|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN CHEAD SCEIDEAL. Ceannach agus Díol Urrús: An Méid Iomchuí i Leith an Úis.) | Ar Aghaidh (AN TRIU SCEIDEAL. Dleachtanna ar Thobac.) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1959
[EN] | ||||||||
[EN] |
AN DARA SCEIDEAL. COMHAONTU IDIR RIALTAS NA hÉIREANN AGUS RIALTAS NA RIOCHTA AONTAITHE MAIDIR LE DIOLUINTI AIRITHE O CHAIN. | |||||||
Tá Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Ríochta Aontaithe, ag Breithniú dóibh an Comhaontú a rinneadh an 14 Aibreán, 1926, idir Rialtas Shaorstát Éireann agus Rialtas na Breataine, a dtugtar dá bhun díolúintí ó cháin do dhaoine nach gcónaíonn ach i dtír amháin de na tíortha ó cháin faoi dhlí na tíre eile, | ||||||||
Ag Breithniú dóibh go bhfuil amhras tagtha i dtaobh éifeachta forálacha fo-ailt (2) d'Alt a ceathair de Finance (No.2) Act, 1955, na Ríochta Aontaithe (dá ngairtear “Acht 1955” anseo feasta) agus fo-ailt (2) d'Alt caoga a haon d'Acht Airgeadais, 1958 , na hÉireann (dá ngairtear “Acht 1958” anseo feasta) (a bhaineann le ceannach scaireanna ag daoine atá díolmhaithe ó cháin), | ||||||||
Agus é de mhian acu an t-amhras sin a dhíchur faoi chomhair na bliana 1959-60 agus na mblianta dá éis sin, | ||||||||
Tar éis comhaontú mar leanas:— | ||||||||
Airteagal 1. | ||||||||
(1) Tá na díolúintí sin faoi réim agus faoi réir na bhforálacha sin d'Acht 1955 agus d'Acht 1958. | ||||||||
(2) Faoi réir mar adúradh leanann Comhaontú sin 1926 arna leasú leis na Comhaontuithe a rinneadh an 25 Aibreán, 1928, agus an 21 Iúil, 1947, i bhfeidhm. | ||||||||
(3) Ní bhaineann mír (1) den Airteagal seo le cásanna arb éard í an díbhinn a n-éilítear díolúine ina leith díbhinn ar shealbhán scaireanna nó stoic a fuair an duine a éilíonn an díolúine, nó a meastar a fuair sé, roimh an ochtú lá d'Aibreán, naoi gcéad déag caoga a naoi, ach amháin sa mhéid gur díbhinn í an díbhinn sin lena mbaineann fo-alt (2) den Alt sin a ceathair nó fo-alt (2) den Alt sin caoga a haon de dhroim (díreach nó neamhdhíreach) asbhaint a bheith le déanamh maidir le díbhinn eile, a fuair comhlacht corpraithe seachas an duine atá ag éileamh díolúine ó shealbhán scaireanna nó stoic a fuair, nó a meastar a fuair, an comhlacht corpraithe an t-ochtú lá sin d'Aibreán nó dá éis, le linn a bheith ag cinneadh ioncaim an chomhlachta chorpraithe sin d'fhaibhrigh tar éis dáta áirithe; ach is mír í seo gan dochar d'aon cheist maidir le feidhm na bhforálacha sin d'Acht 1955 agus d'Acht 1958 i gcúinsí nach bhfuil feidhm ag mír (1) den Airteagal seo. | ||||||||
Airteagal 2. | ||||||||
Tiocfaidh an Comhaontú seo in éifeacht ar nótaí a mhalartú á dhaingniú go bhfuil na bearta riachtanacha déanta chun feidhm dlí a thabhairt dó in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe, agus dá éis sin ní leanfaidh sé i bhfeidhm ach amháin an fhad a bheidh feidhm dlí aige sa dá thír. | ||||||||
Arna dhátú an ceathrú lá seo d'Aibreán, 1959. | ||||||||
|