|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Boird Choimeádaithe.) | Ar Aghaidh (CUID VI. Ceadúnais chun Bradáin, Bric agus Eascanna a Iascaireacht.) |
AN tACHT IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959
[EN] | ||
[EN] |
CUID V. Rátaí ar Iascaigh. | |
[EN] |
Rátaí ar iascaigh. |
55. —(1) Déanfaidh gach bord coimeádaithe, an 31ú lá de Nollaig nó roimhe sin gach bliain iascaigh lena mbaineann an t-alt seo, ráta a leagan ar gach iascach laistigh dá cheantar iascaigh (a thaispeáinfear sna Liostaí Luachála athbhreithnithe a cheanglaítear faoi na hAchtanna Luachála ar an gCoimisinéir Luachála a eisiúint um an 1ú lá de Mhárta díreach roimh thosach na bliana iascaigh sin agus nach bhfuil idirdhealaithe iontu ag an gCoimisinéir Luachála de bhun alt 2 den Valuation (Ireland) Act, 1854) de réir cibé méid faoi gcéad dá luachálacha is leor, i dteannta an mhéid a mheastar d'ioncam eile, faoi chomhair an chaiteachais a mheastar a bheidh ar an mbord an bhliain iascaigh sin. |
[EN] | (2) Beidh gach ráta a leagfaidh bord coimeádaithe faoin alt seo faoi réir a dhaingnithe ag an Aire agus féadfaidh seisean é a dhaingniú gan mhodhnú nó le cibé modhnú (cibé acu trí mhéadú nó laghdú é) is cuí leis. | |
[EN] | (3) Mura ndéanfaidh bord coimeádaithe, an 31ú lá de Nollaig nó roimhe sin aon bhliain iascaigh lena mbaineann an t-alt seo, ráta a leagan don bhliain iascaigh sin, féadfaidh an tAire, más cuí leis é, ráta a leagan do cheantar an bhoird choimeádaithe sin don bhliain iascaigh sin agus sa chás sin déanfaidh an bord coimeádaithe sin an ráta a leagfaidh an tAire amhlaidh a thobhach, a bhailiú, agus a ghnóthú ionann is dá mbeadh an ráta sin leagtha ag an mbord agus daingnithe ag an Aire faoin alt seo. | |
[EN] | (4) Más rud é in aon bhliain iascaigh go leagfaidh bord coimeádaithe ráta faoi fho-alt (1) den alt seo nó, toisc nár leag an bord coimeádaithe an ráta, go leagfaidh an tAire ráta faoi fho-alt (3) den alt seo do cheantar iascaigh an bhoird choimeádaithe, féadfaidh an bord coimeádaithe nó an tAire athrú, nach gcuirfidh as don luach, a dhéanamh ar na sonraí, maidir le hiascach sa cheantar iascaigh sin, sna liostaí luachála athbhreithnithe a cheanglaítear faoi na hAchtanna Luachála ar an gCoimisinéir Luachála a eisiúint um an 1ú lá de Mhárta díreach roimh thosach na bliana iascaigh sin, más gá an t-athrú sin, an tráth a leagfar an ráta, chun a chumasú don bhord coimeádaithe nó don Aire rátú bailí a dhéanamh. | |
[EN] | (5) Gach ráta a leagfar faoin alt seo déanfaidh na daoine éagsúla a bheidh rátaithe ina leith é a íoc ina dhá leath an lú lá d'Aibreán agus an 1ú lá de Lúnasa an bhliain iascaigh dár leagadh an ráta, agus íocfar é amhlaidh de bhreis agus de bharr ar gach dleacht cheadúnais nó aon dleacht cheadúnais a íocfaidh na daoine sin faoin Acht seo in aghaidh na bliana iascaigh sin nó aon bhliana iascaigh eile. | |
[EN] | (6) Gach duine a dhlitear a rátú faoin Acht seo i leith iascaigh beidh sé díolmhaithe ó dhliteanas i leith aon ráta is intoibhithe ag comhairle aon chontae, contae-bhuirge nó ceantair uirbigh i leith an iascaigh sin in aghaidh aon bhliana airgeadais áitiúil a thosóidh roimh an lú lá d'Aibreán, 1965, agus ní dhéanfaidh aon chomhairle den sórt sin aon ráta a thobhach ná a bhailiú i leith an iascaigh sin in aghaidh aon bhliana airgeadais áitiúil den sórt sin. | |
[EN] | (7) Má dheimhníonn an tAire Rialtais Áitiúil go ndearnadh, mar gheall ar an díolúine a thugtar le fo-alt (6) den alt seo ó dhliteanas rátaí i leith iascach, méad an ráta ba ghá do chomhairle chontae nó contae-bhuirge nó ceantair uirbigh a leagan agus a thobhach, mura mbeadh an fo-alt seo, ar aon limistéar agus in aon limistéar chun seirbhíse bliana airgeadais áitiúil a thosóidh roimh an lú lá d'Aibreán, 1965, a mhéadú de shuim is mó ná pingin sa phunt, íocfaidh an tAire, as airgead a sholáthróikh an tOireachtas ó am go ham, leis an gcomhairle sin roimh dheireadh na bliana airgeadais áitiúla sin, méad is comhionann leis an tsuim a thiocfadh as ráta ar an limistéar sin agus sa limistéar sin ionann agus an méad sa phunt a bheidh an méadú sin os cionn pingin sa phunt. | |
[EN] | (8) Baineann an t-alt seo le gach bliain iascaigh a thosóidh roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1964. | |
[EN] |
Na luachálacha a leagfar rátaí iascaigh dá réir agus forálacha maidir le hachomhairc i gcoinne luachálacha ar iascaigh. |
56. —Más rud é in aon bhliain iascaigh go leagfaidh bord coimeádaithe ráta faoi alt 55 nó, toisc nár leag an bord coimeádaithe an ráta, go leagfaidh an tAire ráta faoin alt sin, do cheantar iascaigh an bhoird choimeádaithe, leagfaidh an bord coimeádaithe nó an tAire an ráta de réir na luachálacha a thaispeáinfear sa Liosta Luachála athbhreithnithe a cheanglaítear faoi na hAchtanna Luachála ar an gCoimisinéir Luachála a eisiúint um an lú lá de Mhárta díreach roimh thosach na bliana iascaigh sin, agus féadfaidh an bord coimeádaithe aon suim a bheidh dlite mar gheall ar aon ráta a leagadh amhlaidh a thobhach, a bhailiú agus a ghnóthú, d'ainneoin aon achomharc nó fógra achomhairc faoi na hAchtanna Luachála a bheidh ar feitheamh i leith luachála, ach má dhéantar luacháil aon iascaigh a athrú ar achomharc ansin— |
[EN] | (a) má laghdaítear an luacháil, aisíocfaidh an bord coimeádaithe aon suim a íocadh i leith an ráta de bhreis ar an tsuim ab iníoctha dá mbeadh an luacháil i dtosach mar a bheidh tar éis a hathraithe ar achomharc, agus | |
[EN] | (b) má mhéadaítear an luacháil, féadfaidh an bord coimeádaithe suim a ghnóthú, mar riaráistí ráta, is ionann agus an difríocht idir an tsuim ab iníoctha i leith a ráta a leagadh agus an tsuim ab iníoctha i leith an ráta dá mbeadh an luacháil i dtosach mar a bheidh tar éis a hathraithe ar achomharc. | |
[EN] |
Leasú ar rátaí iascaigh. |
57. —(1) I gcás ráta iascaigh ar iascach a leagan faoi alt 55 bliain iascaigh áirithe, féadfaidh bord coimeádaithe an cheantair iascaigh ina bhfuil an t-iascach cibé leasuithe a dhéanamh ar an ráta is gá chun go gceartófar ainmneacha áititheoirí, míthuairiscí, agus earrádí cléireachais, áirimh agus eile ann, ach ní fhéadfaidh siad sin a dhéanamh tar éis deireadh na bliana iascaigh dá éis sin. |
[EN] | (2) Aon uair a bheartóidh bord coimeádaithe ráta ar iascach a leasú faoin alt seo— | |
[EN] | (a) déanfaidh an bord coimeádaithe fógra faoin leasú a bheidh beartaithe a sheirbheáil leis an bpost ar aon duine arb é áititheoir an iascaigh é, | |
[EN] | (b) cuirfear in iúl san fhógra go bhféadfar agóidí i scríbhinn i gcoinne an leasaithe a bheidh beartaithe a chur go dtí an bord coimeádaithe laistigh de sheacht lá tar éis an fógra a chur sa phost, | |
[EN] | (c) sula ndéanfar an leasú a bheidh beartaithe, breithneoidh an bord coimeádaithe aon agóidí a fuarthas de thoradh an fhógra. | |
[EN] | (3) Aisíocfaidh bord coimeádaithe suimeanna nó tabharfaidh sé creidmheasa (de réir mar is gá sa chás) i leith ráta iascaigh, agus beidh sé i dteideal rátaí iascaigh a ghnóthú de réir mar is iomchuí ó am go ham de thoradh aon leasaithe faoin alt seo. | |
[EN] |
Dliteanas i leith ráta iascaigh. |
58. —Is é duine a dhlífidh ráta iascaigh a íoc i leith iascaigh an duine is áititheoir ar an iascach sin. |
[EN] |
Ráta iascaigh a bhailiú agus a ghnóthú. |
59. —(1) Déanfaidh cibé daoine a cheapfaidh an bord ó am go ham an ráta iascaigh is iníoctha le bord coimeádaithe a bhailiú, agus gheobhaidh an bord urrús leordhóthanach ó na daoine a cheapfar amhlaidh go dtabharfar cuntas go cuí sa ráta a bhaileofar, agus is cuid de chaiteachas an bhoird costas bailithe an ráta. |
[EN] | (2) Féadfar ráta iascaigh is iníoctha le bord coimeádaithe a ghnóthú ar agra chléireach an bhoird choimeádaithe mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla. | |
[EN] | (3) Má mhainníonn duine ar bith (dá ngairtear an duine rátaithe san fho-alt seo) atá rátaithe i leith iascaigh le haghaidh ráta iascaigh aon leath den ráta iascaigh sin a íoc laistigh de mhí tar éis an dáta a gceanglaítear le fo-alt (5) d'alt 55 an leath sin a íoc, beidh an leath sin inghnóthaithe (mar is rogha leis an duine atá i dteideal de réir dlí é a bhailiú agus a ghnóthú) ón duine rátaithe nó ó aon duine a raibh, tráth an ráta iascaigh sin a leagan nó tráth ar bith dá éis sin, an t-iascach sin ar sealúchas nó á úsáid nó ar áitiú aige, agus, más tionónta ag an duine rátaithe an duine deiridh sin, féadfaidh sé, mura bhforálann an conradh tionóntachta gurb é an tionónta a íocfaidh an ráta iascaigh, méid aon ráta iascaigh a ghnóthófar uaidh amhlaidh a bhaint as aon chíos is iníoctha leis an duine rátaithe. | |
[EN] |
Íocaíochtaí ón Aire in ionad ráta iascaigh. |
60. —(1) Ní bheidh aon ráta iascaigh iníoctha ag an Aire i leith aon iascaigh dhílsithe (Cuid XII). |
[EN] | (2) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, féadfaidh an tAire más cuí leis é, i gcás gach iascaigh dhílsithe (Cuid XII), amhail ar an gcéad lá íoca tar éis an dáta dílsithe agus uaidh sin amach, suim leathbhliantúil a íoc aon bhliain iascaigh le bord coimeádaithe an cheantair iascaigh ina bhfuil an t-iascach sin in ionad ráta iascaigh, agus ríomhfar an tsuim sin mar leath an ráta iascaigh don bhliain iascaigh reatha ar an luacháil inrátaithe a bheidh ann dáta an ráta iascaigh a leagan. | |
[EN] | (3) I gcás iascach dílsithe (Cuid XII) a bheith de thuras na huaire ina iascach neamhúsáidte (de réir bhrí Chuid XII) ní dhéanfaidh an tAire aon íocaíocht in ionad ráta iascaigh i leith an iascaigh sin tar éis tosach na céad bhliana iascaigh i ndiaidh an dáta ar a dtabharfaidh an tAire fógra don bhord coimeádaithe ar ina gceantar iascaigh atá an t-iascach sin go bhfuil beartaithe aige gan an t-iascach sin a úsáid. | |
[EN] | (4) I gcás ina scoirfidh an tAire d'iascach dílsithe (Cuid XII) a oibriú agus go n-oibreoidh sé é ina dhiaidh sin, féadfar íocaíocht in ionad ráta iascaigh a dhéanamh an chéad lá íoca agus ón gcéad lá íoca tar éis an dáta ar a n-oibreofar an t-iascach sin ina dhiaidh sin. | |
[EN] | (5) I gcás ina léasóidh an tAire faoi Chuid XII iascach dílsithe (Cuid XII), ní dhéanfaidh an tAire aon íocaíocht in ionad ráta iascaigh i leith an iascaigh sin in aghaidh aon tréimhse a bheidh aon duine faoi oibleagáid ráta iascaigh a íoc i leith an iascaigh sin. | |
[EN] | (6) Chun críocha an ailt seo is lá íoca gach dáta acu seo a leanas gach bliain— | |
[EN] | (a) an lú lá d'Aibreán; | |
[EN] | (b) an lú lá de Lúnasa. | |
[EN] |
Rátaí iascaigh ar iascaigh léasaithe. |
61. —(1) Aon uair a dheonóidh an tAire léas ar iascach faoi Chuid XII, féadfaidh sé, más cuí leis é, a thabhairt go gcuirfear sa léas sin cúnant ón Aire sa chéill seo a leanas, eadhon, má bhíonn breis ar an méad ceaptha ag an méad a íocfaidh an léasaí mar ráta iascaigh i leith an iascaigh sin in aghaidh aon bhliana iascaigh sa téarma a dheonóidh an léas sin, go n-íocfaidh an tAire leis an léasaí suim is comhionann leis an mbreis. |
[EN] | (2) San alt seo ciallaíonn an abairt “an méad ceaptha”, maidir le hiascach is ábhar do léas faoi Chuid XII, suim na méideanna seo a leanas:— | |
[EN] | (a) an méad (dá ngairtear “an méad caighdeánach” anseo feasta) is iníoctha ag an áititheoir mar ráta iascaigh nó ag an Aire in ionad ráta iascaigh i leith an iascaigh sin in aghaidh na bliana iascaigh a bheidh ag rith ar an dáta ar a ndeonófar an léas sin nó, mura ndearnadh an ráta iascaigh don bhliain iascaigh sin don cheantair iascaigh ina bhfuil an t-iascach sin a leagan roimh an data sin, in aghaidh na bliana iascaigh díreach roimhe sin, agus | |
[EN] | (b) an fichiú cuid den mhéad caighdeánach. | |
[EN] | (3) Más rud é— | |
[EN] | (a) go mbeidh breithiúnas ó chúirt inniúil faighte ag bord coimeádaithe in aghaidh léasaí iascaigh, is ábhar do léas faoi Chuid XII, i leith aon ráta iascaigh a bheidh dlite i leith an iascaigh sin, agus | |
[EN] | (b) gur deimhin leis an Aire nach bhfuil aon earraí ag an léasaí sin a d'fhéadfaí a thógáil i bhforghníomhú faoi aon phróis ón gcúirt sin, | |
[EN] | beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:— | |
[EN] | (i) féadfaidh an tAire, más cuí leis é, suim a íoc leis an mbord coimeádaithe sin nach mó ná méad an ráta iascaigh sin agus aon chostais agus caiteachais faoina ndeachaigh an bord coimeádaithe sin i ndáil leis an mbreithiúnas sin a fháil agus le hiarracht a dhéanamh ar é a chur i bhfeidhm, | |
[EN] | (ii) aon suim a íocfar amhlaidh beidh sí ina fhiach a bheidh dlite don Aire ón léasaí sin agus féadfar í a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla. | |
[EN] |
Deontais do bhoird choimeádaithe áirithe. |
62. —(1) Gach bliain iascaigh, íocfaidh an tAire as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le gach bord coimeádaithe a mbeidh aon uiscí taoide speisialta laistigh dá cheantar i gcaitheamh na bliana sin nó coda di, méad is comhionann le cibé céatadán den tsuim ba luacháil inrátaithe iomlán ar na hiascaigh sna huiscí taoide sin, an lú lá d'Eanáir, 1933, a ceapadh chun críche an ráta ab intoibhithe in aghaidh na bliana sin ar na hiascaigh eile sa cheantar sin faoi alt 55. |
[EN] | (2) Más deimhin leis an Aire go dtarlóidh, aon bhliain iascaigh, nach leor na fáltais (lena n-áirítear an t-airgead is iníoctha an bhliain sin faoi fho-alt (1) den alt seo) a gheobhaidh aon bhord coimeádaithe a mbeidh aon uiscí taoide speisialta laistigh dá cheantar i gcaitheamh na bliana sin nó coda de, chun íoc as an gcaiteachas a bheidh ar an mbord sin an bhliain sin, féadfaidh sé, le toiliú an Aire Airgeadais, deontas nach mó ná an t-easnamh measta a íoc leis an mbord sin as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. | |
[EN] |
Forálacha ar fionraí maidir le rátaí ar iascaigh. |
63. —(1) Ní bheidh éifeacht ag fo-ailt (2), (3), (4), agus (5) den alt seo i gcaitheamh aon bhliana iascaigh lena mbaineann alt 55 de bhua fho-alt (8) den alt sin. |
[EN] | (2) Íocfaidh an t-áititheoir ar gach iascach i gceantar iascaigh, atá taifeadtha mar oidhreachtán inrátaithe ar an Liosta Luachála a ullmhaíodh faoi na hAchtanna Luachála, gach bliain le bord coimeádaithe an cheantair iascaigh sin mar ráta bliantúil, ina dhá ghála chothroma leathbhliantúla, an lú lá d'Fheabhra agus an 1ú lá d'Iúil an bhliain sin, cibé suim, i dteannta na ndleachtanna ceadúnais is iníoctha ar innill iascaireachta a úsáidfear ag iascaireacht an iascaigh sin, a bheidh cothrom le méid na difríochta idir na suimeanna a íocfaidh sé ar na dleachtanna ceadúnais sin agus suim bhliantúil deich faoi gcéad de luacháil inrátaithe an iascaigh sin, faoi réir cibé laghdú ar an gcéadatán sin a dhéanfaidh an bord coimeádaithe sin, ó am go ham, faoi fho-alt (3) den alt seo. | |
[EN] | (3) Féadfaidh bord coimeádaithe cheantair iascaigh, le ceadú an Aire, an céatadán a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo a laghdú i leith an cheantair iascaigh sin, agus beidh éifeacht ag aon laghdú den sórt sin an lú lá d'Eanáir an bhliain dá éis sin agus uaidh sin amach. | |
[EN] | (4) Féadfar ráta is iníoctha le bord coimeádaithe faoin alt seo a ghnóthú, ar agra chléireach an bhoird choimeádaithe, mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla. | |
[EN] | (5) Déanfaidh cibé daoine a cheapfaidh an bord ó am go ham ráta is iníoctha le bord comeádaithe faoin alt seo a bhailiú, agus gheobhaidh an bord urrús leordhóthanach ó na daoine a cheapfar amhlaidh go dtabharfar cuntas go cuí sa ráta a bhaileofar, agus is cuid de chaiteachas an bhoird costas bailithe an ráta. |