An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Blianachtaí Scoir: Cáin Ioncaim agus Forcháin.) Ar Aghaidh (CUID VIII. Gnóthais Airgeadais agus Daoine faoi Dhíolúine ó Cháin do Cheannach Scaireanna agus Srianta le Faoiseamh i leith Caillteanas trí Cháin a Aisíoc i gcás Díbhinní a íocadh as Brabúis Charnaithe: Cáin Ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparáide.)

25 1958

AN tACHT AIRGEADAIS, 1958

CUID VII.

Faoiseamh ó Chánachas Dúbailte; Cáin Ioncaim, Forcháin, Cáin Bhrabús Corparáide agus Dleachtanna Báis.

Comhaontuithe i leith faoisimh ó chánachas dúbailte ar ioncam.

44. —(1) Má dhearbhaíonn an Rialtas le hordú go bhfuil comhshocraíochtaí a shonrófar san ordú déanta le rialtas aon críche lasmuigh den Stát maidir le faoiseamh a thabhairt ó chánachas dúbailte i leith cánach ioncaim, forchánach nó cánach brabús corparáide agus aon chánacha den tsaghas sin, arna bhfhorordú le dlithe an Stáit nó le dlithe na críche sin, agus gur foírstineach go mbeadh feidhm dlí ag na comhshocraíochtaí sin, ansin, faoi réir forálacha na Coda seo den Acht seo, beidh feidhm dlí ag na comhshocraíochtaí d'ainneoin aon ní in aon achtachán.

(2) Maidir le forálacha an Dara Sceidil a ghabhann leis an Acht seo—

(a) beidh éifeacht acu i gcás ina bhforálann comhshocraíochtaí ag a bhfuil feidhm dlí de bhua an ailt seo go ndeánfar cáin is iníoctha faoi dhlithe na críche iomchuí a lamháil mar chreidmheas in aghaidh cánach is iníoctha sa Stát,

(b) i ndáil leis an gcoinbhinsiún idir an Rialtas agus Rialtas Stát Aontaithe Mheiriceá dar tugadh feidhm dlí le halt 12 den Acht Airgeadais, 1950 ( Uimh. 18 de 1950 ), cuirfear iad in ionad na bhforálacha atá i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, agus

(c) i ndáil leis an gcomhaontú idir an Rialtas agus Rialtas Cheanada dar tugadh feidhm dlí le halt 14 den Acht Airgeadais, 1955 ( Uimh. 13 de 1955 ), cuirfear iad in ionad na bhforálacha atá i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

(3) Aon chomhshocraíochtaí dá dtugtar feidhm dlí faoin alt seo féadfaidh foráil a bheith iontu i dtaobh faoiseamh ó cháin a thabhairt in aghaidh tréimhsí roimh an Acht seo a rith nó roimh na comhshocraíochtaí a dhéanamh agus forálacha i dtaobh ioncaim nach bhfuil faoi réir cánachas dúbailte, agus beidh éifeacht dá réir sin ag na forálacha roimhe seo den alt seo.

(4) I bhfo-alt (4) d'alt 13 den Acht Airgeadais, 1950 , folóidh tagairtí do dhíbhinn a íocadh roimh an Acht sin a rith tagairtí do dhíbhinn a íocadh sula ndearna an Rialtas ordú lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo, agus forléireofar an fo-alt sin (4) dá réir sin.

(5) Chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, féachfar ar chomhshocraíochtaí a rinneadh le ceann stáit choigríche mar chomhshocraíochtaí a rinneadh le rialtas an stáit sin.

Cionroinnt.

45. —Déanfar an chionroinnt is gá maidir le cáin bhrabús corparáide i gcás ina mbainfidh comhshocraíochtaí, ag a mbeidh feidhm dlí de bhua ailt 44 den Acht seo, leis an gcuid gan chaitheamh de thréimhse chuntasaíochta a bhí ag rith ar dháta a shonrófar sna comhshocraíochtaí, agus déanfar aon chionroinnt den. tsórt sin i gcomhréir leis an méid míonna nó codáin de mhíonna sa chuid den tréimhse chuntasaíochta iomchuí roimh an dáta sin agus ina hiarmhar faoi seach.

Comhaontuithe i leith faoisimh ó dhleachtanna báis dúbailte.

46. —(1) Má dhearbhaíonn an Rialtas le hordú go bhfuil comhshocraíochtaí a shonrófar san ordú déanta le rialtas aon chríche lasmuigh den Stát maidir le faoiseamh a thabhairt ó chánachas dúbailte i leith dleachta eastáit is iníoctha faoi dhlithe an Stáit agus aon dleachta den tsaghas sin a fhorchuirtear faoi dhlithe an Stáit nó faoi dhlithe na críche sin, agus gur fóirstineach go mbeadh feidhm dlí ag na comhshocraíochtaí sin, beidh feidhm dlí ag na comhshocraíochtaí d'ainneoin aon ní in aon achtachán.

(2) I gcás feidhm dlí a bheith ag comhshocraíochtaí de bhua an ailt seo—

(a) ní bheidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt 7 den Finance Act, 1894, maidir le dleacht lena mbaineann na comhshocraíochtaí agus is inmhuirir faoi dhlithe na críche iomchuí, agus

(b) más críoch lena mbaineann alt 20 den Finance Act, 1894, an chríoch iomchuí, ní thabharfar aon liúntas faoin alt sin i leith dleachta lena mbaineann na comhshocraíochtaí agus is inmhuirir faoi dhlithe na críche sin.

(3) Aon chomhshocraíochtaí dá dtugtar feidhm dlí faoin alt seo féadfaidh foráil a bheith iontu i dtaobh faoiseamh ó dhleacht a thabhairt i gcás bás a tharla roimh an Acht seo a rith nó roimh na comhshocraíochtaí a dhéanamh agus forálacha i dtaobh maoine nach bhfuil faoi réir dleachta dúbailte, agus beidh éifeacht dá réir sin ag forálacha an ailt seo.

(4) Chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, féachfar ar chomhshocraíochtaí a rinneadh le ceann stáit choigríche mar chomhshocraíochtaí a rinneadh le rialtas an stáit sin.

Rialacháin.

47. —Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ó am go ham comhshocraíochtaí a dhéanamh go ginearálta i dtaobh forálacha na Coda seo den Acht seo nó aon chomhshocraíochtaí ag a mbeidh feidhm dlí faoin gcéanna a chur i bhfeidhm agus féadfaidh siad, go sonrach, ach gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo, foráil a dhéanamh leis na rialacháin sin—

(a) chun a áirithiú nach rachaidh faoiseamh ó chánachas arna fhorchur le dlithe na críche lena mbainfidh aon chomhshocraíochtaí den tsórt sin chun sochair do dhaoine nach bhfuil ina theideal, agus

(b) chun a údarú, i gcásanna nach ndearnadh, d'fhonn aon chomhshocraíochtaí den tsórt sin a chomhlíonadh, cáin is inasbhainte as aon íocaíocht tréimhsiúil a asbhaint agus go bhfaighfear amach nach mbaineann na comhshocraíochtaí leis an íocaíocht sin, an cháin a ghnóthú trí mheasúnú ar an duine atá i dteideal an íocaíocht a fháil nó trí asbhaint ó íocaíochtaí ina dhiaidh sin.

Eolas a nochtadh.

48. —I gcás ina mbeidh feidhm dlí ag aon chomhshocraíochtaí de bhua na Coda seo den Acht seo, ní dhéanfaidh an oblagáid maidir le rún a fhorchuirtear le haon achtachán na Coimisinéirí Ioncaim ná aon oifigeach údaraithe do na Coimisinéirí Ioncaim a bhac ó cibé eolas a bheidh de cheangal a nochtadh faoi na comhshocraíochtaí a nochtadh d'aon oifigeach údaraithe de chuid an rialtais lena mbeidh na comhshocraíochtaí déanta.

Forlíontach.

49. —(1) Féadfar aon ordú a dhéanfar faoin gCuid seo den Acht seo a chúlghairm le hordú ina dhiaidh sin agus féadfaidh cibé forálacha idirlinne is dóigh leis an Rialtas is gá nó is fóirstineach a bheith in ordú cúlghairme den tsórt sin.

(2) I gcás ina mbeartófar ordú a dhéanamh faoin gCuid seo den Acht seo leagfar dréacht de faoi bhráid Dháil Éireann agus ní dhéanfar an t-ordú go rithfidh Dáil Éireann rún ag ceadú an dréachta.

Alt 15 den Acht Airgeadais, 1951 , a leasú.

50. —Chun críocha ailt 15 den Acht Airgeadais, 1951 (Uimh. 15 de 1951) , féachfar ar chomhshocraíocht a rinneadh le ceann stáit choigríche mar chomhshocraíocht a rinneadh le rialtas an stáit sin.