An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil III. Ceadúnais chun Bric a Iascaireacht le Slat agus Ruaim in Uiscí Áirithe.) Ar Aghaidh (Caibidil V. Ceadúnais a Fhorghéilleadh.)

14 1959

AN tACHT IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959

CAIBIDIL IV.

Srianta le Ceadúnais Iascaireachta a Eisiúint.

Toirmeasc ar ghnáthcheadúnais iascaireachta a eisiúint i leith uisci taoide speisialta.

85. —Ní eiseofar aon ghnáth-cheadúnas iascaireachta i leith aon uiscí taoide speisialta.

Toirmeasc ar cheadúnais a eisiúint do sciob-líonta sa chuid taoidmhear d'Abhainn na Sionainne.

86. —Ní eiseofar aon ghnáth-cheadúnas chun iascaireacht a dhéanamh le sciob-líon sa chuid taoidmhear d'Abhainn na Sionainne.

Toirmeasc ar cheadúnais a eisiúint do scioblíonta sa chuid taoidmhear d'aibhneacha (seachas Abhainn na Sionainne) ina bhfuil iascach nó ceart iascaireachta faighte ag Bord Soláthair an Leictreachais.

87. —(1) Féadfaidh an tAire, más cuí leis é ar iarratas ó Bhord Soláthair an Leictreachais, toirmeasc a chur, le hordú, le gnáthcheadúnais a eisiúint le haghaidh iascaireachta le sciob-líon sa chuid taoidmhear d'aon abhainn a bhfuil iascach nó ceart iascaireachta inti faighte ag an mBord sin faoi Chuid III den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1945 (Uimh. 12 de 1945) .

(2) Aon uair a bheidh ordú déanta ag an Aire faoi fho-alt (1) den alt seo, ní eiseofar aon ghnáth-cheadúnas contrártha don ordú sin.

Toirmeasc ar cheadúnais a eisiúint do shruth-líonta agus do líonta tarraingthe i gcodanna taoidmheara d'aibhneacha ina bhfuil iascach nó cearta iascaireachta ag Bord Soláthair an Leictreachais.

88. —(1) San alt seo, ciallaíonn an abairt “an chuid taoidmhear d'abhainn lena mbaineann an t-alt seo”—

(a) an chuid taoidmhear d'Abhainn na Sionainne,

(b) an chuid taoidmhear d'aon abhainn a bhfuil iascach nó ceart iascaireachta inti faighte ag Bord Soláthair an Leictreachais faoi Chuid III d'Acht 1945 ( Uimh. 12 de 1945 ).

(2) Féadfaidh an tAire, más cuí leis é, na nithe seo a leanas a dhéanamh maidir leis an gcuid taoidmhear d'abhainn lena mbaineann an t-alt seo—

(a) rialacháin a dhéanamh a fhorordóidh an méid uasta ceadúnas le haghaidh iascaireachta le sruth-líonta ann (nach rachaidh thar seachtó ceadúnas i gcás Abhainn na Sionainne) is cead a eisiúint aon bhliain ina dtosóidh an séasúr oscailte le haghaidh na hiascaireachta sin tar éis dáta na rialachán sin;

(b) rialacháin a dhéanamh a fhorordóidh an méid uasta ceadúnas le haghaidh iascaireachta le líonta tarraingthe ann (nach rachaidh thar cúig cheadúnas is fiche i gcás Abhainn na Sionainne) is cead a eisiúint aon bhliain ina dtosóidh an séasúr oscailte le haghaidh na hiascaireachta sin tar éis dáta na rialachán sin;

(c) rialacháin a dhéanamh maidir le ceadúnais a eisiúint den sórt a luaitear i mír (a) nó (b) den fho-alt seo d'fhonn go dtabharfar do dhaoine ag a raibh ceadúnais sruth-líonta nó ceadúnais líonta tarraingthe (cibé acu é) den sórt sin sa bhliain roimh dháta na rialachán faoi mhír (a) nó (b) den fho-alt seo ceart tosaíochta chun ceadúnais sruth-líonta nó ceadúnais líonta tarraingthe (cibé acu é) den sórt sin a cheannach roimh thosach aon séasúir oscailte le haghaidh iascaireachta faoi na ceadúnais sin a gcuireann na rialacháin deiridh sin a luaitear teorainn leis an méad ceadúnas den sórt sin ina leith.

(3) Aon uair a dhéanfaidh an tAire, faoin alt seo, rialacháin a fhorordóidh an méid uasta ceadúnas d'aon chineál áirithe is cead a eisiúint maidir leis an gcuid taoidmhear d'aon abhainn áirithe in aon séasúr oscailte áirithe, ní dhéanfar níos mó de na ceadúnais sin a eisiúint maidir leis an gcuid taoidmhear sin in aon séasúr oscailte den sórt sin ná an méid uasta a fhorordófar amhlaidh.

(4) I gcás duine a chiontú i gcion faoi na hachtachain aisghairthe nó i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo, ní bheidh an duine sin i dteideal aon chirt tosaíochta chun ceadúnas a fháil faoin alt seo.

(5)   (a) San fho-alt seo—

ciallaíonn an abairt “Acht 1935” Acht Iascaigh na Sionainne, 1935 (Uimh. 4 de 1935) ;

ciallaíonn an abairt “Acht 1956” An t Acht Iascaigh (Athscrúdú an Dlí Reachtúil), 1956 (Uimh. 28 de 1956) .

(b) Más rud é go mbeidh, díreach roimh an dáta feidhme, forálacha fho-alt (1) d'alt 23 d'Acht 1935 (a aisghaireadh le halt 1956) i bhfeidhme de bhua fo-alt (5) d'alt 11 d'Acht 1956 (a aisghairtear leis an Acht seo), ansin, d'ainneoin na haisghairme sin, fanfaidh na forálacha sin i bhfeidhm agus, chun críocha an ailt seo, measfar iad a dhéanamh le rialacháin faoi mhíreanna (a) agus (b) d'fho-alt (2) den alt seo.

(c) Más rud é go mbeidh, díreach roimh an dáta feidhme, Rialacháin Uiscí Taoide Abhann na Sionainne (Ceadúnais Iascaigh a Thabhairt Amach), 1935 (R. & O.R. Uimh. 664 de 1935), a rinneadh faoi fho-alt (2) d'alt 23 d'Acht 1935 (a aisghaireadh le hAcht 1956), i bhfeidhm de bhua fho-alt (6) d'alt 11 d'Acht 1956 (a aisghairtear leis an Acht seo), ansin, d'ainneoin na haisghairme sin, fanfaidh na Rialacháin sin i bhfeidhm agus, chun críocha an ailt seo, measfar iad a dhéanamh faoi mhír (c) d'fho-alt (2) den alt seo.

Srianta le ceadúnais a eisiúint i leith líonta le haghaidh iascaireachta in iascaigh áirithe.

89. —(1) Féadfaidh an tAire, i gcás aon iascaigh phoiblí, na nithe seo a leanas a dhéanamh le hordú:—

(a) a dhearbhú go mbeidh cibé tréimhse (nach giorra ná trí bliana agus nach faide ná deich mbliana) is cuí leis an Aire agus a shonróidh sé san ordú sin ina tréimhse cheaptha chun críocha an ordaithe sin;

(b) toirmeasc a chur le ceadúnais a eisiúint i leith aon chineál líonta le haghaidh iascaireachta san iascach sin ach amháin líonta de chineál a úsáideadh go dleathach le haghaidh iascaireachta san iascach sin i gcaitheamh na bliana caighdeánaí;

(c) maidir le líonta de gach cineál ar leith a úsáideadh go dleathach le haghaidh iascaireachta san iascach sin i gcaitheamh na bliana caighdeánaí—

(i) a shocrú cad é an uasuimhir ceadúnas i leith líonta den chineál sin a fhéadfar a eisiúint le haghaidh iascaireachta san iascach sin i gcaitheamh gach ceann de na blianta (seachas an bhliain deiridh) sa tréimhse cheaptha, agus féadfaidh sé uimhreacha éagsúla a shocrú amhlaidh in aghaidh gach bliana nó aon bhliana nó blianta díobh sin, ach sin faoi réir na teorann nach mbeidh an uimhir a shocrófar amhlaidh níos mó ná céad faoin gcéad ná níos lú ná caoga faoin gcéad den uimhir ceadúnas i leith líonta den chineál sin a eisíodh le haghaidh iascaireachta san iascach sin i gcaitheamh na bliana caighdeánaí,

(ii) a shocrú cad é an uasuimhir ceadúnas i leith líonta den chineál sin a fhéadfar a eisiúint le haghaidh iascaireachta san iascach sin i gcaitheamh na bliana deiridh den tréimhse cheaptha agus i gcaitheamh gach bliana a thosóidh tar éis n >tréimhse ceaptha, agus féadfaidh sé uimhreacha éagsúla a shocrú in aghaidh gach bliana nó aon bhliana nó blianta díobh sin, ach sin faoi réir na teorann nach mbeidh an uimhir a shocrófar amhlaidh níos mó ná ochtó faoin gcéad ná níos lú ná caoga faoin gcéad den uimhir ceadúnas i leith líonta den chineál sin a eisíodh le haghaidh iascaireachta san iascach sin i gcaitheamh na bliana caighdeánaí,

(iii) toirmeasc a chur le huimhir ceadúnas a eisiúint i leith líonta den chineál sin in aghaidh aon bhliana de bhreis ar an uas-uimhir a bheidh socraithe amhlaidh don bhliain sin,

(iv) toirmeasc a chur le níos mó ná ceadúnas amháin a eisiúint chun aon duine amháin i leith líon den chineál sin in aghaidh aon bhliana;

(d) lá a cheapadh roimh gach bliain chun bheith ina lá deiridh le ceadúnais a iarraidh do líonta le haghaidh iascaireachta san iascach sin i gcaitheamh na bliana sin.

(2) Má dhéanann an tAire ordú faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le haon iascach poiblí, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le ceadúnais a eisiúint do gach cineál lín (ar líon é de chineál nach dtoirmisctear leis an ordú sin ceadúnas a eisiúint ina leith) le haghaidh iascaireachta san iascach sin in aghaidh gach bliana lena mbainfidh an t-ordú sin:—

(a) ní eiseofar aon cheadúnas i leith líon den chineál sin le haghaidh iascaireachta san iascach sin i gcaitheamh na bliana sin chun aon duine mura n-iarrtar an ceadúnas sin tráth nach déanaí ná an dáta (dá ngairtear an lá deiridh chun iarratais a dhéanamh san fho-alt seo) a cheapfar leis an ordú sin ina lá deiridh chun ceadúnais i leith líonta le haghaidh iascaireachta san iascach sin i gcaitheamh na bliana sin a iarraidh;

(b) ní bheidh aon duine i dteideal níos mó ná ceadúnas amháin a iarraidh i leith an chineáil sin lín le haghaidh iascaireachta san iascach sin i gcaitheamh na bliana sin, agus má iarrann aon duine níos mó ná ceadúnas amháin den chineál sin, áireofar an t-iarratas sin mar iarratas ar cheadúnas amháin den chineál sin;

(c) i gcás uimhir na n-iarratas ar cheadúnais i leith an chineáil sin lín le haghaidh iascaireachta san iascach sin i gcaitheamh na bliana sin a dhéanfaidh daoine (dá ngairtear daoine fabhraithe san fho-alt seo)—

(i) a raibh ceadúnais acu i leith líonta den chineál sin le haghaidh iascaireachta i gcaitheamh na bliana caighdeánaí agus a bhí iarbhír ag gabháil d'iascaireacht faoi na ceadúnais sin sa bhliain chaighdeánach, nó

(ii) a bhí, i gcaitheamh iomlán, nó beagnach iomlán, gach séasúir de na trí shéasúr iascaireachta díreach roimh an lá deiridh chun iarratais a dhéanamh, ar fostú go buan agus go rialta ag iascaireacht san iascach sin,

a bheith comhionann le huasuimhir na gceadúnas den chineál sin a shonrófar san ordú sin don bhliain sin, ansin ní dhéanfar aon cheadúnais den sórt sin a dheonú d'aon duine ach amháin do dhaoine fabhraithe;

(d) i gcás uimhir na n-iarratas a dhéanfaidh daoine fabhraithe go cuí ar cheadúnais i leith an chineáil sin lín le haghaidh iascaireachta san iascach sin i gcaitheamh na bliana sin a bheith níos mó ná an uasuimhir sin—

(i) ní dheonófar aon cheadúnais den sórt sin d'aon daoine ach amháin do dhaoine fabhraithe;

(ii) eiseofar na ceadúnais sin i measc na ndaoine fabhraithe sin de réir mar a chinnfear le crannchur;

(e) i gcás uimhir na n-iarratas a dhéanfaidh daoine fabhraithe go cuí ar cheadúnais i leith an chineáil sin lín le haghaidh iascaireachta san iascach sin i gcaitheamh na bliana sin a bheith níos lú ná an uasuimhir sin—

(i) eiseofar ceadúnas i leith an chineáil sin lín chun gach duine de na daoine fabhraithe sin,

(ii) má bhíonn uimhir na gceadúnas den chineál sin a bheidh fágtha tar éis na heisiúna chun daoine fabhraithe comhionann le huimhir na n-iarratas cuí-dhéanta ó dhaoine (dá ngairtear daoine neamhfhabhraithe san fho-alt seo) nach daoine fabhraithe iad nó níos mó ná uimhir na n-iarratas sin, eiseofar ceadúnas amháin den chineál sin chun gach duine de na daoine neamhfhabhraithe sin,

(iii) má bhíonn uimhir na gceadúnas den chineál sin a bheidh fágtha amhlaidh níos lú ná uimhir na n-iarratas cuí-dhéanta ó dhaoine neamh-fhabhraithe, eiseofar na ceadúnais sin i measc na ndaoine neamhfhabhraithe sin de réir mar a chinnfear le crannchur.

(3) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “iascach poiblí” an chuid taoidmhear d'aon abhainn ina bhfuil ceart iascaireachta poiblí agus inbhear na habhann sin agus an fharraige laistigh de thrí mhíle ó bhéal an inbhir sin nó, i gcás muir-theorainn an inbhir a bheith sonraithe, muirtheorainn an inbhir sin, ach ní fholaíonn sé codanna taoidmheara Abhainn na Sionainne nó a chraobh-aibhneacha lastuas dá béal nó dá mbéil;

ciallaíonn an abairt “an bhliain chaighdeánach”—

(a) maidir le hAbhainn na hÉirne agus le hAbhainn an Fhia agus lena n-inbhir, an bhliain 1934,

(b) maidir le haon iascach poiblí eile, an bhliain 1935.

(4) I gcás duine a chiontú i gcion faoi na hachtacháin aisghairthe nó i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo, ní bheidh an duine sin i dteideal aon chirt tosaíochta chun ceadúnas a fháil faoin alt seo.