An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Cáin Bhrabús Corparáide.) Ar Aghaidh (CUID VI. Dleachta Stampa.)

20 1957

AN tACHT AIRGEADAIS, 1957

CUID V.

Allúntais Infheistíochta Loingis: Cáin Ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparáide.

Allúntais infheistíochta loingis.

17. —(1) Más rud é, i gcás duine atá ag seoladh trádála go raghaidh an duine sin, an 6ú lá d'Aibreán, 1957, nó dá éis sin, faoi chaiteachas caipitiúil ag ceannach loinge nua le haghaidh na trádála, bhéarfar dó, don bhliain mheasúnuithe sa bhonntréimhse ar tharla an caiteachas ina leith, allúntas (dá ngairmtear allúntas infheistíochta loingis sa Chuid seo den Acht seo) is ionann agus dhá chúigiú den chaiteachas, agus bhéarfar an t-allúntas sin mar asbhaint nuair a bheas brabúis nó sochair na trádála á gcur faoi mhuirear agus is allúntas é in ionad, agus ní allúntas é i dteannta, allúntais tosaigh faoi Chuid V den Acht Airgeadais, 1956 (Uimh. 22 de 1956) .

(2) Chun críocha na Coda seo den Acht seo, measfar gurb é an lá a raghfar faoi aon chaiteachas an lá is iníoctha an tsuim a bheas i gceist.

(3) Aon éileamh a dhéanfas duine ar allúntas faoin alt seo nuair a bheas brabúis nó sochair a thrádála á gcur faoi mhuirear, cuirfear é sa ráiteas bliantúil nach foláir a thabhairt faoi na hAchta Cánach Ioncaim i dtaobh na mbrabús nó na sochar aisti agus cuirfear ina theannta deimhniú arna shíniú ag an éilitheoir, a measfar a bheith ina chuid den éileamh, á rá gur ag ceannach loinge mua a chuathas faoin gcaiteachas agus ag tabhairt pé sonraí a thaispeánfas go mbeidh an t-allúntas le tabhairt.

(4) San alt seo agus sna hailt ina dhiaidh seo den Chuid seo den Acht seo ciallaíonn “nua” neamhúsáidte agus gan bheith réchaite.

Forála maidir le Rialacha 6 (1) (6) agus 7 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D.

18. —(1) D'fhonn a dhéanamh amach cad é méid aon asbhainte a bheas le lamháil do dhuine ar bith faoi mhír (1) de Riail 6 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, arna leasú le halt 24 den Acht Airgeadais, 1956 ( Uimh. 22 de 1956 ), mar ní a fhreagraíos do laghdú luacha mar gheall ar chaitheamh agus cumailt aon loinge i rith na bliana measúnuithe, ní cuirfear allúntas infheistíochta loingis san áireamh nuair a déanfar luach na loinge i dtús na bliana a chinneadh.

(2) I mír (6) de Riail 6 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, déanfar an abairt “the deductions allowed on that account for any previous years to the person by whom the trade is carried on” agus an abairt “the deductions” mar a bhfuil an abairt sin roimh an bhfocal “exceed” d'fhorléiriú mar abairtí nach bhfolaíonn tagairt d'aon allúntas infheistíochta loingis a tugadh don duine a sheolas an trádáil.

(3) Measfar Riail 7 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, mar riail nach gceanglaíonn aon allúntas infheistíochta loingis d'asbhaint as costas aon loinge chun críocha na Rialach sin.

Feidhm Rialach 6 (3) de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D agus ailt 4 den Acht Airgid, 1937 .

19. —Beidh feidhm ag mír (3) de Riail 6 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, agus ag alt 4 den Acht Airgid, 1937 ( Uimh. 18 de 1937 ), i gcás allúntais infheistíochta loingis mar atá feidhm acu i gcás asbhaintí is inlamháilte i leith caitheamh agus cumailt inneallra nó gléasra.

An bhrí atá le “bonntréimhse”.

20. —(1) Sa Chuid seo den Acht seo, tá le “bonn-tréimhse” an bhrí a bheirtear dó leis na forála ina dhiaidh seo den alt seo.

(2) I gcás duine a mbeidh allúntas le tabhairt dó faoin gCuid seo den Acht seo, is é a bhonn-tréimhse d'aon bhliain mheasúnuithe an tréimhse ar ar brabúis agus a sochair a bheas cáin ioncaim na bliana sin le ríomh go críochnaitheach faoi Chás I de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, i leith na trádála a bheas i gceist nó, más rud é de bhuaidh aon Achta, go mbeidh brabúis nó sochair aon tréimhse eile le glacadh mar bhrabúis nó sochair na tréimhse sin, an tréimhse eile sin:

Ar choinníoll, i gcás aon trádála—

(a) má tá dhá bhonn-tréímhse ag dul isteach ar a chéile, go measfar chun críocha an fho-ailt seo gur sa chéad bhonn-tréimhse agus ansin amháin atá an tréimhse a bhaineas leo araon;

(b) má tá aga idir deireadh na bonn-tréimhse do bhliain mheasúnuithe áirithe agus an bhonn-tréimhse don bhliain mheasúnuithe ina dhiaidh sin, ansin, murab í an bhliain mheasúnuithe ina dhiaidh sin bliain bhuan-scortha na trádála, go measfar gur cuid den dara bonn-tréimhse an t-aga; agus

(c) má tá aga idir deireadh na bonn-tréimhse don bhliain mheasúnuithe roimh bhliain bhuan-scortha na trádála agus an bhonn-tréimhse don bhliain bhuan-scortha, go measfar gur cuid den chéad bhonn-tréimhse an t-aga.

(3)    (a) Déanfar aon tagairt sa choinníoll a ghabhas le fo-alt (2) den alt seo do bhuan-scor trádá'a d'fhorléiriú mar ní a fholaíos tagairt do tharlachtaint aon ní a bheas, faoi aon cheann d'fhorála na nAcht Cánach Ioncaim, le háireamh mar ní is ionann agus buan-scor trádála.

(b) Déanfar aon tagairt sa choinníoll sin do dhá thréimhse a dhul isteach ar a chéile d'fhorléiriú mar ní a fholaíos tagairt do dhá thréimshe a chomhtheacht le chéile nó do thréimhse a bheith ar áireamh i dtréimhse eile, agus forléireofar dá réir sin tagairtí don tréimhse a bhaineas i gcoítinne le gach ceann de dhá thréimhse.

Allúntas infheistíochta loingis d'aistarraing.

21. —I gcás ina mbeifear tar éis allúntas infheistíochta loingis a thabhairt d'aon dhuine i leith caiteachais faoina ndeachaigh sé ag ceannach loinge nua agus go ndíolfaidh sé an long gan é d'úsáid na loinge chun críocha a thrádála nó go ndíolfaidh sé í roimh dheireadh na tréimhse chúig mblian ón lá a tosnaíodh á húsáid amhlaidh, déanfar an t-allúntas infheistíochta loingis d'aistarraing agus déanfar pé measúnuithe agus coigeartuithe ar mheasúnuithe sa bhreis is gá le haghaidh nó de dhroim allúntas infheistíochta loingis d'aistarraing nó allúntas tosaigh faoi Chuid V den Acht Airgeadais, 1956 (Uimh. 22 de 1956) , a chur in ionad an chéanna.

Allúntais infheistíochta loingis maidir le cáin bhrabús corparáide.

22. —I gcás ina bhforálann an Chuid seo den Acht seo le haghaidh allúntas infheistíochta loingis a thabhaírt do chuideachta chun críocha cánach ioncaim i leith aon chaiteachais, déanfar méid an allúntais d'asbhaint nuair a bheas brabúis na cuideachtan sin á ríomh chun críocha cánach brabús corparáide don tréimhse chuntasaíochta inar tharla an caiteachas.

Forléiriú na Coda seo den Acht seo.

23. —Déanfar an Chuid seo den Acht seo a léamh agus d'fhorléiriú, a mhéid a bhaineas sí le cáin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) i dteannta na nAcht Cánach Ioncaim agus, a mhéid a bhaineas sí le cáin bhrabús corparáide, déanfar í a léamh agus d'fhorléiriú i dteannta Coda V den Finance Act, 1920, arna leasú nó arna leathnú le hachtacháin ina dhiaidh sin.