An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. Liúntais Tosaigh: Cáin Ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparáide.) Ar Aghaidh (CUID VII. Ilghnéitheach agus Ginearálta.)

22 1956

AN tACHT AIRGEADAIS, 1956

CUID VI.

Dleachta Stampa.

Dleacht stampa a thobhach ar an mBord Rásaíochta.

29. —(1) San alt seo ciallaíonn “an Bord” an Bord Rásaíochta.

(2) Toibheofar ar an mBord, i leith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1957, dleacht stampa £140,000, a íocfas an Bord leis na Coimisinéirí Ioncaim an 15ú lá de Mhárta, 1957, nó roimhe sin.

(3) Ar an dleacht d'íoc, deimhneoidh na Coimisinéirí Ioncaim go ndearna an Bord do réir an ailt seo, agus stampálfar ar an deimhniú méid na dleachta a híocadh agus eiseofar an deimhniú chun an Bhoird.

(4) Mura ndéana an Bord do réir an ailt seo, beidh méid na dleachta a bheas gan íoc maraon le hús air sin do réir 5 faoin gcéad sa bhliain ón 16ú lá de Mhárta, 1957, go dtí an lá a híocfar an dleacht, ina fhiach a bheas dlite ón mBord don Aire Airgeadais chun tairbhe an Phríomh-Chiste agus féadfar é a ghnóthú ar agra an Ard-Aighne in aon chúirt dlínse inniúla.

Leasú ar alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 .

30. —(1) Beidh éifeacht ag alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 ( Uimh. 33 de 1947 ), arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin—

(a) amhail is dá mbeadh na focail seo a leanas ann ag deireadh fo-ailt (4) agus mar chuid den fho-alt sin: “nó, á dheimhniú—

(A) gur maoin atá á fáil le haghaidh cónaithe phríobháidigh an mhaoin atá á tíolacadh nó á haistriú agus nach bhfuil thar cúig acra de thalamh inti, nó

(B) gur maoin atá á fáil d'aon-toisc le haghaidh tionscail seachas an talmhaíocht an mhaoin atá á tíolacadh nó á haistriú”; agus

(b) amhail is dá mbeadh na focail seo a leanas ann ag deireadh míre (a) d'fho-alt (7) agus mar chuid den mhír sin:

“nó mura rud é go mbeidh an mhaoin a bheas á tíolacadh nó á haistriú i dtrácht i mír (A) nó i mír (B) den fho-alt sin”.

(2) Ní bheidh éifeacht ag alt 26 den Acht Airgeadais, 1949 ( Uimh. 13 de 1949 ), maidir le haon mhaoin a bhí, ar dháta an tíolaicthe nó an aistrithe iomchuí, i dtrácht i gceann de na tuairiscí atá leagtha amach i mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo.

Leasú ar alt 24 den Acht Airgeadais, 1949 .

31. —(1) Beidh éifeacht ag alt 24 den Acht Airgeadais, 1949 ( Uimh. 13 de 1949 ), arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin—

(a) amhail is dá mbeadh na focail seo a leanas ann ag deireadh fo-ailt (4) agus mar chuid den fho-alt sin:

“nó á dheimhniú—

(A) gur le haghaidh cónaithe phríobháidigh atá leas an léasaí faoin léas á fháil agus nach n-áirítear ann leas i dtalamh de bhreis ar chúig acra, nó

(B) gur d'aon-toisc le haghaidh tionscail seachas an talmhaíocht atá leas an léasaí faoin léas á fháil”; agus

(b) amhail is dá mbeadh na focail seo a leanas ann ag deireadh míre (a) d'fho-alt (7) agus mar chuid den mhír sin: “nó mura dtagann leas an léasaí faoin léas faoi réim míre (A) nó míre (B) den fho-alt sin”.

(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (2) d'alt 16 den Acht Airgeadais, 1950 ( Uimh. 18 de 1950 ), amhail is dá bhfolaíodh an tagairt ann do ráiteas ón léasaí tagairt do ráiteas faoi fho-alt (4) d'alt 24 den Acht Airgeadais, 1949 , arna leasú le fo-alt (1) den alt seo.