|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1958) | Ar Aghaidh (CUID II. Faoiseamh Sealadach ó Chánachas.) |
AN tACHT AIRGEADAIS (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1958
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta. | |
[EN] |
Gearrtheideal. |
1. —Féadfar an tAcht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1958 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] |
Léiriú. 1920 c. 18. |
2. —(1) San Acht seo— |
[EN] | tá le “an t-aerfort” an bhrí chéanna atá leis san Acht Aerfoirt Neamhchustam, 1947; | |
[EN] | ciallaíonn “cuideachta” aon chomhlacht corpraithe a dhéanann trádáil; | |
[EN] | ciallaíonn “na hAchtanna Brabús Corparáide” Cuid V den Finance Act, 1920, agus na hachtacháin a leasaíonn nó a leathnaíonn an Chuid sin; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais. | |
[EN] | (2) Aon tagairt atá san Acht seo d'aon achtachán eile déanfar, ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, í a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú le nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo. | |
[EN] | (3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineann sí le cáin ioncaim, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus, a mhéid a bhaineann sí le cáin bhrabús corparáide, forléireofar í i dteannta na nAchtanna Cánach Brabús Corparáide | |
[EN] | (4) Déanfar Cuid III den Acht seo, a mhéid a bhaineann sí le dleachta custam, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam, agus, a mhéid a bhaineann sí le dleachta máil, forléireofar í i dteannta na reachtanna a bhaineann le dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin. |