|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. Dleachtanna Báis.) | Ar Aghaidh (CUID V. Sochair Scoir agus Sochair eile do Stiúrthóirí agus d'Fhostaithe: Cáin Ioncaim agus Forcháin.) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1958
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV. Liúntais Chaiteachais agus Sochair in Earraí: Cáin Ioncaim agus Forcháin. | |
[EN] |
Liúntais chaiteachais, etc. |
23. —(1) Faoi réir forálacha na Coda seo den Acht seo, déanfar, chun críocha Rialach 1 de na Rialacha a bhaineann le Sceideal E, aon tsuim a bheidh íoctha i leith caiteachais ag comhlacht corpraithe le haon duine dá stiúrthóirí nó le duine ar bith i bhfostaíocht an chomhlachta sin is fostaíocht lena mbaineann an Chuid seo den Acht seo a áireamh, mura mbeidh an tsuim sin inchurtha faoi cháin ioncaim ar shlí eile mar ioncam leis an stiúrthóir nó an fostaí sin, mar pheircis a ghabhann le hoifig nó le fostaíocht an stiúrthóra nó an fhostaí sin agus mar chuid de shochair an chéanna is inmheasúnaithe i leith cánach ioncaim (lena n-áirítear forcháin) dá réir sin, ach ní choiscfidh aon ní sa bhfo-alt seo éileamh ar asbhaint a dhéanamh faoi Riail 9 de na Rialacha sin i leith aon airgid a caitheadh go hiomlán, go haonarach agus go riachtanach ag comhlíonadh dualgas na hoifige nó na fostaíochta. |
[EN] | (2) An tagairt atá i bhfo-alt (1) den alt seo d'aon suim a íocadh i leith caiteachais folaíonn sí tagairt d'aon suim a sholáthraigh comhlacht corpraithe do stiúrthóir nó d'fhostaí agus d'íoc sé amach. | |
[EN] |
Sochair in earraí a chur san áireamh. |
24. —(1) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den Chuid seo den Acht seo, i gcás— |
[EN] | (a) comhlacht corpraithe do dhul faoi chostas ag soláthar, nó i ndáil le soláthar, cóiríochta cónaithe nó cóiríochta eile, nó aíochta, nó seirbhísí tís nó seirbhísí eile nó sochar nó saoráidí eile d'aon sórt d'aon duine dá stiúrthóirí nó d'aon duine ar fostú ag an gcomhlacht sin i bhfostaíocht lena mbaineann an Chuid seo den Acht seo, agus | |
[EN] | (b) nach mbeadh an caiteachas inchurtha, mura mbeadh an t-alt seo, faoi cháin ioncaim mar ioncam leis an stiúrthóir nó leis an bhfostaí, | |
[EN] | beidh éifeacht ag Rialacha 1 agus 9 de na Rialacha a bhaineann le Sceideal E agus ag alt 105 den Income Tax Act, 1918, maidir leis an oiread den chaiteachas nach mbeidh cúitithe leis an gcomhlacht corpraithe ag an stiúrthóir nó an fostaí amhail is dá mb'é an stiúrthóir nó an fostaí a bhí tar éis dul faoin gcaiteachas agus go raibh méid an chaiteachais sin aisíoctha leis ag an gcomhlacht corpraithe trí íocaíocht i leith caiteachais, agus beidh cáin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) inmhuirir dá réir sin. | |
[EN] | (2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le costas faoina ndeachaigh an comhlacht corpraithe ag soláthar, nó i ndáil le soláthar, aon chóiríochta, soláthairtí nó seirbhísí do stiúrthóir nó d'fhostaí in aon áitreabh gno de chuid an chomhlachta agus a soláthraíodh le haghaidh an stiúrthóra nó an fhostaí féin agus d'úsáid sé chun agus amháin chun dualgais a oifige nó a fhostaíochta a chomhlíonadh. | |
[EN] | (3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le caiteachas faoina ndeachaigh an comhlacht corpraithe ag soláthar, nó i ndáil le soláthar, cóiríochta cónaithe d'fhostaí i gcuid d'aon áitreabh gnó leis an gcomhlacht sin ina bhfuil cóiríocht chónaithe más gá don fhostaí, de réir téarmaí a fhostaíochta, cónaí sa chóiríocht le go bhféadfaidh sé a dhualgais a chomhlíonadh i gceart agus— | |
[EN] | (a) go bhfuil an chóiríocht soláthraithe de réir gnáis a bhí coiteann i dtrádála den aicme iomchuí ó thús na ndeich mbliana dar críoch dáta an Achta seo a rith maidir le fostaithe den aicme iomchuí, nó | |
[EN] | (b) gur gá, i dtrádála den aicme iomchuí, go gcónódh fostaithe den aicme iomchuí in áitreabh den aicme iomchuí, | |
[EN] | ach ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo i gcás an fostaí a bheith ina stiúrthóir ar an gcomhlacht corpraithe iomchuí nó ar aon chomhlacht corpraithe eile a bhfuil urlámh ag an gcomhlacht corpraithe sin air nó aige sin ar an gcomhlacht corpraithe sin nó atá faoi urlámh dhuine a bhfuil urlámh aige freisin ar an gcomhlacht corpraithe sin. | |
[EN] | (4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le caiteachas faoina ndeachaigh an comhlacht corpraithe ag soláthar, nó i ndáil le soláthar, béilí in aon cheaintín ina soláthraítear béilí don fhoireann i gcoitinne. | |
[EN] | (5) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le caiteachas faoina ndeachaigh an comhlacht corpraithe ag soláthar, nó i ndáil le soláthar, aon phinsin, blianachta, cnapshuime, aisce nó sochair eile dá shórt sin a thabharfar ar éag nó éirí-as dó a sholáthar do stiúrthóir nó d'fhostaí é féin, nó dá chéile, dá chlann nó dá chleithiúnaithe. | |
[EN] | (6) Aon tagairt san alt seo do chaiteachas faoina ndeachthas i leith nó maidir le haon ní, folaíonn sí tagairt do chionúireacht iomchuí d'aon chaiteachas faoina ndeachthas go páirteach i leith nó maidir leis an ní sin. | |
[EN] |
Luacháil sochar in earraí. |
25. —(1) Aon chaiteachas faoina ndeachaigh comhlacht corpraithe ag fáil nó ag táirgeadh sócmhainne a fhanann mar mhaoin ag an gcomhlacht féin, fágfar as an áireamh é chun críocha ailt 24 den Acht seo. |
[EN] | (2) Más é cuma ina ndéanfar aon socrú den tsaghas a luaitear i bhfo-alt (1) d'alt 24 den Acht seo an mhaoin in aon sócmhainn leis an gcomhlacht corpraithe a aistriú, agus gur tharla, ó fuair nó ó tháirg an comhlacht corpraithe an tsócmhainn, gur úsáideadh an tsócmhainn nó gur bhain díluachadh di, measfar go ndeachaigh an comhlacht corpraithe, agus an socrú sin á dhéanamh aige, faoi chaiteachas is comhionann le luach na sócmhainne tráth an aistrithe. | |
[EN] | (3) (a) Má mheasúnaítear, nó más inmheasúnaithe, comhlacht corpraithe faoi Sceideal A maidir le haon áitreabh a mbeidh an comhlacht tar éis an t-áitreabh ar fad nó aon chuid de a sholáthar mar chóiríocht chónaithe nó mar chóiríocht eile d'aon duine dá stiúrthóirí nó dá fhostaithe agus nach n-íocann an comhlacht corpraithe aon chíos i leith an áitribh nó gur lú suim bhliantúil an chíosa a íocann sé ná suim na measúnachta faoi Sceideal A ar an áitreabh, beidh éifeacht ag alt 24 den Acht seo fé is dá n-íocadh an comhlacht corpraithe cíos bliantúil i leith an áitribh is comhionann le suim na measúnachta faoi Sceideal A ar an áitreabh. | |
[EN] | (b) Sa bhfo-alt seo ciallaíonn “suim na measúnachta faoi Sceideal A” suim arbh ionann i agus suim na measúnachta faoi in aghaidh na bliana measúnachta iomchuí dá mba nár achtaíodh alt 3 den Acht Airgid, 1935 ( Uimh. 28 de 1935 ). | |
[EN] | (4) I gcás sócmhainn ar leis an gcomhlacht corpraithe i gcónaí í a úsáid go hiomlán nó go páirteach chun aon socrú den tsaghas a luaitear i bhfo-alt (1) d'alt 24 den Acht seo a dhéanamh, agus nach áitreabh an tsócmhainn, measfar, chun críocha an ailt sin, go ndeachaigh an comhlacht corpraithe faoi chaiteachas bliantúil (i dteannta aon chaiteachais eile faoina ndeachaigh sé maidir leis an sócmhainn, nach caiteachas lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo) maidir leis is comhionann le luach bliantúil úsáide na sócmhainne, ach má bhíonn aon suim i leith cíosa nó fruilithe iníoctha ag an gcomhlacht corpraithe i leith na sócmhainne— | |
[EN] | (a) i gcás suim bhliantúil an chíosa nó an fhruilithe a bheith comhionann le, nó níos mó ná, luach bliantúil úsáide na sócmhainne, ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo, agus | |
[EN] | (b) i gcás inar lú suim bhliantúil an chíosa nó an fhruilithe ná luach bliantúil úsáide na sócmhainne, fágfar an cíos nó an fruiliú as an áireamh chun críocha an ailt sin. | |
[EN] | (5) Aon tagairt atá san alt seo do chomhlacht corpraithe is inmheasúnaithe faoi Sceideal A i leith aon áitribh measfar go bhfolaíonn sí tagairt do chomhlacht corpraithe dob inmheasúnaithe amhlaidh dá mbeadh na cúinsí a bhí ann ar feadh aon choda den bhliain ann i gcaitheamh na bliana uile. | |
[EN] |
An bhrí atá le “stiúrthóir”, “fostaíocht” agus “fostaíocht lena mbaineann an Chuid seo den Acht seo”. |
26. —(1) Sa Chuid seo den Acht seo, ciallaíonn “stiúrthóir”— |
[EN] | (a) maidir le comhlacht corpraithe ar bord stiúrthóirí nó comhlacht dá shamhail a bhainistíonn a ghnó, comhalta den bhord sin nó den chomhlacht dá shamhail, | |
[EN] | (b) maidir le comhlacht corpraithe ar stiúrthóir aonair nó duine dá shamhail a bhainistíonn a ghnó, an stiúrthóir sin nó an duine sin, | |
[EN] | (c) maidir le comhlacht corpraithe arb iad na comhaltaí féin a bhainistíonn a ghnó, comhalta den chomhlacht corpraithe, | |
[EN] | agus folaíonn sé duine ar bith ar gnáth le stiúrthóirí comhlachta chorpraithe, arna mhíniú de réir na bhforálacha roimhe seo den fho-alt seo, gníomhú de réir a orduithe nó a threoracha, ach ní mheasfar, de réir bhrí an fho-ailt seo, duine a bheith ina dhuine ar gnáth le stiúrthóirí comhlachta chorpraithe gníomhú de réir a orduithe nó a threoracha de dhroim amháin go ngníomhaíonn na stiúrthóirí sin de réir a chomhairle i gcáil ghairmiúil dó. | |
[EN] | (2) Sa Chuid seo den Acht seo, ciallaíonn “fostaíocht” fostaíocht ar de chineál í go mbeadh aon sochair oifige uaidh le measúnú faoi Sceideal E, agus folaíonn tagairtí do dhaoine ar fostú ag comhlacht corpraithe nó is fostaithe do chomhlacht corpraithe aon duine a ghlacann páirt i mbainistí ghnó an chomhlachta chorpraithe agus nach stiúrthóir ar an gcomhlacht sin. | |
[EN] | (3) Faoi réir forálacha an fho-ailt seo agus fo-ailt (4) den alt seo, na fostaíochtaí lena mbaineann an Chuid seo den Acht seo is fostaíochtaí iad ar cúig chéad déag punt nó níos mó na sochair uathu, arna meas don bhliain mheasúnachta iomchuí de réir forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim agus ar an bhforas gur fostaíochtaí iad lena mbaineann an Chuid seo den Acht seo, agus gan aon asbhaint a dhéanamh faoi Riail 9 de na Rialacha a bhaineann le Sceideal E maidir le hairgead a caitheadh ag comhlíonadh dualgas an chéanna: | |
[EN] | Ar choinníoll— | |
[EN] | (a) i gcás duine a bheith fostaithe i dhá fhostaíocht nó níos mó ag an gcomhlacht corpraithe amháin, agus gur cúig chéad déag punt nó níos mó iomlán sochar na bhfostaíochtaí sin in aghaidh na bliana measúnachta iomchuí arna meas mar adúradh, déileálfar leis na fostaíochtaí sin uile mar fhostaíochtaí lena mbaineann an Chuid seo den Acht seo, agus | |
[EN] | (b) i gcás duine a bheith ina stiúrthóir ar chomhlacht corpraithe, déileálfar leis na fostaíochtaí uile ina mbeidh sé ar fostú ag an gcomhlacht corpraithe mar fhostaíochtaí lena mbaineann an Chuid seo den Acht seo. | |
[EN] | (4) Maidir le stiúrthóirí uile agus fostaithe uile chomhlachta chorpraithe ar a bhfuil urlámh ag comhlacht corpraithe eile déileálfar leo chun críocha an choinníll a ghabhann le fo-alt (3) den alt seo (ach ní chun aon chríche eile) fé is dá mba stiúrthóirí ar an gcomhlacht corpraithe eile sin iad, nó, de réir mar bheidh, fé is dá mba fostaíocht faoin gcomhlacht corpraithe eile sin an fhostaíocht. | |
[EN] |
Forálacha breise maidir le heolas. |
27. —(1) I bhfo-alt (2) d'alt 105 den Income Tax Act, 1918, measfar go bhfolaíonn na tagairtí do chuideachta tagairtí d'aon chomhlacht corpraithe agus beidh le “director” an bhrí chéanna atá le “stiúrthóir” sa Chuid seo den Acht seo. |
[EN] | (2) Má dhéanann comhlacht corpraithe, chun críocha tuairisceáin faoin alt sin 105, cionroinnt ar chaiteachas faoina ndeachthas go páirteach i leith nó maidir le ní áirithe agus go páirteach i leith nó maidir le nithe eile— | |
[EN] | (a) beidh sa tuairisceán ráiteas gur de thoradh na cionroinnte sin an tsuim atá sa tuairisceán, | |
[EN] | (b) déanfaidh an comhlacht corpraithe, má cheanglaítear sin air trí fhógra ón gcigire cánach, tuairisceán a ullmhú agus a sheachadadh don chigire laistigh den am a bheidh teoranta leis an bhfógra agus sonraí iomlána ann i dtaobh na suime a cionroinneadh, an tslí ina ndearnadh agus na forais ar a ndearnadh an chionroinnt, agus | |
[EN] | (c) má bhíonn an cigire míshásta le haon chionroinnt chaiteachais den tsórt sin, féadfaidh sé, chun críocha measúnachta, an caiteachas a chionroinnt, ach féadfaidh an comhlacht corpraithe, ar fhógra a thabhairt i scríbhinn don chigire laistigh de lá agus fiche tar éis fógra a fháil i dtaobh aon chionroinnte den tsórt sin a rinne an cigire, achomharc i gcoinne na cionroinnte sin a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta. | |
[EN] | (3) Eistfidh agus cinnfidh na Coimisinéirí Speisialta achomharc a dhéanfar chucu faoi fho-alt (2) den alt seo fé is dá mb'achomharc é chucu i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim, agus, faoi réir na modhnuithe is gá, beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le achomharc a athéisteacht nó le cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phointe dlí. | |
[EN] | (4) Na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le tuairisceáin faoin alt sin 105 beidh feidhm acu maidir le haon tuairisceán a cheanglaítear a thabhairt faoi fho-alt (2) den alt seo. | |
[EN] |
Feidhm Choda IV. |
28. —Ní bheidh feidhm ag an gCuid seo den Acht seo maidir le haon chomhlacht corpraithe mura mbíonn trádáil ar siúl aige nó muran infheistíochtaí nó maoin eile a shealbhú iomlán nó formhór a fheidhmeanna. |
[EN] |
Léiriú na bhforálacha roimhe seo de Chuid IV. |
29. —(1) Sna forálacha roimhe seo den Chuid seo den Acht seo folaíonn “áitreabh gnó”, maidir le comhlacht corpraithe, gach áitreabh ar áitiú ag an gcomhlacht sin chun críocha aon trádála a bhíonn ar siúl aige: |
[EN] | Ar choinníoll nach bhfolaíonn “áitreabh gnó” ach amháin i gcás inar tagairt sainráite d'áitreabh ina bhfuil cóiríocht chónaithe an tagairt, an méid d'aon áitreabh mar adúradh a úsáidtear mar chóiríocht chónaithe d'aon duine de stiúrthóirí an chomhlachta chorpraithe nó d'aon duine ar fostú ag an gcomhlacht corpraithe in aon fhostaíocht lena mbaineann an Chuid seo den Acht seo. | |
[EN] | (2) Aon tagairt atá sna forálacha roimhe seo den Chuid seo den Acht seo d'aon ní a soláthraíodh do stiúrthóir nó d'fhostaí déanfar, muran tagairt sainráite í do rud éigin a soláthraíodh don stiúrthóir nó don fhostaí féin, í a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'aon ní a soláthraíodh do chéile, do theaghlach, do sheirbhísigh, do chleithiúnaigh nó d'aíonna an stiúrthóra nó an fhostaí sin, agus forléireofar dá réir sin an tagairt atá sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (1) den alt seo do chóiríocht chónaithe do stiúrthóirí nó d'fhostaithe. | |
[EN] | (3) Sna forálacha roimhe seo den Chuid seo den Acht seo, ciallaíonn “urlámh”, maidir le comhlacht corpraithe, cumhacht duine chun a áirithiú, trí scaireanna nó cumhacht vótála a shealbhú sa chomhlacht corpraithe sin nó maidir leis nó in aon chomhlacht corpraithe eile nó maidir leis, nó de bhua aon chumhachtaí a thugtar leis na hairteagail chomhlachais nó le haon doiciméid eile a rialaíonn an comhlacht corpraithe sin nó aon chomhlacht corpraithe eile, gur de réir tola an duine sin a sheolfar gnó an chomhlachta chorpraithe chéadluaite. | |
[EN] |
Comhlachtaí neamhchorpraithe, comhpháirtíochtaí agus pearsana. |
30. —(1) Bainfidh na forálacha roimhe seo den Chuid seo den Acht seo le cumainn neamhchorpraithe agus comhlachtaí eile fé mar bhaineann siad le comhlachtaí corpraithe, agus, maidir leis na forálacha sin roimhe seo, beidh feidhm freisin ag an míniú ar “urlámh”, oiriúnaithe mar is gá, atá i bhfo-alt (3) d'alt 29 den Acht seo. |
[EN] | (2) Beidh feidhm ag na forálacha roimhe seo den Chuid seo den Acht seo maidir le haon chomhpháirtíocht a sheolann aon trádáil nó gairm fé mar bheadh feidhm acu maidir le comhlacht corpraithe a bheadh ag seoladh trádála, dá bhfágtaí ar lár an méid sin díobh a bhaineann le stiúrthóirí an chomhlachta chorpraithe nó le daoine a ghlacann páirt i mbainistí ghnó an chomhlachta chorpraithe, ach— | |
[EN] | (a) ciallaíonn “urlámh”, maidir le comhpháirtíocht, an ceart chun scair is mó ná leath na sócmhainní nó níos mó ná leath ioncaim na comhpháirtíochta, agus | |
[EN] | (b) i gcás urlámh a bheith ag comhpháirtíocht den tsórt adúradh ar chomhlacht corpraithe lena mbaineann an Chuid seo den Acht seo (agus forléireofar “urlámh” chun na críche sin de réir an mhínithe atá air i bhfo-alt (3) d'alt 29 den Acht seo)— | |
[EN] | (i) is fostaíocht lena mbaineann an Chuid seo den Acht seo aon fhostaíocht ina bhfuil aon stiúrthóir de chuid an chomhlachta chorpraithe sin fostaithe ag an gcomhpháirtíocht, agus | |
[EN] | (ii) gach fostaíocht ina bhfuil duine ar fostú faoin gcomhpháirtíocht agus faoin gcomhlacht corpraithe (is fostaíocht faoin gcomhpháirtíocht nó faoin gcomhlacht corpraithe) déileálfar léi, maidir lena chinneadh cé acu is fostaíocht lena mbaineann an Chuid seo den Acht seo nó nach ea an fhostaíocht sin, fé is dá mb'fhostaíocht faoin gcomhlacht corpraithe í. | |
[EN] | (3) Beidh feidhm ag forálacha fo-ailt (2) den alt seo maidir le pearsana fé mar atá feidhm acu maidir le comhpháirtíochtaí, ach ní fhorléireofar aon ní sa bhfo-alt seo mar rud a cheanglann go ndéileálfar in aon chúinsí le pearsa fé is dá mbeadh sé faoi urlámh dhuine eile. |