An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS, 1957) Ar Aghaidh (CUID II. Custaim agus Mál.)

20 1957

AN tACHT AIRGEADAIS, 1957

CUID I.

Cáin Ioncaim.

Cáin ioncaim agus forcháin don bhliain 1957-58.

1. —(1) Déanfar cáin ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1957, a mhuirearú do réir seacht scillinge agus sé pingne sa phunt.

(2) Déanfar forcháin don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1957, a mhuirearú ar ioncam aon phearsan ar mó ná míle agus cúig chéad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh, agus is do réir na rátaí ar dá réir a muirearaítear í don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1956, a muirearófar amhlaidh í.

(3) Faoi réir forál an Achta seo, beidh éifeacht maidir leis an gcáin ioncaim agus leis an bhforcháin a muirearófar mar adúradh don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1957, ag na forála ar leithligh, reachtúil agus eile, a bhí i bhfeidhm an 5ú lá d'Aibreán, 1957, maidir le cáin ioncaim agus forcháin.

Leasú ar Riail 6 de na Rialacha a bhaincas le Cásanna I agus II do Sceideal D a ghabhas leis an Income Tax Act, 1918.

2. —(1) Déanfar méid aon asbhainte faoi Riail 6 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D a ghabhas leis an Income Tax Act, 1918, a ríomh, i gcás aon bhliana measúnuithe dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1958, nó lá dá éis sin, amhail is dá mbeadh foráil i mír (1) den Riail sin 6, maidir le haon bhliain den tsórt sin, le haghaidh asbhainte is comhionann le cúig ceathrúna na méide is dóigh leis an údarás ag a bhfuil dlínse san ábhar gur méid é a fhreagraíos, ó chóir agus réasún, do laghdú luacha mar gheall ar chaitheamh agus cumailt an inneallra nó an ghléasra i rith na bliana.

(2) Déanfar na tagairtí don Riail sin 6 atá in alt 3 den Acht Airgeadais, 1949 ( Uimh. 13 de 1949 ), agus i bhfo-alt (1) d'alt 24 den Acht Airgeadais, 1956 ( Uimh. 22 de 1956 ), d'fhorléiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí don Riail sin 6 arna leasú leis an alt seo.

(3) Beidh éifeacht ag mír (4) den Riail sin 6 amhail is dá scriosfaí an chuid ó “as” go deireadh na míre agus go gcuirfí “as is due” ina ionad.

(4) Beidh éifeacht ag mír (5) den Riail sin 6 amhail is dá mb'é a bhí sa tsuim a luaitear inti suim is comhionann leis an méid dob inlamháilte faoi mhír (1) den Riail sin 6 dá mbeadh an t-inneallra nó an gléasra á úsáid, i rith tréimhse an ligin, chun críche trádála a bhí ar siúl ag an léasóir.

(5) Ní bhainfidh forála an ailt seo le haon asbhaint is inlamháilte—

(a) faoin Riail sin 6 mar mhéid a fhreagraíos do laghdú luacha aon fheithicle, mar gheall ar chaitheamh agus cumailt, ar feithicil í atá oiriúnach chun daoine nó earraí d'iompar de bhóthar nó chun feithiclí eile a tharló de bóthar, nó

(b) de bhuaidh roghna faoin gcoinníoll a cuireadh le mír (1) den Riail sin 6 trí alt 3 den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 ( Uimh. 47 de 1956 ).

Leasú ar alt 20 (1) (b) den Finance Act, 1922.

3. —Déantar leis seo mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 20 den Finance Act, 1922 (is é sin, an mhír a cuireadh isteach le halt 3 den Acht Airgeadais, 1940 ( Uimh. 14 de 1940 )) a leasú tríd an fho-mhír seo a leanas a chur isteach inti i ndiaidh fo-mhíre (i):

“(ia) being payable to any university or college, being a university or college in the State, for the purpose of enabling such university or college to carry on research, is so payable for a period which is or may be three years or longer, or”.

Leasú ar alt 7 den Acht Airgid, 1932 .

4. —(1) Maidir le stoic, scaireanna agus urrúis chuideachtan arb é a trádáil nó a gnó, go hiomlán nó go formhór, earraí monaraithe a tháirgeadh chun a ndíolta—

(a) cuirfear an fo-alt seo a leanas, agus éifeacht aige amhail ó thosach feidhme ailt 7 den Acht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932) , in ionad fo-ailt (2) den alt sin:

“(2) Bainfidh an t-alt seo leis na stoic, na scaireanna agus na hurrúis go léir a heiseofar tar éis dáta an Achta seo a rith agus a ndeimhneoidh na Coimisinéirí Ioncaim ina dtaobh gur deimhin leo go bhfuil na coinníollacha seo a leanas go léir comhlíonta i leith an stoic, na scaire nó an urrúis sin, is é sin le rá:

(a) go bhfuil an stoc, an scair nó an t-urrús sin á eisiúint nó arna eisiúint ag cuideachta a chomhlíonas na forála seo a leanas, is é sin le rá—

(i) go bhfuil an chuideachta sin corpraithe do réir dlithe an Stáit nó fúthu, agus

(ii) gur cuideachta atá faoi thórainn scaireanna do réir bhrí an Companies (Consolidation) Act, 1908, an chuideachta sin, agus

(iii) gur sa Stát atá an chuideachta sín á bainistí agus á rialú, agus

(iv) gur sa Stát a sheolas an chuideachta sin a gnó nó (i gcás cuideachtan nach bhfuil tosnuithe aici ar ghnó) a bheartaíos sí a gnó a sheoladh, go hiomlán nó go formhór; agus

(b) maidir leis na stoic, na scaireanna nó na hurrúis—

(i) gur heisíodh iad lena suibscríobh ag an bpobal, nó

(ii) gur de chineál de stoic, de scaireanna nó d'urrúis na cuideachtan iad a luaitear ar Stoc-Mhargadh sa Stát, agus nach lú ná caoga líon na bpearsan, mar tuairiscítear i bhfo-alt (1) den alt seo, atá ina n-únaeirí tairbhiúla ar stoic, ar scaireanna nó urrúis den chineál sin; agus

(c) go bhfuil an eisiúint stoc, scaireanna nó urrús sin tuairiscithe agus ainmnithe ar shlí gur so-aitheanta í thar gach eisiúint eile (más ann) de chuid na cuideachtan sin.”; agus

(b) cuirfear an fo-alt seo a leanas, agus éifeacht aige amhail ó thosach feidhme ailt 7 den Acht Airgid, 1932 , in ionad fo-alt (4) agus (5) den alt sin;

“(4) Aon stoc, scair nó urrús lena mbaineann an t-alt seo, scoirfidh sé de bheith ina stoc, ina scair nó ina urrús (pé acu é) lena mbaineann an t-alt seo má dhearbhaíonn agus nuair a dhearbhós na Coimisinéirí Ioncaim i leith an stoic, na scaire nó an urrúis sin gur deimhin leo go bhfuil an chuideachta tar éis scor de bheith ag gabháil do thrádáil nó gnó arb é a bhí ann, go hiomlán nó go formhór, táirgeadh earraí monaraithe chun a ndíolta, nó nach bhfuil, maidir leis an gcuideachta, gach ceann nó aon cheann áirithe de na coinníollacha atá leagtha amach i mír (a) d'fho-alt (2) den alt seo nó, maidir leis an stoc, an scair nó an t-urrús sin, gach ceann nó aon cheann áirithe de na coinníollacha atá leagtha amach i míreanna (b) agus (c) d'fho-alt (2) den alt seo nó i bhfo-alt (3) den alt seo, á chomhlíonadh a thuilleadh.”

(2) Maidir le stoic, scaireanna agus urrúis chuideachtan aro é a trádáil nó a gnó, go hiomlán nó go formhór, earraí monaraithe a tháirgeadh chun a ndíolta, déantar leis seo alt 7 den Acht Airgid, 1935 ( Uimh. 28 de 1935 ), d'athghairm le héifeacht amhail ó thosach feidhme an ailt sin.

(3) Nuair a bhéarfar deimhniú de bhuaidh an ailt seo i leith aon stoc, scaireanna nó urrús, ní tabharfar, dá ainneoin sin, aon fhaoiseamh ná aisíoc faoi fho-alt (1) d'alt 7 den Acht Airgid, 1932 , i leith aon díbhinne nó úis ar na stoic, na scaireanna nó na hurrúis is iníoctha roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1958.

(4) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo—

(a) difir do bhailíocht aon deimhnithe faoi fho-alt (2) d'alt 7 den Acht Airgid, 1932 , a heisíodh roimh an Acht seo a rith, ná

(b) cosc a chur, i gcás inar heisíodh amhlaidh deimhniú den tsórt sin, le heisiúint deimhnithe faoi fho-alt (4) (mar hachtaíodh sin i dtosach) d'alt 7 den Acht Airgid, 1932 .

(5) I gcás—

(a) ina bhfuil seilbh thairbhiúil ag cuideachta (dá ngairmtear an chuideachta shealbhaíochta sa bhfo-alt seo) ar bhreis agus nócha faoin gcéad (luach ainmniúil) de na stoic, na scaireanna agus na hurrúis d'eisigh aon chuideachta nó cuideachtana eile,

(b) gur stoic, scaireanna nó urrúis iad sin uile a bheadh cáilithe le haghaidh deimhniú ó na Coimisinéirí Ioncaim faoi fho-alt (2) d'alt 7 den Acht Airgid, 1932 , arna leasú le fo-alt (1) den alt seo, mura mbeadh mír (b) den fho-alt sin arna leasú amhlaidh, agus

(c) gurb í an tsealbhaíocht sin aon-ghnó nó príomh-ghnó na cuideachtan sealbhaíochta,

beidh éifeacht ag fo-ailt (1), (2) agus (3) den alt seo, an fhad a mhairfeas na dála sin roimhe seo, i leith stoic, scaireanna agus urrús arna n-eisiúint ag an gcuideachta sealbhaíochta amhail is dá mba chuideachta arb é a trádáil nó a gnó, go hiomlán nó go formhór, earraí monaraithe a tháirgeadh chun a ndíolta an chuideachta shealbhaíochta.

Leasú ar alt 12 den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 .

5. —Leasaítear leis seo alt 12 den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 ( Uimh. 47 de 1956 ), tríd na fo-ailt seo a leanas a chur leis:

“(5)  (a) I gcás aon bhliana éilimh seachas an bhliain mheasúnuithe dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1957, beidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo amhail is dá gcuirtí ‘laghdófar go neamhní’ in ionad ‘laghdófar caoga faoin gcéad’ sa bhfo-alt.

(b) I gcás aon bhliana éilimh seachas an bhliain mheasúnuithe dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1957, beidh éifeacht ag fo-alt (3) den alt seo amhail is dá gcuirtí ‘laghdófar go neamhní’ in ionad ‘laghdófar caoga faoin gcéad’ sa bhfo-alt.

(6)  (a) Aon cháin ioncaim is iníoctha ag cuideachta in aghaidh bliana éilimh seachas an bhliain mheasúnaithe dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1957, féadfar, a mhéid a bhaineas an cháin ioncaim sin le brabús ó dhíol earraí a honnmhuiríodh as an Stát, í a laghdú tiche cúig faoin gcéad d'ainneoin aon ní san alt seo, ach is laghdú é in ionad, agus ní laghdú é i dteannta, aon laghduithe eile ar cháin ioncaim, faoi fhorála an ailt seo, don bhliain éilimh.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo, measfar gurb é an ‘brabús ó dhíol earraí a honnmhuiríodh as an Stát’ pé suim a mbeidh idir í agus an méid de bhrabúis na cuideachtan don bhliain éilimh, arna ríomh do réir na nAcht Cánach Ioncaim, is inchurtha i leith díol earraí (pé acu a honnmhuiríodh iad nó nár honnmhuiríodh) an cothrom céanna a bheas idir an méid a bhí le fáil sa bhonn-tréimhse ó dhíol earraí a honnmhuiríodh agus an méid iomlán a bhí le fáil ag an gcuideachta ó dhíol earraí (pé acu a honnmhuiríodh iad nó nár honnmhuiríodh) sa bhonn-tréimhse.”

Ioc úis ar urrúis Bhord na Móna.

6. —(1) Aon stoc nó cineál eile urrúis a eiseos Bord na Móna tar éis dáta an Achta seo a rith, measfar gur urrúis iad a heisíodh faoi údarás an Aire Airgeadais do réir bhrí ailt 2 den Acht Airgid, 1924 (Uimh. 27 de 1924) , agus beidh feidhm dá réir sin ag an alt sin.

(2) D'ainneoin aon ní sna hAchta Cánach Ioncaim, beidh de theideal ag Bord na Móna go ndéanfar an méid cánach ioncaim a bheadh air sa deireadh, mura mbeadh an t-alt seo, d'aon bhliain mheasúnuithe, a laghdú de shuim is ionann agus cáin ioncaim ar mhéid an úis ar stoc nó ar chineálacha eile urrús a dhéanfas Bord na Móna, ar ordú ón Aire Airgeadais faoi alt 2 den Acht Airgid, 1924 , mar feidhmítear é leis an alt seo, d'íoc gan asbhaint chánach sa bhliain mheasúnuithe sin.

(3) Cuirfear le Riail I de Chás III de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, an clásal seo a leanas, is é sin le rá:

“(k) interest on stock or other forms of security issued by Bord na Móna in cases where such interest is paid without deduction of tax.”