12 1959


Uimhir 12 de 1959.


AN tACHT RÓD-CHISTE (DEONTAIS AGUS AIRLEACAIN) (FORÁLACHA SEALADACHA), 1959.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH FORÁLACHA SEALADACHA LE hAGHAIDH DEONTAS AGUS AIRLEACAN DON RÓD-CHISTE. [16 Meitheamh, 1959.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :—

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais ;

ciallaíonn “blianta airgeadais lena mbaineann an tAcht seo” an chúig bhliain airgeadais chomhleanúnach arb í an chéad bhliain acu an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1960.

Deontais don Ród-Chiste.

2. —Féadfaidh an tAire, gach ceann de na blianta airgeadais lena mbaineann an tAcht seo, deontas nach mó ná dhá chéad míle punt a dheonú don Ród-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Airleacain don Ród-chiste.

3. —(1) Féadfaidh an tAire, gach ceann de na blianta airgeadais lena mbaineann an tAcht seo, airleacan nach mó ná dhá chéad míle punt a thabhairt don Ród-Chiste as an bPríomhchiste nó a thoradh fáis.

(2) Na suimeanna go léir a airleacfar faoin alt seo, maraon le hús orthu de réir an ráta a shocróidh an tAire, muirearófar sin ar an Ród-Chiste agus beidh sin iníoctha as an gciste sin ar an modh a ordóidh an tAire.

Cumhacht chun airgead a fháil ar iasacht.

4. —(1) Chun soláthar a dhéanamh le haghaidh airleacan as an bPríomhchiste faoin bhfo-alt roimhe seo, féadfaidh an tAire aon suim nó suimeanna a fháil ar iasacht ó dhuine ar bith, agus chun an céanna a fháil ar iasacht féadfaidh sé urrúis a chruthú agus a eisiúint agus iad faoi cibé ráta úis agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca, fuascailte nó eile, is oiriúnach leis, agus íocfaidh sé isteach sa Stát-Chiste an t-airgead a gheofar ar iasacht amhlaidh.

(2) Beidh príomhshuim agus ús aon urrús a eiseofar faoin alt seo agus aon chaiteachas faoina rachfar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint ina mhuirear ar, agus iníoctha as, an bPríomhchiste nó a thoradh fáis.

Gearrtheideal.

5. —Féadfar an tAcht Ród-Chiste (Deontais agus Airleacain) (Forálacha Sealadacha), 1959 , a ghairm den Acht seo.