An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Feidhm Acht na gCoimisinéirí maidir le Comhaltaí de Chomhfhoireann Thithe an Oireachtais agus Leasuithe ar an Acht sin.) Ar Aghaidh (CUID V. FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA.)

38 1959

AN tACHT UM FHOIREANN THITHE AN OIREACHTAIS, 1959

CUID IV.

Feidhm an Achta Rialaithe agus an Achta Rialaithe Leasaithigh maidir le Comhaltaí d'Fhoireann Thithe an Oireachtais agus Leasuithe ar na hAchtanna sin.

Feidhm an Achta Rialaithe maidir le comhaltaí d'fhoireann Thithe an Oireachtais.

16. —(1) Bainfidh forálacha an Achta Rialaithe agus an Achta Rialaithe leasaithigh, arna leasú leis an Acht seo, le comhaltaí d'fhoireann Thithe an Oireachtais.

(2) Bainfidh forálacha an Achta Rialaithe agus an Achta Rialaithe leasaithigh, mar a thugtar feidhm dóibh le fo-alt (1) den alt seo, le daoine is comhaltaí d'fhoireann Thithe an Oireachtais ar dháta an Achta seo a rith agus freisin le daoine a thiocfaidh chun bheith ina gcomhaltaí d'fhoireann Thithe an Oireachtais tar éis an dáta sin.

Leasú ar alt 1 (1) den Acht Rialaithe.

17. —(1) Athghairtear leis seo an méid sin d'fho-alt (1) (mara achtaíodh é i gcéaduair) d'alt 1 den Acht Rialaithe a mhíníonn “stát-sheirbhíseach”, “duine d'fhoireann Thithe an Oireachtais” agus “oifigeach do Thithe an Oireachtais”.

(2) Cuirfear isteach i bhfo-alt (1) d'alt 1 den Acht Rialaithe na ceithre mhíniú nua seo a leanas—

‘ciallaíonn “státseirbhíseach” duine a bhfuil post aige sa Státseirbhís, agus folaíonn sé comhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais;

ní fholaíonn “comhalta de chomhfhoireann Thithe an Oireachtais” oifigeach do Thithe an Oireachtais;

folaíonn “comhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais” oifigeach do Thithe an Oireachtais;

ciallaíonn “oifigeach do Thithe an Oireachtais” duine—

(a) arb é Cléireach nó Leas-Chléireach Dháil Éireann, nó Sheanad Éireann, é, nó

(b) arb é an Maoirseoir, Tithe an Oireachtais, é, nó

(c) arb é Captaen an Gharda, Tithe an Oireachtais, é;’.

Leasú ar alt 2 den Acht Rialaithe.

18. —(1) Leasaítear leis seo mar a leanas fo-alt (1) d'alt 2 den Acht Rialaithe—

(I) Cuirfear isteach an dá mhír nua seo a leanas—

“(aa) maidir le státseirbhíseach arb é Cléireach nó Leas-Chléireach Dháil Éireann é, nó an Maoirseoir, Tithe an Oireachtais, nó Captaen an Gharda, Tithe an Oireachtais, nó ar comhalta de chomhfhoireann Thithe an Oireachtais é, Cathaoirleach Dháil Éireann,

(ab) maidir le státseirbhíseach arb é Cléireach nó Leas-Chléireach Sheanad Éireann é, Cathaoirleach Sheanad Éireann,”;

(II) i mír (b), athghairfear na focail “duine d'fhoireann Thithe an Oireachtais nó”.

(2) Athghairtear leis seo míreanna (a) agus (b) (mar a achtaíodh iad i gcéaduair) d'fho-alt (2) d'alt 2 den Acht Rialaithe.

Alt 3 (4) den Acht Rialaithe a athghairm.

19. —Athghairtear leis seo fo-alt (4) d'alt 3 den Acht Rialaithe.

Alt 5 den Acht Rialaithe a leasú maidir le comhaltaí d'fhoireann Thithe an Oireachtais.

20. —D'ainneoin aon ní in alt 5 den Acht Rialaithe, mar a thugtar feidhm dó agus mar a leasaítear é leis an Acht seo—

(a) ní dhéanfaidh an Rialtas státseirbhíseach bunaithe arb é Cléireach nó Leas-Chléireach Dháil Éireann é a chur as oifig ach amháin ar mholadh ó Chathaoirleach Dháil Éireann,

(b) ní dhéanfaidh an Rialtas státseirbhíseach bunaithe arb é Cléireach nó Leas-Chléireach Sheanad Éireann é a chur as oifig ach amháin ar mholadh ó Chathaoirleach Sheanad Éireann,

(c) ní dhéanfaidh an Rialtas státseirbhíseach bunaithe arb é an Maoirseoir, Tithe an Oireachtais, é nó Captaen an Gharda, Tithe an Oireachtais, a chur as oifig ach amháin tar éis dul i gcomhairle le Cathaoirleach Dháil Éireann agus le Cathaoirleach Sheanad Éireann.

(d) ní dhéanfaidh an Rialtas státseirbhíseach bunaithe is comhalta de chomhfhoireann Thithe an Oireachtais a chur as oifig ach amháin ar mholadh ó Chathaoirleach Dháil Éireann, arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle le Cathaoirleach Sheanad Éireann.

Comhalta de chomhfhoireann Thithe an Oireachtais a fhionraí ag Cathaoirleach Sheanad Éireann.

21. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an t-údarás iomchuí” Cathaoirleach Dháil Éireann;

ciallaíonn “an Cathaoirleach” Cathaoirleach Sheanad Éireann;

ciallaíonn “státseirbhíseach lena mbaineann an t-alt seo” comhalta de chomhfhoireann Thithe an Oireachtais;

ciallaíonn an briathar “fionraí”, maidir le státseirbhíseach lena mbaineann an t-alt seo, fionraí ó dhualgas faoi fho-alt (2) den alt seo, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin.

(2) Féadfaidh an Cathaoirleach státseirbhíseach lena mbaineann an t-alt seo a fhionraí ó dhualgas, má bhíonn sé, le linn dó a bheith i mbun dualgas a bhainfidh go díreach le gnó Sheanad Éireann, ciontach i mí-iompar mór a thuilleann beart araíonacht

(3) Féadfaidh an Cathaoirleach deireadh a chur le fionraí státseirbhísigh lena mbaineann an t-alt seo agus a fionraíodh faoi fho-alt (2) den alt seo.

(4) Má chuireann an Cathaoirleach, faoi fho-alt (3) den alt seo, deireadh le fionraí státseirbhísigh lena mbaineann an t-alt seo agus go ligfidh ar ais ar dualgas é—

(a) ordóidh an t-údarás iomchuí, más deimhin leis gur ceart é ó thaobh cothromais, gnáth-luach saothair a íoc, go hiomlán nó go páirteach, de réir mar a ordóidh an t-údarás iomchuí, leis an státseirbhíseach sin in aghaidh na tréimhse a bhí sé ar fionraí,

(b) sula gcinnfidh an t-údarás iomchuí gan ordú a thabhairt faoi mhír (a) den fho-alt seo nó ordú a thabhairt faoin mír sin gan a íoc ach cuid den ghnáth-luach saothair, tabharfar caoi don státseirbhíseach aon uiríolla is mian leis a chur faoi bhráid an údaráis iomchuí.

(5) Más trína chur as oifig a chuirfear deireadh le fionraí státseirbhísigh lena mbaineann an t-alt seo, ordóidh an t-údarás iomchuí, más ceart é ó thaobh cothromais, gnáth-luach saothair a íoc go hiomlán nó go páirteach, de réir mar a ordóidh an t-údarás iomchuí, leis an státseirbhíseach in aghaidh na tréimhse a bhí sé ar fionraí.

(6) (a) Ach amháin de réir fho-alt (4) nó (5) den alt seo, ní íocfar luach saothair in aghaidh na tréimhse a bhí sé ar fionraí le státseirbhíseach lena mbaineann an t-alt seo agus a fionraíodh.

(b) Má dhéantar státseirbhíseach lena mbaineann an t-alt seo a fhionraí agus go gcuirfidh sé ina luí ar an údarás iomchuí gur cruatan míchuí air fadáil an fhiosraithe ar a chás, ní choiscfidh aon ní i mír (a) den fho-alt seo ar an údarás iomchuí údarás a thabhairt, d'fhonn cruatan a mhaolú, chun go n-íocfar cibé cuid is oiriúnach leis an údarás iomchuí den luach saothair a bheadh iníoctha leis an státseirbhíseach sin mura mbeadh é a fhionraí.

(7) Ní dhéanfar na forálacha roimhe seo den alt seo a fhorléiriú mar fhorálacha a dhéanann difir d'oibriú ailt 13 agus 14 den Acht Rialaithe.

Alt 15 den Acht Rialaithe a leasú maidir le comhaltaí d'fhoireann Thithe an Oireachtais.

22. —D'ainneoin aon ní i mír (a) d'fho-alt (3) d'alt 15 den Acht Rialaithe, ní thabharfaidh an tAire ordú faoin mír sin maidir le comhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais ach amháin tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás iomchuí de réir bhrí an Achta Rialaithe, arna leasú leis an Acht seo.

Na huaire a bheidh comhaltaí d'fhoireann Thithe an Oireachtais as láthair ar dualgas.

23. —(1) Ní bhainfidh alt 17 den Acht Rialaithe le socrú na n-uaire a bheidh comhaltaí d'fhoireann Thithe an Oireachtais i láthair ar dualgas.

(2) Is iad na huaire a bheidh gach comhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais i láthair ar dualgas—

(a) i gcás Cléireach agus Leas-Chléireach Dháil Éireann, na huaire a shocróidh Cathaoirleach Dháil Éireann ó am go ham,

(b) i gcás Chléireach agus Leas-Chléireach Sheanad Éireann, na huaire a shocróidh Cathaoirleach Sheanad Éireann ó am go ham,

(c) i gcás an Mhaoirseora, Tithe an Oireachtais, agus Chaptaen an Gharda, Tithe an Oireachtais, agus comhalta de chomhfhoireann Thithe an Oireachtais, na huaire a shocróidh Cathaoirleach Dháil Éireann ó am go ham, tar éis dó dul i gcomhairle le Cathaoirleach Sheanad Éireann.

Deireadh leis an gcumhacht a thugtar le halt 19 den Acht Rialaithe chun comhaltaí d'fhoireann Thithe an Oireachtais a cheapadh.

24. —An chumhacht a thugtar le halt 19 den Acht Rialaithe chun duine a cheapadh ina chomhalta d'fhoireann Thithe an Oireachtais ní bheidh sí infheidhmithe tar éis an tAcht seo a rith.

Alt 20 (2) (c) den Acht Rialaithe a athghairm.

25. —Athghairtear leis seo mír (c) d'fho-alt (2) d'alt 20 den Acht Rialaithe.

Alt 4 den Acht Rialaithe leasaitheach a athghairm.

26. —Athghairtear leis seo alt 4 den Acht Rialaithe leasaitheach.