38 1956


Uimhir 38 de 1956.


AN tACHT AOISLIÚNTAS, 1956.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHT AOISLIÚNTAS, 1834 GO 1954. [27 Samhain, 1956.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “an lá ceaptha” an lá a ceapfar faoi alt 2 den Acht seo;

ciallaíonn “cleithiúnaí” maidir le duine, duine de theaghlach an duine sin a bheas, an tráth a chuirfeas an duine sin in iúl don Aire gur mian leis cuid de liúntas a thabhairt suas faoin Acht seo, i gcleithiúnas, go hiomlán nó go páirteach, ar thuilleamh an duine sin;

ciallaíonn “duine den teaghlach” athair, máthair, leasathair, leas-mháthair, mac, iníon, ua, ban-ua, leas-mhac, leas-iníon, deartháir, deirfiúr, deartháir leas-ghaolmhar, deirfiúr leasghaolmhar, uncal, aintín, nia, neacht, cliamhain nó banchliamhain;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;

ciallaíonn “stát-sheirbhíseach bunaithe” stát-sheirbhíseach ar seirbhís i gcáil ar féidir aoisliúntas a dheonadh ina leith a sheirbhís.

(2) Chun críocha an mhínithe ar “duine den teaghlach” atá i bhfo-alt (1) den alt seo, measfar gur mac nó iníon leis an uchtóir nó leis na huchtóirí, a rugadh dó nó di nó dóibh de phósadh dleathach, agus nach mac ná iníon le haon duine eile, duine a huchtaíodh faoin Acht Uchtála, 1952 (Uimh. 25 de 1952) .

Ceapadh an lae cheaptha.

2. —Féadfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh ina lá ceaptha chun críocha an Achta seo.

Cuid d'aoisliúntas bliantúil a thabhairt suas.

3. —(1) Aon stát-sheirbhíseach bunaithe fireannach a scoirfeas an lá ceaptha nó dá éis ar chúis seachas ar bhonn easláinte, féadfaidh sé, maidir le haon aoisliúntas bliantúil nó liúntas cúitimh nó liúntas scoir a dheonfas an tAire dhó, cuid den liúntas sin a thabhairt suas amhail ó thosach a fheidhme i gcomaoin an tAire do dheonadh pinsin faoin Acht seo do bhanchéile an stát-sheirbhísigh nó do chleithiúnaí amháin leis a shonrós sé.

(2) Aon stát-sheirbhíseach bunaithe baineannach a scoirfeas an lá ceaptha nó dá éis ar chúis seachas ar bhonn easláinte, féadfaidh sí, maidir le haon aoisliúntas bliantúil nó liúntas cúitimh nó liúntas scoir a dheonfas an tAire dhi, cuid den liúntas sin a thabhairt suas amhail ó thosach a fheidhme i gcomaoin an tAire do dheonadh pinsin faoin Acht seo do chleithiúnaí amháin leis an stát-sheirbhíseach a shonrós sí.

(3) Beidh feidhm ag na forála sin roimhe seo den alt seo faoi réir na bhforál ina dhiaidh seo den Acht seo agus forál rialachán a dhéanfas an tAire.

(4) Féadfar, go sonrach, leis na rialacháin faoi fho-alt (3) den alt seo foráil a dhéanamh maidir le gach ní nó aon ní acu seo a leanas:

(a) más mian le duine cuid de liúntas a thabhairt suas faoin Acht seo, féadfar fógra á rá sin a thaisceadh tráth nach déanaí ná tráth sonraithe roimh an dáta scoir,

(b) ní bheidh duine i dteideal cuid de liúntas a thabhairt suas faoin Acht seo mura gcinne an tAire go bhfuil sláinte mhaith ag an duine sin,

(c) an tAire do cheangal ar dhuine lenar mian cuid de liúntas a thabhairt suas faoin Acht seo pé cruthúnais a thabhairt ar aird is riachtanach leis an Aire (lena n-áirítear, go sonrach, dearbhú reachtúil a thabhairt ar aird gur cleithiúnaí maidir leis an duine sin an deontaí atá beartaithe (nach banchéile an duine sin)),

(d) mura gcealaítear nó mura leasaítear é go cuí, leanfaidh tabhairt suas coda de liúntas de bheith bailí fiú má tharlaíonn, de thoradh athruithe ina dhiaidh sin ar mhéid an aoisliúntais nó an liúntais chúitimh nó an liúntais scoir nó, ar a mhéid measta, nach mbeidh an méid atá le tabhairt suas den liúntas idir na tóranta a foráltar san Acht seo,

(e) beidh fógra faoi thabhairt suas ar neamhní má tharlaíonn, lá a bheas an duine ar mian leis cuid de liúntas a thabhairt suas faoin Acht seo ina stát-sheirbhíseach bunaithe, go n-éagfaidh an duine sin nó an deontaí atá beartaithe don phinsean faoin Acht seo,

(f) má ceanglaítear faoi na rialacháin ar dhuine dul faoi scrúdú dochtúra, beidh ar an duine sin an táille i leith an scrúduithe d'íoc.

(5) I gcás—

(a) cuid de liúntas a bheith tugtha suas ag duine faoin Acht seo,

(b) pinsean faoin Acht seo a bheith deonta, maidir leis an tabhairt suas, do dheontaí seachas banchéile an duine sin, agus

(c) an duine sin a bheith tar éis dearbhú reachtúil a chur chun an Aire de bhun rialachán faoin alt seo gur cleithiúnaí, maidir leis an duine sin, an deontaí.

má fhionnann an tAire aon uair tar éis an pinsean a dheonadh nár chleithiúnaí maidir leis an duine sin an deontaí, measfar an tabhairt suas agus an pinsean a bheith bailí ach, mura bhfuil tosaithe ar an bpinsean d'íoc, forghéillfidh deontaí an phinsin an pinsean, agus má tosaíodh ar an bpinsean d'íoc forghéillfidh sé pé méid de a bheas gan íoc.

Luach pinsin faoin Acht seo.

4. —Deonfar pinsean faoin Acht seo i gcaoi go mbeidh a luach, amhail ar an dáta scoir, comhionann do réir áirimh achtúireachta (do réir pé táiblí a bheas, ar an dáta scoir, arna gceadú ag an Aire chun críocha an ailt seo) leis an méid a tugadh suas.

Ré phinsin faoin Acht seo.

5. —(1) Beidh pinsean faoin Acht seo a deonfar do bhanchéile duine iníoctha, do réir mar roghnós an duine sin nuair a dhéanfas sé an tabhairt suas faoin Acht seo—

(a) ar feadh na tréimhse a mhairfeas (má mhaireann) an bhanchéile i ndiaidh an duine sin, nó

(b) ar feadh tréimhse comhshaoil an duine sin agus a bhanchéile tar éis scor don duine sin agus na tréimhse a mhairfeas (má mhaireann) an bhanchéile i ndiaidh an duine sin.

(2) Beidh pinsean faoin Acht seo a deonfar do chleithiúnaí duine iníoctha ar feadh na tréimhse a mhairfeas an cleithiúnaí (má mhaireann) i ndiaidh an duine sin.

Ráta éagsúil pinsin i gcásanna áirithe.

6. —I gcás pinsin faoin Acht seo a bheas iníoctha ar feadh na dtréimhsí a sonraítear i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 5 den Acht seo, beidh ráta an phinsin don dara tréimhse a dhá oiread chomh mór le ráta an phinsin don chéad tréimhse.

Blianacht in ionad pinsin.

7. —(1) I gcás—

(a) pinsean a deonadh faoin Acht seo do chleithiúnaí duine a bheith iníoctha, agus

(b) gan bliain agus fiche d'aois a bheith slán ag an gcleithiúnaí,

féadfaidh an tAire an pinsean (gan aird a thabhairt ar aon íocaíochtaí a rinneadh cheana) a mhalartú ar bhlianacht—

(I) a bheas iníoctha ar feadh pé tréimhse acu seo a leanas is giorra:

(i) an tréimhse dar tosach dáta an mhalartuithe agus dar críoch dáta báis an chleithiúnaí,

(ii) an tréimhse dar tosach dáta an mhalartuithe agus dar críoch pé dáta, nach luaithe ná cúig bliana tar éis dáta an mhalartuithe, a chinnfeas an tAire, agus

(II) a mbeidh a luach, ar dháta an mhalartuithe, comhionann do réir áirimh achtúireachta (do réir pé taiblí a bheas, ar dháta an mhalartuithe, arna gceadú ag an Aire chun críocha an ailt seo) leis an bpinsean (gan aird a thabhairt ar aon íocaíochtaí a rinneadh cheana).

(2) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas chun críocha malartuithe faoi fho-alt (1) den alt seo:

(a) ní déanfar malartú ach ar iarratas tuismitheora nó caomhnóra an chleithiúnaí,

(b) ní déanfar malartú mura gcinne an tAire go bhfuil sláinte mhaith ag an gcleithiúnaí,

(c) chun go bhféadfar sláinte an chleithiúnaí a chinneadh, féadfaidh an tAire a cheangal ar an gcleithiúnaí dul faoi scrúdú dochtúra agus beidh ar thuismitheoir nó caomhnóir an chleithiúnaí táille an scrúduithe d'íoc,

(d) faoi réir na míreanna sin roimhe seo den fho-alt seo, is mar is rogha leis an Aire a déanfar malartú.

Iocaíocht i gcás gan bliain agus fiche a bheith slán ag an deontaí.

8. —I gcás—

(a) pinsean nó blianacht a deonadh faoin Acht seo a bheith iníoctha, agus

(b) gan bliain agus fiche a bheith slán ag an deontaí,

íocfar an pinsean nó an bhlianacht, go dtí go slánóidh an deontaí bliain agus fiche d'aois, le tuismitheoir nó caomhnóir an deontaí.

Srianta leis an méid a féadfar a thabhairt suas.

9. —Nuair a bhéarfas duine suas faoin Acht seo cuid de liúntas—

(a) ní thabharfaidh sé suas méid is lú ná pé cion den liúntas a sholáthródh pinsean faoin Acht seo tar éis a bháis dob ionann agus an ceathrú cuid den mhéid den liúntas a bheas fágtha tar éis an tabhairt suas,

(b) ní thabharfaidh sé suas méid is mó ná—

(i) trian an liúntais, nó

(ii) pé cion den liúntas a sholáthródh pinsean faoin Acht seo tar éis a bháis dob ionann agus an méid den liúntas a bheas fágtha tar éis an tabhairt suas,

pé acu is lú, agus

(c) ní thabharfaidh sé suas méid den liúntas nach slán-uimhir punt.

An éifeacht a bheas ag an tabhairt suas ar liúntas faoi alt 20 den Superannuation Act, 1834.

10. —Nuair a thabharfas duine suas faoin Acht seo cuid de liúntas, ansin, chun go gcinnfear cad é an tsuim atá iníoctha leis, má tá aon tsuim iníoctha leis, faoi alt 20 den Superannuation Act, 1834, faoi ghné an liúntais i leith aon tréimhse a thug sé, tar éis scoir dó, ar fostú i roinn phoiblí, measfar brabúis na hoifige ónar scoir sé a bheith arna laghdú an méid a thug sé suas mar adúradh.

An éifeacht a bheas ag an tabhairt suas ar aisce faoi alt 2 (2) den Superannuation Act, 1909.

11. —Nuair a thabharfas duine suas cuid de liúntas faoin Acht seo, ansin, chun go ríomhfar méid aon aisce a féadfar a dheonadh dá ionadaí dlíthiúil pearsanta faoi fho-alt (2) d'alt 2 den Superannuation Act, 1909, measfar gurb ionann na suimeanna a bhí faighte aige iarbhír tráth a bháis ar chuntas an liúntais agus na suimeanna a bheadh faighte amhlaidh mura mbeadh an tabhairt suas.

Iocaíochtaí agus caiteachais an Aire agus suimeanna a gheofar i leith scrúduithe dochtúra.

12. —(1) Íocfar as airgead a sholáthrós an tOireachtas na híocaíochtaí a dhéanfas, agus na caiteachais faoina raghaidh, an tAire ag tabhairt éifeachta don Acht seo agus á riaradh.

(2) Íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste mar ordós an tAire na suimeanna a gheobhas an tAire i leith scrúduithe dochtúra chun críocha an Achta seo.

Gearrtheideal agus comhlua.

13. —(1) Féadfar an tAcht Aoisliúntas, 1956 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta Aoisliúntas, 1834 go 1956, a ghairm de na hAchta Aoisliúntas, 1834 go 1954, agus den Acht seo le chéile.