|
||||
|
AN tACHT AIRGEADAIS, 1959
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil V. Ilghnéitheach agus Ginearálta. | |
[EN] |
Mar dheonfar liúntais agus mar mhuirearófar cáin i gcásanna áirithe. |
58. —(1) Déanfar aon éileamh ó dhuine ar liúntas a bheidh le tabhairt dó faoi aon cheann d'fhorálacha na Coda seo den Acht seo nuair a bheifear ag muirearú brabús nó gnóchain a thrádála a chur sa ráiteas bliantúil ar bhrabúis nó gnóchain a thrádála a cheanglaítear a sheachadadh faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim, agus tabharfar an liúntas ar mhodh asbhainte nuair a bheifear ag muirearú na mbrabús nó an ghnóchain sin, agus beidh feidhm ag mír (3) de Riail 6 de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D agus ag alt 4 den Acht Airgid, 1937 , maidir leis an liúntas mar atá feidhm acu maidir le hasbhaintí is inlamháilte i leith caitheamh agus cuimilt inneallra agus gléasra. |
[EN] | (2) Aon mhuirear a bheidh le gearradh faoi aon cheann d'fhorálacha na Coda seo den Acht seo ar dhuine in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe nuair a bheifear ag muirearú brabús nó gnóchain a thrádála déanfar é trí mheasúnacht i dteannta aon mheasúnachta eile a bheidh le déanamh ar an gcéanna don bhliain sin. | |
[EN] | (3) Beidh feidhm ag na forálacha roimhe seo den alt seo maidir le gairmeacha beatha, fostaíochtaí agus oifigí mar atá feidhm acu maidir le trádála. | |
[EN] |
Modh deonta, agus éifeacht, liúntas a thabharfar ar mhodh urscaoileadh nó aisíoc cánach. |
59. —(1) I gcás ina mbeidh aon liúntas le tabhairt, faoi aon cheann d'fhorálacha na Coda seo den Acht seo, do dhuine in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe agus a bheidh le tabhairt ar mhodh urscaoileadh nó aisíoc cánach agus a bheidh ar fáil, nó ar fáil go príomha, i gcoinne saghas sonraithe ioncaim, déanfar méid an liúntais a asbhaint as méid, nó a fhritháireamh i gcoinne méide, ioncaim dá chuid den saghas sin in aghaidh na bliana measúnachta sin, agus, más mó an méid a bheidh le lamháil ná méid a ioncaim den saghas sin in aghaidh na bliana measúnachta sin, déanfar an iarmhéid a asbhaint as méid, nó a fhritháireamh i gcoinne méide, a ioncaim den saghas sin in aghaidh na céad bhliana measúnachta eile agus mar sin maidir le blianta measúnachta dá éis sin, agus déanfar cáin a urscaoileadh nó a aisíoc dá réir sin: |
[EN] | Ar choinníoll, más go príomha i gcoinne ioncaim den saghas sonraithe a bheidh an liúntas ar fáil agus gur mó méid an liúntais ná méid ioncaim an duine sin den saghas sin in aghaidh na bliana measúnachta céadluaite, go bhféadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don chigire cánach bliain ar a dhéanaí tar éis deireadh na bliana measúnachta, a roghnú go ndéanfar an bhreis a asbhaint as méid, nó a fhritháireamh i gcoinne méide, a ioncaim eile in aghaidh na bliana measúnachta sin, agus déanfar é a asbhaint as méid, nó a fhritháireamh i gcoinne méide, an ioncaim sin agus cáin a urscaoileadh nó a aisíoc dá réir sin agus ní dhéanfar ach an bhreis a bheidh ag an liúntas, má bhíonn, ar a ioncam go léir in aghaidh na bliana measúnachta sin a asbhaint as méid, nó a fhritháireamh i gcoinne méide, a ioncaim den saghas sonraithe in aghaidh blianta dá éis sin. | |
[EN] | (2) Beidh feidhm ag fo-alt (2) d'alt 5 den Income Tax Act, 1918, maidir leis na liúntais a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo mar atá feidhm aige maidir leis na liúntais agus na coigeartuithe a luaitear sa bhfo-alt sin. | |
[EN] | (3) Aon éileamh ar liúntas den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo déanfar é chun an chigire chánach agus a chinneadh ag an gcigire cánach, ach féadfaidh aon duine ar éagóir leis aon bhreith ón gcigire cánach ar aon éileamh den sórt sin, ar fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire sin laistigh de fiche a haon lá tar éis an bhreith a chur in iúl dó, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta. | |
[EN] | (4) Déanfaidh na Coimisinéirí Speisialta achomharc chucu faoi fho-alt (3) den alt seo a éisteacht agus a chinneadh amhail is dá mb'achomharc é i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim, agus, faoi réir na modhnuithe is gá, beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hathéisteacht achomhairc agus cás a shonrú ag iarraidh tuairime na hArd-Chúirte ar phointe dlí. | |
[EN] | (5) Má dhéanann aon duine, go feasach, aon ráiteas bréagach nó uiríoll bréagach d'fhonn aon fhaoiseamh ó cháin nó aisíoc cánach a fháil dó féin nó d'aon duine eile i leith liúntais den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, dlífidh sé pionós cúig chéad punt a chur air. | |
[EN] |
An bhrí atá le “bonn-tréimhse”. |
60. —(1) Sa Chuid seo den Acht seo, tá le “bonn-tréimhse” an bhrí a shanntar dó leis na forálacha ina dhiaidh seo den alt seo. |
[EN] | (2) I gcás duine a mbeidh liúntas le tabhairt dó nó muirear le gearradh air le linn brabúis nó gnóchain a thrádála a bheith á muirearú, is é a bhonn-tréimhse d'aon bhliain mheasúnachta an tréimhse ar ar a brabúis nó a gnóchan a bheidh cáin ioncaim na bliana sin le ríomh go críochnaitheach faoi Chás I de Sceideal D i leith na trádála a bheidh i gceist, nó más rud é, de bhua aon Achta, go mbeidh brabúis nó gnóchan aon tréimhse eile le glacadh mar bhrabúis nó gnóchan na tréimhse sin, an tréimhse eile sin: | |
[EN] | Ar choinníoll, i gcás aon trádála— | |
[EN] | (a) má tá dhá bhonn-tréimhse ag dul isteach ar a chéile, go measfar, chun críche an fho-ailt seo, gur sa chéad bhonn-tréimhse agus ansin amháin atá an tréimhse a bhaineann leo i gcoitinne, | |
[EN] | (b) má tá aga idir deireadh na bonn-tréimhse do bhliain mheasúnachta áirithe agus an bhonn-tréimhse don bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin, ansin, murab í an bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin bliain bhuan-scortha na trádála, go measfar gur cuid den dara bonn-tréimhse an t-aga, agus | |
[EN] | (c) má tá aga idir deireadh na bonn-tréimhse don bhliain mheasúnachta roimh bhliain bhuan-scortha na trádála agus an bhonn-tréimhse don bhliain bhuan-scortha, go measfar gur cuid den chéad bhonn-tréimhse an t-aga. | |
[EN] | (3) Déanfar aon tagairt sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (2) den alt seo do dhá thréimhse do dhul isteach ar a chéile a fhorléiriú mar ní a fholaíonn tagairt do dhá thréimhse do chomhtheacht le chéile nó do thréimhse amháin a bheith ar áireamh i dtréimhse eile, agus forléireofar dá réir sin tagairtí don tréimhse a bhaineann i gcoitinne le dhá thréimhse. | |
[EN] | (4) I gcás ina mbeidh liúntas nó muirear le tabhairt nó le gearradh faoi Chaibidil II den Chuid seo den Acht seo do nó ar dhuine a sheolann nó a shealbhaíonn gairm, fostaíocht nó oifig, beidh feidhm ag forálacha na bhfo-alt roimhe seo den alt seo amhail is dá bhfolaíodh na tagairtí do thrádáil tagairtí do ghairm, fostaíocht nó oifig agus dá bhfolaíodh an tagairt do Chás I de Sceideal D tagairtí do Chás II de Sceideal D agus do Sceideal E. | |
[EN] | (5) I gcás aon duine eile a mbeidh liúntas le tabhairt dó nó muirear le gearradh air faoin gCuid seo den Acht seo, is í an bhliain mheasúnachta féin a bhonn-tréimhse d'aon bhliain mheasúnachta áirithe. | |
[EN] |
Cionroinnt comaoine agus malartú agus forghéilleadh leasanna léasachta. |
61. —(1) Folaíonn aon tagairt sa Chuid seo den Acht seo d'aon mhaoin a dhíol tagairt don mhaoin sin a dhíol i dteannta aon mhaoine eile agus, i gcás maoin a dhíol i dteannta maoine eile, measfar, chun críocha na Coda seo den Acht seo, gurb é an glantoradh ón maoin chéadluaite a dhíol an méid sin den ghlantoradh ón maoin go léir a dhíol is inchurtha ó cheart, ar chionroinnt chóir a dhéanamh, i leith na maoine céadluaite, agus déanfar tagairtí do chaiteachas faoina ndeachtas ag soláthar nó ag ceannach na maoine a fhorléiriú dá réir sin. |
[EN] | Chun críocha an fho-ailt seo, measfar an mhaoin go léir a díoladh de bhun an aon-mhargaidh a dhíol i dteannta a chéile, d'ainneoin gur comhaontaíodh nó go n-urchiallaítear gur comhaontaíodh ar phraghsanna éagsúla i leith míreanna éagsúla den mhaoin sin nó go ndearnadh nó go n-urchiallaítear go ndearnadh an mhaoin sin a dhíol ina míreanna éagsúla de thoradh díolanna éagsúla. | |
[EN] | (2) Beidh feidhm ag forálacha fo-ailt (1) den alt seo, oiriúnaithe mar is gá, maidir le hairgead eile díola, árachais, tarrthála nó cúitimh mar atá feidhm acu maidir le glantoradh díola. | |
[EN] | (3) Beidh éifeacht ag an gCuid seo den Acht seo amhail is dá bhfolódh aon tagairt sa Chuid sin (lena n-áirítear aon tagairt sna forálacha roimhe seo den alt seo) d'aon mhaoin a dhíol tagairt d'aon mhaoin a aistriú agus, i gcás leasa léasachta, dá bhfolódh sí freisin tagairt don chéanna a ghéilleadh ar chomaoin luachmhar agus beidh éifeacht dá réir sin, faoi réir na n-oiriúnuithe is gá ag aon fhorálacha atá sa Chuid seo den Acht seo i dtaobh díola agus, go háirithe, faoi réir na n-oiriúnuithe go measfar go bhfolaíonn tagairtí do ghlantoradh díola agus don phraghas tagairtí don chomaoin i leith an mhalartaithe nó an ghéillte agus go bhfolaíonn tagairtí do shuimeanna caipitiúla a bheidh ar áireamh sa phraghas tagairtí don méid sin den chomaoin ar shuim chaipitiúil é dá mb'íocaíocht in airgead é. | |
[EN] | (4) Maidir le haon bhliain mheasúnachta dar tosach dáta tosach feidhme na Coda seo den Acht seo nó dáta dá éis sin, beidh éifeacht, faoi réir na n-oiriúnuithe is gá, ag na forálacha roimhe seo den alt seo maidir le— | |
[EN] | (a) Rialacha 6 agus 7 den na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D, agus | |
[EN] | (b) Cuid V den Acht Airgeadais, 1956 , | |
[EN] | amhail is dá mb'fhorálacha de chuid na Coda seo den Acht seo na Rialacha sin 6 agus 7 agus an Chuid sin V. | |
[EN] |
Forálacha speisialta maidir le díola áirithe. |
62. —(1) Beidh éifeacht ag forálacha an ailt seo maidir le haon mhaoin a dhíol— |
[EN] | (a) i gcás inar comhlacht daoine ar a bhfuil urlámhas ag an díoltóir an ceannaitheoir nó inar comhlacht daoine ar a bhfuil urlámhas ag an gceannaitheoir an díoltóir, nó ar comhlachtaí daoine an díoltóir agus an ceannaitheoir agus an díoltóir agus ceannaitheoir faoi urlámhas dhuine éigin eile, nó | |
[EN] | (b) go ndealraíonn sé maidir leis an díol nó maidir le hidirbhearta ar ceann acu an díol gurb é an t-aon-sochar nó an príomh-shochar a bhféadfadh, ar leith ó fhorálacha an ailt seo, súil a bheith ann lena fhaibhriú chun na bpáirtithe nó aon pháirtí acu liúntas nó asbhaint a fháil faoi Riail 6 nó Riail 7 de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D faoi Chuid V den Acht Airgeadais, 1956 , nó faoi aon cheann d'fhorálacha na Coda seo den Acht seo. | |
[EN] | Folaíonn tagairtí sa bhfo-alt seo do chomhlacht daoine tagairtí do chomhpháirtíocht. | |
[EN] | (2) I gcás maoin a dhíol ar phraghas seachas an praghas a rachadh sí dá mb'ar an margadh oscailte a dhíolfaí í, ansin, faoi réir forálacha fo-alt (3) agus (4) den alt seo, cinfidh an iarmairt chéanna chun críocha na n-achtachán a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, mar bhainfidh siad le cáin ioncaim na ndaoine uile a bheidh i gceist, a chinfeadh dá ndíolfaí an mhaoin ar an bpraghas a rachadh sí dá mb'ar an margadh oscailte a dhíolfaí í. | |
[EN] | (3) I gcás inar díol inneallra nó gléasra an díol— | |
[EN] | (a) ní thabharfar aon liúntas tosaigh don cheannaitheoir, agus | |
[EN] | (b) faoi réir forálacha fo-ailt (4) den alt seo, más mó an praghas a rachadh an mhaoin dá mb'ar an margadh oscailte a dhíolfaí í ná an méid a measfaí, d'fhonn a chinneadh ar ceart aon mhuirear cothramaíochta, agus más ceart, cad é an muirear cothromaíochta is ceart, a ghearradh ar an díoltóir i leith na maoine faoi Chaibidil II den Chuid seo den Acht seo, gurb é méid an chaiteachais chaipitiúil é faoina ndeachaigh an díoltóir ag soláthar na maoine, beidh éifeacht ag fo-alt (2) den alt seo amhail is dá gcuirtí tagairt don méid sin in ionad gach tagartha don phraghas a rachadh an mhaoin dá mba ar an margadh oscailte a dhíolfaí í: | |
[EN] | Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le díol innealra nó gléasra nár úsáideadh ariamh má b'é gnó nó cuid de ghnó an díoltóra innealra nó gléasra den saghas sin a mhonarú nó a sholáthar agus gur i ngnáth-chúrsa gnó an díoltóra a rinneadh an díol. | |
[EN] | (4) (a) faoi réir fo-ailt (5) den alt seo, i gcás inar díol a mbaineann mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo leis agus nach mbaineann mír (b) den fho-alt sin leis, agus go roghnóidh na páirtithe sa díol amhlaidh trí fhógra i scríbhinn chun an chigire chánach, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas: | |
[EN] | (i) beidh éifeacht ag fo-alt (2) den alt seo amhail is dá gcuirtí in ionad gach tagartha don phraghas a rachadh an mhaoin dá mb'ar an margadh oscailte a dhíolfaí í tagairt don phraghas sin nó don tsuim a luaitear anseo ina dhiaidh seo, cibé acu is lú, | |
[EN] | (ii) ní bheidh feidhm ag mír (b) d'fho-alt (3) den alt seo, agus | |
[EN] | (iii) d'ainneoin aon ní sna forálacha roimhe seo den alt seo, is ar an gceannaitheoir a ghearrfar an muirear cothromaíochta sin ar aon teagmhas do tharlú tar éis dáta an díola a bheadh le gearradh ar an díoltóir dá leanadh an díoltóir de bheith ina úinéir ar an maoin agus go ndearna sé gach ní agus gur lamháladh dó gach liúntas nó asbhaint i ndáil leis an maoin a rinne an ceannaitheoir nó a lamháladh don cheannaitheoir. | |
[EN] | (b) Is í suim dá dtagraítear i bhfo-mhír (i) de mhír (a) den fho-alt seo— | |
[EN] | (i) i gcás foirgnimh nó déanmhais tionscail, iarmhar an chaiteachais ar thógáil an fhoirgnimh nó an déanmhais sin díreach roimh an díol, arna ríomh de réir forálacha ailt 27 den Acht seo, | |
[EN] | (ii) i gcás innealra nó gléasra, méid an chaiteachais ar an gcéanna a sholáthar a bheidh fós gan liúntas a bheith tugtha ina leith díreach roimh an díol, arna ríomh de réir forálacha ailt 36 den Acht seo, | |
[EN] | (iii) i gcás ceart paitinne, an méid den chaiteachas caipitiúil ar na cearta sin a fháil a bheidh fágtha gan liúntas a bheith tugtha ina leith, arna ríomh de réir forálacha ailt 48 den Acht seo. | |
[EN] | (5) Ní fhéadfar roghnú faoi mhír (a) d'fho-alt (4) den alt seo a dhéanamh— | |
[EN] | (a) má bhíonn aon pháirtí de na páirtithe sa díol gan bheith ina chónaí sa Stát tráth an díola, agus | |
[EN] | (b) nach amhlaidh do na himthosca an tráth sin go mbeidh nó go mb'fhéidir go mbeadh liúntas nó muirear faoin gCuid seo den Acht seo le tabhairt don pháirtí sin nó le gearradh ar an bpáirtí sin de dhroim an díola, | |
[EN] | ach, cé is moite mar adúradh, beidh éifeacht ag an alt seo maidir le díol d'ainneoin gan feidhm iomlán a bheith aige de dhroim gan cónaí amhlaidh a bheith ar pháirtí sa díol nó de dhroim cúise eile. | |
[EN] | (6) San alt seo ciallaíonn “urlámhas”, maidir le comhlacht corpraithe, cumhacht duine chun a áirithiú, trí scaireanna a shealbhú nó cumhacht vótála a bheith ag an duine sin sa chomhlacht corpraithe sin nó maidir leis nó in aon chomhlacht corpraithe eile nó maidir leis, nó de bhua aon chumhachtaí a thugtar leis na hairteagail chomhlachais nó le doiciméad eile a rialaíonn an comhlacht corpraithe sin nó aon chomhlacht corpraithe eile, gur de réir tola an duine sin a sheoltar gnó an chomhlachta chorpraithe chéadluaithe agus, maidir le comhpháirtíocht, ciallaíonn sé ceart chun scair de chuid is mó ná leath sócmhainní, nó de chuid is mó ná leath ioncaim, na comhpháirtíochta. | |
[EN] |
An éifeacht a bheidh, i gcásanna áirithe, ag dul i gcomharbas trádála, etc. |
63. —(1) I gcás ina dtiocfaidh duine, an 15ú lá d'Aibreán, 1959, nó dá éis, i gcomharbas ag seoladh aon trádála nó gairme a bhí go dtí sin á seoladh ag duine eile agus go mbeidh sé le háireamh, de bhua aon cheann d'fhorálacha Rialach II de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D, go bhfuil an trádáil nó an ghairm scortha, déanfar aon mhaoin a bhí, díreach roimh theacht i bhfeidhm don chomharbas sin, á húsáid chun críocha na trádála nó na gairme scortha, agus, gan í a dhíol, a bheidh, díreach tar éis an comharbas a theacht i bhfeidhm, á húsáid chun críocha na trádála nó na gairme nua, a áireamh, chun críocha na Coda seo den Acht seo, agus Rialacha 6 agus 7 de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D, amhail is gur díoladh í leis an gcomharba ar theacht i bhfeidhm don chomharbas, agus dá mb'é glantoradh an díola sin an praghas a rachadh an mhaoin sin dá mb'ar an margadh oscailte a dhíolfaí í. |
[EN] | (2) I gcás ina ndéanfar, tar éis trádáil nó gairm a bhunú, agus sula mbuanscoirfear de trádáil nó gairm, a bhí á seoladh i gcomhpháirtíocht aon tráth, aon ní chun críocha an chéanna, déanfar aon liúntas nó muirear a bheadh, dá mb'é an duine céanna a bhí ag seoladh na trádála nó gairme i gcónaí, le tabhairt dó nó le gearradh air faoi aon cheann d'fhorálacha na Coda seo den Acht seo, a thabhairt don duine nó na daoine, nó a ghearradh ar an duine nó ar na daoine, a bheidh ag seoladh na trádála nó na gairme sin ó am go ham, agus déanfar méid aon liúntais nó muirir den sórt sin a ríomh amhail is dá mb'é an duine sin nó dá mb'iad na daoine sin a bhí ag seoladh na trádála nó na gairme sin i gcónaí agus gurb eisean nó iadsan a rinne nó gur leis-sean nó leosan a rinneadh gach ní a rinneadh le nó ag réamhtheachtaithe an duine nó na ndaoine sin ag seoladh an chéanna. | |
[EN] | (3) Maidir le hinnealra nó gléasra, beidh éifeacht ag an alt seo faoi réir forálacha Chaibidle II den Chuid seo den Acht seo. | |
[EN] |
Nós imeachta tar éis cionroinnte, etc. |
64. —(1) I gcás ina mbeidh, faoi réim nó de bhua aon fhorálacha den Chuid seo den Acht seo, aon suim le cionroinnt agus go ndealróidh sé, tráth na cionroinnte, go mbaineann sé le hábhar maidir le dliteanas beirt daoine nó nios mó i leith cánach ioncaim (is cuma cad é an bhliain mheasúnachta ar ina haghaidh é), déanfar aon cheist a éireoidh i dtaobh na slí a bheidh an tsuim le cionroinnt a chinneadh, chun críocha cánach ioncaim na ndaoine sin go léir, ag na Coimisinéirí Speisialta, amhail is dá mb'achomharc í i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim faoi Sceideal D, agus, faoi réir na modhnuithe is gá, beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hachomharc den sórt sin: |
[EN] | Ar choinníoll go mbeidh teideal ag na daoine sin go léir láithriú agus éisteacht a fháil ó na Coimisinéirí Speisialta nó uiríolla a chur chucu i scríbhinn. | |
[EN] | (2) Tá feidhm ag an alt seo maidir leis an bpraghas a rachadh maoin dá mb'ar an margadh oscailte a dhíolfaí í a chinneadh chun críocha na Coda seo den Acht seo mar atá feidhm aige maidir le cionroinnt. | |
[EN] |
Maoin a úsáideadh chun críocha “oibríochtaí trádála díolmhaithe”. |
65. —(1) I gcás teagmhas do tharlú is cúis, nó ba chúis mura mbeadh an t-alt seo, le liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta i leith aon mhaoine a thabhairt do chuideachta nó a ghearradh ar chuideachta a mbeidh deimhniú faoi fho-alt (2) d'alt 3 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1958 , tugtha ina leith, ansin, cibé acu an bheidh a deimhniú i bhfeidhm nó nach mbeidh, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas den alt seo. |
[EN] | (2) Más go heisiach chun críocha a hoibríochtaí trádála díolmhaithe de réir bhrí Choda II den Acht sin d'úsáid an chuideachta an mhaoin, ní thabharfar aon liúntas cothromaíochta ná ní ghearrfar aon mhuirear cothromaíochta. | |
[EN] | (3) Má úsáideadh an mhaoin go páirteach chun críocha oibríochtaí trádála díolmhaithe na cuideachta agus go páirteach chun críocha a hoibríochtaí trádála eile, tabharfar aird ar imthosca iomchuí uile an cháis agus déanfar liúntas a thabhairt don chuideachta a mbeidh ann cibé méid, nó, de réir mar bheidh, muirear a ghearradh ar an gcuideachta a mbeidh ann cibé méid, a bheidh cóir réasúnach. | |
[EN] |
Tagairtí áirithe do chaiteachas, etc., a léiriú. |
66. —(1) Na tagairtí atá sa Chuid seo den Acht seo do chaiteachas caipitiúil agus suimeanna caipitiúla— |
[EN] | (a) maidir leis an duine a chuaigh faoin gcaiteachas nó d'íoc na suimeanna, ní fholaíonn siad aon chaiteachas ná suim a lamháltar a asbhaint nuair a bhítear ag ríomh, chun críocha cánach ioncaim, brabús nó gnóchain thrádála, ghairme, oifige nó fhostaíochta a bhí á seoladh nó ar seilbh aige, agus | |
[EN] | (b) maidir le duine a fuair na méideanna a caitheadh nó na suimeanna a bheidh i gceist, ní fholaíonn siad tagairtí d'aon mhéideanna nó suimeanna a bheidh le cur i gcuntas mar fháltais nuair a bheifear ag ríomh brabús nó gnóchain aon trádála, gairme, oifige nó fostaíochta a bhí á seoladh nó ar seilbh aige, | |
[EN] | agus ní fholaíonn siad, maidir le haon duine mar adúradh, aon chaiteachas ná suim a mbeidh nó a bhféadfadh go mbeadh, asbhaint chánach le déanamh ina leith, seachas de bhua forálacha Chaibidle III den Chuid seo den Acht seo a bhaineann le muirir ar shuimeanna caipitiúla a fuarthas i leith ceart paitinne, faoi Riail 19 nó Riail 21 de na Rialacha Ginearálta. | |
[EN] | (2) Déanfar aon tagairt sa Chuid seo den Acht seo don dáta a chuathas faoi chaiteachas a fhorléiriú mar thagairt don dáta a tháinig na suimeanna a bheidh i gceist chun bheith iníoctha. | |
[EN] | (3) Ní mheasfar chun aon cheann de chríocha na Coda seo den Acht seo aon duine a dhul faoi chaiteachas sa mhéid gur íocadh é nó go bhfuil sé le n-íoc, go díreach nó go neamhdhíreach, ag an Stát, ag aon bhord a bunaíodh le reacht nó ag aon údarás poiblí nó údarás áitiúil: | |
[EN] | Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo nuair a bheifear ag breithniú an bhfuil aon mhuirear cothromaíochta, agus, má tá, cad é an muirear cothromaíochta atá, le gearradh ar dhuine faoi Chaibidil II den Chuid seo den Acht seo i leith aon innealra nó gléasra a soláthraíodh roimh an 15ú lá d'Aibreán, 1959. | |
[EN] |
Forálacha eile maidir le léiriú. |
67. —(1) Sa Chuid seo den Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— |
[EN] | folaíonn “ioncam” aon mhéid a n-údaraítear muirear i leith cánach a ghearradh air faoi aon cheann d'fhorálacha na Coda seo den Acht seo; | |
[EN] | folaíonn “léas” comhaontú i leith léasa i gcás ina bhfuil téarma an léasa tosaithe, agus aon tionóntacht, ach ní fholaíonn sé morgáiste, agus forléireofar dá réir sin “léasaí”, “léasóir” agus “leas léasachta”; | |
[EN] | ciallaíonn “airgead díola, árachais, tarrthála nó cúitimh” maidir le teagmhas is cúis nó d'fhéadfadh a bheith ina chúis le liúntas cothromaíochta a thabhairt d'aon duine nó muirear cothromaíochta a ghearradh ar aon duine— | |
[EN] | (a) i gcás inar díol aon mhaoine an teagmhas, an glantoradh don duine sin ón díol, | |
[EN] | (b) i gcás inar scartáil nó díthiú aon mhaoine an teagmhas, an glan-mhéid a fuair sé ar iarmhar na maoine, maraon le haon airgead árachais a fuair sé i leith na scartála nó an díthithe agus aon chúiteamh eile d'aon sórt a fuair sé i leith an chéanna, sa mhéid gur suimeanna caipitiúla an cúiteamh sin, | |
[EN] | (c) maidir le hinnealra nó gléasra, i gcás inarb é an teagmhas buan-chailliúint an chéanna ar shlí seachas de dhroim a scartála nó a dhíthithe, aon airgead árachais a fuair sé i leith na cailliúna agus aon chúiteamh eile d'aon sórt a fuair sé i leith an chéanna, sa mhéid gur suimeanna caipitiúla an cúiteamh sin, agus | |
[EN] | (d) i gcás inarb é an teagmhas go bhfuiltear tar éis scor ar fad d'fhoirgneamh nó déanmhas a úsáid, aon chúiteamh d'aon sórt a fuair sé i leith an teagmhais sin, sa mhéid gur suimeanna caipitiúla an cúiteamh sin. | |
[EN] | (2) Déanfar aon tagairt sa Chuid seo den Acht seo d'aon fhoirgneamh, déanmhas, innealra nó gléasra a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do chuid d'aon fhoirgneamh, déanmhas, innealra nó gléasra. | |
[EN] | (3) Beidh feidhm ag forálacha na Coda seo den Acht seo maidir le scair in innealra nó gléasra mar atá feidhm acu maidir le cuid d'innealra nó gléasra, agus measfar, chun críocha na bhforálacha sin, scair in innealra nó gléasra a bheith á húsáid chun críocha trádála an fhad, agus amháin an fhad, a úsáidtear an t-innealra nó an gléasra chun críocha an chéanna. | |
[EN] | (4) Déanfar aon tagairt sa Chuid seo den Acht seo do thráth aon díola a fhorléiriú mar thagairt do thráth an chríochnaithe nó tráth seilbh a thabhairt, cibé acu is luaithe. | |
[EN] | (5) Ach amháin mar a bhforáltar a mhalairt go sainráite, folaíonn aon tagairt sa Chuid seo den Acht seo do thrádáil a bhunú nó a bhuanscor tagairt do tharlú aon teagmhais a ndéileálfar leis, faoi aon cheann d'fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim, mar theagmhas is comhionann le trádáil a bhunú nó a bhuanscor. | |
[EN] | (6) Folaíonn aon tagairt sa Chuid seo den Acht seo do liúntas a thabhairt nó asbhaint a lamháil tagairt do liúntas nó asbhaint a thabharfaí nó a lamhálfaí mura mbeadh neamhdhóthaineacht bhrabús nó gnóchain, nó ioncaim eile, lena thabhairt nó lena lamháil ina choinne. | |
[EN] |
Leasuithe iarmartacha, 1958, Uimh. 25 . |
68. —(1) Leasaítear leis seo mar leanas an tAcht Airgeadais, 1958 : |
[EN] | (i) i bhfo-alt (8) d'alt 40, scriosfar “nó” ag deireadh míre (b) agus cuirfear leis i ndiaidh míre (c): | |
[EN] | “nó | |
[EN] | (d) ioncam a n-áirítear gur ioncam tuillte é de bhua ailt 53 den Acht Airgeadais, 1959 ,”; | |
[EN] | (ii) i bhfo-alt (3) d'alt 41, scriosfar “nó” roimh “Cuid V den Acht Airgeadais, 1957 ” agus cuirfear “nó Cuid V den Acht Airgeadais 1959”, isteach roimh “agus forléireofar”. | |
[EN] | (iii) i gclásal (b) d'fho-mhír (3) de mhír 5 den Tríú Sceideal, scriosfar “nó” roimh “Cuid V den Acht Airgeadais, 1957 ” agus cuirfear “nó Cuid V den Acht Airgeadais, 1959 ,” isteach roimh “in aghaidh aon bhliana measúnachta”. | |
[EN] | (2) Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 8 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1958 , trí “nó aon liúntais bhliantúla faoi Chaibidil I, Caibidil III nó Caibidil IV de Chuid V den Acht Airgeadais, 1959 ” a chur isteach ag deireadh an fho-ailt. | |
[EN] |
Liúntais agus muirir i leith cánach brabús corparáide. 1920 c. 18. |
69. —(1) I gcás ina dtabharfar aon liúntas acu seo a leanas: |
[EN] | (a) liúntas faoi Riail 6 de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D, | |
[EN] | (b) liúntas faoi fho-alt (3), nó mír (b) d'fho-alt (4), d'alt 5 nó alt 6 den Acht Airgeadais, 1946 , | |
[EN] | (c) liúntas faoi Chuid V den Acht Airgeadais, 1956 , i leith caiteachais faoina rachfar tar éis tosach feidhme na Coda seo den Acht seo, | |
[EN] | (d) liúntas faoi Chuid IV den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956, i leith caiteachais faoina rachfar tar éis tosach feidhme na Coda seo den Acht seo, | |
[EN] | (e) liúntas bliantúil nó liúntas cothromaíochta faoi Chaibidil I, II nó III den Chuid seo den Acht seo, nó | |
[EN] | (f) liúntas tosaigh, liúntas bliantúil nó liúntas eile faoi Chaibidil IV den Chuid seo den Acht seo, | |
[EN] | d'aon chuideachta chun críocha cánach ioncaim in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe agus go mbainfidh an liúntas le haon ghnó de chuid na cuideachta sin, asbhainfear an méid iomchuí nuair a bheifear ag ríomh brabús an ghnó chun críocha cánach brabús corparáide in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta (is tréimhse chuntasaíochta dar críoch dáta tosach feidhme na Coda seo den Acht seo nó dáta dá éis) ar laistigh den bhliain mheasúnachta sin d'aon chuid di. | |
[EN] | (2) Chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, measfar liúntas do bhaint le gnó más rud é, agus amháin más rud é,— | |
[EN] | (a) go dtabharfar é nuair a bheifear ag muirearú brabús nó gnóchain thrádála arb í an gnó sin í nó ar cuid den ghnó sin í, nó | |
[EN] | (b) go dtabharfar é nuair a bheifear ag muirearú brabús nó gnóchain thrádála agus go dtabharfar é i leith maoine, nó i leith caiteachais ar mhaoin, a úsáideadh chun críocha coda den trádáil arb í an gnó sin í nó ar cuid den ghnó sin í, nó | |
[EN] | (c) gur liúntas é a thabharfar ar mhodh urscaoileadh nó aisíoc cánach faoi réim nó de bhua aon cheann d'fhorálacha na Coda seo den Acht seo agus gur liúntas é i leith maoine, nó i leith caiteachais ar mhaoin, a n-áirítear an cíos uirthi ar bhrabúis an ghnó chun críocha cánach brabús corparáide in aghaidh aon tréimhse áirithe nó a n-áireofaí amhlaidh é dá mbeadh aon chíos den sórt sin ann. | |
[EN] | (3) I gcás ina ngearrfar aon mhuirear acu seo a leanas: | |
[EN] | (a) muirear cothromaíochta faoi Chaibidil I, II nó III den Chuid seo den Acht seo, nó | |
[EN] | (b) muirear faoi alt 50 den Acht seo, | |
[EN] | ar aon chuideachta chun críocha cánach ioncaim in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe, agus go mbainfidh an muirear le gnó, measfar gur fáltas trádála an méid iomchuí nuair a bheifear ag ríomh brabús an ghnó chun críocha cánach brabús corparáide in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta ar laistigh den bhliain mheasúnachta sin d'aon chuid di. | |
[EN] | (4) Chun críocha fo-ailt (3) den alt seo, measfar muírear do bhaint le gnó más rud é, agus amháin más rud é,— | |
[EN] | (a) go ngearrfar é nuair a bheifear ag muirearú brabús nó gnóchain thrádála arb í an gnó sin í nó ar cuid den ghnó sin í, nó | |
[EN] | (b) go ngearrfar é nuair a bheifear ag muirearú brabús nó gnóchain thrádála agus gur muirear cothromaíochta é i leith maoine, nó i leith caiteachais ar mhaoin, a úsáideadh chun críocha coda den trádáil arb í an gnó sin í nó ar cuid den ghnó sin í; nó | |
[EN] | (c) gur muirear cothromaíochta é i leith maoine, nó i leith caiteachais ar mhaoin, a n-áirítear an cíos uirthi ar bhrabúis an ghnó chun críocha cánach brabús corparáide in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta áirithe nó a n-áireofaí amhlaidh é dá mbeadh aon chíos den sórt sin ann, nó | |
[EN] | (d) gur muirear é faoi alt 50 den Acht seo agus gur úsáideadh aon tráth chun críocha an ghnó na cearta paitinne a bheidh i gceist. | |
[EN] | (5) I bhfo-alt (1) agus (3) den alt seo, forléireofar mar leanas “an méid iomchuí”: | |
[EN] | (a) i gcás inar tosaíodh an gnó nó inar scoireadh den ghnó i rith na bliana measúnachta a bheidh i gceist, ciallaíonn an abairt sin— | |
[EN] | (i) mura bhfuil níos mó ná tréimhse chuntasaíochta amháin de chuid an ghnó laistigh, go hiomlán nó go páirteach, den bhliain mheasúnachta, ciallaíonn sé méid iomlán an liúntais nó, de réir mar bheidh, an méid iomlán ar a ngearrfar an muirear, agus | |
[EN] | (ii) má tá níos mó ná tréimhse chuntasaíochta amháin de chuid an ghnó laistigh, go hiomlán nó go páirteach, den bhliain mheasúnachta, ciallaíonn sé, maidir le gach tréimhse chuntasaíochta acu sin, an chuid den liúntas, nó, de réir mar bheidh, an chuid den mhéid ar a ngearrfar an muirear, a mbeidh an coibhneas céanna idir é agus iomlán an chéanna a bheidh idir fad na tréimhse cuntasaíochta sin, sa mhéid gur cuid den bhliain mheasúnachta sin í, agus fad iomlán na dtréimhsí cuntasaíochta sin go léir, sa mhéid gur cuid den bhliain mheasúnachta sin iad; | |
[EN] | (b) in aon chás eile, ciallaíonn an abairt sin— | |
[EN] | (i) nuair is ionann an bhliain mheasúnachta a bheidh i gceist agus an tréimhse chuntasaíochta a bheidh i gceist, méid iomlán an liúntais, nó, de réir mar bheidh, an méid iomlán ar a ngearrfar an muirear, agus | |
[EN] | (ii) i gcás gan ach cuid den bhliain mheasúnachta a bheith laistigh den tréimhse chuntasaíochta sin, an chuid sin den liúntas nó, de réir mar bheidh, an chuid sin den mhéid ar a ngearrfar an muirear agus a chionroinnfear i leith na coda laistigh den tréimhse chuntasaíochta sin den bhliain mheasúnachta. | |
[EN] | (6) I gcás nach mbeidh cáin ioncaim inmhuirir nó inmhuirir go hiomlán ar bhrabúis ghnó, déanfar asbhaintí agus breisithe den sórt faoi fho-ailt (1) agus (3) den alt seo, nuair a bheifear ag ríomh brabús an ghnó chun críocha cánach brabús corparáide (is asbhaintí agus breisithe i leith nithe nach mbeidh aon asbhaintí ná breisithe le déanamh ar shlí eile ina leith faoi na fo-ailt sin faoi seach), a bheadh le déanamh chun críocha cánach ioncaim dá mbeadh cáin ioncaim inmhuirir amhlaidh nó inmhuirir go hiomlán amhlaidh ar bhrabúis an ghnó. | |
[EN] | (7) I gcás méid a bheith le cionroinnt, faoin alt seo, i leith coda de bhliain mheasúnachta nó tréimhse chuntasaíochta, déanfar an chionroinnt faoi threoir an mhéid míonna nó codáin de mhíonna sa chuid sin, agus sa chuid eile, den bhliain nó den tréimhse sin. | |
[EN] | (8) San alt seo— | |
[EN] | (a) ciallaíonn “gnó” aon trádáil nó gnó nó aon ghnóthas den sórt céanna ar brabúis lena mbaineann Cuid V den Finance Act, 1920, na brabúis as, agus | |
[EN] | (b) ní fholaíonn aon tagairt do liúntas a thabharfar in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe tagairt d'aon mhéid a tugadh anall ó aon bhliain mheasúnachta roimhe sin. | |
[EN] | (9) Maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dar críoch dáta tosach feidhme na Coda seo den Acht seo nó dáta dá éis— | |
[EN] | (a) scoirfidh mír (e) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (2) d'alt 53 den Finance Act, 1920, d'éifeacht a bheith aici sa mhéid go bhfuil sí ar neamhréir le forálacha an ailt seo, agus | |
[EN] | (b) scoirfidh alt 27 den Acht Airgeadais, 1956 , agus alt 20 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956, d'éifeacht a bheith acu maidir le caiteachas faoina rachfar tar éis an tosach feidhme sin. |