An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. Faoiseamh i leith Caiteachais Chaipitiúil Áirithe: Cáin Ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparáide.) Ar Aghaidh (Caibidil III. Paitinní.)

18 1959

AN tACHT AIRGEADAIS, 1959

Caibidil II.

Innealra agus Gléasra.

Léiriú (Caibidil II de Chuid V).

1956, Uimh. 22 .

1946, Uimh. 15 .

33. —Sa Chaibidil seo—

ciallaíonn “liúntas tosaigh” liúntas faoi Chuid V den Acht Airgeadais, 1956 ;

ciallaíonn “liúntas taighde eolaíochta”, maidir le haon chaiteachas méid iomlán aon liúntais a tugadh i leith an chaiteachais sin faoi fho-alt (3) d'alt 5 den Acht Airgeadais, 1946 , arna mhéadú méid aon liúntais a tugadh faoi mhír (b) d'fho-alt (4) den alt sin 5 nó, de réir mar bheidh, arna laghdú aon mhéid a áireofar mar fháltas trádála de bhun míre (c) den fho-alt sin (4);

ciallaíonn “liúntas caithimh agus cuimilte” asbhaint arna lamháil faoi Riail 6 de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D.

Liúntais chothromaíochta agus muirir chothromaíochta (innealra agus gléasra).

34. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, má tharlaíonn, an 15ú lá d'Aibreán, 1959, nó dá éis, aon teagmhas acu seo a leanas i gcás aon innealra nó gléasra ar tugadh liúntas tosaigh nó liúntas caithimh agus cuimilte ina leith in aghaidh aon bhliana measúnachta do dhuine agus é ag seoladh trádála:

(a) aon teagmhas a tharlóidh tar éis an trádáil a bhunú agus roimh bhuanscor di trína scoirfidh an t-innealra nó an gléasra de bheith ina mhaoin de chuid an duine a bheidh ag seoladh na trádála (cibé acu ar an innealra nó ar an ngléasra a dhíol é nó in aon chúinsí eile de shaghas ar bith),

(b) aon teagmhas a tharlóidh mar adúradh trina mbuanscoirfear den innealra nó den ghléasra (agus é i gcónaí ina mhaoin ag an duine a bheidh ag seoladh na trádála) de bheith á úsáid chun críocha trádála a bheidh á seoladh aige,

(c) buanscor den trádáil, gan an t-innealra nó an gléasra do scor roimhe sin de bheith ina mhaoin de chuid an duine a bheidh ag seoladh na trádála,

déanfar, sna cúinsí a luaitear san alt seo, liúntas nó muirear (dá ngairtear liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta sa Chaibidil seo) a thabhairt don duine sin, nó, de réir mar bheidh, a ghearradh ar an duine sin in aghaidh na bliana measúnachta (is bliain a thosóidh ar dháta thosach feidhme na Coda seo den Acht seo nó ar dháta dá éis sin) ina bhonn-tréimhse ar ina haghaidh a tharlóidh an teagmhas.

(2) I gcás nach mbeidh aon airgead díola, árachais, tarrthála nó cúitimh ann nó i gcás inar mó ná an t-airgead sin an méid caipitil a bheidh caite ag an duine sin ag soláthar innealra nó gléasra agus a mbeidh liúntas gan tabhairt fós ina leith amhail tráth an teagmhais, tabharfar liúntas cothromaíochta, agus is é a mhéid méid an chaiteachais a mbeidh liúntas gan tabhairt fós ina leith mar adúradh, nó, de réir mar bheidh, méid is comhionann le breis an chaiteachais sin ar an airgead sin.

(3) Más mó an t-airgead díola, árachais, tarrthála nó cúitimh ná an méid, más aon mhéid é, den chaiteachas sin a mbeidh liúntas gan tabhairt fós ina leith amhail tráth an teagmhais, gearrfar muirear cothromaíochta, agus is é méid ar a ngearrfar é méid is comhionann leis an mbreis a bheidh ag an méid sin ar an gcaiteachas nó, i gcás inar ionann agus nialas an méid a mbeidh liúntas gan tabhairt fós ina leith, is comhionann leis an airgead sin.

(4) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (3) den alt seo, ní bheidh an méid ar a ngearrfar muirear cothromaíochta ar dhuine níos mó, i gcás ar bith, ná comhiomlán na méideanna seo a leanas:

(a) méid an liúntais thosaigh a thabharfar dó, má thugtar, i leith an chaiteachais a bheidh i gceist,

(b) méid aon liúntais chaithimh agus chuimilte a thabharfar dó i leith an innealra nó an ghléasra a bheidh i gceist,

(c) méid aon liúntais thaighde eolaíochta a thabharfar dó i leith an chaiteachais, agus

(d) méid aon liúntais chothromaíochta a tugadh dó roimhe sin i leith an chaiteachais.

(5) Más rud é, maidir le haon innealra nó gléasra, go dtarlóidh teagmhas lena mbainfidh mír ar bith de mhíreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (1) den alt seo agus go dtarlóidh teagmhas eile dá éis lena mbainfidh aon mhír de na míreanna sin, ní áireofar an teagmhas is déanaí acu mar theagmhas is cúis le liúntas cothromaíochta nó le muirear cothromaíochta i leith an innealra nó an ghléasra sin.

Rogha i gcás ina gcuirfear innealra nó gléasra in ionad innealra nó gléasra.

35. —(1) Má dhéanann úinéir innealra nó gléasra a mbeidh aon teagmhas dá luaitear i bhfo-alt (1) d'alt 34 den Acht seo tar éis tarlú ina chás innealra nó gléasra a chur in ionad an chéanna agus go mbeidh muirear cothromaíochta le gearradh air mar gheall ar an teagmhas sin nó go mbeadh, mura mbeadh forálacha an fho-ailt seo, muirear cothromaíochta le gearradh air mar gheall air, ansin, má roghnaíonn sé amhlaidh trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire cánach, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(2) má bhíonn an méid ar a ngearrfaí an muirear níos mó ná an caiteachas caipitiúil faoina ndeachthas ag soláthar an innealra nó an léasra nua—

(i) ní ghearrfar an muirear ach amháin ar mhéid is comhionann leis an difríocht,

(ii) ní thabharfar aon liúntas tosaigh, aon liúntas cothromaíochta ná aon liúntas caithimh agus cuimilte i leith an innealra nó an ghléasra nua ná i leith an chaiteachais faoina ndeachthas á sholáthar, agus

(iii) le linn a bheith á bhreithniú an bhfuil aon mhuirear cothromaíochta, agus má tá cad é an muirear cothromaíochta atá, le gearradh i leith an chaiteachais leis an innealra nó an gléasra nua, measfar liúntais tosaigh is comhionann le hiomlán an chaiteachais sin a bheith tugtha i leith an chaiteachais sin;

(b) más comhionann an caiteachas caipitiúil faoina ndeachthas ag soláthar an innealra nó an ghléasra nua agus an méid ar a ngearrfaí an muirear, nó más mó é ná an méid sin—

(i) ní ghearrfar an muirear,

(ii) déanfar méid aon liúntais thosaigh i leith an chaiteachais sin agus méid aon liúntais chaithimh agus chuimilte a ríomh amhail is dá ndéanfaí an caiteachas a laghdú an méid ar a mbeifí tar éis an muirear a ghearradh, agus

(iii) le linn a bheith á bhreithniú an bhfuil aon liúntas cothromaíochta le tabhairt nó aon mhuirear cothromaíochta le gearradh i leith an innealra nó an ghléasra nua, agus má tá cad é an liúntas cothromaíochta nó an muirear cothromaíochta é, measfar gur tugadh ina leith liúntas tosaigh is comhionann leis an méid ar a ngearrfaí an muirear, i dteannta aon liúntais thosaigh a tugadh iarbhír ina leith.

(2) I ndáil le brabúis nó gnóchan trádála a mheas, ní bheidh éifeacht ag Riail 7 de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D,

(a) i gcás gléasra nó innealra a sholáthrófar an 15ú lá d'Aibreán, 1959, nó dá éis sin, ná

(b) i gcás innealra nó gléasra a chur, an 15ú lá d'Aibreán, 1959, nó dá éis sin, in ionad innealra nó gléasra a soláthraíodh roimh an dáta sin, ach amháin i gcás ina ndéanfaidh an duine a bheidh ag seoladh na trádála a roghnú, trí fhógra i scríbhinn chun an chigire chánach, go mbeidh éifeacht aici i ndáil leis an gcéanna,

agus i gcás aon roghnú a dhéanamh den sórt a luaitear i mír (b) den fho-alt seo, ní thabharfar aon liúntas cothromaíochta i leith an innealra nó an ghléasra a gcuirfear innealra nó gléasra ina ionad.

(3) Más rud é go mbeidh, de dhroim roghnú faoi fho-alt (2) den alt seo, éifeacht ag Riail 7 de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D, i gcás innealra nó gléasra a chur in ionad aon innealra nó gléasra, beidh feidhm ag forálacha alt 41 agus 42 den Acht seo chun an méid a chinneadh a lamháilfear a asbhaint mar chaiteachas agus brabúis nó gnóchan na trádála á meas mar atá feidhm acu chun méid liúntais chothromaíochta a chinneadh.

Forléiriú tagairtí do mhéid nach bhfuil liúntas tugtha ina leith.

36. —Na tagairtí sa Chaibidil seo don méid d'aon chaiteachas faoina ndeachthas ag soláthar innealra nó gléasra agus a mbeidh liúntas gan tabhairt ina leith fós amhail aon tráth áirithe, forléireofar iad mar thagairtí do mhéid an chaiteachais sin lúide—

(a) aon liúntas tosaigh a tugadh nó a mheastar faoin gCaibidil seo a bheith tugtha ina leith don duine a chuaigh faoi,

(b) aon liúntais chaithimh agus chuimilte a tugadh nó a mheastar faoin gCaibidil seo a bheith tugtha dó i leith an innealra nó an ghléasra ar i ndáil lena sholáthar a chuathas faoin gcaiteachas, agus ar liúntais iad in aghaidh aon bhliana measúnachta sa bhonn-tréimhse ar ina leith a tharlaíonn an tráth iomchuí nó in aghaidh aon bhliana measúnachta roimhe sin,

(c) aon liúntas taighde eolaíochta a tugadh dó i leith an chaiteachais, agus

(d) aon liúntas cothromaíochta a tugadh dó i leith an chaiteachais.

Feidhm maidir le comhpháirtíochtaí

37. —(1) I gcás aon teagmhas is cúis nó d'fhéadfadh a bheith ina chúis le liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta i leith innealra nó gléasra do tharlú tar éis trádáil a bhunú agus an tráth nó roimh an tráth a bhuanscoirfear di ar trádáil í a bheidh tráth ar bith á seoladh i gcomhpháirtíocht, déanfar aon liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta a bheadh, dá mb'é an duine céanna a bhí ag seoladh na trádála i gcónaí, le tabhairt dó nó le gearradh air i leith an innealra nó an ghléasra sin mar gheall ar an teagmhas sin a thabhairt don duine nó do na daoine, nó a ghearradh ar an duine nó ar na daoine, a bheidh ag seoladh na trádála an bhliain mheasúnachta sa bhonn-tréimhse ar ina leith a tharlóidh an teagmhas sin, agus déanfar méid aon liúntais nó muirir den sórt sin a ríomh amhail is dá mb'é an duine nó dá mb'iad na daoine sin a bhí ag seoladh na trádála i gcónaí agus gurb eisean nó iadsan a rinne nó gur leis-sean nó leosan a rinneadh gach ní a rinneadh ag nó lena réamhtheachtaithe ag seoladh na trádála sin:

Ar choinníoll, nuair a bheifear ag feidhmiú forálacha fo-ailt (4) d'alt 34 den Acht seo maidir le haon liúntas cothromaíochta den sórt sin, nach measfar, i gcás na n-asbhaintí agus na liúntas a lamháladh nó a tugadh i leith an innealra nó an ghléasra in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1959, in aghaidh aon bhliana measúnachta níos luaithe ná sin, go bhfolaíonn siad sin asbhaintí nó liúntais a tugadh do dhaoine, nó is inchurtha i leith scaireanna daoine, nach raibh, ina n-aonar nó i gcomhpháirtíocht le daoine eile, ag seoladh na trádála i dtús na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1959.

(2) Nuair a bheifear ag muirearú brabús nó gnóchain thrádala a bhí á seoladh i gcomhpháirtíocht, lamhálfar, tabharfar agus gearrfar na liúntais, na hasbhaintí agus na muirir chéanna i leith innealra nó gléasra a úsáideadh chun críocha na trádála sin agus ba le comhpháirtí amháin nó níos mó de na comh pháirtithe ach nár mhaoin chomhpháirtíochta agus a bheadh le lamháil, le tabhairt nó le gearradh dá mba leis na comhpháirtithe uile gach tráth ábhartha an t-innealra nó an gléasra agus gur mhaoin chomhpháirtíochta an céanna agus go ndearnadh ag nó leis na páirtithe uile gach ní a rinneadh ag nó le aon pháirtí áirithe acu i ndáil leis an gcéanna.

(3) D'ainneoin aon ní in alt 34 den Acht seo, ní dhéanfar díol nó bronnadh innealra nó gléasra a úsáideadh chun críocha trádála a bhí á seoladh i gcomhpháirtíocht, ar díol nó bronnadh é ag ceann amháin nó níos mó de na comhpháirtithe le ceann amháin nó níos mó, nó ar cheann amháin níos mó, de na comhpháirtithe, a áireamh mar theagmhas is cúis le liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta má leantar den innealra nó an gléasra a úsáid tar éis an díola nó an bhronnta chun críocha na trádála sin.

(4) Na tagairtí i bhfo-ailt (2) agus (3) den alt seo d'úsáid chun críocha trádála ní fholaíonn siad tagairtí d'úsáid de bhun ligin ag an gcomhpháirtí nó na comhpháirtithe áirithe chun na comhpháirtíochta ná d'úsáid i gcomaoin aon íocaíocht a thabhairt don chomhpháirtí nó do na comhpháirtithe áirithe is féidir a asbhaint agus brabúis nó gnóchan na trádála á ríomh.

Innealra nó gléasra a úsáideadh go páirteach chun críocha nach críocha trádála.

38. —I gcás teagmhas do tharlú is cúis nó d'fhéadfadh a bheith ina chúis le liúntas cothromaíochta a bheith le tabhairt d'aon duine, nó muirear cothromaíochta a bheith le gearradh ar aon duine, agus gur innealra nó gléasra an t-innealra nó an gléasra iomchuí innealra nó gléasra d'úsáid an duine sin chun críocha trádála a bhí á seoladh aige agus a úsáideadh chun críocha eile freisin, ansin, nuair a bheifear ag cinneadh méid an liúntais nó, de réir mar bheidh, na méide ar a mbeidh an muirear le gearradh, tabharfar aird ar na himthosca iomchuí uile agus, go háirithe, ar mhéid na húsáide chun na gcríocha eile sin, agus tabharfar dó liúntas a mbeidh ann cibé méid, nó, de réir mar bheidh, gearrfar air muirear a mbeidh ann cibé méid, a bheidh cóir, réasúnach.

Liúntais chothromaíochta agus muirir chothromaíochta a ríomh i gcásanna áirithe.

1958, Uimh. 25 .

39. —I gcás teagmhas do tharlú is cúis nó d'fhéadfadh a bheith ina chúis le liúntas cothromaíochta a thabhairt nó muirear cothromaíochta a ghearradh i leith innealra nó gléasra, gurb éard é an teagmhas buanscor den trádáil, agus, tráth nó um thráth an scoir, go dtarlóidh, maidir leis an innealra nó an gléasra, aon teagmhas den sórt a luaitear i míreanna (a) go (c) den mhíniú ar “airgead díola, árachais, tarrthála nó cúitimh” atá in alt 67 den Acht seo, nach é bheidh sa teagmhas díol ar phraghas níos lú ná an praghas margaidh oscailte seachas díol lena mbaineann alt 62 den Acht seo, ansin, d'fhonn a chinneadh—

(a) an dtagann liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta den scor, agus, má thagann,

(b) méid an liúntais nó, de réir mar bheidh, an méid ar a bhfuil an muirear le gearradh,

measfar gurb é méid an ghlan-sochair, an airgid chúitimh, an fháltais nó an airgid árachais a luaitear sna míreanna sin (a) go (c) a thiocfaidh den teagmhas deiridh a luaitear méid an airgid díola, árachais, tarrthála nó chúitimh a thiocfaidh ar bhuanscor den trádáil.

(2) (i) Faoi réir fo-alt (3) agus (5) den alt seo, beidh éifeacht ag mír (ii) den fho-alt seo má tharlaíonn teagmhas is cúis nó d'fhéadfadh a bheith ina chúis le liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta i leith innealra nó gléasra, agus—

(a) gurb éard é an teagmhas buanscor den trádáil agus láithreach i ndiaidh trátha an scoir go leanfaidh an t-innealra nó an gléasra de bheith ina mhaoin de chuid an duine a bhí ag seoladh na trádála díreach roimh an tráth sin agus gur cás é nach mbaineann fo-alt (1) den alt seo leis, nó

(b) gurb é an teagmhas buanscor den trádáil agus go ndéanfar, tráth an scoir, an t-innealra nó an gléasra a dhíol ar phraghas níos lú ná an praghas margaidh oscailte, agus nach díol é lena mbaineann alt 62 den Acht seo, nó go dtabharfar an t-innealra nó an gléasra in aisce, nó

(c) gurb éard é an teagmhas díol an innealra nó an ghléasra ar phraghas níos lú ná an praghas margaidh oscailte, nach díol lena mbaineann an t-alt sin 62, nó gurb éard é bronnadh an innealra nó an ghléasra, nó

(d) gurb éard é an teagmhas go dtarlóidh, tar éis an trádáil a bhunú agus sula mbuanscoirfear di, go scoirfidh an t-innealra nó an gléasra go buan de bheith á úsáid chun críocha trádála a bheidh á seoladh ag an duine a bheidh ag seoladh na trádála a céadluaitear, agus go scoirfidh sé amhlaidh de dhroim an duine sin d'aistriú an innealra nó an ghléasra chun úsáide eile nó, ar aistriú a dhéanamh ar an trádáil nach n-áirítear mar ní is ionann agus a buanscor, de dhroim an aistreora do choimeád an innealra nó an ghléasra.

(ii) Chun a chinneadh an bhfuil liúntas cothromaíochta le tabhairt nó muirear cothromaíochta le gearradh agus, má tá, cad é méid an liúntais nó, de réir mar bheidh, an méid ar a mbeidh an muirear le gearradh, áireofar an teagmhas amhail is dá mba chúis é le hairgead díola, árachais, tarrthála nó cúitimh de mhéid is comhionann le praghas margaidh oscailte an innealra nó an ghléasra.

(3) Ní fholaíonn tagairtí i bhfo-alt (2) den alt seo do dhíol innealra nó gléasra ar phraghas níos lú ná an praghas margaidh oscailte tagairtí do dhíol i gcúinsí de shórt go ndéanfar cáin ioncaim a mhuirearú faoi Sceideal E de bhua forálacha Coda IV den Acht Airgeadais, 1958 , agus ní bheidh feidhm ag mír (ii) den fho-alt sin de dhroim an t-innealra nó an gléasra a bhronnadh má tugadh an t-innealra nó an gléasra in aisce i gcúinsí den sórt adúradh.

(4) Faoi réir forálacha fo-ailt (5) den alt seo, i gcás ina mbeidh éifeacht ag mír (ii) d'fho-alt (2) den alt seo de dhroim an t-innealra nó an gléasra a bhronnadh ar dhuine ar bith nó a dhíol le duine ar bith agus go nglacfaidh nó go gceannóidh an duine sin é d'fhonn é a úsáid chun críocha trádála a bheidh á seoladh aige, ansin, nuair a bheifear á chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil aon liúntais chaithimh agus chuimilte nó aon liúntais chothromaíochta le tabhairt nó aon mhuirir chothromaíochta le gearradh i ndáil leis an trádáil sin, agus, má tá, cad iad na liúntais nó na muirir iad, is é an toradh céanna a bheidh dá dhroim sin a bheadh air agus dá mb'ar an bpraghas margaidh oscailte a bhí an fáltaí nó an ceannaitheoir tar éis an t-innealra nó an gléasra a cheannach.

(5) Más rud é, i gcás lena mbainfidh fo-alt (4) den alt seo, go ndéanfaidh an fáltaí nó an ceannaitheoir agus an deontóir nó an díoltóir, trí fhógra i scríbhinn chun an chigire chánach, a roghnú amhlaidh i gcomhar le chéile, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(a) beidh éifeacht ag mír (ii) d'fho-alt (2) agus ag fo-alt (4) den alt seo amhail is dá gcuirtí in ionad na dtagairtí don phraghas margaidh oscailte tagairtí don phraghas sin nó do mhéid an chaiteachais faoina ndeachthas ag soláthar an innealra nó an ghléasra a mbeidh liúntas gan tabhairt fós ina leith díreach roimh an mbronnadh nó an díol, cibé acu is lú;

(b) d'ainneoin aon ní sa Chaibidil seo, gearrfar cibé muirear cothromaíochta, má ghearrtar, ar an bhfáltaí nó ar an gceannaitheoir ar aon teagmhas do tharlú tar éis dáta an bhronnta nó an díola a bheadh le garradh ar an deontóir nó ar an díoltóir dá leanadh an deontóir nó díoltóir de bheith ina úinéir ar an innealra nó an gléasra agus dá ndéanadh sé gach ní agus go lamhálfaí dó gach liúntas i ndáil leis an gcéanna a rinne an fáltaí nó an ceannaitheoir nó a lamháladh don fháltaí nó don cheannaitheoir.

(6) San alt seo ciallaíonn “praghas margaidh oscailte”, maidir le haon innealra nó gléasra, an praghas a rachadh an t-innealra nó an gléasra dá ndíoltaí ar an margadh oscailte é tráth an teagmhais áirithe sin.

Rogha i gcás comharbais faoi uacht nó díthiomnacht.

40. —I gcás duine do theacht i gcomharbas trádála mar thairbhí faoi uacht nó ar dhíthiomnacht dhuine mhairbh a bhí ag seoladh na trádála sin, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas, má roghnaíonn an tairbhí amhlaidh trí fhógra i scríbhinn chun an chigire chánach, maidir le haon innealra nó gléasra a bhí ar úinéireacht roimhe sin ag an duine marbh agus a bhí á úsáid aige chun críocha an chéanna:

(a) maidir leis an tagairt in alt 63 den Acht seo don phraghas a rachadh an t-innealra nó an gléasra dá ndíoltaí é ar an margadh oscailte measfar, maidir leis an gcomharbas agus aon chomharbas roimhe sin a tharla ar bhás an duine mhairbh nó dá éis, gur tagairt í don phraghas sin nó don méid caiteachais faoina ndeachthas ag soláthar an innealra nó an ghléasra agus nach raibh liúntas tugtha fós ina leith díreach roimh an gcomharbas a bheidh i gceist, cibé acu is lú; agus

(b) d'ainneoin aon ní san alt sin, gearrfar cibé muirear cothromaíochta, má ghearrtar, ar an tairbhí ar aon teagmhas a tharlóidh tar éis a chomharbais, a bheadh le gearradh ar an duine marbh dá mba rud é nach bhfuair sé bás agus gur lean an t-innealra nó an gléasra de bheith ar úinéireacht aige agus go raibh sé tar éis gach rud acu sin a dhéanamh agus gach liúntas acu sin a fháil i ndáil leis an gcéanna a rinne an tairbhí nó an comharba nó a lamháladh don tairbhí nó don chomharba ar aon chomharbas roimhe sin den sórt a luaitear i mír (a) den alt seo.

Measfar gur tugadh liúntas caithimh agus cuimilte i gcásanna áirithe.

1958, Uimh. 28 .

1956, Uimh. 8 .

1956, Uimh. 47 .

41. —(1) Nuair a bheifear ag cinneadh, le linn brabúis nó gnóchan trádála a bheith á muirearú, an bhfuil aon liúntas cothromaíochta le tabhairt do dhuine ar bith nó aon mhuirear cothromaíochta le gearradh ar dhuine ar bith in aghaidh aon bhliana measúnachta agus, má tá, méid an chéanna, measfar gur tugadh don duine sin, in aghaidh gach bliana measúnachta roimhe sin ar mhaoin dá chuid an t-innealra nó an gléasra agus is bliain mheasúnachta a bheidh le cur i gcuntas chun críocha an ailt seo, cibé liúntas caithimh agus cuimilte nó cibé liúntas caithimh agus cuimilte méadaithe, má tugadh, i leith an innealra nó an ghléasra a bheadh le tabhairt dó dá mbeadh na coinniollacha go léir a shonraítear i bhfo-alt (3) den alt seo comhlíonta maidir le gach bliain roimhe sin acu sin.

(2) Cuirfear i gcuntas chun críocha an ailt seo gach bliain mheasúnachta roimhe sin ar bhliain í ar mhaoin de chuid an duine an t-innealra nó an gléasra agus—

(a) nár úsáid an duine an t-innealra nó an gléasra chun críocha na trádála,

(b) nach raibh an trádáil á seoladh aige,

(c) a raibh an trádáil á seoladh aige i gcúinsi a bheir, ar shlí seachas de bhua Coda II den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1958 , nach raibh iomlán brabús nó gnóchain na trádála inmhuirir i leith cánach ioncaim,

(d) nach raibh an cháin ioncaim go léir, nó cuid den cháin ioncaim, dob inmhuirir i leith brabús na trádála iníoctha de bhua an Achta Airgeadais (Brabúis Mhianach Airithe)(Faoiseamh Sealadach ó Chánachas), 1956, nó

(e) a ndearnadh an cháin ioncaim dob iníoctha ina haghaidh i leith brabús na trádála a laghdú de bhua Coda II nó III den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956.

(3) Is iad na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo:

(a) an trádáil a bheith á seoladh ag an duine iomchuí riamh ón dáta a fuair sé an t-innealra nó an gléasra agus í a bheith á seoladh amhlaidh aige i gcúinsí a bheir gurbh inmhuirir cáin ioncaim ar iomlán brabús nó gnóchain na trádála sin,

(b) nach é a bhí, go hiomlán ná go páirteach, sa trádáil tráth ar bith oibríochtaí trádála díolmhaithe de réir bhrí an Achta Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1958 ,

(c) gur amháin chun críocha na trádála a bhí an t-innealra nó an gléasra á úsáid aige riamh ón dáta sin, agus

(d) go ndearna sé go cuí ceart-éileamh ar liúntas caithimh agus cuimilte i leith an innealra nó an ghléasra in aghaidh gach bliana measúnachta iomchuí.

(4) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difir d'fhorálacha fo-ailt (4) d'alt 34 den Acht seo.

Cúnamh airgid i leith caithimh agus cuimilte.

42. —(1) I gcás—

(a) teagmhas do tharlú is cúis nó d'fhéadfadh a bheith ina chúis le liúntas cothromaíochta a thabhairt do dhuine ar bith nó muirear cothromaíochta a ghearradh ar dhuine ar bith i leith aon innealra nó gléasra a sholáthraigh nó d'úsáid sé chun críocha trádála; agus

(b) go ndearnadh aon suimeanna (dá ngairtear na suimeanna sin feasta san alt seo)—

(i) ar suimeanna iad in aghaidh nó i leith an chaithimh agus na cuimilte a bhain don innealra nó don ghléasra trina úsáid chun críocha na trádála, agus

(ii) nach bhfuil le cur i gcuntas mar ioncam dá chuid ná le linn a bheith ag ríomh brabús nó gnóchain aon trádála a bhí á seoladh aige,

a íoc, nó gur iníoctha iad nó go bhfuil siad le bheith iníoctha leis go díreach nó go neamhdhíreach,

ansin, nuair a bheifear ag cinneadh an bhfuil liúntas cothromaíochta le tabhairt don duine sin nó muirear cothromaíochta le gearradh air agus, má tá, méid an chéanna, measfar gur tugadh dó, in aghaidh na mblianta measúnachta a úsáideadh an t-innealra nó an gléasra chun críocha na trádála, liúntais chaithimh agus chuimilte i leith an chéanna ar chomhionann a n-iomlán le hiomlán na suimeanna sin, de bhreis agus de bharr ar na liúntais chaithimh agus chuimilte a tugadh dó i leith an innealra nó an ghléasra, má tugadh.

(2) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difir d'fhorálacha fo-ailt (4) d'alt 34 den Acht seo.

Iarratas chun léasóiri.

43. —(1) I gcás innealra nó gléasra a ligean ar théarmaí a thugann gur díreach ar an léasóir a thitfidh ualach a chaithimh agus a chuimilte, beidh feidhm ag na forálacha roimhe seo den Chaibidil seo maidir leis an léasóir amhail is dá mba rud é go raibh an t-innealra nó an gléasra á úsáid, i gcaitheamh téarma an ligin, chun críocha trádála a bhi á seoladh aige.

(2) Cuirfear an mhír seo a leanas in ionad míre (5) de Riail 6 de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D:—

“(5) Where machinery or plant is let upon such terms that the burden of the wear and tear thereof falls directly on the lessor, he shall be entitled, on making a claim to the inspector of taxes within twelve months after the end of the year of assessment, to an allowance on account of the wear and tear of the machinery or plant equal to the amount which might have been allowed if, during the period of the letting, the machinery or plant were in use for the purposes of a trade carried on by him.”,

agus déanfar tagairtí don mhír sin (5) in aon Acht a ritheadh roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo a fhorléiriú mar thagairtí don mhír atá á cur ina hionad leis an bhfo-alt seo.

An modh ar a dtabharfar liúntais agus ar a ngearrfar muirir (innealra agus gléasra).

44. —(1) Aon liúntas cothromaíochta a thabharfar do dhuine ar bith nó aon mhuirear cothromaíochta a ghearrfar ar dhuine ar bith faoi na forálacha roimhe seo den Chaibidil seo déanfar, mura faoi réim nó de bhua ailt 43 den Acht seo é, é a thabhairt don duine sin nó é ghearradh air agus brabúis nó gnóchan a thrádála á muirearú.

(2) Aon liúntas caithimh agus cuimilte nó aon liúntas cothromaíochta a thabharfar faoi réim nó de bhua ailt 43 den Acht seo is trí fhuascailt nó aisíoc cánach a thabharfar é agus beidh sé ar fáil go príomha in aghaidh ioncaim as ligean an innealra nó an ghléasra.

(3) Aon mhuirear cothromaíochta a ghearrfar faoi réim nó de bhua ailt 43 den Acht seo is faoi Chás VI de Sceideal D a ghearrfar é.

Feidhm maidir le gairmeacha, etc., agus eisceacht i gcás tailte.

45. —(1) Beidh feidhm ag na forálacha roimhe seo den Chaibidil seo, oiriúnaithe mar is gá, maidir le gairmeacha, fostaíocthaí agus oifigí, amhail mar tá feidhm acu maidir le trádála.

(2) D'ainneoin aon ní i Riail 5 nó Riail 7 de Sceideal B, ní bheidh feidhm ag aon fhoráil d'fhorálacha na Caibidle seo maidir le háitiú tailte (agus tailte coille a áireamh).