An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT CHOIMISINÉIRÍ NA STÁT-SHEIRBHÍSE, 1956) Ar Aghaidh (CUID II. Coimisinéirí na Stát-Sheirbhíse.)

45 1956

ACHT CHOIMISINÉIRÍ NA STÁT-SHEIRBHÍSE, 1956

CUID I.

Réamhráitheach agus Ginerálta.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a ceapfar chuige sin le hordú ón Rialtas.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo, tá leis na habairtí seo a leanas na bríonna a bheirtear dóibh faoi seach leis seo, is é sin le rá—

ciallaíonn “Acht 1924” Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1924 (Uimh. 5 de 1924) ;

tá le “an t-údarás iomchuí” an bhrí a bheirtear dó le halt 3;

ciallaíonn “an Stát-Sheirbhís” Stát-Sheirbhís an Rialtais agus Stát-Sheirbhís an Stáit;

ciallaíonn “na Coimisinéirí” na daoine a ceapfar nó a measfar a bheith ceaptha faoi alt 9 mar Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse;

ciallaíonn “comórtas” comórtas faoi alt 15;

ciallaíonn “post bunaithe” post ina dtugtar seirbhís bhunaithe;

ciallaíonn “seirbhís bhunaithe” seirbhís i gcáil ar féidir aoisliúntas a dheonadh ina leith faoi na hAchta Aoisliúntas, 1834 go 1954;

tá le “post eisiata” an bhrí a bheirtear dó le fo-alt (6) d'alt 5;

ciallaíonn “sean-Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse” na daoine a ceapadh faoi alt 1 d'Acht 1924 mar Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse;

nuair a húsáidtear an briathar “féadachtáil” maidir le haon chumhacht a bheirtear do na Coimisinéirí leis an Acht seo, is mar bhriathar ceadaitheach agus ní mar bhriathar ordaitheach a forléireofar é;

ní fholaíonn “duine d'fhoireann Thithe an Oireachtais” oifigeach do Thithe an Oireachtais;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;

ciallaíonn “oifigeach do Thithe an Oireachtais” duine—

(a) arb é Cléireach nó leas-Chléireach Dháil Éireann, nó Sheanad Éireann, é, nó

(b) arb é an Leabharlannaí nó an Leabharlannaí Cúnta, Tithe an Oireachtais, é, nó

(c) arb é an Maoirseoir, Tithe an Oireachtais, é, nó

(d) arb é Captaen an Gharda, Tithe an Oireachtais, é;

ciallaíonn “ord fiúntais” an t-ord ina ndéanfar iarrthóirí i gcomórtas a chur chun a roghnuithe ag na Coimisinéirí le haghaidh ceapacháin;

ciallaíonn “post” post sa Stát-Sheirbhís, agus folaíonn sé an post a shealbhaíos duine d'fhoireann Thithe an Oireachtais;

ciallaíonn “an tAcht Rialuithe” Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1956 ;

tá le “slí bheatha sceidealta” an bhrí a bheirtear dó le fo-alt (1) d'alt 4;

ciallaíonn “post neamhbhunaithe” post nach post bunaithe, agus folaíonn sé post a sealbhaítear ar bhonn sealadach nó go ceann tréimhse tóranta cinnte.

(2) San Acht seo, nuair a déantar tagairt do réir uimhreach d'aon alt is tagairt í don alt den Acht seo a bhfuil an uimhir sin air mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'Acht éigin eile atá i gceist.

“An t-údarás iomchuí.”

3. —(1) San Acht seo, ciallaíonn “an t-údarás iomchuí”—

(a) maidir le post duine d'fhoireann Thithe an Oireachtais —an Taoiseach,

(b) maidir le post oifigigh don Ard-Aighne—an Taoiseach,

(c) maidir le post duine d'fhoireann oifig an Ard-Reachtaire Chuntas agus Ciste—an tAire,

(d) maidir le post duine d'fhoireann oifig na gCoimisinéirí Ioncaim—an tAire, nó

(e) maidir le haon phost eile—an tAire Stáit a bhfuil an chumhacht cheapacháin don phost sin infheidhmithe aige de thuras na huaire.

(2) Má déantar tarmligean, faoin bhforáil den Acht Rialuithe dá dtagartar i gcolún (2) den Táible a ghabhas leis an bhfo-alt seo ag aon uimhir thagartha, ansin, fad a bheas an tarmligean i bhfeidhm, is é an t-údarás a luaitear i gcolún (3) den Táible sin ag an uimhir thagartha sin a bheas, in ionad an Aire Stáit a luaitear i gcolún (4) den Táible sin ag an uimhir thagartha sin, ina údarás iomchuí, chun críocha ailt 5, maidir leis an bpost a luaitear i gcolún (5) den Táible sin ag an uimhir thagartha sin.

An Táible d'Alt 3 (2)

Uimh. Thagartha

An fhoráil den Acht Rialuithe faoina ndéantar an tarmligean

An t-údarás chun a ndéantar an tarmligean

An tAire Stáit a dhéanas an tarmligean

An post a ndéantar an tarmligean ina leith

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

1

Alt 2 (2) (a)

Ceann Comhairle Dháil Éireann

An Taoiseach

Post duine d'fhoireann Thithe an Oireachtais

2

Alt 2 (2) (c)

An tArd-Aighne

An Taoiseach

Post oifigigh don Ard-Aigne

3

Alt 2 (2) (d)

An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste

An tAire

Post duine d'fhoircann oifig an Ard-Reachtaire Chuntas agus Ciste

4

Alt 2 (2) (e)

Na Coimisinéirí Ioncaim

An tAire

Post duine d'fhoireann oifig na gCoimisinéirí Ioncaim

Slite beatha sceidealta.

4. —(1) Ach amháin i gcás inar seirbhís bhunaithe an tseirbhís a bheas le tabhairt ag an duine a ceapfar, is slí bheatha sceidealta chun críocha an Achta seo gach slí bheatha dá sonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, agus san Acht seo léireofar dá réir sin an abairt “slí bheatha sceidealta”.

(2) Má tharlaíonn aon cheist i dtaobh slí bheatha áirithe a bheith, nó gan a bheith, ina slí bheatha sceidealta, is é an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Coimisinéirí, a chinnfeas an cheist.

(3) Má tharlaíonn aon cheist i dtaobh ceapachán chun slí bheatha sceidealta a bheith, nó gan a bheith, ina cheapachán chun poist sa Stát-Sheirbhís, is é an tAire a chinnfeas an cheist.

Postanna eisiata.

5. —(1) (a) Faoi réir míre (b) den fho-alt seo, féadfaidh na Coimisinéirí a dhearbhú, le hordú, gur post eisiata chun críocha an Achta seo post neamhbhunaithe a sonrófar (nach post i slí bheatha sceidealta), agus féadfaidh na Coimisinéirí a fhoráil ann nach bhfanfaidh an t-ordú i bhfeidhm ach go ceann pé tréimhse a chinnfeas na Coimisinéirí agus a shonróid san ordú.

(b) Ní dhéanfaidh na Coimisinéirí, maidir le post neamhbhunaithe, ordú faoi mhír (a) den fho-alt seo ach amháin ar an údarás iomchuí dá iarraidh sin agus, murab é an tAire an t-údarás iomchuí, le toiliú an Aire.

(c) San alt seo—

ciallaíonn “ordú um thréimhse thóranta” ordú faoi mhír (a) den fho-alt seo a mbeidh sé sainráite ann nach bhfanfaidh sé i bhfeidhm ach go ceann tréimhse sonraithe;

ciallaíonn “ordú um thréimhse neamhthóranta” ordú faoin mír sin (a) nach mbeidh sin sainráite ann.

(2) Más rud é—

(a) go ndearnadh ordú (dá ngairmtear san alt seo ordú sceidealúcháin (Acht 1924)), faoi fho-alt (2) d'alt 10 d'Acht 1924, ag cur poist leis an Sceideal a ghabhas le hAcht 1924, agus

(b) go raibh an post, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, ar áireamh sa Sceideal sin, agus

(c) nach post i slí bheatha sceidealta an post,

ansin, chun críocha an ailt seo (ach amháin fo-alt (5) de), beidh éifeacht, i dtosach feidhme an Achta seo, ag na forála seo a leanas, is é sin le rá—

(i) scoirfidh an t-ordú sceidealúcháin (Acht 1924) de bheith i bhfeidhm,

(ii) má d'fhoráil an t-ordú sceidealúcháin (Acht 1924) go mbainfí an post as an Sceideal sin tar éis dáta shonraithe—measfar go ndearnadh go cuí maidir leis an bpost ordú um thréimhse thóranta a raibh sé sainráite ann go bhfanfadh sé i bhfeidhm go ceann na tréimhse dar críoch an dáta sin,

(iii) in aon chás eile—measfar go ndearnadh go cuí ordú um thréimhse neamhthóranta maidir leis an bpost.

(3) (a) Faoi réir míre (b) den fho-alt seo, má bhíonn ordú um thréimhse thóranta i bhfeidhm, féadfaidh na Coimisinéirí ó am go ham, le hordú, tréimhse feidhme an orduithe um thréimhse thóranta d'fhaidiú.

(b) Ní dhéanfaidh na Coimisinéirí ordú faoi mhír (a) den fho-alt seo, maidir le post neamhbhunaithe ach amháin ar an údarás iomchuí dá iarraidh sin agus, murab é an tAire an t-údarás iomchuí, le toiliú an Aire.

(4) Má bhíonn ordú um thréimhse neamhthóranta maidir le post neamhbhunaithe i bhfeidhm, féadfaidh na Coimisinéirí le toiliú an Aire agus, murab é an tAire an t-údarás iomchuí, tar éis dul i gcomhairle leis an údarás iomchuí, an t-ordú um thréimhse neamhthóranta a chúlghairm le hordú, le héifeacht amhail ó dháta sonraithe.

(5) Nuair a déanfar ordú faoin alt seo, foilseofar fógra a dhéanta san Iris Oifigiúil, a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.

(6) Aon phost lena mbainfidh ordú faoi fho-alt (1) nó (3) den alt seo, beidh sé, fad a fhanfas an t-ordú i bhfeidhm, ina phost eisiata chun críocha an Achta seo, agus, san Acht seo, forléireofar dá réir sin an abairt “post eisiata”.

Oibriú an Achta.

6. —(1) Scoirfidh an tAcht seo d'fheidhm a bheith aige maidir le daoine d'fhoireann Thithe an Oireachtais ar an dáta a scoirfeas an tAcht Rialuithe, de bhuaidh fo-ailt (1) d'alt 20 den Acht sin, d'fheidhm a bheith aige maidir le daoine d'fhoireann Thithe an Oireachtais.

(2) Ní bhaineann an tAcht seo—

(a) le ceapadh duine chun poist—

(i) más post é arb é an Rialtas a dhéanas an ceapadh chuige, nó

(ii) más é an post é a shealbhaíos oifigeach do Thithe an Oireachtais,

(b) ach amháin mar foráltar le halt 4, le ceapadh duine chun slí bheatha sceidealta, pé acu chinn an tAire, nó nár chinn, faoi fho-alt (3) d'alt 4, gur ceapadh chun poist sa Stát-Sheirbhís an ceapadh sin,

(c) ach amháin mar foráltar le halt 5, le ceapadh duine chun poist ar post eisiata é de thuras na huaire,

(d) le duine ar aoisliúntas a cheapadh chun poist bhunaithe de dhroim a ghlaoite faoi alt 11 den Superannuation Act, 1859, chun fónamh athuair sa Stát-Sheirbhís,

(e) ach amháin mar foráltar le fo-alt (2) d'alt 27, le ceapadh duine chun poist faoi alt 7 nó 15 den Acht Rialuithe,

(f) ach amháin mar foráltar le fo-alt (3) d'alt 27, le ceapadh duine chun poist choimisinéara chun críocha speisialta na nAcht Cánach Ioncaim,

(g) le ceapadh duine chun poist ina gceanglaítear ar an duine sin fónamh ar triail faoi alt 11 nó 12 den Acht Rialuithe,

(h) le fostú sibhialtach ag an Aire Cosanta faoi alt 30 den Acht Cosanta, 1954 ( Uimh. 18 de 1954 ).

(3) Ní forléireofar aon ní san Acht seo mar ní a dhéanas difir d'alt 13 den reacht Breataineach (17 agus 18 Vic. c. 99) a ritheadh sa bhliain 1854 agus dar teideal “An Act to provide for the Establishment of a National Gallery of Paintings, Sculpture, and the Fine Arts, for the Care of a Public Library, and the Erection of a Public Museum, in Dublin.”

Costais riaracháin.

7. —Íocfar as airgead a sholáthrós an tOireachtas, a mhéid a cheadós an tAire é, na costais faoina raghfar ag riaradh an Achta seo.

Athghairm.

8. —(1) Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin.

(2) Gan dochar d'ailt 20 agus 21 den Acht Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 1937)

(a) ní dhéanfaidh aon ní san athghairm a déantar le fo-alt (1) den alt seo difir d'aon rialachán a rinneadh, d'aon deimhniú cáiliúcháin a heisíodh ná d'aon ní a rinneadh faoi aon achtachán a hathghairmtear leis an bhfo-alt sin (1), ach i gcás aon rialachán nó ní den tsórt sin a rinneadh, nó aon deimhniú cáiliúcháin den tsórt sin a heisíodh, a bheith i bhfeidhm i dtosach feidhme an Achta seo, fanfaidh sé i bhfeidhm, agus beidh éifeacht aige, amhail is dá mba faoin Acht seo a rinneadh nó a heisíodh é;

(b) in aon achtachán (seachas an tAcht seo)—

(i) forléireofar tagairtí d'Acht 1924 nó d'Achta Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1924 agus 1926, mar thagairtí don Acht seo, agus

(ii) forléireofar tagairtí d'aon fhoráil d'Acht 1924 mar thagairtí don fhoráil chomhréire den Acht seo;

(c) forléireofar tagairtí in aon achtachán do shean-Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse mar thagairtí do na Coimisinéirí.