|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. Brabúis ó Onnmhaire—Faoiseamh Sealadach ó Cháin Ioncaim agus ó Cháin Bhrabús Corparáide.) | Ar Aghaidh (CUID V. Duais-Bhannaí.) |
AN tACHT AIRGEADAIS (FORÁLA ILGHNÉITHEACHA), 1956
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV. Liúntais Foirgníochta Tionscail. | |
[EN] |
Liúntais foirgníochta tionscail. |
16. —(1) Más rud é, an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1956, nó dá éis, go raghaidh duine faoi chaiteachas caipitil ag déanamh foirgnimh nó déanmhais atá le bheith ina fhoirgneamh nó ina dhéanmhas tionscail a háiteofar le haghaidh trádála a bheas á seoladh aige bhéarfar dó, don bhliain mheasúnaithe sa bhonntréimhse ar ina leith a chuathas faoin gcaiteachas, liúntas (dá ngairmtear liúntas foirgníochta tionscail sa Chuid seo den Acht seo) is comhionann leis an deichiú cuid den chaiteachas, agus is mar asbhaint, nuair a beifear ag muirearú brabús nó sochar na trádála, a bhéarfar an liúntas sin. |
[EN] | (2) D'ainneoin aon fhorála eile den alt seo, ní tabharfar aon liúntas foirgníochta tionscail i leith aon chaiteachais ar fhoirgneamh nó déanmhas mura foirgneamh nó déanmhas tionscail a bheas sa bhfoirgneamh nó sa déanmhas nuair a cuirfear in úsáid é, agus má deonadh liúntas foirgníochta tionscail i leith aon chaiteachais ar aon fhoirgneamh nó déanmhas den tsórt sin, féadfar aon mheasúnuithe breise a dhéanamh is gá chun éifeacht a thabhairt don fho-alt seo. | |
[EN] | (3) Chun críocha an ailt seo— | |
[EN] | (a) aon chaiteachas chun críocha trádála a raghaidh duine faoi, an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1956, nó dá éis, más duine é a bheas chun an trádáil a sheoladh, áireofar í amhail is dá mba chaiteachas é a ndeachaigh an duine sin faoi an chéad lá a bheas sí á seoladh aige, | |
[EN] | (b) ní háireofar mar chaiteachas caipitil aon chaiteachas is cead d'asbhaint nuair a beifear, chun críocha cánach ioncaim, ag ríomh brabús nó sochar trádála a bhí á seoladh ag an duine a chuaigh faoin gcaiteachas, agus | |
[EN] | (c) sa mhéid go mbeidh caiteachas íoctha nó le híoc, go díreach nó go neamhdhíreach, ag an Stát, ag aon bhord a bunaíodh le reacht nó ag aon údarás poiblí nó áitiúil, ní háireofar é mar chaiteachas faoina ndeachaigh duine. | |
[EN] | (4) Chun críocha na Coda seo den Acht seo, measfar gurb é an lá a chuathas faoi aon chaiteachas an lá is iníoctha an tsuim sin a bheas i gceist. | |
[EN] | (5) Mura féidir lán-éifeacht a thabhairt d'asbhaint faoin alt seo in aon bhliain áirithe toisc gan aon bhrabúis ná sochair a bheith inmhuirir don bhliain sin, nó toisc na brabúis inmhuirir nó na sochair inmhuirir a bheith níos lú ná an asbhaint, ansin, chun an measúnú don bhliain dá éis sin a dhéanamh, cuirfear an asbhaint nó an chuid den asbhaint, pé acu é, nár tugadh éifeacht di, i dteannta méid na hasbhainte i leith liúntais foirgníochta tionscail don bhliain sin, agus measfar gur cuid den asbhaint sin í nó, mura ndéantar aon asbhaint den tsórt sin don bhliain sin, measfar gurb í asbhaint na bliana sin í, agus dá réir sin do bhlianta dá éis sin. | |
[EN] | (6) Aon éileamh a dhéanfas duine ar liúntas faoin alt seo nuair a bheas brabúis nó sochair a thrádála á gcur faoi mhuirear, cuirfear é sa ráiteas bliantúil is gá a thabhairt faoi na hAchta Cánach Ioncaim i dtaobh na mbrabús nó na sochar aisti, agus cuirfear ina theannta deimhniú, faoi shíniú an éilitheora, a measfar a bheith ina chuid den éileamh, á rá gur ag déanamh foirgnimh nó déanmhais thionscail a chuathas faoin gcaiteachas agus ag tabhairt pé sonraí a thaispeánfas go ndlitear an liúntas a thabhairt. | |
[EN] |
An bhrí atá le “foirgneamh nó déanmhas tionscail”. |
17. —(1) Sa Chuid seo den Acht seo, ciallaíonn “foirgneamh nó déanmhas tionscail” foirgneamh nó déanmhas a húsáidtear— |
[EN] | (a) le haghaidh trádála a seoltar i muileann, i monarcha nó in áitreabh eile dá samhail, nó | |
[EN] | (b) le haghaidh trádáil na hóstóireachta. | |
[EN] | (2) Bainfidh fo-alt (1) den alt seo le cuid de thrádáil amhail mar bhaineas sé le trádáil, ach mura gcomhlíonann ach cuid de thrádáil na coinníollacha atá leagtha amach sa bhfo-alt sin, ní bheidh foirgneamh nó déanmhas ina fhoirgneamh nó déanmhas tionscail de bhua an fho-ailt seo mura n-úsáidtear é le haghaidh na coda sin den trádáil sin. | |
[EN] | (3) (a) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1) nó i bhfo-alt (2) den alt seo, ach faoi réir fo-ailt (4) den alt seo, ní fholaíonn “foirgneamh nó déanmhas tionscail”, sa Chuid seo den Acht seo, aon fhoirgneamh nó déanmhas a húsáidtear, nó a húsáidtear go páirteach, mar theach cónaithe, siopa mionreaca, seomra taispeána nó oifig nó chun aon críche a ghabhas le críocha tí chónaithe, siopa mhionreaca, seomra taispeána nó oifige. | |
[EN] | (b) Sa bhfo-alt seo folaíonn “siopa mionreaca” aon áitreabh dá shamhail ina seoltar trádáil mhionreaca nó gnó mionreaca (ar a n-áirítear obair dheisiúcháin). | |
[EN] | (4) Má tá cuid d'iomlán foirgnimh nó déanmhais, agus nach bhfuil cuid eile dhe, ina foirgneamh nó déanmhas tionscail, agus nach mó an caiteachas caipitil faoina ndeachthas ag déanamh na dara coda sin a luaitear ná an deichiú cuid den chaiteachas caipitil iomlán faoina ndeachthas ag déanamh iomlán an fhoirgnimh nó an déanmhais, áireofar mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail iomlán an fhoirgnimh nó an déanmhais agus gach cuid de. | |
[EN] | (5) Déanfar aon tagairt sa Chuid seo den Acht seo d'fhoirgneamh nó déanmhas d'fhorléiriú mar thagairt a fholaíos tagairt do chuid d'fhoirgneamh nó déanmhas ach amháin nuair a háirítear an tagairt i dtagairt d'iomlán foirgnimh nó déanmhais. | |
[EN] |
An bhrí atá le “bonntréimhse”. |
18. —(1) Sa Chuid seo den Acht seo, tá le “bonn-tréimhse” an bhrí a bheirtear dó leis na forála ina dhiaidh seo den alt seo. |
[EN] | (2) I gcás duine a mbeidh liúntas le tabhairt dó faoin gCuid seo den Acht seo, is é a bhonn-tréimhse d'aon bhliain mheasúnaithe an tréimhse ar ar a brabúis nó a sochair a bheas cáin ioncaim na bliana sin le ríomh go críochnaitheach faoi Chás I de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, i leith na trádála a bheas i gceist nó, más rud é, de bhua aon Achta, go mbeidh brabúis nó sochair aon tréimhse eile le glacadh mar bhrabúis nó sochair na tréimhse sin, an tréimhse eile sin: | |
[EN] | Ar choinníoll, i gcás aon trádála— | |
[EN] | (a) má tá dhá bhonn-tréimhse ag dul isteach ar a chéile, go measfar chun críocha an fho-ailt seo gur sa chéad bhonn-tréimhse agus ansin amháin atá an tréimhse a bhaineas i gcoitinne leo araon; | |
[EN] | (b) má tá aga idir deireadh na bonn-tréimhse do bhliain mheasúnuithe áirithe agus an bhonn-tréimhse don bhliain mheasúnuithe ina dhiaidh sin, ansin, murab í an bhliain mheasúnuithe ina dhiaidh sin bliain bhuan-scortha na trádála, go measfar gur cuid den dara bonn-tréimhse an t-aga; agus | |
[EN] | (c) má tá aga idir deireadh na bonn-tréimhse don bhliain mheasúnuithe roimh bhliain bhuan-scortha na trádála agus an bhonn-tréimhse don bhliain bhuanscortha, go measfar gur cuid den chéad bhonntréimhse an t-aga. | |
[EN] | (3) (a) Déanfar aon tagairt sa choinníoll a ghabhas le fo-alt (2) den alt seo do bhuan-scor trádála d'fhorléiriú mar ní a fholaíos tagairt do tharlachtaint aon ní a bheas, faoi aon cheann d'fhorála na nAcht Cánach Ioncaim, le háireamh mar ní is ionann agus buan-scor trádála. | |
[EN] | (b) Déanfar aon tagairt sa choinníoll sin do dhá thréimhse a dhul isteach ar a chéile d'fhorléiriú mar ní a fholaíos tagairt do dhá thréimhse a chomhtheacht le chéile nó do thréimhse a bheith ar áireamh i dtréimhse, eile, agus forléireofar dá réir sin tagairtí don tréimhse a bhaineas i gcoitinne le gach ceann de dhá thréimhse. | |
[EN] |
Léiriú tagairte do chaiteachas ar fhoirgneamh nó déanmhas. |
19. —Ní fholaíonn aon tagairt sa Chuid seo den Acht seo do chaiteachas faoina ndeachthas ag déanamh foirgnimh nó déanmhais— |
[EN] | (a) aon chaiteachas faoina ndeachthas ag tógaint aon talún nó aon cheart i dtalamh nó thar talamh, ná | |
[EN] | (b) aon chaiteachas faoina ndeachthas ag ullmhú, ag gearradh, ag tollánadóireacht nó ag cothromú aon talún, | |
[EN] | ach ní bhainfidh mír (b) den alt seo le caiteachas ar obair a rinneadh ar an talamh a raibh foirgneamh nó déanmhas le cur air chun an talamh d'ullmhú le go nglacfadh sé fothaí an fhoirgnimh nó an déanmhais, agus ar dócha dhi bheith ina hobair gan tairbhe nuair a scartálfaí an foirgneamh nó an déanmhas agus nach obair ghearrtha ná tollánadóireachta í. | |
[EN] |
Liúntais foirgníochta tionscail maidir le cáin bhrabús corparáide. |
20. —I gcás ina bhforálann an Chuid seo den Acht seo le haghaidh liúntais foirgníochta tionscail a thabhairt do chuideachta chun críocha cánach ioncaim, i leith aon chaiteachais, déanfar méid an liúntais d'asbhaint nuair a bheas brabúis na cuideachtan sin á ríomh chun críocha cánach brabús corparáide don tréimhse chuntasaíochta ina ndeachthas faoin gcaiteachas. |