachta sin a bheidh cionroinnte ar an talamh lena mbaineann agus riaráiste (más ann) na blianachta sin—a ordú lena dhámhachtain go n-íocfar le Coimisiún na Talún iomlán an chúitimh nó cibé cuid den chúiteamh a iarrfaidh Coimisiún na Talún, nó

(ii) más mó méad an chúitimh sin ná an praghas fuascailte sin agus riaráiste (más ann) na blianachta sin—a ordú lena dhámhachtain go n-íocfar le Coimisiún na Talún an oiread sin den chúiteamh, nach mó ná méad an phraghais fuascailte agus riaráiste sin (más ann) na blianachta sin, a iarrfaidh Coimisiún na Talún,

agus déanfaidh an Bord de réir an iarratais sin.

(b) I gcás ina ndéanfaidh dámhachtain maidir le talamh (dá ngairtear an talamh lena mbaineann sa mhír seo) atá, i dteannta talún eile, faoi bhlianacht talamhcheannaigh a fhoráil go n-íocfar aon airgead le Coimisiún na Talún faoi mhír (a) den fho-alt seo, déanfaidh Coimisiún na Talún an t-airgead sin, nuair a gheofar é, a úsáid mar leanas—

(i) má bhíonn an bhlianacht sin i riaráiste agus nach mó méad an airgid sin ná an riaráiste sin—chun nó mar chabhair chun an riaráiste sin a ghlanadh,

(ii) má bhíonn an bhlianacht sin i riaráiste agus gur mó méad an airgid sin ná an riaráiste sin—

(I) déanfar an oiread den airgead sin agus is comhionann leis an riaráiste sin a úsáid chun an riaráiste sin a ghlanadh, agus

(II) úsáidfear iarmhéad an airgid sin chun nó mar chabhair chun an oiread den bhlianacht sin agus a bheidh cionroinnte ar an talamh lena mbaineann a fhuascailt,

(iii) mura mbeidh an bhlianacht sin i riaráiste—chun nó mar chabhair chun an oiread den bhlianacht sin agus a bheidh cionroinnte ar an talamh lena mbaineann a ghlanadh.”

Alt 71 (4) den Phríomh-Acht a aisghairm.

85. —Aisghairtear leis seo fo-alt (4) d'alt 71 den Phríomh-Acht.

Alt 72 den Phríomh-Acht a leasú.

86. —In alt 72 den Phríomh-Acht scriosfar na focail “go neosfar don Aire sara n-íoctar an cúiteamh san”.

Alt 73 den Phríomh-Acht a leasú.

87. —Leasaítear leis seo alt 73 den Phríomh-Acht sna slite seo a leanas—

(a) trí “agus féadfaidh an Bord, in aon chás áirithe, costas abhcóide do dhí-lomháil” a scrios as fo-alt (1),

(b) tríd an bhfo-alt nua seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (2)—

“(2) Féadfaidh an Bord, le toiliú na bpáirtithe lena mbainfidh, méad na gcostas a ordófar a íoc a shocrú nó, mura dtoilí siad amhlaidh, féadfaidh an Bord na costais a tharchur chun Máistir Fómhais lena bhfómhas.”

Alt 75 den Phríomh-Acht a leasú.

88. —Déanfar an fo-alt nua seo a leanas a chur isteach in alt 75 den Phríomh-Acht—

“(2A) Gach duine a choimeádfaidh iris de bhun fo-alt (2) den alt seo i dtaobh seafta nó tollaphoill déanfaidh sé, má iarrann an tAire air é, cóip den iris agus den léarscáil suímh a thabhairt don Aire, agus tabharfaidh an tAire an léarscáil suímh sin ar ais.”