An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Cáin Ioncaim i leith Díolaíochtaí áirithe.)

42 1959

AN tACHT AIRGEADAIS (Uimh. 2), 1959

CUID III.

Leasuithe Ginearálta.

Liúntas pearsanta.

1920, c. 18.

15. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 18 den Finance Act, 1920, trí “a deduction of three hundred and ninety-four pounds” a chur in ionad “a deduction of three hundred and ten pounds” agus “a deduction of two hundred and thirty-four pounds” a chur in ionad “a deduction of one hundred and fifty pounds”.

(2) I gcás ina mbeadh, mura mbeadh an fo-alt seo, teideal ag an éilitheoir chun laghdú dhá chéad tríocha is ceithre phunt faoi fho-alt (1) d'alt 18 den Finance Act, 1920, ansin, má chruthaíonn an t-éilitheoir gur baintreach fir é nó gur baintreach mná í sa bhliain mheasúnachta, beidh teideal ag an éilitheoir chun asbhainte dhá chéad caoga is naoi bpunt in ionad na hasbhainte dhá chéad tríocha is ceithre phunt sin.

(3) Déantar leis seo fo-alt (2) d'alt 18 den Finance Act, 1920, a leasú trí “three-fourths” a chur in ionad “nine-tenths”.

Liúntas ioncaim thuillte.

1951, Uimh. 15 .

1952, Uimh. 14 .

16. —(1) Cuirfear an fhoráil seo a leanas in ionad ailt 16 den Finance Act, 1920 ;

“An individual who makes, in the manner prescribed by the Income Tax Acts, a claim in that behalf and makes a return in the prescribed form of his total income shall, for the purposes of ascertaining the amount of his assessable income for the purposes of income tax, be allowed a deduction from the amount of his earned income as estimated in accordance with the Income Tax Acts of a sum equal to one-fourth of that income, but not exceeding, in the case of any individual, the sum of four hundred and fifty pounds.”

(2) Forléireofar alt 4 den Acht Airgeadais, 1951 , agus beidh éifeacht aige ionann is dá gcuirfí tagairt d'fho-alt (1) den alt seo isteach i bhfo-alt (2) in ionad na tagairte d'fho-alt (1) d'alt 2 den Acht Airgeadais, 1952 .

Préimheanna árachais shaoil, etc.

1953, Uimh. 21 .

1958, Uimh. 25 .

17. —(1) Baineann an t-alt seo le préimheanna is iníoctha ar pholasaithe árachais nó ar chonarthaí i leith blianachtaí siarainne is polasaithe nó conarthaí a rinneadh tar éis an 22ú lá de Mheitheamh, 1916, agus freisin le suimeanna dá dtagraítear i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 32 den Income Tax Act, 1918.

(2) D'ainneoin aon ní in alt 32 den Income Tax Act, 1918, ní dheonófar aon fhaoiseamh faoin alt sin i leith aon phréimhe nó suime eile lena mbaineann an t-alt seo.

(3) Aon duine dá mbeadh faoiseamh faoi alt 32 den Income Tax Act, 1918, inlamháilte mura mbeadh fo-alt (2) den alt seo, i leith préimhe nó suime, nó i leith coda de phréimh nó de shuim, lena mbaineann an t-alt seo, beidh, má dhéanann sé éileamh chuige sin ar an modh a fhorordaítear leis na hAchtanna Cánach Ioncaim agus má chuireann sé isteach tuairisceán san fhoirm fhordaithe ar a ioncam iomlán, teideal aige, d'fhonn an méid den ioncam a mbeidh cáin (gan forcháin a áireamh) inmhuirir air ina leith a dhéanamh amach, chun asbhaint a dhéanamh as a ioncam inmheasúnaithe is comhionann—

(a) i gcás inar polasaí nó conradh dá dtagraítear in alt 2 den Acht Airgeadais, 1953 , an polasaí nó an conradh a bheidh i gceist, le dhá dtrian de mhéid na préimhe a mbeadh faoiseamh inlamháilte ina leith mar adúradh tar éis éifeacht a thabhairt d'aon sriantachtaí a bheidh iomchuí de réir míreanna (a), (c) agus (d) d'fho-alt (3) den alt sin 32, agus

(b) in aon chás eile, le leath méid na préimhe nó na suime eile a mbeadh faoiseamh inlamháilte amhlaidh ina leith.

(4) Beidh éifeacht maidir le hasbhaintí faoi fho-alt (3) den alt seo ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le liúntais nó le hasbhaintí de réir bhrí an Tríú Sceidil a ghabhann leis an Finance Act, 1920.

(5) Déantar leis seo alt 9 den Acht Airgeadais, 1958 , a leasú mar a leanas:

(i) i mír (a) d'fho-alt (2) cuirfear isteach “nó faoi alt 17 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1959 ,” i ndiaidh “Income Tax Act, 1918,”;

(ii) i bhfo-alt (6) cuirfear isteach “faoi alt 17 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1959 ,” i ndiaidh “Income Tax Act, 1918,”.

(6) Déanfar tagairtí sna hAchtanna Cánach Ioncaim d'fhaoiseamh i leith préimheanna árachais shaoil a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'asbhaintí faoi fho-alt (3) den alt seo.

Athghairm.

1920, c. 18.

1932, Uimh. 20 .

1952, Uimh. 14 .

1959, Uimh. 18 .

18. —Athghairtear leis seo alt 23 den Finance Act, 1920, fo-alt (4) d'alt 3 den Acht Airgid, 1932 , fo-ailt (1) agus (2) d'alt 4 den Acht Airgeadais, 1952 , agus fo-alt (2) d'alt 1 den Acht Airgeadais, 1959 .