An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID X. Dleachtanna Stampa.) Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Blianachtaí Scoir (Coigeartuithe ar an Teorainn le Préimheanna Cáilitheacha).)

25 1958

AN tACHT AIRGEADAIS, 1958

CUID XI.

Ilghnéitheach agus Ginearálta.

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

61. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ( Uimh. 18 de 1950 );

ciallaíonn “alt leasaitheach 1957” alt 25 den Acht Airgeadais, 1957 ( Uimh. 20 de 1957 );

ciallaíonn “an t-ochtú blianacht bhreise” an tsuim a mhuirearaítear ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;

tá le “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt.

(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1957, maidir leis na fiche naoi mbliana airgeadais comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1959, ach “£601,122” a chur in ionad “£598,588”.

(3) Beidh éifeacht ag fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1957 ach “£409,390” a chur in ionad “£416,149”.

(4) Déanfar suim £717,012 le haghaidh fuascailte iasachtaí, maraon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna deich mbliana fichead airgeadais comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1959.

(5) Íocfar an t-ochtú blianacht bhreise isteach sa Chuntas i cibé slí agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire.

(6) Féadfar aon mhéid den ochtú blianacht bhreise, nach mó ná £528,332 in aon bhliain airgeadais, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.

(7) Úsáidfear iarmhéid na hochtú blianachta breise in aon tslí nó slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

Iocaíochtaí isteach sa Chiste Caipitiúil a fhorceannadh.

62. —Ní bheidh feidhm ag fo-alt (3) d'alt 4 den Acht Príomh-Chiste, 1956 (Uimh. 12 de 1956) , maidir le fáltais an Stát-Chiste i leith an Tobhaigh Speisialta Allmhuirithe a ghlacfar isteach sa Stát-Chiste tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1958.

Sealbhú agus infheistiú airgid Bhanc Taisce an Phoist.

63. —(1) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le hairgead Bhanc Taisce an Phoist:

(a) i dteannta go bhféadfar airgead den tsórt sin a shealbhú in airgeadra an Stáit, féadfar é a shealbhú in airgeadra Stát Aontaithe Mheiriceá nó in airgeadra Thiarnas Cheanada,

(b) féadfar an t-airgead sin a infheistiú in aon urrúis acu seo a leanas:

(i) urrúis de chuid an Rialtais,

(ii) urrúis arna ráthú ag an Aire Airgeadais maidir le caipiteal agus ús,

(iii) stoc de chuid Bhanc na hÉireann,

(iv) urrúis nó morgáistí chomhairle chontae, bhardais chontae-bhuirge, bhardas Dhún Laoghaire nó údaráis chuain de réir bhrí an Acht Cuanta, 1946 (Uimh. 9 de 1946) ,

(v) urrúis de chuid rialtas na Breataine Móire,

(vi) urrúis de chuid rialtas Stát Aontaithe Mheiriceá,

(vii) urrúis de chuid rialtas Thiarnas Cheanada,

(c) féadfar freisin airgead den tsórt sin a infheistiú i gcuntas taisce úsmhar i mbanc, is banc sa Stát, sa Bhreatain Mhór, i Stáit Aontaithe Mheiriceá nó i dTiarnas Cheanada.

(2) I bhfo-alt (1) den alt seo folaíonn “urrúis” stoic agus cistí.

(3) Measfar go dtáinig fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1958.

Airgead de chuid Chúlchiste na gCairteacha Coigiltis a infheistiú.

64. —Déantar leis seo fo-alt (2) d'alt 34 den Acht Airgid, 1929 ( Uimh. 32 de 1929 ), a leasú trí “infheistíochtaí a bheidh údaraithe de thuras na huaire chun airgead de chuid Bhanc Taisce an Phoist a infheistiú” a chur in ionad “stuic, cistí, agus urrúis a luaidhtear i míreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (1) d'alt 18 den Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 ( Uimh. 2 de 1922 ), agus urrúis a bheidh urruithe ag Rialtas Shaorstáit Éireann maidir le colainn agus le hús”.

Caiteachas i ndáil le bainistí duaisbhannaí.

65. —(1) Déanfar an tagairt i bhfo-alt (4) d'alt 22 den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 ( Uimh. 47 de 1956 ), do chaiteachas faoina rachfar i ndáil le bainistí duais-bhannaí a fhorléiriú mar thagairt don chaiteachas sin arna ríomh i cibé slí a chinnfidh an tAire Airgeadais.

(2) Ní bheidh feidhm maidir le duais-bhannaí ag ailt 2 agus 4 den Bank Act, 1892, arna chur i bhfeidhm le halt 19 den Acht Airgid, 1937 ( Uimh. 18 de 1937 ).

(3) Measfar go dtáinig fo-ailt (1) agus (2) den alt seo a ngníomh ar an Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956 (Uimh. 47 de 1956) , a rith.

Athghairm.

66. —Déantar leis seo gach achtachán a shonraítear i gcolún (2) den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a athghairm, a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin, amhail ar an agus ón dáta a shonraítear i gcolún (4) den Sceideal sin.

Cúram agus bainistí cánach agus dleachtanna.

67. —Cuirtear faoi chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim leis seo na cánacha agus na dleachtanna uile a fhorchuirtear leis an Acht seo.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

68. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1958 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar Coda I, IV, V agus VI den Acht seo agus an Chéad Sceideal a ghabhann leis a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim.

(3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna custam, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus déanfar, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna máil, í a fhorléiriú i dteannta na Reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.

(4) Déanfar Coda VII agus IX den Acht seo agus an Dara Sceideal a ghabhann leis, a mhéid a bhaineann siad le cáin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus déanfar, a mhéid a bhaineann siad le cáin bhrabús corparáide, iad a fhorléiriú i dteannta Coda V den Finance Act, 1920, agus na n-achtachán a leasaíonn nó a leathnaíonn an Chuid sin.

(5) Forléireofar Cuid X den Acht seo i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán a leasaíonn nó a leathnaíonn an tAcht sin.

(6) Ach amháin mar a bhforáltar a mhalairt go sainráite inti, measfar go dtáinig Cuid I den Acht seo i bhfeidhm an 6ú lá d'Aibreán, 1958, agus beidh éifeacht aici amhail ar an agus ón lá sin.

(7) Measfar go dtáinig Cuid VI den Acht seo agus an Chéad Sceideal a ghabhann leis i bhfeidhm an 6ú lá d'Aibreán, 1958, agus beidh éifeacht acu amhail ar an agus ón lá sin.

(8) Tiocfaidh Coda IV agus V den Acht seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1959.

(9) Ach amháin i gcás ina n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo, nó faoi.