|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Dleachta Stampa.) | Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Dleachta ar Thobac.) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1957
[EN] | ||
[EN] |
CUID VII. Ilghnéitheach agus Ginearálta. | |
[EN] |
An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla. |
25. —(1) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ( Uimh. 18 de 1950 ); | |
[EN] | ciallaíonn “alt leasúcháin 1956” alt 33 den Acht Airgeadais, 1956 ( Uimh. 22 de 1956 ); | |
[EN] | ciallaíonn “an seachtú blianacht bhreise” an tsuim a muirearaítear ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo; | |
[EN] | tá leis na habairtí “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” an bhrí atá leo faoi seach sa phríomh-alt. | |
[EN] | (2) Beidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt leasúcháin 1956 maidir leis na naoi mbliana airgeadais fichead comhleanúnacha a thosnós leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1958, ach “£498,294” a chur in ionad “£667,560”. | |
[EN] | (3) Beidh éifeacht ag fo-alt (6) d'alt leasúcháin 1956 ach “£322,850” a chur in ionad “£464,100”. | |
[EN] | (4) Déanfar suim £598,588 le haghaidh fuascailte iasacht, maraon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais comhleanúnacha a thosnós leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1958. | |
[EN] | (5) Íocfar an seachtú blianacht bhreise isteach sa Chuntas i pé slí, agus pé trátha sa bhliain airgeadais iomchuí, a chinnfeas an tAire. | |
[EN] | (6) Féadfar aon chuid den seachtú blianacht bhreise, nach mó ná £416,149 in aon bhliain airgeadais áirithe, d'úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí d'íoc. | |
[EN] | (7) Úsáidfear iarmhéid na seachtú blianachta breise in aon tslí nó slite dá sonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt. | |
[EN] |
Leasú ar alt 7 (4) d'Acht na mBannaí Talún, 1934. |
26. —Leasaítear leis seo fo-alt (4) d'alt 7 d'Acht na mBannaí Talún, 1934 (Uimh. 11 de 1934) , trí “caoga bliain” a chur in ionad “deich mbliana fichead”. |
[EN] |
Leasú ar alt 34 den Acht Airgeadais, 1956 . |
27. —Leasaítear leis seo alt 34 den Acht Airgeadais, 1956 ( Uimh. 22 de 1956 ), trí “nó d'alt 6 den Acht Airgeadais, 1957 ” a chur isteach i ndeireadh fo-alt (1). |
[EN] |
Cúram agus bainistí cánach agus dleacht. |
28. —Cuirtear faoi chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim leis seo na cánacha agus na dleachta uile a forchuirtear leis an Acht seo. |
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme. |
29. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1957 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Forléireofar Cuid I den Acht seo i dteannta na nAcht Cánach Ioncaim. | |
[EN] | (3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineas sí le dleachta custam, d'fhorléiriú i dteannta na nAcht Custam agus, a mhéid a bhaineas sí le dleachta máil, forléireofar í i dteannta na Reacht a bhaineas le dleachta máil agus le bainistí na ndleacht sin. | |
[EN] | (4) Forléireofar Cuid VI den Acht seo i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán a leasaíos nó a leathnaíos an tAcht sin. | |
[EN] | (5) Ach amháin mar a bhforáltar a mhalairt go sainráite inti, measfar go dtáinig Cuid I den Acht seo i bhfeidhm an 6ú lá d'Aibreán, 1957, agus beidh éifeacht aici amháil ar an lá sin agus ón lá sin. |