An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS (Uimh. 2), 1959) Ar Aghaidh (CUID II. Cáin Ioncaim i leith Díolaíochtaí áirithe.)

42 1959

AN tACHT AIRGEADAIS (Uimh. 2), 1959

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal agus forléiriú.

1. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais (Uimh. 2), 1959 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar na hAchtanna Cánach Ioncaim agus an tAcht seo a léamh agus a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.

(3) Ach amháin sa mhéid go n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo, nó faoi.

Tosach feidhme Coda III.

2. —Tiocfaidh Cuid III den Acht seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1960.