|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Cáin Bhrabús Corparáide.) | Ar Aghaidh (CUID VI. Dleachta Stampa.) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1956
[EN] | ||
[EN] |
CUID V. Liúntais Tosaigh: Cáin Ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparáide. | |
[EN] |
Liúntais tosaigh. |
23. —(1) Más rud é, i gcás duine atá ag seoladh trádála a bhfuil na brabúis nó na sochair aisti inchurtha faoi mhuirear (ar shlí seachas de dhroim roghan faoi Riail 5 de na Rialacha a bhaineas le Sceideal B den Income Tax Act, 1918) faoi Chás I de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, go raghaidh an duine sin, an 6ú lá d'Aibreán, 1956, nó dá éis sin, faoi chaiteachas caipitiúil ag soláthar inneallra nua nó gléasra nua le haghaidh na trádála, seachas feithiclí atá oiriúnach chun daoine nó earraí d'iompar ar bóthar nó feithiclí eile a tharraingt ar bóthar, bhéarfar dó, don bhliain mheasúnuithe sa bhonn-tréimhse ar tharla an caiteachas ina leith, liúntas (dá ngairmtear liúntas tosaigh sa Chuid seo den Acht seo) is ionann agus an cúigiú cuid den chaiteachas, agus bhéarfar an liúntas sin mar asbhaint nuair a bheas brabúis nó sochair na trádála á gcur faoi mhuirear. |
[EN] | (2) Aon chaiteachas le haghaidh trádála faoina raghaidh duine ar an 6ú lá d'Aibreán, 1956, nó dá éis sin, a bheas chun an trádáil sin a sheoladh, áireofar é chun críocha fo-ailt (1) den alt seo amhail is dá mba chaiteachas é a ndeachaigh an duine sin faoi an chéad lá dhó ag seoladh na trádála sin. | |
[EN] | (3) Chun críche an ailt seo ní háireofar mar chaiteachas caipitiúil aon chaiteachas is cead d'asbhaint nuair a ríomhtar, chun críocha cánach ioncaim, brabúis nó sochair trádála a bhí á seoladh ag an duine a chuaigh faoin gcaiteachas. | |
[EN] | (4) Chun críocha na Coda seo den Acht seo, measfar gurb é an lá a raghfar faoi aon chaiteachas an lá is iníoctha an tsuim a bheas i gceist. | |
[EN] | (5) Aon éileamh a dhéanfas duine ar liúntas faoin alt seo nuair a bheas brabúis nó sochair a thrádála á gcur faoi mhuirear, cuirfear é sa ráiteas bliaintúil nach foláir a thabhairt faoi na hAchta Cánach Ioncaim i dtaobh na mbrabús nó na sochar aisti agus cuirfear ina theannta deimhniú arna shíniú ag an éilitheoir, a measfar a bheith ina chuid den éileamh, á rá gur le haghaidh inneallra nua nó gléasra nua a chuathas faoin gcaiteachas agus ag tabhairt pé sonraí a thaispeánfas go ndlitear an liúntas a thabhairt. | |
[EN] | (6) San alt seo, ciallaíonn “nua” neamhúsáidte agus gan bheith réchaite, ach measfar long a bheith nua fiú amháin má húsáideadh í nó más long réchaite í. | |
[EN] |
Leasú ar na liúntais faoi Rialacha 6 agus 7 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D. |
24. —(1) Más rud é, nuair a bheas brabúis nó sochair thrádála á gcur faoi mhuirear, go mbeidh asbhaint le lamháil do dhuine ar bith faoi mhír (1) de Riail 6 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, mar ní is ionann agus an laghdú luacha a tháinig trí chaitheamh agus cumailt i rith na bliana measúnuithe ar aon inneallra nó gléasra, measfar gurb é is luach don inneallra nó don ghléasra sin i dtosach na bliana costas iarbhír an inneallra nó an ghléasra sin ar an duine sin lúide iomlán aon asbhaintí a lamháltar faoin Riail sin 6 agus aon liúntais tosaigh faoin gCuid seo den Acht seo do bhlianta measúnuithe roimhe sin. |
[EN] | (2) Beidh feidhm maidir le liúntais tosaigh ag mír (2) de Riail 6 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, arna leasú le halt 2 den Acht Airgeadais, 1944 ( Uimh. 18 de 1944 ), ag míreanna (3) agus (5) den Riail sin 6, ag Riail 7 de na Rialacha sin agus ag alt 4 den Acht Airgid, 1937 ( Uimh. 18 de 1937 ), amhail mar tá feidhm acu maidir le hasbhaintí is inlamháilte i leith caitheamh agus cumailt inneallra nó gléasra. | |
[EN] | (3) I mír (6) de Riail 6 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, forléireofar an abairt “the deductions allowed on that account for any previous years to the person by whom the trade is carried on”, agus an abairt “the deductions” mar a bhfuil an abairt sin roimh an bhfocal “exceed”, mar abairtí a bhfolaíonn gach ceann faoi leith acu tagairt d'aon liúntas tosaigh a tugadh, i leith an inneallra nó an ghléasra, don duine a sheolas an trádáil. | |
[EN] |
An bhrí atá le “bonntréimhse”. |
25. —(1) Sa Chuid seo den Acht seo, tá le “bonn-tréimhse” an bhrí a bheirtear dó leis na forála ina dhiaidh seo den alt seo. |
[EN] | (2) I gcás duine a mbeidh liúntas le tabhairt ina leith faoin gCuid seo den Acht seo, is é a bhonn-tréimhse d'aon bhliain mheasúnaithe an tréimhse ar ar a brabúis agus a sochair a bheas cáin ioncaim na bliana sin le ríomh go críochnaitheach faoi Chás I de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, i leith na trádála a bheas i gceist nó, más rud é, de bhuaidh aon Achta, go mbeidh brabúis nó sochair aon tréimhse eile le glacadh mar bhrabúis nó sochair na tréimhse sin, an tréimhse eile sin: | |
[EN] | Ar choinníoll, i gcás aon trádála— | |
[EN] | (a) má tá dhá bhonn-tréimhse ag dul isteach ar a chéile, go measfar chun críocha an fho-ailt seo gur sa chéad bhonn-tréimhse agus ansin amháin atá an tréimhse a bhaineas leo araon; | |
[EN] | (b) má tá aga idir deireadh na bonn-tréimhse do bhliain mheasúnuithe áirithe agus an bhonn-tréimhse don bhliain mheasúnuithe ina dhiaidh sin, ansin, murab í an bhliain mheasúnuithe ina dhiaidh sin bliain bhuanscortha na trádála, go measfar gur cuid den dara bonn-tréimhse an t-aga; agus | |
[EN] | (c) má tá aga idir deireadh na bonn-tréimhse don bhliain mheasúnuithe roimh bhliain bhuan-scortha na trádála agus an bhonn-tréimhse don bhliain bhuan-scortha, go measfar gur cuid den chéad bhonn-tréimhse an t-aga. | |
[EN] | (3) (a) Déanfar aon tagairt sa choinníoll a ghabhas le fo-alt (2) den alt seo do bhuan-scor trádála d'fhorléiriú mar ní a fholaíos tagairt do tharlachtaint aon ní a bheas, faoi aon cheann d'fhorála na nAcht Cánach Ioncaim, le háireamh mar ní is ionann agus buan-scor trádála. | |
[EN] | (b) Déanfar aon tagairt sa choinníoll sin do dhá thréimhse a dhul isteach ar a chéile d'fhorléiriú mar ní a fholaíos tagairt do dhá thréimhse a chomhtheacht le chéile nó do thréimhse a bheith ar áireamh i dtréimhse eile, agus forléireofar dá réir sin tagairtí don tréimhse a bhaineas i gcoitinne le gach ceann de dhá thréimhse. | |
[EN] |
Feidhm gcás gairmeacha, etc. |
26. —Beidh feidhm, le haon oiriúnuithe is gá, ag na forála roimhe seo den Chuid seo den Acht seo maidir le caiteachas caipitiúil faoina raghaidh duine an 6ú lá d'Aibreán, 1956, nó dá éis sin, atá inmheasúnuithe faoi Riail 8 de na Rialacha a bhaineas le Sceideal B den Income Tax Act, 1918, nó faoi Chás II de Sceideal D den Acht sin. |
[EN] |
Liúntais tosaigh maidir le cáin bhrabús corparáide. |
27. —I gcás ina bhforálann an Chuid seo den Acht seo le haghaidh liúntais tosaigh a thabhairt do chuideachta chun críocha cánach ioncaim, i leith aon chaiteachais, déanfar méid an liúntais d'asbhaint nuair a bheas brabúis na cuideachtan sin á ríomh chun críocha cánach brabús corporáide don tréimhse chuntasaíochta inar tharla an caiteachas. |
[EN] |
Forléiriú na Coda seo den Acht seo. |
28. —Déanfar an Chuid seo den Acht seo a léamh agus d'fhorléiriú, a mhéid a bhaineas sí le cáin ioncaim (lena n-áirítear forcháin), i dteannta na nAcht Cánach Ioncaim agus, a mhéid a bhaineas sí le cáin bhrabús corporáide, déanfar í a léamh agus d'fhorléiriú i dteannta Coda V den Finance Act, 1920, arna leasú nó arna leathnú le hachtacháin ina dhiaidh sin. |