An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil III. Paitinní.) Ar Aghaidh (Caibidil V. Ilghnéitheach agus Ginearálta.)

18 1959

AN tACHT AIRGEADAIS, 1959

Caibidil IV.

Liúntais i leith Caiteachais ar Dhreidireacht.

Liúntais i leith caiteachais ar dhreidireacht.

57. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, i gcás ina mbeidh duine, chun críocha aon trádála cáilithí a bhí á seoladh aige, tar éis dul, an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1956, nó dá éis, faoi chaiteachas caipitiúil i leith dreidireachta agus gurb éard í an trádáil cothabháil nó feabhsú slí loingseoireachta cuain, inbhir nó uiscebhealaigh nó gur dreidireacht í chun sochair árthach a thagann isteach in aon duga nó áitreabh eile, nó a fhágann nó a úsáideann aon duga nó áitreabh eile, atá á áitiú aige chun críocha na trádála, ansin tabharfar i leith an chaiteachais don duine a bheidh ag seoladh na trádála de thuras na huaire—

(a) in aghaidh na céad bhliana measúnachta iomchuí, liúntas tosaigh is comhionann le deichiú cuid an chaiteachais, agus

(b) in aghaidh na bliana measúnachta sin agus gach bliana measúnachta dá éis sin (go dtí gur comhionann na liúntais faoin alt seo i leith an chaiteachais le méid an chaiteachais), liúntas bliantúil is comhionann le caogadú cuid an chaiteachais.

(2) Má bhuan-scoirtear den trádáil aon bhliain mheasúnachta áirithe, ansin, tabharfar in aghaidh na bliana sin don duine deiridh a sheol an trádáil, i dteannta aon liúntais eile a thabharfar dó, liúntas is comhionann le méid an chaiteachais lúide na liúntais a thabharfar i leith na trádála sin faoi fho-alt (1) den alt seo in aghaidh na bliana measúnachta áirithe sin agus blianta measúnachta roimhe sin.

(3) Chun críocha an ailt seo, ní mheasfar de bhua Rialach 11 de na Rialacha a bhaineann le Cásanna I agus II de Sceideal D trádáil a bheith arna scor ar mhalairt daoine do ghabháil dá seoladh.

(4) Tabharfar aon liúntas faoin alt seo nuair a bheifear ag muirearú brabús nó gnóchain na trádála, agus má mhuirearaítear daoine éagsúla i leith na trádála in aghaidh codanna éagsúla d'aon bhliain mheasúnachta áirithe, déanfar aon liúntas bliantúil in aghaidh na bliana sin a chionroinnt eatarthu i gcomhréir le fad na dtréimhsí a muirearófar amhlaidh iad ina n-aghaidh, ach, más í an chéad bhliain mheasúnachta iomchuí í, is don chéad duine a raibh an trádáil á seoladh aige an bhliain sin a thabharfar aon liúntas tosaigh.

(5) I gcás ina mbeifear tar éis dul faoi chaiteachas go páirteach chun críocha trádála cáilithí agus go páirteach chun críocha eile, ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo ach amháin leis an méid sin den chaiteachas sin ba chóir ar chóir-chionroinnt a áireamh mar chaiteachas faoina ndeachthas chun críocha na trádála sin.

(6) San alt seo ciallaíonn “trádáil cháilitheach” aon trádáil nó gnóthas a chomhlíonann, nó a gcomhlíonann cuid de, aon choinníoll acu seo a leanas:

(a) an coinníoll gurb éard í cothabháil nó feabhsú slí loingseoireachta cuain, inbhir nó uisce-bhealaigh,

(b) aon choinníoll atá leagtha amach sna forálacha a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 17 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956,

ach i gcás nach gcomhlíonann ach amháin cuid de thrádáil nó de ghnóthas na coinníollacha sin, beidh feidhm ag fo-alt (5) den alt seo amhail is dá mba thrádála ar leithligh an chuid a chomhlíonann agus an chuid nach gcomhlíonann.

(7) I gcás ina mbeidh duine tar éis dul faoi chaiteachas caipitiúil chun críocha trádála nó coda de thrádáil nach bhfuil á seoladh fós aige ach de rún í a sheoladh, nó má théann sé faoi chaiteachas caipitiúil i ndáil le duga nó áitreabh eile nach bhfuil ar áitiú fós aige chun críocha trádála cáilithí ach de rún an duga nó an t-áitreabh a áitiú amhlaidh, beidh feidhm ag na forálacha roimhe seo den alt seo amhail is dá mbeadh an trádáil nó cuid den trádáil á seoladh aige nó an duga nó an t-áitreabh ar áitiú aige chun críocha na trádála cáilithí, cibé acu é, an tráth a chuathas faoin gcaiteachas.

(8) Chun críocha an ailt seo, is í an chéad bhliain mheasúnachta iomchuí, maidir le caiteachas faoina mbeidh aon duine tar éis dul, an chéad bhliain ina bhonn-tréimhse a rachaidh sé faoin gcaiteachas ina haghaidh nó i gcás caiteachais a mbeidh liúntas le tabhairt ina leith de bhua fo-ailt (7) den alt seo, an chéad bhliain mheasúnachta ina bhonn-tréimhse a bheidh an trádáil nó cuid den trádáil á seoladh aige a ndeachthas faoin gcaiteachas ina leith agus a bheidh an duga nó an t-áitreabh eile ar i ndáil leis a chuathas faoi ar áitiú aige chun críocha na trádála sin nó na coda sin den trádáil.

(9) I gcás duine do ranníoc suime caipitiúla i leith caiteachais le dreidireacht faoina ndeachaigh duine eile, measfar, chun críocha an ailt seo, é do dhul faoi chaiteachas caipitiúil leis an dreidireacht sin is comhionann le méid an ranníoca agus measfar an caiteachas caipitiúil faoina ndeachaigh an duine eile leis an dreidireacht sin a bheith, chun na críocha sin, arna laghdú méid an ranníoca.

(10) San alt seo ní fholaíonn “dreidireacht” nithe a dhéanamh chun críocha seachas ar mhaithe le loingseoireacht ach (faoina réir sin) folaíonn sé aon ní is cuid de ghrinneall, nó a fheitheann as grinneall na farraige nó aon uisce intíre a thabhairt chun bealaigh cibé slí a thugtar chun bealaigh é agus cibé os cionn uisce ar fad nó go páirteach dó nó nach ea le linn an tabhartha chun bealaigh; agus bainfidh an t-alt seo le leathnú uiscebhealaigh intíre ar mhaithe le loingseoireacht mar bhaineann sé le dreidireacht.

(11) Ní thabharfar aon liúntas de bhua an ailt seo i leith aon chaiteachais má thugtar nó más intugtha liúntas in aghaidh na bliana measúnachta céanna nó aon bhliana measúnachta roimhe sin nó dá éis sin ina leith faoi Chuid IV den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956, nó faoi Chaibidil I den Chuid seo.

(12) D'ainneoin aon fhorála eile den alt seo, ní thabharfar aon liúntas faoin alt seo in aghaidh aon bhliana measúnachta a thosaigh roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo ach, nuair a bheifear ag cinneadh na liúntas a bheidh le tabhairt faoin alt seo in aon chás áirithe, measfar na liúntais sin go léir (seachas liúntais tosaigh) a bheith tugtha sa chás sin dob fhéidir a thabhairt dá mbeadh éifeacht i gcónaí ag an alt seo.